This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0081
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/81 of 27 January 2021 approving the basic substance Allium cepa L. bulb extract in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council concerning the placing of plant protection products on the market, and amending the Annex to Commission Implementing Regulation (EU) No 540/2011 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/81 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena bhformheastar an tsubstaint bhunata eastóscán bleibe Allium cepa L. i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/81 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena bhformheastar an tsubstaint bhunata eastóscán bleibe Allium cepa L. i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/372
IO L 29, 28.1.2021, p. 12–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 29/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/81 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Eanáir 2021
lena bhformheastar an tsubstaint bhunata eastóscán bleibe Allium cepa L. i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(5) i gcomhar le hAirteagal 13(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 4 Meán Fómhair 2018, fuair an Coimisiún iarratas ó l’Institut de l’agriculture et de l’alimentation Biologique (ITAB), chun eastóscán bleibe Allium cepa L. a fhormheas mar shubstaint bhunata. Bhí an fhaisnéis arna ceangal leis an dara fomhír d’Airteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ag gabháil leis an iarratas sin. |
(2) |
D’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) go gcuirfí cúnamh eolaíoch ar fáil dó. Thug an tÚdarás tuarascáil theicniúil don Choimisiún ar eastóscán bleibe Allium cepa L. an 12 Nollaig 2019 (2). Chuir an Coimisiún an tuarascáil maidir le hathbhreithniú (3) agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 18 Bealtaine 2020. |
(3) |
Leis an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag an iarratasóir, léirítear go gcomhlíonann an t-eastóscán bleibe Allium cepa L. na critéir maidir le táirge bia mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Thairis sin, ní úsáidtear é chun críocha cosanta plandaí den chuid is mó ach is féidir an t-eastóscán a bheith úsáideach maidir le cosaint plandaí i dtáirge ina bhfuil an tsubstaint. Dá bharr sin, ba cheart é a mheas mar shubstaint bhunata. |
(4) |
Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarratas agus ar na doiciméid uile a bhaineann le hábhar, is féidir a bheith ag súil leis go sásófar, go ginearálta, leis an eastóscán bleibe Allium cepa L. na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, go háirithe maidir leis na húsáidí a ndearnadh scrúdú agus mionsonrú orthu sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú ón gCoimisiún. Is iomchuí, dá bhrí sin, an t-eastóscán bleibe Allium cepa L. a fhormheas mar shubstaint bhunata. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, mar sin féin, coinníollacha áirithe le haghaidh an fhormheasa a chur san áireamh. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (5) a leasú dá réir. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas substainte bunata
Formheastar an tsubstaint eastóscán bleibe Allium cepa L., mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, mar shubstaint bhunata faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2019. Tuarascáil theicniúil ar thoradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le hEFSA a bhaineann leis an iarratas chun eastóscán bleibe Allium cepa a fhormheas mar shubstaint bhunata, is sin le rá eastóscán lena úsáid mar fhuingicíd i gcosaint plandaí le haghaidh prátaí, trátaí agus cúcamar. Foilseachán tacaíochta EFSA 2019:EN-1767. doi:10.2903/sp.efsa.2019.EN-1767.
(3) Tuarascáil chríochnaitheach maidir le hathbhreithniú faoi shubstaint bhunata an eastóscáin bleibe Allium cepa L. arna tabhairt chun críche ag cruinniú an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 22 Deireadh Fómhair 2020 i bhfianaise eastóscán bleibe Allium cepa L. a fhormheas mar shubstaint bhunata i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (SANTE/10842/2020 Rev2).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Céannachta |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Forálacha sonracha |
Eastóscán bleibe Allium cepa L. Uimh. CAS: neamh-leithdháilte Uimh. CIPAC: neamh-leithdháilte |
Ní bhaineann le hábhar |
Na bleibeanna oinniúin a úsáidfear chun na heastóscáin a ullmhú, beidh siad de cháilíocht bhia a chomhlíonann ceanglais na monagraf WHO i dtaca le plandaí íocshláinte roghnaithe (Imleabhar 1, an Ghinéiv, 1999) maidir le Bulbus Allii Cepae. |
17.2.2021 |
Úsáidfear eastóscán bleibe Allium cepa L. i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha arna n-áireamh i gconclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú ar eastóscán bleibe Allium cepa L. (SANTE/10842/2020 Rev2) agus go háirithe Aguisíní I agus II de. |
(1) Tugtar sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú sonraí breise faoi chéannacht, faoi shonraíocht agus faoi mhodh úsáide na substainte bunata.
IARSCRÍBHINN II
I gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
Uimhir |
Gnáthainm, Uimhreacha Céannachta |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Forálacha sonracha |
“23 |
Eastóscán bleibe Allium cepa L. Uimh. CAS: neamh-leithdháilte Uimh. CIPAC: neamh-leithdháilte |
Ní bhaineann le hábhar |
Na bleibeanna oinniúin a úsáidfear chun na heastóscáin a ullmhú, beidh siad de cháilíocht bhia a chomhlíonann ceanglais na monagraf WHO i dtaca le plandaí íocshláinte roghnaithe (Imleabhar 1, an Ghinéiv, 1999) maidir le Bulbus Allii Cepae. |
17.2.2021 |
Úsáidfear eastóscán bleibe Allium cepa L. i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha arna n-áireamh i gconclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú ar eastóscán bleibe Allium cepa L. (SANTE/10842/2020 Rev2) agus go háirithe Aguisíní I agus II de.” |
(1) Tugtar sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú sonraí breise faoi chéannacht, faoi shonraíocht agus faoi mhodh úsáide substainte bunata.