This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1986
Council Regulation (EU) 2021/1986 of 15 November 2021 amending Regulation (EC) No 765/2006 concerning restrictive measures in respect of Belarus
Rialachán (AE) 2021/1986 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis
Rialachán (AE) 2021/1986 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis
ST/11053/2021/INIT
IO L 405, 16.11.2021, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
16.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 405/3 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1986 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Samhain 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chinneadh 2012/642/CBES agus déantar foráil leis go háirithe maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo, agus toirmisctear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, nó a mbaineann a ngníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta sa Bhealarúis nó a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka nó a thacaíonn leis an réimeas sin. |
(2) |
Le Rialachán (AE) 2021/1030 ón gComhairle (3), lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, tugadh isteach tuilleadh smachtbhannaí eacnamaíocha spriocdhírithe, lena n-áirítear toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise. |
(3) |
An 15 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1989 (4), lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES agus lena dtugtar isteach eisceachtaí áirithe ón toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise, chun iarmhairtí neamhbheartaithe a sheachaint. |
(4) |
Tagann bearta áirithe faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i ngach Ballstát i bhfeidhm go haonfhoirmeach é, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun na bearta sin a chur chun feidhme. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1l de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006:
“Airteagal 1l
1. Toirmiscfear árachas nó athárachas a sholáthar do:
(i) |
Rialtas na Bealarúise, a chomhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí; nó |
(ii) |
aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú dó thar ceann nó faoi threoir duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointe (i). |
2. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le hárachas éigeantach nó árachas tríú páirtí dliteanais a sholáthar do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí na Bealarúise i gcás ina bhfuil an riosca arna árachú suite san Aontas, ná maidir le hárachas a sholáthar do mhisin taidhleoireachta nó chonsalacha na Bealarúise san Aontas.
3. Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, ná do chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2021/1030 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 224 I, 24.6.2021, lch. 1).
(4) Cinneadh (CBES) 2021/1989 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (Féach leathanach 8 den Iris Oifigiúil seo).