Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2232

    Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

    ST/13823/2022/INIT

    IO L 293I, 14.11.2022, p. 32–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2232/oj

    14.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 293/32


    CINNEADH (CBES) 2022/2232 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Samhain 2022

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

    (2)

    An 20 Lúnasa 2020, nimhíodh Alexei Navalny, ceannaire freasúra mór le rá sa Rúis, le néar-oibreán tocsaineach de ghrád míleata de chuid ghrúpa Novichok, faoi mar a dheimhnigh saotharlanna speisialaithe sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus sa tSualainn, chomh maith leis an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha. Is ionann an nimhiú sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh, Stoc-Charnadh agus Úsáid Arm Ceimiceach agus maidir lena nDíothú (“an Coinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha”) agus sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta. Athdhearbhaíonn an tAontas gur cúis mhór imní dó nár thug Cónaidhm na Rúise freagra ar iarrataí idirnáisiúnta go ndéanfaí imscrúdú críochnúil trédhearcach ar an iarracht Alexei Navalny a fheallmharú.

    (3)

    Cháin an tAontas an úsáid a bhaineann an tSiria as airm cheimiceacha agus nár chomhlíon sí a cuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha, mar a bhfuil bunús leis sin trí imscrúduithe cuimsitheacha críochnúla arna ndéanamh ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha. Chuir an tAontas na hábhair imní sin in iúl i bhfóraim éagsúla agus áitíonn sé ar an tSiria an Coinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha a chomhlíonadh go hiomlán an athuair.

    (4)

    Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise na bagartha leanúnaí ó leathadh agus úsáid arm ceimiceach, ba cheart deichniúr agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lch. 25).


    IARSCRÍBHINN

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544, faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus 3”, cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas isteach:

    A.   DAOINE NÁDÚRTHA

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Forais ainmniúcháin

    Dáta liostaithe

    “16.

    Alexey Alexandrovich ALEXANDROV

    (Алексей Александрович АЛЕКСАНДРОВ)

    ar a dtugtar freisin Alexey Andreevich FROLOV

    (Алексей Андреевич ФРОЛОВ)

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 16.6.1981 nó 16.6. 1980;

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Tá Alexey Alexandrov ina ghníomhaire de Russian Federal Security Service (FSB) atá ag obair mar oibrí de chuid an Criminalistics Institute.

    Sa cháil sin, bhí sé rannpháirteach go díreach in ullmhúcháin agus i gcur i ngníomh nimhiú Alexei Navalny le néar-oibreán de chineál Novichok in Tomsk an 20 Lúnasa 2020, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

    Dá bhrí sin, bhí baint ag Alexey Alexandrov le hullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid agus le hairm cheimiceacha a úsáid.

    14.11.2022

    17.

    Vladimir Alexandrovich PANYAEV

    (Владимир Александрович ПАНЯЕВ)

    ar a dtugtar freisin Vladimir ALEXEEV

    (Владимир АЛЕКСЕЕВ)

    ar a dtugtar freisin Vladimir ALEXEYEV

    (Владимир АЛЕКСЕЕВ)

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 25.11.1980;

    Áit bhreithe: Serdobsk, Russian Federation;

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Tá Vladimir Panyaev ina ghníomhaire de Russian Federal Security Service (FSB) atá ag obair mar oibrí de chuid an Criminalistics Institute.

    Sa cháil sin, bhí sé rannpháirteach go díreach in ullmhúcháin agus i gcur i ngníomh nimhiú Alexei Navalny le néar-oibreán de chineál Novichok in Tomsk an 20 Lúnasa 2020, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

    Dá bhrí sin, bhí baint ag Vladimir Panyaev le hullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid agus le hairm cheimiceacha a úsáid.

    14.11.2022

    18.

    Ivan Vladimirovich OSIPOV

    (Иван Владимирович ОСИПОВ)

    ar a dtugtar freisin Ivan Vasilyevich SPIRIDONOV

    (Иван Васильевич СПИРИДОНОВ)

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 21.8.1976 nó 21.8.1975;

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Tá Ivan Osipov ina ghníomhaire de Russian Federal Security Service (FSB) atá ag obair mar oibrí de chuid an Criminalistics Institute.

    Sa cháil sin, bhí sé rannpháirteach go díreach in ullmhúcháin agus i gcur i ngníomh nimhiú Alexei Navalny le néar-oibreán de chineál Novichok in Tomsk an 20 Lúnasa 2020, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

    Dá bhrí sin, bhí baint ag Ivan Osipov le hullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid agus le hairm cheimiceacha a úsáid.

    14.11.2022

    19.

    Artur Aleksandrovich ZHIROV

    (Артур Александрович ЖИРОВ)

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 6.7.1961;

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Is saineolaí ar airm cheimiceacha é Artur Zhirov agus tá sé ina Stiúrthóir ar SC Signal, institiúid taighde a bhfuil baint aige le clár arm ceimiceach na Rúise.

    Mar Stiúrthóir ar SC Signal, thug Artur Zhirov tacaíocht theicniúil d’oibríochtaí i gcoinne Yulia Navalny agus Alexei Navalny a tharla in Kaliningrad an 6 Iúil 2020 agus don phleanáil maidir le nimhiú Alexei Navalny ina dhiaidh sin le néar-oibreán de chineál Novichok in Tomsk an 20 Lúnasa 2020, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

    Dá bhrí sin, bhí baint ag Artur Zhirov le hullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid agus chuir sé tacaíocht theicniúil agus ábhartha ar fáil chun airm cheimiceacha a úsáid.

    14.11.2022

    20.

    Kirill Yurievich VASILIEV

    (Кирилл Юрьевич ВАСИЛЬЕВ)

    ar a dtugtar freisin Kirill VASILYEV

    (Кирилл ВАСИЛЬЕВ)

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 22.2.1973;

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Uimhir aitheantais chánach: 773721109701 (an Rúis)

    Tá an General Kirill Vasiliev ina Director of the Criminalistics Institute of the Russian Federal Security Service (FSB), a sheol oibríochtaí chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny thar thréimhse fhada, lena n-áirítear agus é ar thuras go dtí Tomsk áit ar nimhíodh é le néar-oibreán de chineál Novichok an 20 Lúnasa 2020. Is ionann an nimhiú sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

    Chuir Kirill Vasiliev, ina cháil mar Director of the Criminalistics Institute of the FSB, an creat oibríochtúil agus an stiúradh oibríochtúil ar fáil chun an faireachas a dhéanamh agus chun iarracht a dhéanamh Alexei Navalny a fheallmhárú.

    Dá bhrí sin, bhí baint aige le hullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid, tá sé freagrach as airm cheimiceacha a úsáid agus chuir sé tacaíocht theicniúil agus ábhartha ar fáil chun airm cheimiceacha a úsáid.

    14.11.2022

    21.

    Konstantin Borisovich KUDRYAVTSEV

    (Константин Борисович КУДРЯВЦЕВ)

    ar a dtugtar freisin Konstantin Yevgenievich SOKOLOV

    (Константин Евгеньевич СОКОЛОВ)

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 28.4.1980 nó 28.4.1981;

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Tá Konstantin Kudryavtsev ina shaineolaí ar airm cheimiceacha agus ina ghníomhaire den Russian Federal Security Service (FSB) agus é ag obair mar oibrí de chuid an Criminalistics Institute.

    Sa cháil sin, bhí sé rannpháirteach go díreach in ullmhúcháin agus in oibríochtaí glantacháin nimhiú Alexei Navalny le néar-oibreán de chineál Novichok in Tomsk an 20 Lúnasa 2020, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha. Thairis sin, d’admhaigh sé go raibh sé rannpháirteach in iarracht nimhithe amháin eile ar a laghad i gcoinne Navalny in 2017.

    Dá bhrí sin, bhí baint ag Konstantin Kudryavtsev le hullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid agus le hairm cheimiceacha a úsáid.

    14.11.2022

    22.

    Stanislav Valentinovich MAKSHAKOV

    (Станислав Валентинович МАКШАКОВ)

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 1966;

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Tá Stanislav Makshakov ina eolaí míleata agus ina Deputy Director of the Criminalistics Institute of the Russian Federal Security Service (FSB), a sheol oibríochtaí chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny thar thréimhse fhada. Ina cháil mar Deputy Director of the Criminalistics Institute, bhí Stanislav Makshakov ina cheannasaí ar fhoireann na n-oibrithe a raibh baint acu le hullmhú agus cur i gníomh nimhiú Alexei Navalny le néar-oibreán de chineál Novichok in Tomsk an 20 Lúnasa 2020, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

    Dá bhrí sin, bhí baint ag Stanislav Makshakov le hullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid, tá sé freagrach as airm cheimiceacha a úsáid agus chuir sé tacaíocht theicniúil agus ábhartha ar fail chun airm cheimiceacha a úsáid

    14.11.2022

    23.

    Vladimir Mikhaylovich BOGDANOV

    (Владимир Михайлович БОГДАНОВ)

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 17.7.1958;

    Áit bhreithe: Moscow, Russian Federation;

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Is é Vladimir Bogdanov Head of Special Technology Centre of the Russian Federal Security Service (FSB), arb é máthaireintiteas an Criminalistics Institute é. Sa cháil sin, déanann Vladimir Bogdanov maoirseacht agus rialú ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas sin.

    Sheol an FSB oibríochtaí chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny thar thréimhse fhada, lena n-áirítear agus é ar thuras go dtí Tomsk áit ar nimhíodh Navalny le néar-oibreán de chineál Novichok an 20 Lúnasa 2020. Is ionann an nimhiú sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha.

    Chuir Vladimir Bogdanov, ina cháil mar Head of Special Technology Centre of the FSB, an creat oibríochtúil agus an stiúradh oibríochtúil ar fáil chun an faireachas a dhéanamh agus chun iarracht a dhéanamh Alexei Navalny a fheallmhárú.

    Dá bhrí sin, bhí baint aige le hullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid, tá sé freagrach as airm cheimiceacha a úsáid agus chuir sé tacaíocht theicniúil agus ábhartha ar fail chun airm cheimiceacha a úsáid.

    14.11.2022

    24.

    Chadi HOURANIEH

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 29.5.1979

    Áit bhreithe: Damascus, Syria;

    Náisiúntacht: Ceanadach

    Is comhúinéir é Chadi Houranieh ar chuideachta MHD Nazier Houranieh & Sons Co, a oibríonn i dtionscal na miotal a oibríonn i dtionscal na miotal agus a sholáthraíonn don Syrian Studies and Research Centre (SSRC) ábhair a úsáidtear chun córais seachadta arm ceimiceach a mhonarú.

    Dá bhrí sin, tá Chadi Houranieh freagrach as tacaíocht ábhartha a chur chun airm cheimiceacha a mhonarú agus bíonn sé rannpháirteach in ullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid agus, dá bhrí sin, cuireann sé leis an mbagairt leanúnach a bhaineann le leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

    14.11.2022

    25.

    Mohammad Nazier HOURANIEH

    Inscne: fireann;

    Dáta breithe: 6.5.1976

    Áit bhreithe: Damascus, Syria;

    Náisiúntacht: Ceanadach

    Is comhúinéir é Mohammad Nazier Houranieh ar chuideachta MHD Nazier Houranieh & Sons Co, a oibríonn i dtionscal na miotal agus a dhéanann ábhair, a úsáidtear chun córais seachadta arm ceimiceach a mhonarú, a sholáthar don Syrian Studies and Research Centre (SSRC).

    Dá bhrí sin, tá Mohammad Nazier Houranieh freagrach as tacaíocht ábhartha a chur ar fáil chun airm cheimiceacha a mhonarú agus bíonn sé rannpháirteach in ullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid agus, dá bhrí sin, cuireann sé leis an mbagairt leanúnach a bhaineann le leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

    14.11.2022

    B.   DAOINE DLÍTHEANACHA, EINTITIS AGUS COMHLACHTAÍ

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Forais ainmniúcháin

    Dáta liostaithe

    “3.

    MHD Nazier Houranieh & Sons Co

    Seoladh: Zoukak Al Jin Abed Al Rahman Bn Al Kassem Street. Damascus, Syria;

    Fón: (+963) 11-2210758,

    (+963) 11-2224349;

    Facs: (+963) 11-2235892;

    Gréasán: https://houranieh.com/

    Rphost: info@houranieh.com

    Is cuideachta é MHD Nazier Houranieh & Sons Co, a oibríonn i dtionscal na miotal agus a dhéanann ábhair, a úsáidtear chun córais seachadta arm ceimiceach a mhonarú, a sholáthar don Syrian Studies and Research Centre (SSRC).

    Dá bhrí sin, cuireann MHD Nazier Houranieh & Sons Co tacaíocht ábhartha ar fáil chun airm cheimiceacha a mhonarú agus bíonn sé rannpháirteach in ullmhúcháin chun airm cheimiceacha a úsáid agus, dá bhrí sin, cuireann sé leis an mbagairt leanúnach a bhaineann le leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

    14.11.2022


    Top