EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0571

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/571 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí a fhéadfar a chur le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirme leantach, bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/192

IO L 120, 8.4.2021, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/571/oj

8.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 120/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/571 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Eanáir 2021

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí a fhéadfar a chur le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirme leantach, bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 leagtar síos liosta de chuid an Aontais de shubstaintí a fhéadfar a chur le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí bia dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán sin.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 údaraítear faoi láthair gur féidir L-meitiolfóláit chailciam a chur mar fhoinse fóláite le bia chun críoch speisialta míochaine agus mar ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú.

(3)

Tar éis iarratas a dhéanamh ina n-iarrtar go n-údarófar freisin L-meitiolfóláit chailciam a úsáid mar fhoinse fóláite i mbainne foirmle do naíonáin, i mbainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin, ar na leibhéil is gá chun na ceanglais maidir le comhdhéanamh fóláite a chomhlíonadh, ar ceanglais iad a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir leis na hearraí bia sin, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim a thabhairt maidir le sábháilteacht agus bith-infhaighteacht na substainte sin nuair a chuirtear leis na hearraí bia lena mbaineann í. Sa tuairim uaidh an 27 Samhain 2019 (2), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur foinse í L-meitiolfóláit chailciam óna bhfuil fóláit ar fáil go bitheolaíoch agus go bhfuil sí sábháilte faoi na húsáidí atá beartaithe agus faoi na leibhéil úsáide atá beartaithe maidir leis an spriocdhaonra, is é sin naíonáin (<12 mhí) agus leanaí óga (12-<36 mhí).

(4)

Measann an Coimisiún go dtugann tuairim an Údaráis forais leordhóthanacha lena shuí nach ábhar imní í L-meitiolfóláit chailciam mar fhoinse fóláite nuair a úsáidtear í i mbainne foirmle do naíonáin, i mbainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin ar na leibhéil is gá. Dá bhrí sin, ba cheart L-meitiolfóláit chailciam a chur san áireamh sa liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 mar fhoinse fóláite sna catagóirí bia sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 609/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.

(2)  Painéal ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí (NDA) de chuid NFSA, “Scientific Opinion on Calcium l-methylfolate as a source of folate added for nutritional purposes to infant and follow-on formula, baby food and processed cereal-based food” (Tuairim Eolaíoch maidir le L-meitiolfóláit chailciam mar fhoinse fóláite arna cur le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte chun críoch cothaitheacha), Iris EFSA, doi: 10.2903/j.efsa.2020,5947.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 mar a leanas:

(a)

faoin tsubstaint “Fóláit”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “cailciam-L-meitilfhólach”:

“L-meitiolfóláit chailciam

X

X

X

X”


Top