This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D1126
Council Decision (CFSP) 2020/1126 of 30 July 2020 amending Decision (CFSP) 2016/1693 concerning restrictive measures against ISIL (Da’esh) and Al-Qaeda and persons, groups, undertakings and entities associated with them
Cinneadh (CBES) 2020/1126 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
Cinneadh (CBES) 2020/1126 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
ST/9327/2020/INIT
IO L 246, 30.7.2020, p. 10–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.7.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 246/10 |
CINNEADH (CBES) 2020/1126 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Iúil 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhaire Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1) maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo. |
(2) |
I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart duine amháin a chur le liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n‐eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n‐aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693:
“6. |
Bryan D’ANCONA; dáta breithe: 26 Eanáir 1997; áit bhreithe: Nice (an Fhrainc); náisiúntacht: Francach.”. |