This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0424
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/424 of 17 December 2019 amending Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council with regard to the alternative standardised approach for market risk (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/424 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach i gcomhair riosca margaidh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/424 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach i gcomhair riosca margaidh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2019/9068
IO L 84, 11.3.2021, p. 1–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
11.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/424 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Nollaig 2019
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach i gcomhair riosca margaidh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 461a de:
(1) |
In 2019, d’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) na “Ceanglais chaipitil íosta i gcomhair riosca margaidh”, inar tugadh aghaidh ar na laigí i láimhseáil stuamachta ghníomhaíochtaí leabhair trádála na mbanc (2). |
(2) |
Níl an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar síos i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lánoibríochtúil faoi láthar, de cheal sonraíochtaí teicniúla. Ba cheart na sonraíochtaí sin a ailíniú le ceanglais íosta chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh. |
(3) |
Sonraítear i gceanglais íosta chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh ríomh na gceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire i gcás ionstraimí lena ngabhann roghnaíocht. Is éard atá sa ríomh sin roinnt céimeanna, lena n-áirítear conas turraingí a chur i bhfeidhm maidir le fachtóirí riosca agus conas riosca cuaire a chomhiomlánú thar fhachtóirí riosca. Maidir le fachtóirí riosca malairte eachtraí, is gá an ríomh a choigeartú chun comhaireamh dúbailte ar rioscaí cuaire a sheachaint. Gan an coigeartú sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh comhaireamh dúbailte den sórt sin ann toisc, i gcás CBMB, go sloinntear fachtóirí riosca malairte eachtraí trí úsáid a bhaint as airgeadra tuairiscithe institiúide. |
(4) |
Níor cheart ionstraimí gan roghnaíocht a bheith faoi réir ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca deilte ach amháin i gcás ionstraim fholuiteach choimhthíoch/ionstraimí foluiteacha coimhthíocha na n-ionstraimí, ach ní i gcás riosca cuaire. Le ceanglais íosta chaipitil CBMB le haghaidh riosca margaidh, áfach, tugtar an rogha d’institiúidí gach ionstraim, lena n-áirítear iad siúd gan roghnaíocht, a chur faoi réir ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire. Is féidir leis an rogha sin a bheith ina chuidiú d’institiúidí a mbíonn suíomhanna le roghnaíocht agus suíomhanna gan roghnaíocht á mbainistiú agus á bhfálú le chéile acu. Chun nach mbainfear úsáid as an rogha sin go príomha chun ceanglais cistí dílse a laghdú, áfach, ba cheart a chur de cheangal ar institiúid ar mian léi an rogha sin a fheidhmiú fógra a thabhairt dá húdarás inniúil go bhfuil rún aici an rogha sin a úsáid, agus ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag an údarás inniúil sin úsáid na rogha sin a dhiúltú. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna i gcás nach mian le hinstitiúid an rogha sin a úsáid a thuilleadh. |
(5) |
Maidir le láimhseáil suíomhanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna), is é an cur chuige trébhreathnaitheach an cur chuige is cruinne chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh suíomhanna in GCanna toisc go mbraitheann an cur chuige sin ar chomhdhéanamh iarbhír na GCanna seachas ar chomhdhéanamh ionadach. Chun cur chuige na trédhearcachta a bheith ar fáil, áfach, is gá dianchoinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag institiúidí cineálacha cur chuige eile a úsáid, ar choinníoll go bhfuil siad ar an eolas faoi inneachar shainordú an GC agus gur féidir leo praghsanna luaite laethúla a fháil. Sa chás sin, is féidir le hinstitiúidí punann hipitéiseach a bhunú chun na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh an tsuímh sa GC a ríomh. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na hinstitiúidí sin freisin ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca coigeartaithe luachála creidmheasa na suíomhanna díorthach a áirítear sa GC a ríomh trí chur chuige simplithe a úsáid i gcás nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ann chun ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca coigeartaithe luachála creidmheasa a ríomh bunaithe ar na cineálacha cur chuige atá ann cheana. Ba cheart an fhéidearthacht sin a ailíniú leis an gcur chuige simplithe is infheidhme maidir le suíomhanna díorthach a áirítear sna GCanna a leithdháiltear ar an leabhar neamhthrádála. I ngeall ar líon na dtoimhdí a chaithfidh institiúidí a dhéanamh agus an cur chuige sin á úsáid acu, ba cheart a úsáid a bheith faoi réir fhormheas an údaráis inniúil ar leibhéal gach GC aonair. |
(6) |
Thairis sin, ba cheart an rogha a bheith ag institiúidí suíomh GC a rianaíonn innéacs a láimhseáil mar shuíomh díreach san innéacs sin chun críocha na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh a ríomh. Ba cheart an cur chuige sin a lamháil i gcás ina bhfanfaidh an difríocht idir an GC agus an t-innéacs a rianaíonn sé faoi bhun 1 % thar thréimhse 12 mhí. I gcás ina bhfuil níos lú ná 12 mhí sonraí ar fáil, ba cheart d’institiúidí cead a lorg óna n-údarás inniúil an cur chuige sin a úsáid. |
(7) |
I ngach cás eile, ba cheart suíomhanna in GCanna a shannadh don leabhar neamhthrádála agus ba cheart iad a láimhseáil dá réir sin chun críocha ceanglais cistí dílse na suíomhanna sin a ríomh. |
(8) |
Moltar cur chuige “bunairgeadra” i gceanglais caipitil íosta CBMB i gcomhair riosca margaidh mar chur chuige breise chun na ceanglais cistí dílse a chinneadh i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ghabhann le fachtóirí riosca malairte eachtraí. I gcomhréir leis an gcur chuige sin, ba cheart go mbeadh institiúidí in ann, agus ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh á ríomh acu, airgeadra eile seachas a n-airgeadra tuairiscithe a roghnú chun na fachtóirí riosca malairte eachtraí a shloinneadh. Ba cheart an cur chuige sin a lamháil i gcás ina gcomhlíonann an institiúid roinnt coinníollacha a bhaineann le bainistiú riosca malairte eachtraí na hinstitiúide agus ba cheart é a bheith faoi réir formheas maoirseachta. |
(9) |
Sonraítear le ceanglais íosta chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh na hualaí riosca is infheidhme maidir le híogaireachtaí na bhfachtóirí riosca ráta saor ó riosca, íogaireachtaí an bhoilscithe agus íogaireachtaí ar fhachtóirí riosca trasairgeadra-bhunaithe, ar na fachtóirí riosca um raon difríochta i gcomhair neamhurrúsúcháin de bhuicéad 11 i dTábla 4 d’Airteagal 325ah de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, íogaireachtaí fachtóirí riosca um bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha, íogaireachtaí fachtóirí riosca um raon difríochta creidmheasa i gcás urrúsuithe a áirítear san ACTP, íogaireachtaí fachtóirí riosca um raon difríochta creidmheasa i gcomhair urrúsúchán nach n-áirítear san ACTP, íogaireachtaí fachtóirí riosca cothromais agus íogaireachtaí fachtóirí riosca tráchtearraí. Ba cheart na hualuithe riosca is infheidhme maidir le híogaireachtaí na bhfachtóirí riosca sin sa chur chuige caighdeánaithe malartach a ailíniú le ceanglais íosta chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh. |
(10) |
Sonraítear i gceanglais íosta caipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh na comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair fachtóirí riosca bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha, na comhghaolta laistigh de bhuicéad le haghaidh riosca cothromais, agus na comhghaolta idir buicéid i gcomhair riosca cothromais. Ba cheart na comhghaolta is infheidhme maidir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a ailíniú le híoscheanglais chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh. |
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin. |
(12) |
Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’institiúidí na hathruithe ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach maidir le riosca margaidh a thugtar isteach leis an Rialachán Tarmligthe seo a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe seo a chur siar, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 325e mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 325g: “Airteagal 325g Ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire 1. Déanfaidh institiúidí na ríomhanna a leagtar síos i mír 2 maidir le fachtóirí riosca uile na n-ionstraimí atá faoi réir an cheanglais cistí dílse i gcomhair riosca cuaire, cé is moite de na fachtóirí riosca dá dtagraítear i mír 3. Maidir le fachtóir riosca ar leith, déanfaidh institiúidí na ríomhanna sin ar bhonn glan thar shuíomhanna uile na n-ionstraimí atá faoi réir an cheanglais cistí dílse i gcomhair riosca cuaire a bhfuil an fachtóir riosca sin ann. 2. Maidir le fachtóir riosca k ar leith a áirítear in ionstraim amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí suíomh riosca cuaire aníos an fhachtóra riosca sin () agus glansuíomh riosca cuaire síos an fhachtóra riosca sin a ríomh () mar a leanas:
arna shloinneadh mar a leanas:
3. De mhaolú ar mhír 2, maidir le cuar fachtóirí riosca a bhaineann le riosca ráta úis ginearálta (GIRR), riosca um raon difríochta creidmheasa (CSR) agus aicmí riosca tráchtearraí, déanfaidh institiúidí na ríomhanna a leagtar síos i mír 6 ar leibhéal an chuair iomláin seachas ar leibhéal gach fachtóra riosca a bhaineann leis an gcuar. Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i mír 2, i gcás inar cuar d’fhachtóirí riosca é xk a leithdháiltear ar aicmí riosca GIRR, CSR agus ar aicmí tráchtearraí, is é a bheidh ann sik ná suim na n-íogaireachtaí deilte ar fhachtóir riosca an chuair thar aibíochtaí uile an chuair. 4. Chun ceanglas cistí dílse ar leibhéal an bhuicéid i gcomhair riosca cuaire a chinneadh, déanfaidh institiúidí na suíomhanna riosca cuaire aníos agus anuas, arna ríomh i gcomhréir le mír 2, a chomhiomlánú, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, maidir leis na fachtóirí riosca uile arna sannadh don bhuicéad sin i gcomhréir le FoRoinn 1 de Roinn 3:
arna shloinneadh mar a leanas:
; ; ;
5. De mhaolú ar mhír 4, maidir leis na ceanglais cistí dílse ar leibhéal an bhuicéid maidir le riosca cuaire bhuicéad 18 d’Airteagal 325ah, de bhuicéad 18 d’Airteagal 325ak, de bhuicéad 25 d’Airteagal 325am agus de bhuicéad 11 d’Airteagal 325ap, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas:
6. Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse ó aicmí riosca i gcomhair riosca cuaire (RCCR) a ríomh trí na ceanglais cistí dílse uile ar leibhéal an bhuicéid i gcomhair riosca cuaire a chomhiomlánú mar a leanas:
arna shloinneadh mar a leanas:
; ;
7. Is é a bheidh sa cheanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire ná suim na gceanglas cistí dílse d’aicme riosca i gcomhair riosca cuaire arna ríomh i gcomhréir le mír 6 thar gach aicme riosca lena mbaineann fachtóir riosca amháin ar a laghad de na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1.”; |
(3) |
in Airteagal 325h(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 325i agus 325j: “Airteagal 325i Ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile a láimhseáil 1. Úsáidfidh institiúidí cur chuige trébhreathnaitheach le haghaidh ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
2. De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh institiúidí íogaireacht aonair ar shuíomh i gcothromas nó in innéacs creidmheasa liostaithe a ríomh chun críocha na gceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ríomh ar choinníoll go gcomhlíonann an cothromas liostaithe nó an t-innéacs creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach i mír 3. Sa chás sin, déanfaidh institiúidí an íogaireacht aonair a shannadh don bhuicéad ábhartha mar a leagtar amach i bhFoRoinn 1 de Roinn 6 mar a leanas:
3. Féadfaidh institiúidí an cur chuige a leagtar amach i mír 2 a úsáid maidir le hionstraimí lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
4. Ní úsáidfidh aon institiúid, go comhsheasmhach le himeacht ama, ach an cur chuige a leagtar amach i mír 1 nó an cur chuige a leagtar amach i mír 2 le haghaidh na n-ionstraimí uile lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 3. Beidh ar institiúid cead a fháil roimh ré ón údarás inniúil sula n-aistreoidh sí ó chur chuige amháin go ceann eile. 5. Maidir le hinnéacs nó ionstraim il-fholuiteach eile, bainfear leas as ionchuir íogaireachta comhsheasmhacha i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ríomh, gan beann ar na cineálacha cur chuige a úsáidfear i gcomhair na hionstraime sin. 6. Beidh innéacs nó ionstraimí il-fholuiteacha a iompraíonn rioscaí iarmharacha eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 325u(5) faoi réir an fhorlíontáin riosca iarmharaigh dá dtagraítear i Roinn 4. Airteagal 325j Láimhseáil gnóthas comhinfheistíochta 1. Déanfaidh institiúid a ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh suímh in GC a ríomh, agus ceann amháin de na cineálacha cur chuige seo a leanas á úsáid aici:
Aon institiúid a úsáideann ceann de na cineálacha cur chuige a leagtar amach i bpointe (b), cuirfidh sí i bhfeidhm an ceanglas cistí dílse i gcomhair an riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 den Chaibidil seo agus an forlíontán riosca iarmharaigh a leagtar amach i Roinn 4 den Chaibidil seo i gcás ina dtugtar le tuiscint le sainordú an GC go mbeidh roinnt neamhchosaintí sa GC faoi réir na gceanglas cistí dílse sin. Aon institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i bpointe (ii) de phointe (b), féadfaidh sí na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca creidmheasa contrapháirtí agus na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca coigeartaithe luachála creidmheasa maidir le suíomhanna díorthach an GC a ríomh, agus úsáid á baint as an gcur chuige simplithe a leagtar amach i mír 3 d’Airteagal 132a. 2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil suíomh in GC ag institiúid ar GC é a rianaíonn tagarmharc innéacs ionas go mbeidh an difríocht toraidh bhliantúlaithe idir an GC agus tagarmharc an innéacs rianaithe thar an 12 mhí roimhe sin faoi bhun 1 % i ndearbhthéarmaí, gan beann ar tháillí agus ar choimisiúin, féadfaidh an institiúid sin an suíomh sin a láimhseáil mar shuíomh sa tagarmharc innéacs rianaithe. Déanfaidh institiúid comhlíonadh an choinníll sin a fhíorú nuair a rachaidh an institiúid i mbun an tsuímh agus, ina dhiaidh sin, uair amháin sa bhliain ar a laghad. I gcás nach bhfuil sonraí don 12 mhí dheireanacha ar fáil ina n-iomláine, áfach, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil ó údarás inniúil na hinstitiúide, difríocht toraidh bhliantúlaithe ó thréimhse is giorra ná 12 mhí a úsáid. 3. Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as teaglaim de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1 le haghaidh a cuid suíomhanna in GCanna. Ní úsáidfidh institiúid, áfach, ach ceann amháin de na cineálacha cur chuige sin i gcomhair na suíomhanna uile sa GC céanna. 4. Chun críocha phointe (b) de mhír 1, déanfaidh institiúid na ríomhanna faoi na forálacha seo a leanas:
Déanfar na ceanglais cistí dílse maidir le gach suíomh sa GC céanna a n-úsáidtear na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina leith a ríomh ar bhonn aonair mar phunann ar leithligh, agus úsáid á baint as an gcur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo. 5. Ní fhéadfaidh institiúid na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an GC na coinníollacha go léir a leagtar amach in Airteagal 132(3) agus i bpointe (a) d’Airteagal 132(4).”; |
(5) |
leasaítear Airteagal 325q mar a leanas:
|
(6) |
in Airteagal 325ae, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: “1. Maidir le hairgeadraí nach n-áirítear i bhfochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 325bd(7), is mar seo a leanas a bheidh ualaí riosca na n-íogaireachtaí ar na fachtóirí riosca ráta saor ó riosca: Tábla 3
2. Cuirfidh institiúidí ualú riosca 1,6 % i bhfeidhm maidir le híogaireachtaí uile an bhoilscithe agus maidir le fachtóirí riosca trasairgeadra-bhunaithe.”; |
(7) |
I mír 1 d’Airteagal 325ah, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 4: “Tábla 4:
|
(8) |
In Airteagal 325aj, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 5: “Tábla 5
|
(9) |
In Airteagal 325ak, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 6: “Tábla 6
|
(10) |
I mír 1 d’Airteagal 325am, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 7: “Tábla 7
|
(11) |
I mír 1 d’Airteagal 325ap, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 8: “Tábla 8
|
(12) |
leasaítear Airteagal 325aq mar a leanas:
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 325ar agus 325as: “Airteagal 325ar Comhghaolta idir buicéid i gcomhair riosca cothromais Beidh feidhm ag an bparaiméadar comhghaoil c maidir le comhiomlánú íogaireachtaí idir buicéid éagsúla. Socrófar é maidir le buicéid Thábla 8 in Airteagal 325ap mar a leanas:
Airteagal 325as Ualuithe riosca i gcomhair riosca tráchtearraí Is mar a leanas a bheidh na hualuithe riosca maidir le híogaireachtaí ar fhachtóirí riosca tráchtearraí: Tábla 9
|
(14) |
In Airteagal 325av, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Cuirfear ualú riosca 15 % i bhfeidhm ar íogaireachtaí uile na bhfachtóirí riosca malairte eachtraí.”; |
(15) |
I mír 3 d’Airteagal 325ax, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 11: “Tábla 11
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón af 30. september 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2019.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, na Ceanglais chaipitil íosta i gcomhair riosca margaidh. Tá an foilseachán seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (www.bis.org).