Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1043

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1043 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 maidir le síneadh a chur leis na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/4493

    IO L 225, 25.6.2021, p. 52–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1043/oj

    25.6.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 225/52


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1043 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Meitheamh 2021

    maidir le síneadh a chur leis na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le ceanglais cistí dílse le haghaidh risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 497(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun briseadh sna margaí airgeadais idirnáisiúnta a sheachaint agus chun cosc a chur ar phionósú institiúidí atá bunaithe san Aontas trína gcur faoi réir ceanglais cistí dílse níos airde le linn na bpróiseas aitheantais de chuid contrapháirtithe lárnacha tríú tír atá ann cheana, bunaíodh idirthréimhse le hAirteagal 497(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, idirthréimhse ar lena linn a fhéadfaidh institiúidí risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a láimhseáil mar risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.

    (2)

    Contrapháirtithe lárnacha tríú tír a chuir a n-iarratas ar aitheantas isteach i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) roimh an 27 Meitheamh 2019, go sonrach gach contrapháirtí lárnach tríú tír atá fós ag fanacht le haitheantas ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), tá a n-idirthréimhse le dul in éag an 28 Meitheamh 2021.

    (3)

    Níor ghlac an Coimisiún cinntí go fóill i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir le roinnt dlínsí ina bhfuil na contrapháirtithe lárnacha tríú tír sin bunaithe. Is réamhriachtanas iad na cinntí sin chun go n-aithneoidh ÚEUM contrapháirtithe lárnacha tríú tír. Ós rud é nach nglacfar na cinntí sin faoin 28 Meitheamh 2021, ní bheidh ÚEUM in ann na nósanna imeachta maidir le haitheantas a thabhairt i gcrích i dtaca le contrapháirtithe lárnacha tríú tír atá ag fanacht le haitheantas faoin dáta sin.

    (4)

    Mura gcuirfear síneadh leis an idirthréimhse, institiúidí atá bunaithe san Aontas a bhfuil risíochtaí acu ar na contrapháirtithe lárnacha tríú tír sin, nó a bhfochuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas, ceanglófar orthu sin a gcistí dílse a mhéadú go suntasach le haghaidh na risíochtaí sin. D’fhéadfadh sé go dtarraingeofaí siar na hinstitiúidí sin mar rannpháirtithe díreacha sna contrapháirtithe lárnacha sin nó, go sealadach ar a laghad, go scoirfí de sheirbhísí imréitigh a chur ar fáil do chliaint na n-institiúidí sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dianbhriseadh sna margaí ina n-oibríonn na contrapháirtithe lárnacha sin. Is gá, dá bhrí sin, síneadh 12 mhí a chur leis an bhforáil idirthréimhseach i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 497(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, go dtí an 28 Meitheamh 2022.

    (5)

    Leis an síneadh ar an bhforáil idirthréimhseach, thabharfaí an t-am don Choimisiún a chuid measúnuithe coibhéise a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus cinntí coibhéise a ghlacadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha lena mbaineann. D’fhágfadh sé freisin go mbeadh an t-am ag ÚEUM na contrapháirtithe lárnacha tríú tír lena mbaineann a aithint. I gcás nach nglacfadh an Coimisiún cinneadh coibhéise dearfach, le síneadh ama d’fhágfaí an t-am ag na hinstitiúidí ullmhú i gceart le haghaidh dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 497(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

    (6)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón gcéad lá tar éis don idirthréimhse atá ann cheana dul in éag.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Baincéireachta Eorpach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear síneadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 497(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go dtí an 28 Meitheamh 2022.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 29 Meitheamh 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).


    Top