This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0356
Council Decision (CFSP) 2022/356 of 2 March 2022 amending Decision 2012/642/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Belarus
Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
IO L 67, 2.3.2022, p. 103–111
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
2.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 67/103 |
CINNEADH (CBES) 2022/356 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Márta 2022
lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise. |
(2) |
An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine. |
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. Cháin an Chomhairle Eorpach freisin go láidir rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha sin faoin Úcráin agus d’iarr sí ar an mBealarúis staonadh ó ghníomh den sórt sin agus cloí lena hoibleagáidí idirnáisiúnta. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh ar bhonn práinne, lena gcumhdófar an Bhealarúis freisin. |
(4) |
I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha a thug an Rúis faoin Úcráin, is iomchuí teideal Chinneadh 2012/642/CBES a leasú agus bearta sriantacha breise a thabhairt isteach. |
(5) |
Go háirithe, is iomchuí srianta breise a thabhairt isteach a bhaineann le trádáil earraí a úsáidtear chun táirgí tobac, breoslaí mianracha, substaintí biotúmanacha agus táirgí hidreacarbóin ghásaigh, táirgí clóiríde potaisiam (‘potais’), táirgí adhmaid, táirgí stroighne, táirgí iarainn agus cruach agus táirgí rubair a tháirgeadh nó a mhonarú. Is iomchuí freisin srianta breise a fhorchur ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide agus ar sholáthar seirbhísí gaolmhara, agus forchuirtear leis chomh maith srianta ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta áirithe a d’fhéadfadh rannchuidiú le forbairt mhíleata, theicneolaíochta, chosanta agus slándála na Bealarúise, mar aon le srianta ar sholáthar seirbhísí gaolmhara. |
(6) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil: ‘Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin’; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2c: ‘Airteagal 2c 1. Gan dochar d’Airteagal 2b den Chinneadh seo, gach earra agus teicneolaíocht dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), beidh toirmeasc ar na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis ag náisiúnaigh de chuid Ballstát nó ó chríocha na mBallstát nó ag a bhfuil a soithí brataí nó a n-aerárthaí in úsáid acu, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh. 2. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
3. Gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir le hearraí ná teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe don mhéid seo a leanas:
Cé is moite de phointí (f) agus (g), dearbhóidh an t-onnmhaireoir ina dhearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo, agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe faoi chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá ón gcéad onnmhairiú sin. 4. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann beartaithe don mhéid seo a leanas:
5. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt na hearraí nó teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó an cúnamh airgeadais lena mbaineann sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 3 Márta 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuarthas an t-údarú sin roimh an 1 Bealtaine 2022. 6. Na húdaruithe a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh an t-údarás inniúil ábhartha iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh údaruithe den sórt sin bailí ar fud an Aontais. 7. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarraidh ar údarú de bhun mhíreanna 4 agus 5, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú má tá forais réasúnacha aige chun a chreidiúint:
8. Féadfaidh an t-údarás inniúil údarú atá deonaithe aige de bhun mhíreanna 4 agus 5 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann sé gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfí an Cinneadh seo chun feidhme go héifeachtach. 9. Liostaítear in Iarscríbhinn IV na tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear i bpointí 4(f) agus (g) den Airteagal seo agus i bpointí (f) agus (g) d’Airteagal 2d(4), agus a chuireann i bhfeidhm bearta atá coibhéiseach go substaintiúil maidir le rialú onnmhairí.’; (*1) Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú) (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1)';" |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2d: ‘Airteagal 2d 1. Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, earraí agus teicneolaíocht lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise, nó le hearnáil cosanta agus slándála na Bealarúise a fhorbairt, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis. 2. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
3. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis na hearraí nó leis an teicneolaíocht a liostaítear i mír 1, a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil ná an cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe don mhéid seo a leanas:
Cé is moite de phointí (f) agus (g), dearbhóidh an t-onnmhaireoir ina dhearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe faoi chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá ón gcéad onnmhairiú sin. 4. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt na hearraí nó an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann beartaithe don mhéid seo a leanas:
5. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt na hearraí nó teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó an cúnamh airgeadais lena mbaineann sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 3 Márta 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuarthas an t-údarú sin roimh an 1 Bealtaine 2022. 6. Na húdaruithe a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh an t-údarás inniúil ábhartha iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh údaruithe den sórt sin bailí ar fud an Aontais. 7. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarraidh ar údarú de bhun mhíreanna 4 agus 5, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú má tá forais réasúnacha aige chun a chreidiúint:
8. Féadfaidh an t-údarás inniúil údarú atá deonaithe aige de bhun mhíreanna 4 agus 5 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann sé gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme go héifeachtach. 9. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.’; |
(4) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 2d: ‘Airteagal 2da 1. Maidir leis na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus de mhaolú ar Airteagal 2c(1) agus (2) agus Airteagal 2d(1) agus (2), agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil údarú a thabhairt na hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide agus na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 2d a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú nó cúnamh airgeadais gaolmhar nó cúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar, ach amháin tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil gaolmhar nó an cúnamh airgeadais gaolmhar:
2. Na húdaruithe a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh údaráis inniúla an Bhallstáit iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh údaruithe den sórt sin bailí ar fud an Aontais. 3. Féadfaidh an t-údarás inniúil údarú atá deonaithe aige de bhun mhír 1 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann sé gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme go héifeachtach.’; |
(5) |
leasaítear Airteagal 2e mar a leanas:
|
(6) |
leasaítear Airteagal 2f mar a leanas:
|
(7) |
leasaítear Airteagal 2g mar a leanas:
|
(8) |
in Airteagal 2i, scriostar mír 4; |
(9) |
in Airteagal 2j, scriostar mír 3; |
(10) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 2o 1. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
2. Na toirmisc i mír 1, beidh siad gan dochar don chur i gcrích, go dtí 4 Meitheamh 2022 conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh 2 Márta 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a chur i gcrích. 3. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. Airteagal 2p 1. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
2. Na toirmisc i mír 1, beidh siad gan dochar don chur i gcrích, go dtí 4 Meitheamh 2022 conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh 2 Márta 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a chur i gcrích. 3. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. Airteagal 2q 1. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
2. Na toirmisc i mír 1, beidh siad gan dochar don chur i gcrích, go dtí an 4 Meitheamh 2022 conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 2 Márta 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a chur i gcrích. 3. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. Airteagal 2r 1. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
2. Na toirmisc i mír 1, beidh siad gan dochar don chur i gcrích, go dtí an 4 Meitheamh 2022 conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 2 Márta 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a chur i gcrích. 3. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh. Airteagal 2s 1. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
2. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le hinnealra a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe don mhéid seo a leanas:
Cé is moite de phointí (f) agus (g), dearbhóidh an t-onnmhaireoir ina dhearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo, agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe faoi chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá ón gcéad onnmhairiú sin. 3. Na toirmisc i mír 1, beidh siad gan dochar don chur i gcrích, go dtí an 4 Meitheamh 2022 conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 2 Márta 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a chur i gcrích. 4. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.’; |
(11) |
leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES: ‘IARSCRÍBHINN II LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2d Aireacht Chosanta na Bealarúise |
(2) |
cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas leis: ‘IARSCRÍBHINN IV LIOSTA NA DTÍORTHA COMHPHÁIRTÍOCHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2c(9)’.
|