This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0882
Council Decision (CFSP) 2022/882 of 3 June 2022 amending Decision 2012/642/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Belarus and the involvement of Belarus in the Russian aggression against Ukraine
Cinneadh (CBES) 2022/882 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
Cinneadh (CBES) 2022/882 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
ST/8658/2022/INIT
IO L 153, 3.6.2022, p. 88–91
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
3.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 153/88 |
CINNEADH (CBES) 2022/882 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Meitheamh 2022
lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise. |
(2) |
An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin, agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine. |
(3) |
An 2 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/356 (2), lenar leasaíodh teideal Chinneadh 2012/642/CBES agus lenar tugadh isteach bearta sriantacha breise mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. |
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Márta 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas fós ar tinneall le dul ar aghaidh go tapa le smachtbhannaí láidre comhordaithe breise i ndáil leis an Rúis agus leis an mBealarúis chun cumas na Rúise leanúint den chogadh foghach a chur ó mhaith. |
(5) |
I bhfianaise a thromchúisí agus atá an staid, is iomchuí cur le liosta institiúidí creidmheasa na Bealarúise agus a bhfochuideachtaí Bealarúiseacha atá faoi réir bearta sriantacha maidir le soláthar seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais. Is iomchuí freisin cur le liosta na n-eintiteas atá faoi réir srianta maidir le húdaruithe le haghaidh díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú a dhéanamh ar earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide, agus earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíochta na Bealarúise, nó le forbairt earnáil cosanta agus slándála na Bealarúise. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2y: “Airteagal 2y 1. Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn V nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn V. 2. Maidir le gach duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, beidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 ón dáta a luaitear dó san Iarscríbhinn sin. Beidh feidhm ag an toirmeasc amhail ón dáta céanna sin maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn V.”; |
(2) |
leasaítear Iarscríbhinní II agus V a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. COLONNA
(1) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1). Dar teideal anois Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.
(2) Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 103).
IARSCRÍBHINN
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES: “IARSCRÍBHINN II LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2d Belarus Ministry of Defence 140 Repair Plant JSC 558 Aircraft Repair Plant JSC 2566 Radioelectronic Armament Repair Plant JSC AGAT - Control Systems - Managing Company of Geoinformation Control Systems Holding JSC AGAT - Electromechanical Plant OJSC AGAT - SYSTEM ATE - Engineering LLC BelOMO Holding Belspetsvneshtechnika SFTUE Beltechexport CJSC BSVT - New Technologies Department of Internal Affairs of the Gomel Region Executive Committee Internal Troops of the Ministry of Internal Affairs of the Republic of Belarus KGB Alpha Kidma Tech OJSC Minotor-Service Minsk Wheeled Tractor Plant Oboronnye Initsiativy LLC OJS KB Radar Managing Company Peleng JSC State Authority for Military Industry of the Republic of Belarus State Security Committee of the Republic of Belarus Transaviaexport Airlines JSC Volatavto OJSC”; |
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES: “IARSCRÍBHINN V LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2y
|