Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0567

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/567 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2021 lena bhformheastar eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, substaint ghníomhach a bhfuil riosca íseal ag baint léi, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/2066

IO L 118, 7.4.2021, p. 6–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/567/oj

7.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 118/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/567 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Aibreán 2021

lena bhformheastar eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, substaint ghníomhach a bhfuil riosca íseal ag baint léi, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir CEV SA iarratas faoi bhráid na hÍsiltíre an 7 Meitheamh 2016 ar fhormheas na substainte gníomhaí, eadhon eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 18 Eanáir 2017 thug an Ísiltír, an Ballstát rapporteur, fógra don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) faoi inghlacthacht an iarratais.

(3)

An 1 Aibreán 2019, chuir an Ballstát rapporteur dréacht-tuarascáil mheasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip faoi bhráid an Údaráis, féachaint an dóigh nó a mhalairt go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach sin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(4)

Rinne an tÚdarás Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chomhlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Rialachán sin, d’iarr sé ar an iarratasóir faisnéis bhreise a thabhairt do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás. An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a rinne an Ballstát rapporteur, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é an 3 Márta 2020 i bhformáid dréacht-tuarascála measúnaithe a bhí cothrom le dáta.

(5)

An 19 Meitheamh 2020, chuir an tÚdarás a chonclúid (2) in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún, maidir le cé acu ba dhóigh nó a mhalairt go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach, eadhon eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal.

(6)

An 23 Deireadh Fómhair 2020, thíolaic an Coimisiún tuarascáil athbhreithniúcháin agus dréacht-rialachán don Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha maidir le heastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis.

(7)

Tugadh deis don iarratasóir a bharúil a chur in iúl maidir leis an tuarascáil athbhreithniúcháin.

(8)

Maidir le haon úsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as, ar a laghad, táirge cosanta plandaí amháin ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, agus go háirithe na húsáidí a scrúdaíodh agus a sonraíodh sa tuarascáil athbhreithniúcháin, is éard a suíodh gurbh amhlaidh a comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Measann an Coimisiún thairis sin gur substaint a bhfuil riosca íseal ag baint léi é an t-eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh 1107/2009. Ní substaint atá ina hábhar imní é an t-eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis agus comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 5.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(10)

Dá bhrí sin, is iomchuí eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis a fhormheas.

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá coinníollacha agus srianta áirithe a chur san áireamh. Is iomchuí go háirithe faisnéis bhreise deimhniúcháin a éileamh.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí

An tsubstaint ghníomhach, eadhon eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, faoi mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin a dhéantar é a fhormheas.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Is i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar mheasúnú riosca lotnaidicídí i ndáil leis an tsubstaint ghníomhach, eadhon eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis; Irisleabhar EFSA 2020;18(7):6190, 45 lgh.; https://doi:10.2903/j.efsa.2020.6190. Ar fáil ar líne: (www.efsa.europa.eu).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag formheasa

Forálacha sonracha

Eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis

Uimh. CAS:

Níl sí ar fáil don eastóscán

Próitéin BLAD: 1219521-95-5

Uimh. CIPAC:

Níl sí sannta

Ní bhaineann le hábhar

Ní ábhartha an t-íosmhéid íonachta i gcás an eastóscáin.

Cion próitéine BLAD: 195 – 210 g/kg.

Sainaithníodh na heisíontais ábhartha seo a leanas (ar ábhar imní tocsaineolaíoch, éiceatocsaineolaíoch nó comhshaoil iad) sa tsubstaint ghníomhach mar a mhonaraítear í:

Alcalóidigh chuineoilisidín iomlána (QA):

(lúpainín, 13α-OH-lúpainín, 13α-aingealóiolocsalúpainín, lúipínín, ailbín, angastafóilín, 13α-tioglóiolocsalúpainín, α-isealúpainín, teitrihidreahoimdhéfhóilín, ilfhlóirín, spairtéin)

Uaschion: suite go sealadach ag 0,05 g/kg

27 Aibreán 2021

27 Aibreán 2036

Chun na prionsabail aonfhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur chun feidhme, tabharfar aird ar chonclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le heastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na treoracha lipéadaithe riachtanacha maidir le bearta i ndáil le cúradh agus cobhsaíocht chaolúcháin an fhoirmlithe.

Déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise deimhniúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir leis an méid seo a leanas:

1.

sonraíocht theicniúil na substainte gníomhaí mar a mhonaraítear í (ar bhonn táirgeacht ar scála tráchtála) agus comhlíonadh na sonraíochta teicniúla deimhnithe ag na baisceanna tocsaineachta, agus

2.

go háirithe, uaschion na n-alcalóideach cuineolisidín (lúpainín, 13α-OH-lúpainín, 13α-aingealóiolocsalúpainín, lúipínín, ailbín, angastafóilín, 13α-tioglóiolocsalúpainín, α-isealúpainín, teitrihidreahoimdhéfhóilín, ilfhlóirín, spairtéin).

Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 isteach faoin 27 Deireadh Fómhair 2021.


(1)  Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athbhreithniúcháin.


IARSCRÍBHINN II

I gCuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag formheasa

Forálacha sonracha

‘28

Eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis

Uimh. CAS:

Níl sí ar fáil don eastóscán

Próitéin BLAD: 1219521-95-5

Uimh. CIPAC:

Níl sí sannta

Ní bhaineann le hábhar

Ní ábhartha an t-íosmhéid íonachta i gcás an eastóscáin.

Cion próitéine BLAD: 195 – 210 g/kg.

Sainaithníodh na heisíontais ábhartha seo a leanas (ar ábhar imní tocsaineolaíoch, éiceatocsaineolaíoch nó comhshaoil iad) sa tsubstaint ghníomhach mar a mhonaraítear í:

Alcalóidigh chuineoilisidín iomlána (QA):

(lúpainín, 13α-OH-lúpainín, 13α-aingealóiolocsalúpainín, lúipínín, ailbín, angastafóilín, 13α-tioglóiolocsalúpainín, α-isealúpainín, teitrihidreahoimdhéfhóilín, ilfhlóirín, spairtéin)

Uaschion: suite go sealadach ag 0,05 g/kg

27 Aibreán 2021

27 Aibreán 2036

Chun na prionsabail aonfhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur chun feidhme, tabharfar aird ar chonclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le heastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na treoracha lipéadaithe riachtanacha maidir le bearta i ndáil le cúradh agus cobhsaíocht chaolúcháin an fhoirmlithe.

Déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise deimhniúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir leis an méid seo a leanas:

1.

sonraíocht theicniúil na substainte gníomhaí mar a mhonaraítear í (ar bhonn táirgeacht ar scála tráchtála) agus comhlíonadh na sonraíochta teicniúla deimhnithe ag na baisceanna tocsaineachta, agus

2.

go háirithe maidir le huaschion na n-alcalóideach (lúpainín, 13α-OH-lúpainín, 13α-aingealóiolocsalúpainín, lúipínín, ailbín, angastafóilín, 13α-tioglóiolocsalúpainín, α-isealúpainín, teitrihidreahoimdhéfhóilín, ilfhlóirín, spairtéin).

Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 isteach faoin 27 Deireadh Fómhair 2021.”


(1)  Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athbhreithniúcháin.


Top