Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0751

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/751 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria

    ST/6303/2021/INIT

    IO L 160, 7.5.2021, p. 115–116 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/751/oj

    7.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 160/115


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/751 ÓN gCOMHAIRLE

    an 6 Bealtaine 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES.

    (2)

    Ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le duine amháin i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES a thabhairt cothrom le dáta.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.


    IARSCRÍBHINN

    I Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 36:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “36.

    Nizar AL-ASSAD (dá ngairtear freisin al-Asad, Assad, Asad, Assaad, Asaad, Al-Assaad)

    (اسعد, الاسعد,الاسد;نزار)

    Dáta Breithe: 2.3.1948 nó 23.3.1948 nó Márta 1948;

    Náisiúntachtaí: Siriach, Liobánach, agus Ceanadach;

    Pas Siriach dar uimhir 011090258;

    Pas Liobánach dar uimhir RL0003434;

    Pas Ceanadach dar uimhir AG629220;

    Inscne: fireann

    Mórphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria a bhfuil dlúthbhaint aige leis an réimeas. Bainteach le teaghlaigh Assad agus Makhlouf.

    Mar sin, bhí sé rannpháirteach i réimeas na Siria, ag baint tairbhe as, nó bhí sé ag tacú ar bhealach eile le réimeas na Siria.

    Mórinfheisteoirí ola é, bunaitheoir agus ceann na cuideachta darbh ainm Lead Contracting & Trading Ltd.

    23.8.2011”.


    Top