This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1917
Commission Regulation (EU) 2021/1917 of 3 November 2021 amending Annex I to Regulation (EC) No 1334/2008 of the European Parliament and of the Council as regards the inclusion of 2-(4-methylphenoxy)-N-(1H-pyrazol-3-yl)-N-(thiophen-2-ylmethyl)acetamide in the Union list of flavourings (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2021/1917 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le 2-(4-meitilfeanocsa)-N-(1H-piorasól-3-il)-N-tiaifein-2-ilmeitil)aicéataimíd a áireamh i liosta an Aontais de bhlastáin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2021/1917 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le 2-(4-meitilfeanocsa)-N-(1H-piorasól-3-il)-N-tiaifein-2-ilmeitil)aicéataimíd a áireamh i liosta an Aontais de bhlastáin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/7790
IO L 389, 4.11.2021, p. 15–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
4.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 389/15 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1917 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Samhain 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le 2-(4-meitilfeanocsa)-N-(1H-piorasól-3-il)-N-tiaifein-2-ilmeitil)aicéataimíd a áireamh i liosta an Aontais de bhlastáin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus coinníollacha a n-úsáide. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3), glacadh an liosta de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach an liosta sin in Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008. |
(3) |
Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar. |
(4) |
An 7 Nollaig 2015, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húdarú le 2-(4-meitilfeanocsa)-N-(1H-piorasól-3-il)-N-tiaifein-2-ilmeitil)aicéataimíd, (FL Uimh. 16.133), a úsáid mar shubstaint bhlaistithe i mbianna éagsúla a thagann, go bunúsach, faoi roinnt catagóirí bia dá dtagraítear i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bunábhair. Tugadh fógra don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) maidir leis an iarratas agus iarradh tuairim air. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit freisin, de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008. |
(5) |
Ina thuairim uaidh a glacadh an 12 Meán Fómhair 2018 (4) rinne an tÚdarás meastóireacht ar shábháilteacht na substainte FL Uimh. 16.133 nuair a úsáidtear í mar shubstaint bhlaistithe agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil úsáid na substainte sin ina cúis imní sábháilteachta nuair atá sí teoranta do leibhéil suas go dtí na leibhéil a shonraítear le haghaidh bianna éagsúla i gcatagóirí éagsúla bia. Thug an tÚdarás le fios freisin nach bhfuil feidhm ag a chonclúid féin ar shábháilteacht na substainte sin maidir leis an bhféidearthacht go gcuirfí an tsubstaint sin le deochanna neamh-theimhneacha nuair is féidir an tsubstaint a bheith faoi réir fóta-trasfhoirmiú. Níor cheart an blastán sin a chur ach le bianna teimhneacha agus a phacáil i gcoimeádáin a chosnaítear ar an solas. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, ba cheart an fhaisnéis faoi na coinníollacha speisialta stórála agus úsáide a chur ar fáil don chustaiméir ar lipéadú na substainte blaistithe agus/nó ar lipéadú na n-ullmhóidí ar cuireadh an tsubstaint bhlaistithe sin leo. Ba cheart comhartha a bheith ar lipéadú na gcoimeádán, comhartha amhail “coimeádtar ó sholas”. |
(7) |
Thug an tÚdarás dá aire freisin gur substaint í FL Uimh. 16.133 ag a bhfuil airíonna a mhodhnaíonn an blaistiú. |
(8) |
Níl sé beartaithe an tsubstaint bhlaistithe sin a dhíol leis an tomhaltóir deiridh agus, dá bhrí sin, ba cheart an cás sin a sheachaint agus an tsubstaint á cur ar an margadh. |
(9) |
Ós rud é nach bhfuil úsáid na substainte FL Uimh. 16.133 mar shubstaint bhlaistithe ina cúis imní sábháilteachta faoi na coinníollacha sonraithe úsáide agus go meastar nach gcuirfear an tomhaltóir amú, is iomchuí an úsáid sin a údarú i bhfianaise na tuairime ón Údarás. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú dá réir sin chun 2-(4-meitilfeanocsa)-N-(1H-piorasól-3-il)-N-tiaifein-2-ilmeitil)aicéataimíd a áireamh i liosta an Aontais de bhlastáin. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ní údaraítear an tsubstaint bhlaistithe 2-(4-meitilfeanocsa)-N-(1H-piorasól-3-il)-N-tiaifein-2-ilmeitil)aicéataimíd a dhíol leis an tomhaltóir deiridh.
Airteagal 3
I dteannta na gceanglas lipéadaithe maidir le blastáin nach bhfuil sé beartaithe iad a dhíol leis an tomhaltóir deiridh, agus i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, sonrófar an fhaisnéis bhreise seo a leanas ar lipéadú na bpacáistí nó na gcoimeádán:
— |
“Tá an tsubstaint FL 16.133 ann. Cosnaítear ar sholas chun a fhóta-trasfhoirmiú a sheachaint.”; |
— |
comhartha amhail “coimeádtar ó sholas”. |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(10):5421.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I, Cuid A, Roinn 2, Tábla 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas maidir le FL Uimh. 16.133:
“16.133 |
2-(4-meitilfeanocsa)-N-(1H-piorasól-3-il)-N-tiaifein-2-ilmeitil)aicéataimíd |
1374760-95-8 |
2237 |
|
99 % ar a laghad, buaic-achar (UPLC-UV, 254 nm) |
|
|
An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia” |