This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32019R1010
Regulation (EU) 2019/1010 of the European Parliament and of the Council of 5 June 2019 on the alignment of reporting obligations in the field of legislation related to the environment, and amending Regulations (EC) No 166/2006 and (EU) No 995/2010 of the European Parliament and of the Council, Directives 2002/49/EC, 2004/35/EC, 2007/2/EC, 2009/147/EC and 2010/63/EU of the European Parliament and of the Council, Council Regulations (EC) No 338/97 and (EC) No 2173/2005, and Council Directive 86/278/EEC (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2019/1010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse na reachtaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006 agus (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle, agus Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2019/1010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse na reachtaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006 agus (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle, agus Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/8/2019/REV/1
IO L 170, 25.6.2019, p. 115–127
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.6.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
115 |
RIALACHÁN (AE) 2019/1010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Meitheamh 2019
maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse na reachtaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006 agus (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle, agus Treoir 86/278/CEE ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 114, 192(1) agus 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le faisnéis ar chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh, ba cheart leasuithe ar roinnt gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol a thabhairt isteach, agus aird á tabhairt ar thorthaí na tuarascála ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2017 dar teideal “Actions to Streamline Environmental Reporting” (Gníomhaíochtaí chun an Tuairisciú Comhshaoil a Chuíchóiriú) agus “Fitness Check of Reporting and Monitoring of EU Environment Policy” (An tSeiceáil Oiriúnachta um Thuairisciú agus um Fhaireachán ar Bheartas Comhshaoil an AE) an 9 Meitheamh 2017 a ghabhann leis (dá ngairtear le chéile “an tSeiceáil Oiriúnachta um thuairisciú”). |
(2) |
Leis an Rialachán seo, féachtar nuachóiriú a dhéanamh ar bhainistiú faisnéise agus a áirithiú go mbeidh cur chuige níos comhsheasmhaí ann i leith gníomhartha reachtacha faoi chuimsiú a raoin feidhme trí thuairisciú a shimpliú ionas go laghdófar an t-ualach riaracháin, go gcuirfear feabhas ar an mbunachar sonraí le haghaidh meastóireachtaí amach anseo agus go gcuirfear leis an trédhearcacht chun leas an phobail, gach uair i gcomhréir leis na himthosca. |
(3) |
Is gá a áirithiú ó thaobh inrochtaineacht sonraí go bhfuil an t-ualach riaracháin ar na heintitis uile chomh beag agus is féidir go háirithe eintitis neamhrialtasacha amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Le inrochtaineacht den sórt sin, ceanglaítear scaipeadh gníomhach ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le Treoracha 2003/4/CE (3) agus 2007/2/CE (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena rialacha cur chun feidhme, chun an bonneagar cuí le haghaidh rochtain phoiblí, tuairisciú agus comhroinnt sonraí idir údaráis phoiblí a áirithiú. |
(4) |
In éagmais na sonraí agus an phróisis lena ndéanann na Ballstáit tuairisciú cuimsitheach pras, ní féidir leis an gCoimisiún faireachán, athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na reachtaíochta ó thaobh ghnóthú na gcuspóirí a shaothraítear léi, chun bonn eolais a thabhairt le haon mheastóireacht a dhéanfar sa todhchaí ar an reachtaíocht sin i gcomhréir le mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Is iomchuí forálacha a chur le roinnt gníomhartha reachtacha in earnáil an chomhshaoil chun críche meastóireachta a dhéanamh orthu sa todhchaí, bunaithe ar shonraí arna mbailiú le linn an chur chun feidhme, agus d’fhéadfaí sonraí eolaíocha agus anailíseacha breise a úsáid chun na sonraí sin a chomhlánú. Sa chomhthéacs sin, is gá le haghaidh sonraí ábhartha a fhágfaidh go bhféadfar measúnú níos fearr a dhéanamh ar a éifeachtúla, a éifeachtaí, a ábhartha agus a chomhleanúnaí agus an breisluach atá ag reachtaíocht an Aontais, agus is é sin an fáth nach mór a áirithiú go bhfuil sásraí cuí tuairiscithe ann a fhéadfar a úsáid mar tháscairí chun na críche sin freisin, do lucht déanta cinntí agus don phobal ginearálta i gcoitinne araon. |
(5) |
Is gá na hoibleagáidí tuairiscithe atá leagtha síos in Airteagail 10 agus 17 de Threoir 86/278/CEE ón gComhairle (6) a leasú. Ba cheart an oibleagáid atá ann tuairisciú a dhéanamh don Choimisiún a shimpliú agus, ag an am céanna, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit leibhéal níos airde trédhearcachta a áirithiú, tríd an bhfaisnéis riachtanach a chur ar fáil ar bhealach sonrochtana trí mheán leictreonach agus i gcomhréir le Treoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, go háirithe maidir le rochtain phoiblí, comhroinnt sonraí agus seirbhísí. I bhfianaise an tábhacht uileghabhálach a bhaineann le saoránaigh an Aontais a chumasú faisnéis ar an gcomhshaol a rochtain go pras, tá sé rí-thábhachtach go gcuireann na Ballstáit sonraí ar fáil don phobal a luaithe is féidir ach sin a bheith indéanta go teicniúil ionas go mbeidh an fhaisnéis ar fáil laistigh de thrí mhí roimh dheireadh na bliana. |
(6) |
I gcomhréir leis an meastóireacht an 13 Nollaig 2016 ar Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), is gá na spriocdhátaí tuairiscithe a chuíchóiriú do mhapaí torainn agus do phleananna gníomhaíochta chun go leor ama a thabhairt le haghaidh comhairliúchán poiblí a reáchtáil ar phleananna gníomhaíochta. Chuige sin, ba cheart an spriocdháta le haghaidh na pleananna gníomhaíochta a athbhreithniú nó a leasú bliain amháin a chur siar, uair amháin, chun gurb é an 18 Iúil 2024, agus ní an 18 Iúil 2023, an spriocdháta don cheathrú babhta de phleananna gníomhaíochta. Dá bhrí sin, ón gceathrú babhta ar aghaidh, beidh thart ar 2 bhliain ag Ballstáit idir na mapaí torainn á ndéanamh acu agus an t-athbhreithniú nó an leasú ar na pleananna gníomhaíochta á chur i gcrích, in ionad bliain amháin a bheith acu, mar atá an scéal faoi láthair. I gcás na mbabhtaí ina dhiaidh sin de phleanáil gníomhaíochta, a tosófar ansin an timthriall 5 bliana le haghaidh athbhreithniú nó leasú. Ina theannta sin, chun cuspóirí Threoir 2002/49/CE a ghnóthú ar bhealach níos fearr agus chun bunús a sholáthar do bhearta a fhorbairt ar leibhéal an Aontais, ba cheart do na Ballstáit an tuairisciú a dhéanamh trí mheán leictreonach. Is gá freisin rannpháirtíocht an phobail a fheabhsú trína cheangal go gcuirfear faisnéis intuigthe, chruinn agus inchomparáide ar fáil don phobal agus tríd an oibleagáid sin a ailíniú le gníomhartha reachtacha eile an Aontais, amhail Treoir 2007/2/CE, gan ceanglais phraiticiúla a dhúbláil. |
(7) |
Tá an tAontas tiomanta do bhonn fianaise i dtaca le Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a neartú ar bhealach trédhearcach, arna dhéanamh ag Grúpa Saineolaithe an Choimisiúin i dtaca leis an Treoir sin. Chun fianaise inchomparáide a éascú, ba cheart don Choimisiún treoirlínte, ina dtugtar comhthuiscint ar “damáiste don chomhshaol” mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2004/35/CE, a fhorbairt. |
(8) |
Bunaithe ar an tuarascáil ón gCoimisiún an 20 Iúil 2016 maidir le cur chun feidhme Threoir 2007/2/CE agus meastóireacht an 10 Lúnasa 2016 a ghabhann leis, is iomchuí, d’fhonn cur chun feidhme na Treorach sin a shimpliú agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhainfidh le faireachán a dhéanfaidh na Ballstáit, deireadh a chur leis an gceangal atá ar na Ballstáit tuarascálacha a sheoladh chuig an gCoimisiún gach 3 bliana agus deireadh a chur leis an gceangal atá ar an gCoimisiún tuarascáil achomair a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, toisc gur deimhníodh ag an tSeiceáil Oiriúnachta don tuairisciú nár baineadh ach beagán úsáide as na tuarascálacha sin. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún leanúint ag déanamh meastóireachta ar Threoir 2007/2/EC gach 5 bliana, agus an mheastóireacht sin a chur ar fáil go poiblí. |
(9) |
Thángthas ar an gconclúid ag Seiceáil Oiriúnachta an Choimisiúin an 16 Nollaig 2016 a rinneadh ar Reachtaíocht an AE maidir leis an Dúlra (an Treoir maidir le hÉin agus an Treoir maidir le Gnáthóga), amhail ar Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus ar Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (10), go n-éilítear timthriall tuairiscithe 3 bliana faoi Threoir 2009/147/CE. Sa chleachtas, áfach, bhí timthriall tuairiscithe 6 bliana á chur i bhfeidhm cheana maidir le Treoir 2009/147/CE, mar a cheanglaítear faoi Threoir 92/43/CEE, agus an príomhchuspóir céanna ann faisnéis atá cothrom le dáta a thabhairt ar stádas agus treochtaí speiceas. An gá le cur chun feidhme Treoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE a chuíchóiriú, fágann sé gur gá an reachtaíocht a oiriúnú don chleachtas, trína áirithiú go ndéanfar measúnú ar stádas gach 6 bliana, agus trína aithint ag an am céanna gur cheart do na Ballstáit na gníomhaíochtaí faireacháin is gá a dhéanamh le haghaidh roinnt speicis leochaileacha. Ba cheart don chleachtas comhpháirteach sin cabhrú le hullmhú na dtuarascálacha ar chur i bhfeidhm na dTreoracha a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin gach 6 bliana. Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn beartais, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar, go háirithe ar stádas agus treochtaí speiceas éan fiáin, ar na bagairtí agus ar na brúnna atá orthu, ar na bearta caomhnaithe a rinneadh ina leith agus ar an rannchuidiú a rinne líonra na Limistéar faoi Chosaint Speisialta le cuspóirí Treorach 2009/147/CE. |
(10) |
Chun trédhearcacht a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, is gá na hoibleagáidí tuairiscithe atá leagtha síos in Airteagail 43, 54 agus 57 de Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a leasú. Is gá bunachar sonraí lárnach inchuardaithe rochtana oscailte a bhunú le haghaidh achoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla agus measúnuithe siarghabhálacha gaolmhara, agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Cuimsítear leis na cumhachtaí cur chun feidhme sin formáid choiteann a bhunú le haghaidh cur isteach achoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla agus measúnuithe siarghabhálacha gaolmhara, chomh maith le formáid choiteann agus ábhar faisnéise chun faisnéis ar chur chun feidhme agus faisnéis staidrimh a thíolaic. Is gá freisin an tuairisciú staidrimh a dhéanann an Coimisiún gach 3 bliana a ionadú le ceanglas ar an gCoimisiún bunachar sonraí lárnach dinimiciúil a chur ar bun agus a choinneáil agus faisnéis staidrimh a eisiúint ar bhonn bliantúil. |
(11) |
I gcomhréir le torthaí na meastóireachta REFIT ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2017 a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), is gá deireadh a chur leis na hoibleagáidí tuairiscithe atá leagtha síos sa Rialachán sin nó is gá iad a leasú. Chun comhleanúnachas leis an tuairisciú faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fheabhsú (13), ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cineál, formáid agus minicíocht na faisnéise is gá a chuirfear ar fáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a shocrú agus chun deireadh a chur leis an bhformáid tuairiscithe atá leagtha amach sa Rialachán sin faoi láthair. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). I bhfianaise na tábhachta uileghabhálaí a bhaineann le saoránaigh an Aontais a chumasú faisnéis ar an gcomhshaol a rochtain go pras, tá sé rí-thábhachtach go gcuireann na Ballstáit sonraí ar fáil don phobal a luaithe is féidir ach sin a bheith indéanta go teicniúil ionas go mbeidh an fhaisnéis ar fáil laistigh de thrí mhí roimh dheireadh na bliana, lena n-áirítear dul chun chinn a dhéanamh i dtreo an chuspóra sin trí ghníomh cur chun feidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006. Is gá freisin leasú a dhéanamh ar Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 maidir le rúndacht chun tuilleadh trédhearcachta a áirithiú sa tuairisciú don Choimisiún. Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a íoslaghdú, is gá freisin deireadh a chur leis na hoibleagáidí tuairiscithe atá leagtha síos in Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, toisc go soláthraítear leis na hoibleagáidí sin faisnéis nach bhfuil ach fiúntas teoranta ag baint léi nó nach gcomhfhreagraíonn do riachtanais bheartais. |
(12) |
Chun rochtain an phobail ar fhaisnéis ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a fheabhsú agus a éascú, ba cheart don Choimisiún na sonraí arna soláthair ag na Ballstáit ar chur chun feidhme an Rialacháin sin a chur ar fáil go poiblí trí fhorléargas ar an Aontas ina iomláine a thabhairt ar na sonraí sin. Chun comhsheasmhacht na faisnéise a mhéadú agus chun an faireachán ar fheidhmiú an Rialacháin sin a éascú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an fhormáid agus an nós imeachta a leagan síos trína gcuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil, agus ba cheart minicíocht agus tréimhse an tsoláthair faisnéise a ailíniú leo sin atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle (16). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
(13) |
Chun rochtain an phobail ar fhaisnéis ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a fheabhsú agus a éascú, ba cheart na sonraí arna soláthair ag na Ballstáit faoi chur chun feidhme an Rialacháin sin a chur ar fáil go poiblí trí fhorléargas ón gCoimisiún ar an Aontas ina iomláine. Bunaithe ar an taithí a ghnóthaigh an Coimisiún agus na Ballstáit ón gcéad bhliain d’fheidhmiú an chórais ceadúnúcháin i ndáil le Forghníomhú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí, is gá na forálacha de Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a bhaineann le tuairisciú a thabhairt cothrom le dáta. Maidir leis an gCoimisiún, agus a chumhachtaí cur chun feidhme á bhfeidhmiú aige chun an fhormáid agus an nós imeachta a leagan síos trína gcuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil, ba cheart dó cúnamh a fháil ón gCoiste arna bhunú in Airteagal 11 den Rialachán sin. Ina theannta sin, is gá na forálacha maidir le meastóireacht ar an Rialachán sin a thabhairt cothrom le dáta. |
(14) |
Is gá tuairisciú faoi Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (17) a chuíchóiriú agus a ailíniú leis na ceanglais tuairiscithe faoin gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) an 3 Márta 1973, agus ar páirtithe ann iad an tAontas agus na Ballstáit. Rinneadh leasú ar na ceanglais tuairiscithe faoi CITES ag an 17ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe CITES, a bhí ar siúl sa bhliain 2016, chun coigeartú a dhéanamh ar mhinicíocht an tuairiscithe ar bhearta ar chur chun feidhme CITES agus chun sásra tuairiscithe nua ar thrádáil neamhdhleathach i speicis atá liostaithe ag CITES a chruthú. Is gá na hathruithe sin a léiriú i Rialachán (CE) Uimh. 338/97. |
(15) |
Tá an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil ag comhlíonadh cúraimí tábhachtacha cheana féin maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar reachtaíocht chomhshaoil an Aontais agus ba cheart na cúraimí sin a thabhairt isteach go sainráite sa reachtaíocht ábhartha. I gcás píosaí eile reachtaíochta comhshaoil, is tar éis an mheastóireacht atá ar siúl faoi láthair a thabhairt chun críche a thabharfar aghaidh ar ról na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus ar na hacmhainní a sholáthrófar di i dtaca le tacú leis an gCoimisiún tuairisciú comhshaoil a dhéanamh. |
(16) |
Ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006, (AE) Uimh. 995/2010, (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 agus Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE, 2010/63/AE agus 86/278/CEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 86/278/CEE
Leasaítear Treoir 86/278/CEE mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
(*1) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar um Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).”;" |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: “Airteagal 10 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádfar taifid atá cothrom le dáta, taifid ina gcláraítear:
Úsáidfear seirbhísí sonraí sásúla chun na tacair sonraí spásúla a áirítear san fhaisnéis atá cláraithe sna taifid sin a chur faoi bhráid. 2. Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil agus inrochtana ag an bpobal do gach bliain féilire, laistigh de 8 mí ó dheireadh na bliana féilire ábhartha, i bhformáid chomhdhlúite mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 94/741/CE ón gCoimisiún (*2) nó i bhformáid chomhdhlúite eile dá bhforáiltear de bhun Airteagal 17 den Treoir seo. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhráid an Choimisiúin trí mheáin leictreonacha. 3. Eiseofar faisnéis ar na modhanna cóireála agus ar thorthaí na n-anailísí ar fáil do na húdaráis inniúla. (*2) Cinneadh ón gCoimisiún 94/741/CE an 24 Deireadh Fómhair 1994 maidir le ceistneoirí do na tuarascálacha ó na Ballstáit maidir le cur chun feidhme Treoracha áirithe in earnáil na dramhaíola (cur chun feidhme Threoir 91/692/CEE ón gComhairle) (IO L 296, 17.11.1994, lch. 42).”;" |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: “Airteagal 17 Tugtar de chumhacht don Choimisiún formáid a leagan síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar i gcomhréir léi a sholáthróidh na Ballstáit faisnéis ar chur chun feidhme na Treorach seo mar a cheanglaítear le hAirteagal 10. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Foilseoidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine, lena n-áireofar mapaí, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil de bhun Airteagal 10 agus an Airteagal seo.”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2002/49/CE
Leasaítear Treoir 2002/49/CE mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (5) d’Airteagal 8: “5. Déanfar na pleananna gníomhaíochta a athscrúdú, agus a athbhreithniú más gá, nuair a thagann mórfhorbairt chun cinn a théann i bhfeidhm ar an staid torainn reatha, agus gach 5 bliana ar a laghad tar éis dháta formheasta na bpleananna sin. Cuirfear na n-athscrúduithe agus na n-athbhreithnithe sin, a bheadh le déanamh sa bhliain 2023 i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, siar go tráth nach déanaí ná an 18 Iúil 2024.” |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d’Airteagal 9: “1. Maidir leis na mapaí torainn straitéiseacha arna ndéanamh ag na Ballstáit, agus arna nglacadh acu i gcás inarb iomchuí, agus maidir leis na pleananna gníomhaíochta arna dtarraingt suas acu, áiritheoidh siad go gcuirfear iad ar fáil don phobal agus go scaipfear iad ar an bpobal i gcomhréir le gníomhartha reachtaíochta ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe Treoracha 2003/4/CE (*3) agus 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), agus i gcomhréireacht le hIarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis an Treoir seo, lena n-áirítear trí bhíthin na dteicneolaíochtaí faisnéise atá ar fáil. (*3) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26)." (*4) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar um Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).”;" |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2) d’Airteagal 10: “2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis ó na mapaí torainn straitéiseacha agus ó na hachoimrí ar na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a thíolaic don Choimisiún laistigh de 6 mhí ó na dátaí a leagtar síos in Airteagail 7 agus 8 faoi seach. Chun na críche sin, is trí mheán leictreonach amháin a dhéanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar an bhfaisnéis do stór sonraí éigeantach atá le bunú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2). I gcás inar mhaith le Ballstát faisnéis a thabhairt cothrom le dáta, déanfaidh sé cur síos ar na difríochtaí idir an fhaisnéis atá tugtha cothrom le dáta agus an fhaisnéis bhunaidh agus ar na cúiseanna lena tabhairt cothrom le dáta nuair a bheidh an fhaisnéis atá tugtha cothrom le dáta á cur ar fáil aige don stór sonraí.”. |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3 d’Iarscríbhinn VI:
|
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2004/35/CE
Leasaítear Treoir 2004/35/CE mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 14, scriostar mír 2; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: “Airteagal 18 Faisnéis ar chur chun feidhme agus an bonn fianaise 1. Baileoidh an Coimisiún faisnéis ó na Ballstát, arna forleathadh i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), agus a mhéid is féidir, ar an taithí a bhfuarthas agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm acu. Cumhdófar an fhaisnéis sin na sonraí atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo agus baileofar í roimh 30 Aibreán 2022 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. 2. Ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo, agus foilseofar roimh 30 Aibreán 2023 í, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. 3. Faoin 31 Nollaig 2020, forbróidh an Coimisiún treoirlínte ina dtabharfar comhthuiscint ar an téarma ‘damáiste don chomhshaol’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2. (*5) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).”;" |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VI: “IARSCRÍBHINN VI AN FHAISNÉIS AGUS NA SONRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 18(1) Cumhdófar san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(1) cásanna is cúis le damáiste don chomhshaol faoin Treoir seo, agus soláthrófar an fhaisnéis agus na sonraí seo a leanas do gach cás:
Áireoidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha eile i dtaca leis an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme na Treorach seo.”. |
Airteagal 4
Leasuithe ar Threoir 2007/2/CE
Leasaítear Treoir 2007/2/CE mar a leanas:
1. |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23: “Airteagal 23 Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an forléargas ar an Aontas ina iomláine a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta gach bliain ar bhonn na meiteashonraí agus na sonraí arna gcur ar fail ag na Ballstáit trí sheirbhísí líonra i gcomhréir le hAirteagal 21. Beidh ar áireamh san fhorléargas ar an Aontas ina iomláine, de réir mar is iomchuí, táscairí aschuir, torthaí agus tionchair na Treorach seo, mapaí forléargais ar an Aontas ina iomláine agus tuarascálacha forléargais ar na Ballstáit. Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2022, agus ar a laghad gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus ar a cur chun feidhme, agus cuirfear sé sin ar fáil go poiblí. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe, inter alia, ar na heilimintí seo a leanas:
|
Airteagal 5
Leasuithe ar Threoir 2009/147/CE
Leasaítear Treoir 2009/147/CE mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 16a Nós imeachta coiste 1. Déanfaidh coiste cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*7) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”." |
Airteagal 6
Leasuithe ar Threoir 2010/63/AE
Leasaítear Treoir 2010/63/AE mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:
|
(3) |
scriostar Airteagal 57. |
Airteagal 7
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 166/2006
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Déanfaidh oibreoir gach saoráide a thugann faoi cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinn I, agus a dhéanann amhlaidh os cionn na dtairseach acmhainne is infheidhme a shonraítear san Iarscríbhinn sin, déanfaidh sé an fhaisnéis ina sainaithnítear an tsaoráid a chur in iúl trí mheán leictreonach dá údarás inniúil i gcomhréir leis an bhformáid dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin don údarás inniúil.”; |
(2) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: “2. Gach bliain, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, trí bhíthin aistriú leictreonach, tuarascáil ina mbeidh na sonraí uile dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) i bhformáid agus faoi dháta arna bhunú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2). In aon chás, ní bheidh an dáta tuairiscithe níos déanaí ná 11 mhí tar éis dheireadh na bliana tuairiscithe. 3. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit a chuimsiú sa PRTR Eorpach laistigh de 1 mhí amháin ó chríochnóidh na Ballstáit an tuairisciú i gcomhréir le mír 2.”; |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: “Airteagal 11 Rúndacht I gcás ina mheasann Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8), gur rúnda atá faisnéis, is amhlaidh, sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo don bhliain tuairiscithe lena mbaineann, go léireofar ar leithligh do gach saoráid an fhaisnéis nach féidir a chur ar fáil go poiblí agus an chúis nach féidir í a chur ar fáil go poiblí. (*8) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).”;" |
(4) |
scriostar Airteagail 16 agus 17; |
(5) |
scriostar Iarscríbhinn III. |
Airteagal 8
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 995/2010
In Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil agus in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:
“Faireachán ar chur chun feidhme na faisnéise agus an rochtain ar fhaisnéis
1. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal agus don Choimisiún, faoin 30 Aibreán gach bliain ar a dhéanaí, faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus an nós imeachta a bhunú trína gcuirfidh na Ballstáit faisnéis den sórt sin ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
2. Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine ar fáil go poiblí gach bliain ar bhonn na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit. Agus an forléargas á ullmhú, tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin aird ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le tabhairt i gcrích agus oibriú VPAnna FLEGT, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, agus i leith an méid a baineadh amach dá mbarr chun adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin atá ar an margadh inmheánach a íoslaghdú.
3. Faoin 3 Nollaig 2021, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus na taithí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a athbhreithniú, lena n-áirítear éifeachtacht maidir le cosc a chur ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a bheith á gcur ar an margadh. Breithneoidh sé go háirithe na hiarmhairtí riaracháin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do chumhdach táirgí. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh an athbhreithnithe, agus cuirfear tograí reachtacha iomchuí leis na tuarascálacha sin más gá.”.
Airteagal 9
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 1. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal agus don Choimisiún, faoin 30 Aibreán gach bliain ar a dhéanaí, faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe. 2. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus an nós imeachta trína gcuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(3). 3. Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine ar fáil go poiblí gach bliain ar bhonn na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit.”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: “Airteagal 9 Faoi mhí na Nollag 2021, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise, agus go sonrach ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1), agus na taithí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a athbhreithniú. Agus é sin á dhéanamh aige, tabharfar aird ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta deonacha. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh an athbhreithnithe gach 5 bliana, agus cuirfear tograí le haghaidh scéim ceadúnúcháin FLEGT a fheabhsú leis na tuarascálacha sin más iomchuí.”. |
Airteagal 10
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 338/97
In Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 338/97, leasaítear mír 4 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c) agus (d):
|
(2) |
cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
Airteagal 11
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ó dháta a theacht i bhfeidhm. Beidh feidhm, áfach, ag pointí (2) agus (5) d’Airteagal 7 agus Airteagail 8, 9 agus 10 ón 1 Eanáir 2020 agus beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 5 Meitheamh 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 110, 22.3.2019, lch. 99.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019.
(3) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(4) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(5) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(6) Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus na hithreach go háirithe, nuair a úsáidtear sloda san fheirmeoireacht (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6).
(7) Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).
(8) Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).
(9) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(10) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(11) Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir a 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
(13) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(14) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1).