EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0218
Council Decision (CFSP) 2022/218 of 17 February 2022 amending Decision 2012/642/CFSP concerning restrictive measures in view of the situation in Belarus
Cinneadh (CBES) 2022/218 ón gComhairle an 17 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
Cinneadh (CBES) 2022/218 ón gComhairle an 17 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
ST/14508/2021/INIT
IO L 37, 18.2.2022, p. 41–45
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
18.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 37/41 |
CINNEADH (CBES) 2022/218 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Feabhra 2022
lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise. |
(2) |
An 24 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1031 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2012/642/CBES agus lenar tugadh isteach srianta sonracha earnála. |
(3) |
Tá gá le soiléirithe áirithe chun cur i bhfeidhm cuí na srianta sonracha earnála sin a áirithiú. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Na toirmisc i mír 1 agus mír 2, ní bheidh feidhm acu maidir le honnmhairiú, díolachán, soláthar ná aistriú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide agus ní bheidh feidhm acu maidir le soláthar gaolmhar cúnaimh theicniúil nó airgeadais, chun na cumais núicléacha shibhialta atá ann cheana a chothabháil agus a choimeád slán.”; |
(2) |
leasaítear Airteagal 2f mar a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 2h, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (d):
|
(4) |
in Airteagal 2i(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (d):
|
(5) |
in Airteagal 2j, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Toirmeascfar árachas nó athárachas a sholáthar do:
|
(6) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 2n 1. Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht ná aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é gur ceann de na páirtithe seo a leanas a dhéanann an t-éileamh:
|
(7) |
in Airteagal 3(1) agus (8), in Airteagal 4(1) agus (2), agus in Airteagal 5(1), cuirtear na focail “Iarscríbhinn I” in ionad na bhfocal “an Iarscríbhinn”; |
(8) |
in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
|
(9) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “4. De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfaidh na húdaráis inniúla de chuid Ballstáit údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faon mír seo.”; |
(10) |
in Airteagal 6, mír 1, cuirtear “Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, agus Iarscríbhinn III” in ionad na bhfocal “an Iarscríbhinn”; |
(11) |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 6a 1. Féadfaidh an Chomhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a thabhairt i gcrích, go háirithe:
2. Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla nó le bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun Iarscríbhinn I a ullmhú. 3. Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoirí’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725. Airteagal 7a Ní bheidh dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, ar eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, nó nach raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Chinneadh seo. (*1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;" |
(12) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta tar éis dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 224 I, 24.6.2021, lch. 15).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:
“IARSCRÍBHINN III
LIOSTA NA MÓRINSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2h AGUS AIRTEAGAL 2i
Development Bank of the Republic of Belarus |
Belarusbank |
Belinvestbank (Belarusian Bank for Development and Reconstruction) |
Belagoprombank |
Bank Dabrabyt |