This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2086
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/2086 of 5 July 2021 amending Annexes II and IV to Regulation (EU) 2019/1009 of the European Parliament and of the Council for the purpose of adding precipitated phosphate salts and derivates as a component material category in EU fertilising products (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2086 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh a áireamh mar chatagóir d’ábhar comhpháirteach i dtáirgí leasacháin AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2086 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh a áireamh mar chatagóir d’ábhar comhpháirteach i dtáirgí leasacháin AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/4743
IO L 427, 30.11.2021, p. 120–129
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 427/120 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2086 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh a áireamh mar chatagóir d’ábhar comhpháirteach i dtáirgí leasacháin AE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh. Ábhair chomhpháirteacha de cheann amháin nó níos mó de na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, bíonn siad ann i dtáirgí leasacháin AE. |
(2) |
Le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2019/1009 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 42(1), an chéad fhomhír, pointe (b), den Rialachán sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar strúivít gan moill mhíchuí tar éis an 15 Iúil 2019, agus í a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin má chinntear sa mheasúnú sin nach bhfuil riosca do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí, don tsábháilteacht nó don chomhshaol ag baint le táirgí leasacháin AE a bhfuil an t-ábhar sin iontu, agus go n-áirítear leo an éifeachtúlacht agranamaíoch. |
(3) |
Is féidir le strúivít a bheith ina dramhaíl, agus i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/1009 scoirfidh sí de bheith ina dramhaíl a thuilleadh má tá sí ann i dtáirge leasacháin comhlíontach de chuid an Aontais. De bhun Airteagal 42(3) den Rialachán sin arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní fhéadfaidh an Coimisiún strúivít a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ach amháin má áirithíonn rialacha aisghabhála san Iarscríbhinn sin go n-úsáidfear an t-ábhar chun críoch sonrach, go mbeidh margadh nó éileamh ann dó, agus nach mbeidh drochthionchair fhoriomlána ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine de thoradh a húsáide. |
(4) |
Chuir Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin (“JRC”) tús lena mheasúnú ar strúivít in oirchill ghlacadh Rialachán (AE) 2019/1009, agus thug sé i gcrích é in 2019. Le linn an mheasúnaithe, leathnaíodh an raon feidhme chun an speictream leathan de shalainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh a chumhdach. |
(5) |
Is é conclúid na tuarascála measúnaithe ó JRC (3) go dtugann salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh cothaithigh do phlandaí nó go bhfeabhsaíonn siad a n-éifeachtúlacht chothaithe agus dá bhrí sin go n-áiritheofar éifeachtúlacht agranamaíoch leo, más rud é go dtáirgtear na salainn agus na díorthaigh sin de réir na rialacha aisghabhála a mholtar sa tuarascáil. |
(6) |
Thairis sin, is é conclúid na tuarascála measúnaithe ó JRC gurb ann d’éileamh an mhargaidh ar shalainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh agus go bhfuil an t-éileamh sin ag fás, agus gur dócha go n-úsáidfear na hábhair sin chun ionchuir chothaitheacha a sholáthar do thalmhaíocht na hEorpa. Is é conclúid JRC freisin nach mbeidh drochthionchair fhoriomlána ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine ag baint le húsáid salann fosfáite deasctha agus a ndíorthach a tháirgtear de réir na rialacha aisghabhála a mholtar sa tuarascáil. |
(7) |
Sna rialacha aisghabhála a mholtar i dtuarascáil mheasúnaithe an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, tá bearta chun teorainn a chur leis na rioscaí a bhaineann le héilleáin a athchúrsáil nó a tháirgeadh, amhail liosta uileghabhálach d’ábhair ionchuir incháilithe a chruthú agus, mar shampla, dramhaíl bhardasach mheasctha a eisiamh, agus coinníollacha sonracha próiseála agus ceanglais shonracha maidir le cáilíocht táirgí a leagan síos. Is é conclúid na tuarascála measúnaithe sin freisin gur cheart córas cáilíochta arna mheasúnú agus arna fhormheas ag comhlacht dá dtugtar fógra, gur cheart é sin a áireamh sna rialacha um measúnú comhréireachta is infheidhme maidir le táirgí leasacháin ina bhfuil salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh. |
(8) |
Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Choimisiún ar an gconclúid, más rud é go dtáirgtear salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh i gcomhréir leis na rialacha aisghabhála a mholtar sa tuarascáil mheasúnaithe ó JRC, go n-áirithítear leis na salainn agus na díorthaigh sin go mbeidh an éifeachtúlacht agranamaíoch ann de réir bhrí Airteagal 42(1), an chéad fhomhír, pointe (b)(ii), de Rialachán (AE) 2019/1009. Thairis sin, comhlíonann siad na critéir a leagtar síos in Airteagal 6 de Threoir 2008/98/CE. Ar deireadh, má chomhlíonann siad na ceanglais eile a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1009 go ginearálta agus go háirithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ní bheadh riosca ag baint leo do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó plandaí, don tsábháilteacht ná don chomhshaol de réir bhrí Airteagal 42(1), an chéad fhomhír, pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2019/1009. Dá bhrí sin, ba cheart salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 faoi réir na rialacha aisghabhála sin. |
(9) |
Go háirithe, seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) níor cheart iad a cheadú ach amháin mar ábhair ionchuir le haghaidh salainn fosfáite dheasctha agus a ndíorthach atá á rialú ag Rialachán (AE) 2019/1009, i gcás ina gcinnfear a bpointí deiridh sa slabhra monaraíochta i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an tríú fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus ina mbainfear amach iad ar a dhéanaí faoi dheireadh phróiseas táirgthe an táirge leasacháin AE ina bhfuil na salainn fosfáite dheasctha nó na díorthaigh. |
(10) |
Thairis sin, agus ag cur san áireamh gur féidir a mheas gur dramhaíl aisghafa nó seachtháirgí iad salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh de réir bhrí Threoir 2008/98/CE, ba cheart ábhair den sórt sin a eisiamh ó chatagóirí d’ábhar comhpháirteach 1 agus 11 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 de bhun Airteagal 42(1), an tríú fomhír, den Rialachán sin. |
(11) |
Tá sé tábhachtach a áirithiú, i gcás ina mbíonn salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh ann i dtáirgí leasacháin, go mbeidh siad faoi réir nós imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí lena n-áirítear córas cáilíochta arna mheasúnú agus arna fhormheas ag comhlacht dá dtugtar fógra. Dá bhrí sin, is gá Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le measúnú comhréireachta iomchuí i ndáil leis na táirgí leasacháin sin. |
(12) |
Ós rud é go bhfuil feidhm le bheith ag na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 agus ag na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin amhail ón 16 Iúil 2022, is gá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta céanna, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 16 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 170, 25.6.2019, lch. 1.
(2) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(3) Huygens D, Saveyn HGM, Tonini D, Eder P, Delgado Sancho L, Technical proposals for selected new fertilising materials under the Fertilising Products Regulation (Regulation (EU) 2019/1009) - Process and quality criteria, and assessment of environmental and market impacts for precipitated phosphate salts & derivates, thermal oxidation materials & derivates and pyrolysis & gasification materials [Moltaí teicniúla ó Huygens D, Saveyn HGM, Tonini D, Eder P, Delgado Sancho L le haghaidhtáirgí leasacháin nua roghnaithe faoin Rialachán maidir le Táirgí Leasacháin (Rialachán (AE) 2019/1009) – Critéir phróisis agus cháilíochta, agus measúnú ar thionchair chomhshaoil agus mhargaidh i ndáil le salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh, ábhair ocsaídiúcháin theirmigh agus na díorthaigh agus ábhair phirealaithe agus ghasúcháin, EUR 29841 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2019, ISBN 978-92-76-09888-1, doi:10.2760/186684, JRC117856.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an pointe seo a leanas le Cuid I: “CMC 12: Salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh”. |
(2) |
leasaítear Cuid II mar a leanas:
|
(*1) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).
(*2) Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena n-aisghairtear Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE (IO L 140 5.6.2009, lch. 16).
(*3) Is féidir le hábhar ionchuir atá eisiata ó fhophointe a bheith fós ina ábhar ionchuir incháilithe de bhua fophointe eile.
(*4) Suim de naftailéin, aicéanaftailéin, aicéanaiftéin, fluairéin, feanaintréin, antraicéin, fluaraintéin, piréin, beinsea[a]antraicéin, criséin, beinsea[b]fluaraintéin, beinsea[k]fluaraintéin, beinsi[a]piréin, indéini[1,2,3-cd]piréin, débheinsea[a,h]antraicéin agus beinsi[ghi]peiriléin.”.”
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn IV, Cuid II, de Rialachán (AE) 2019/1009, leasaítear Modúl D1 (Dearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe) mar a leanas:
(1) |
i bpointe 2.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (d):
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití i bpointe 5.1.1.1:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5.1.2.1:
|
(4) |
leasaítear pointe 5.1.3.1 mar a leanas:
|
(5) |
i bpointe 5.1.4.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
|
(6) |
i bpointe 5.1.5.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.3.2:
|