This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32019R0982
Regulation (EU) 2019/982 of the European Parliament and of the Council of 5 June 2019 amending Regulation (EU) No 1343/2011 on certain provisions for fishing in the GFCM (General Fisheries Commission for the Mediterranean) Agreement area
Rialachán (AE) 2019/982 Ó Pharlaimint Na hEorpa Agus Ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)
Rialachán (AE) 2019/982 Ó Pharlaimint Na hEorpa Agus Ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)
PE/21/2019/REV/1
IO L 164, 20.6.2019, p. 1–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/10/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R2124
20.6.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2019/982 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Meitheamh 2019
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leis an gComhaontú maidir le bunú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (“Comhaontú CGIM”) soláthraítear creat iomchuí do chomhar iltaobhach chun forbairt, caomhnú, bainistíocht réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí a chur chun cinn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh ar leibhéil a meastar ina leith go bhfuil siad inbhuanaithe agus go bhfuil riosca íseal ann go gclisfidh siad. |
(2) |
Is é ceann de chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtréimhse agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí i dtaca le sochair don gheilleagar, don tsochaí agus don fhostaíocht a bhaint amach, agus i dtaca le rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia. |
(3) |
Tá an tAontas, chomh maith leis an mBulgáir, leis an nGréig, leis an Spáinn, leis an bhFrainc, leis an gCróit, leis an Iodáil, leis an gCipir, le Málta, leis an Rómáin agus leis an tSlóivéin, ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CGIM. |
(4) |
Maidir leis na moltaí arna nglacadh ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (“CGIM”), tá siad ina gceangal ar a pháirtithe conarthacha. Ós rud é gur páirtí conarthach i gComhaontú CGIM é an tAontas, tá na moltaí seo ina gceangal ar an Aontas agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais mura bhfuil a n-inneachar faoi chumhdach leis an dlí sin cheana. |
(5) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leagtar síos forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM. Is é an gníomh reachtach iomchuí é chun inneachar na moltaí ó CGIM atá glactha ag an CGIM, agus nach bhfuil a n-ábhar cumhdaithe go fóill faoi dhlí an Aontais, a chur chun feidhme. |
(6) |
Ag a Sheisiún Bliantúil in 2015, ghlac CGIM Moladh CGIM/39/2015/2 maidir le bunú sraithe de chaighdeáin íosta i ndáil le hiascaigh ina n-úsáidtear tráil ghrinnill ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile. Áirítear sna caighdeáin sin bearta teicniúla caomhnaithe i ndáil le rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus colmóir (Merluccius merluccius). Tá cuid de na bearta sin ann cheana in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (5) maidir le híosmhéideanna tagartha caomhnaithe na speiceas lena mbaineann. Ba cheart, áfach, na bearta maidir le bainistíocht cabhlaigh atá i Moladh 39/2015/2 a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011. |
(7) |
Ag a Sheisiún Bliantúil in 2015, ghlac CGIM Moladh CGIM/39/2015/3 maidir le bunú sraithe de bhearta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte (NNN) in iascaigh turbaird (Psetta maxima) sa Mhuir Dhubh a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Foráiltear maidir leis an gcuid is mó de na bearta sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún (6), Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (7), Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (8), Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011, Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (9). Tá roinnt beart maidir le bainistíocht cabhlaigh leagtha síos i Moladh 39/2015/3 nach gcumhdaítear i reachtaíocht an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011. |
(8) |
Ag a Sheisiún Bliantúil in 2015, ghlac CGIM Moladh CGIM/39/2015/4 maidir le bearta bainistíochta d’fhíogaigh ghobacha sa Mhuir Dhubh lena dtugtar isteach íosmhéid tagartha caomhnaithe don speiceas lena mbaineann. |
(9) |
Ag a Sheisiún Bliantúil in 2016, ghlac CGIM Moladh CGIM/40/2016/4, lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil i ndáil leis na hiascaigh ina saothraítear colmóir agus rós-séacla domhainmhara Eorpach i gCaolas na Sicile (folimistéir gheografacha (FLG) 12 go 16). Foráiltear maidir le cuid de ghnéithe an phlean ilbhliantúil cheana i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Mar sin féin, tá roinnt beart atá leagtha síos i Moladh 40/2016/4 nach gcumhdaítear i reachtaíocht an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011. |
(10) |
Ag a Sheisiún bliantúil in 2017, ghlac CGIM Moladh CGIM/41/2017/2 maidir le bainistíocht iascaigh deargáin i Muir Alboran (folimistéir gheografacha 1,2,3) ar feadh idirthréimhse dhá bhliain. Is é is cuspóir oibríochtúil an Mholta sin básmhaireacht iascaireachta a chaomhnú i ndáil le deargáin laistigh de phointí tagartha réamhchúraim comhaontaithe agus chun an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach nó a chothabháil a luaithe agus is féidir. |
(11) |
Ag a Sheisiún Bliantúil in 2017, ghlac CGIM Moladh CGIM/41/2017/3 maidir le bunú limistéir shrianta iascaigh in Jabuka/Pomo Pit i Muir Aidriad. |
(12) |
Ag a Sheisiún Bliantúil in 2017, ghlac CGIM Moladh CGIM/41/2017/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i ndáil le hiascach turbard sa Mhuir Dhubh (folimistéar geografach 29). Bunaítear leis an Moladh sraith de bhearta bainistíochta, bearta teicniúla, bearta cabhlaigh agus bearta rialaithe, mar thionscadal píolótach chun iascaireacht turbaird NNN a chomhrac sa Mhuir Dhubh. Foráiltear maidir le cuid de na bearta sin cheana i Rialachán (AE) 2017/218, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011, Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011. Mar sin féin, tá roinnt beart de chuid Mholadh 41/2017/4 nach gcumhdaítear i reachtaíocht an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011. |
(13) |
Ag a Sheisiún Bliantúil in 2017, ghlac CGIM Moladh CGIM/41/2017/5 maidir le plean bainistíochta oiriúnaithí réigiúnach a bhunú i ndáil le saothrú coiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir. |
(14) |
Ag a Sheisiún Bliantúil in 2017, ghlac CGIM Moladh CGIM/41/2017/8 maidir le scéim cigireachta agus faireachais chomhpháirteach idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta i gCaolas na Sicile (folimistéir gheografacha 12 go 16) a d’fhéadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh páirt a ghlacadh inti. Chun comhlíonadh CBI a áirithiú, tá reachtaíocht Aontais glactha chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne gníomhaíochtaí NNN. Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 bunaítear córas de chuid an Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú, ag a bhfuil cur chuige domhanda agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile an CBI a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 bunaítear córas Comhphobail le haghaidh iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Leis na Rialacháin sin, foráiltear cheana maidir le roinnt beart a leagtar síos i Moladh CGIM/41/2017/8. Ní gá, dá bhrí sin, na bearta sin a áireamh sa Rialachán seo. Mar sin féin, tá roinnt beart atá leagtha síos sa Mholadh sin nach gcumhdaítear i reachtaíocht an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011. |
(15) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach gníomhaíocht iascaireachta tráchtála agus gníomhaíocht dobharshaothraithe tráchtála, mar aon le gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa i gcás ina bhforáiltear go sonrach dóibh sa Rialachán seo, arna ndéanamh ag soithí iascaireachta an Aontais agus ag náisiúnaigh na mBallstát i limistéar Chomhaontú CGIM.”; |
(2) |
Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:
|
(3) |
Cuirtear isteach an Roinn seo a leanas i ndiaidh Airteagal 9: “
Airteagal 9a Limistéir Shrianta Iascaigh i gCaolas na Sicile Déanfar iascaireacht le heangacha tráil ghrinnill a thoirmeasc sna limistéir seo a leanas:
Airteagal 9b Limistéir mhaolánacha i gCaolas na Sicile 1. Bunófar limistéar maolánach timpeall an limistéir shrianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc na nEachtraí’ dá dtagraítear in Airteagal 9a(1) agus a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:
2. Bunófar limistéar maolánach timpeall an limistéir shrianta iascaigh ‘Taobh Thiar d’Imchuach Gela’ dá dtagraítear in Airteagal 9a(2) agus a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:
3. Bunófar limistéar maolánach timpeall an limistéir shrianta iascaigh ‘Taobh Thoir de Bhanc Mhálta’ dá dtagraítear in Airteagal 9a(3) agus a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:
4. Soithí a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta le heangacha tráil ghrinnill sna limistéir mhaolánacha dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh siad minicíocht tarchuir iomchuí na gcomharthaí óna gcóras um fhaireachán soithí (VMS) a áirithiú. Soithí nach bhfuil feistithe le trasfhreagróir VMS agus arb é is aidhm dóibh iascaireacht a dhéanamh le heangacha tráil ghrinnill sna limistéir mhaolánacha, déanfar iad a fheistiú le córas geologánaithe chun gur féidir le húdaráis rialaithe a ngníomhaíochtaí a rianú. Airteagal 9c Srianta iascaireachta i limistéar Jabuka/Pomo Pit i Muir Aidriad 1. Déanfar iascaireacht áineasa agus iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí a thoirmeasc i limistéar a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:
2. Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfar iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí a thoirmeasc i limistéar a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:
3. Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfar iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí a thoirmeasc i limistéar a léireoidh línte idir na comhordanáidí seo a leanas a theorainneacha:
Airteagal 9d Soithí údaraithe i limistéar Jabuka/Pomo Pit 1. Gan dochar do mhír (2) agus do mhír (3) d’Airteagal 109c, ní cheadófar, sna limistéir dá dtagraítear sna míreanna sin, gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí ach amháin i gcás ina bhfuil údarú sonrach i seilbh an tsoithigh agus gur féidir leis a léiriú gur le fada atá gníomhaíochtaí iascaireachta á ndéanamh aige sna limistéir lena mbaineann. 2. Sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 9c(2), ní bheidh soithí iascaireachta údaraithe i dteideal iascaireacht a dhéanamh do thréimhse níos faide ná dhá lá iascaireachta in aghaidh na seachtaine. Soithí iascaireachta údaraithe a bhaineann úsáid as trealamh tráil otair dúbailte, ní bheidh siad i dteideal iascaireacht a dhéanamh do thréimhse níos faide ná lá amháin iascaireachta in aghaidh na seachtaine. 3. Sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 9c(3), ní bheidh soithí údaraithe a bhfuil eangacha tráil ghrinnill acu i dteideal iascaireacht a dhéanamh ach amháin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh idir 05.00 agus 22.00. Ní cheadófar do shoithí údaraithe atá ag iascaireacht le heangacha grinneallsocraithe, spiléir socraithe agus gaistí iascaireacht a dhéanamh ach amháin idir 05.00 Dé Luain agus 22.00 Déardaoin. 4. Na soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 9c(2) agus (3) leis an trealamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh a mBallstát údarú iascaireachta dóibh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. 5. Seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, liosta na soithí ar eisigh siad an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 lena n-aghaidh. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Rúnaíocht CGIM, tráth nach déanaí ná an 30 Aibreáin gach bliain liosta na soithí údaraithe arna shocrú don bhliain dar gcionn. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an liosta, i dtaca le gach soitheach:
6. Ní thabharfaidh soithí iascaireachta údaraithe gabhálacha stoic ghrinnill i dtír ach amháin i gcalafoirt ainmnithe. Chun na críche sin, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann calafoirt a ainmniú ina n-údarófar gabhálacha éisc ó Limistéar Srianta Iascaigh Jabuka/Pomo Pit a thabhairt i dtír. Cuirfear liosta na gcalafort sin chuig Rúnaíocht CGIM agus chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán gach bliain. 7. Soithí iascaireachta údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dá dtagraítear in Airteagal 9c(2) agus (3) leis an trealamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh a gcórais VMS agus/nó a gCórais Aitheanta Uathoibrithe (AIS) ag oibriú i gceart, agus déanfar na trealaimh iascaireachta atá ar bord nó atá in úsáid a shainaithint go cuí, agus cuirfear uimhreacha agus marcanna orthu sula dtabharfaidh siad faoi oibríocht iascaireachta nó faoi loingseoireacht sna limistéir sin. 8. Soithí iascaireachta atá feistithe gan údarú le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil ghrinnill, spiléir shocraithe agus gaistí, ní cheadófar dóibh idirthuras a dhéanamh tríd an Limistéar Srianta Iascaigh ach amháin i gcás ina leanann siad cúrsa díreach faoi luas leanúnach nach lú ná 7 muirmhíle agus go mbeidh VMS agus/nó AIS gníomhaithe ar bord acu, agus fad agus nach ndéanann siad aon chineál gníomhaíochtaí iascaireachta. Airteagal 9e Srianta spásúla/ama i Muir Alboran 1. Agus an chomhairle eolaíoch atá ar fáil á cur san áireamh, féadfaidh Ballstáit srianta spásúla/ama a bhunú i Muir Alboran (folimistéir gheografacha CGIM 1, 2 agus 3, mar a shainítear in Iarscríbhinn I), lena gcuirfear toirmeasc nó srian ar ghníomhaíochtaí iascaireachta chun limistéir chomhbhailiúcháin de dheargáin óga nó de dheargáin sceite a chosaint. 2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra do Rúnaíocht CGIM agus don Choimisiún faoi na limistéir agus na srianta a bheidh curtha i bhfeidhm acu tráth nach déanaí ná na 11 Eanáir 2020.”; |
(4) |
I gCaibidil I de Theideal II, cuirtear isteach an Roinn seo a leanas: “
Airteagal 11a Cosc Ama i Murascaill Gabès Ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain, beidh toirmeasc ar iascaireacht le heangacha tráil ghrinnill idir an cósta agus iseabat 200 méadar ar domhain d’fholimistéar geografach 14 GCIM (Murascaill Gabès amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I).”; |
(5) |
I dTeideal II, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas: “CAIBIDIL IIA Cosc ama sa Mhuir Dhubh Airteagal 14a Tréimhse choiscthe le linn shéasúr sceite an turbaird sa Mhuir Dhubh 1. Le linn na tréimhse ó Aibreán go Meitheamh gach bliain, bunóidh gach Ballstát lena mbaineann tréimhse choiscthe de dhá mhí ar a laghad sa Mhuir Dhubh. 2. Féadfaidh na Ballstáit srianta spásúla/ama breise a ainmniú lena bhféadfar toirmeasc nó srianta a chur ar ghníomhaireachtaí iascaireachta chun limistéir chomhbhailiúcháin de thurbaird óga a chosaint.”; |
(6) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 16ca Tréimhsí coiscthe réamhchúraim i ndáil le coiréalach dearg 1. Nuair a bhainfear amach tairseach gabhála coiréalaigh dheirg dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, déanfaidh na Ballstáit an limistéar lena mbaineann a chosc ar bhonn sealadach ar iascach coiréalaigh dheirg. 2. Measfar an tairseach gabhála a bheith bainte amach nuair is mó líon na gcoilíneachtaí coiréalaigh dheirg ar lú a n-íostrastomhas ná 7mm, nuair is mó a líon sin ná 25 % den ghabháil iomlán a shaothrófar ar oitir coiréil dheirg ar leith i mbliain ar leith. 3. I gcásanna nár sainaithníodh oitreacha coiréil i gceart go fóill, beidh feidhm ag an tairseach gabhála agus an tréimhse choiscthe dá bhforáiltear i mír 1 ar leibhéal dhronuilleog staidrimh CGIM. 4. Ina gcinneadh lena mbunaítear tréimhse choiscthe dá dtagraítear i mír 1, saineoidh na Ballstáit an limistéar geografach lena mbaineann, an fad a mhairfidh an tréimhse choiscthe agus na coinníollacha lena rialaítear na hiascaigh sa limistéar sin le linn na tréimhse coiscthe. 5. Ballstáit a bhunóidh tréimhsí coiscthe, cuirfidh siad an méid sin in iúl do Rúnaíocht CGIM agus don Choimisiún gan mhoill. Airteagal 16cb Tréimhsí coiscthe spásúla/ama Ballstáit atá ag saothrú coiréalach dearg go gníomhach, tabharfaidh siad isteach tréimhsí coiscthe breise chun coiréalach dearg a chosaint ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil agus tráth nach déanaí ná 11 Eanáir 2020.”; |
(7) |
I dTeideal II, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas i ndiaidh Chaibidil IV: “CAIBIDIL IVA Íosmhéid tagartha caomhnaithe d’fhíogaigh ghobacha na Mara Duibhe Airteagal 16da Íosmhéid tagartha caomhnaithe d’fhíogaigh ghobacha na Mara Duibhe Eiseamail fíogach gobach sa Mhuir Dhubh atá níos lú ná 90 cm, ní dhéanfar iad a choimeád ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol ná a chur ar taispeáint nó a thairiscint lena ndíol. Nuair a ghabhtar na heiseamail fíogach gobach sin de thaisme, cuirfear ar ais iad go pras gan ghortú agus iad fós beo, a mhéid is féidir. Cláróidh máistrí soithí iascaireachta taifead sa logleabhar ar ghabhálacha de thaisme, scaoileadh agus/ nó aschur fíogach gobach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin bhfaisnéis sin do CGIM agus don Choimisiún ina dtuairisciú bliantúil do LCS agus trí chreat um bailiú sonraí CGIM.”; |
(8) |
Cuirtear isteach an Teideal seo a leanas: “TEIDEAL IIA ACMHAINNEACHT IASCAIREACHTA AGUS DEISEANNA IASCAIREACHTA Airteagal 16m Teorainneacha gabhála i ndáil le coiréalach dearg Féadfaidh gach Ballstát córas teorainneacha gabhála laethúla agus/nó bliantúla a bhunú i ndáil le coiréalach dearg sa Mheánmhuir. Airteagal 16n Acmhainneacht an chabhlaigh iascaireachta nó iarracht iascaireachta i ndáil le deargán i Muir Alboran In 2020 ar a dhéanaí, déanfaidh na Ballstáit leibhéil acmhainneachta an chabhlaigh iascaireachta nó iarracht iascaireachta a choinneáil ar na leibhéil atá údaraithe agus curtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas i ndáil le saothrú an deargáin i Muir Alboran (folimistéir gheografacha CGIM 1,2 agus 3, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I).”; |
(9) |
Scriostar Airteagal 17a; |
(10) |
I dTeideal III, cuirtear isteach na Caibidlí seo a leanas: “CAIBIDIL III Iascaigh coiréalaigh a rialú Airteagal 22a Údaruithe iascaireachta i ndáil le coiréalach dearg 1. Soithí nó iascairí údaraithe chun coiréalach dearg a shaothrú sa Mheánmhuir, beidh údarú bailí iascaireachta acu, ina saineofar na coinníollacha teicniúla faoinar féidir iascach a dhéanamh. 2. I gcás nach ann d’údarú amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh toirmeasc ar choiréalach dearg a shaothrú, a choimeád ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol nó a chur ar taispeáint nó a thairiscint lena dhíol. 3. Coinneoidh na Ballstáit clár cothrom le dáta d’údaruithe iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh siad chuig an gCoimisiún, faoin 31 Márta gach bliain, liosta na soithí ar eisíodh na húdaruithe dá dtagraítear i mír 1 lena n-aghaidh. Cuirfidh an Coimisiún an liosta sin in iúl do Rúnaíocht CGIM tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán gach bliain. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, i dtaca le gach soitheach, ar an liosta:
4. Ní mhéadóidh na Ballstáit líon na n-údaruithe iascaireachta go dtí go léireofar le comhairle eolaíoch riocht fhabhrach a bheith ar phobail na gcoiréalach dearg. Airteagal 22b Gabhálacha a thaifeadadh i ndáil le coiréalach dearg 1. Iascairí nó maistrí na soithí údaraithe chun coiréalach dearg a shaothrú, déanfaidh siad gabhálacha de réir beomheáchain, agus, más féidir, líon na gcoilíneachtaí a thaifeadadh, tar éis oibríochtaí iascaireachta nó, i gcás turas iascaireachta laethúil, tráth a thabharfar an ghabháil i dtír ar a dhéanaí. 2. Beidh logleabhar ar bord ag soithí iascaireachta atá údaraithe le coiréalach dearg a shaothrú ina ndéanfar na gabhálacha laethúla de choiréalach dearg a thaifeadadh, gan beann ar bheomheáchan na bainte, chomh maith le gníomhaíocht iascaireachta de réir limistéir agus doimhneachta, lena n-áirítear, más féidir, líon na laethanta iascaireachta agus tumthaí. Cuirfear an fhaisnéis sin chuig na húdaráis inniúla náisiúnta faoin spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 14(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Airteagal 22c Réamhfhógra a thabhairt i ndáil le coiréalach dearg Idir dhá agus ceithre uair an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, cuirfidh máistrí na soithí iascaireachta an fhaisnéis seo a leanas in iúl do na húdaráis ábhartha:
Airteagal 22d Calafoirt ainmnithe i ndáil le coiréalach dearg Ní thabharfaidh iascairí údaraithe ná soithí iascaireachta údaraithe gabhálacha stoic ghrinnill i dtír ach amháin i gcalafoirt ainmnithe. Chun na críche sin, ainmneoidh gach Ballstát calafoirt ina bhfuil sé údaraithe coiréalach dearg a thabhairt i dtír agus cuirfidh sé liosta na gcalafort in iúl do Rúnaíocht CGIM agus don Choimisiún faoin 30 Aibreán gach bliain, seachas muna bhfuil aon athrú ar na calafoirt ainmnithe a cuireadh in iúl roimhe sin. Airteagal 22e Gabhálacha a rialú i ndáil le coiréalach dearg Bunóidh gach Ballstát clár rialaithe bunaithe ar anailís riosca, go háirithe chun an tabhairt i dtír a fhíorú agus na logleabhair a bhailíochtú. Airteagal 22f Trasloingsiú i ndáil le coiréalach dearg Toirmeascfar oibríochtaí trasloingsithe de choiréalach dearg ar muir. Airteagal 22g Faisnéis Eolaíoch i ndáil le coiréalach dearg Na Ballstáit a bhfuil cabhlaigh iascaireachta acu atá ag díriú ar choiréalaigh dhearga, áiritheoidh siad go bhfuil meicníocht i bhfeidhm go cuí maidir le faireachán eolaíoch leordhóthanach a dhéanamh ar iascaigh agus gabhálacha d’fhonn a chur ar a chumas do choiste Comhairleach Eolaíoch CGIM faisnéis thuairisciúil agus comhairle a chur ar fáil ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
CAIBIDIL IV Bearta Rialaithe A Bhaineann Le Folimistéir Gheografacha Áirithe CGIM
Airteagal 22h Gabhálacha agus foghabhálacha laethúla deargán a thuairisciú Gan dochar d'Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, bunóidh na Ballstáit sásra chun a áirithiú go ndéanfar na gabhálacha agus na foghabhálacha deargán tráchtála uile i Muir Alboran (folimistéir gheografacha CGIM 1, 2 agus 3 mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn I) a thuairisciú gan beann ar bheomheáchan na gabhála. Maidir le hiascaigh áineasa déanfaidh na Ballstáit iarracht taifead a dhéanamh ar ghabhálacha an speicis sin nó meastóireachtaí a dhéanamh ina leith. Airteagal 22i Údaruithe iascaireachta agus gníomhaíochtaí iascaireachta 1. Bunóidh na Ballstáit clár de na soithí iascaireachta atá údaraithe cainníochtaí deargán arna ngabháil i Muir Alboran a iompar ar bord nó a thabhairt i dtír ar mó ná 20 % den ghabháil de réir beomheáchain iad tar éis iad a shórtáil de réir taoide. Déanfar an clár sin a chothabháil agus a nuashonrú. 2. Ní cheadófar do shoithí iascaireachta atá ag díriú ar dheargáin gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí iascaireachta sin luaite in údarú iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla agus ina luafar na coinníollacha teicniúla faoina bhféadfar na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Cuimseofar leis an údarú na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. 3. Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
4. Déanfar VMS nó aon chóras geologánaithe a cheadaíonn do na húdaráis rialaithe rianú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí soithigh a fheistiú ar gach soitheach ar mó ná 12m a fhad foriomlán agus atá údaraithe chun díriú ar dheargáin. Airteagal 22j Faireachán eolaíoch Déanfaidh na Ballstáit, a bhfuil a gcabhlaigh iascaireachta ag díriú ar dheargáin, a áirithiú go bhfuil sásra i bhfeidhm go cuí chun faireachán leormhaith a dhéanamh ar iascaigh agus gabhálacha d’fhonn a chur ar a chumas LCS faisnéis thuairisciúil agus comhairle a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
Airteagal 22k Údaruithe d’iascaigh trálaeireachta grinnill ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile 1. Ní cheadófar do shoithí trálaeireachta grinnill atá ag díriú ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile (folimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I), ach gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh mar a shonrófar in údarú iascaireachta bailí a eiseoidh na húdaráis inniúla agus ina sonrófar na coinníollacha teicniúla faoina ndéanfar na gníomhaíochtaí sin. 2. Cuimseofar san údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 1, maille leis na sonraí a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún (*3), na sonraí seo a leanas:
3. Seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain liosta na soithí ar eisigh siad an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 lena n-aghaidh. Cuirfidh an Coimisiún an liosta sin in iúl don chomhlacht arna ainmniú aige agus do Rúnaíocht CGIM tráth nach déanaí ná an 30 Samhain i ngach bliain. 4. Déanfaidh na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún agus do Rúnaíocht CGIM, tráth nach déanaí ná an 31 Lúnasa gach bliain, i bhformáid chomhiomlánaithe, tuarascáil ar na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann na soithí dá dtagraítear in mír 1, lena n-áirítear an fhaisnéis íosta seo a leanas:
Airteagal 22l Calafoirt ainmnithe 1. Ainmneoidh gach Ballstát calafoirt tabhairt i dtír, ina bhféadfar colmóirí agus rós-séaclaí domhainmhara a ghabhtar i gCaolas na Sicile a thabhairt i dtír, i gcomhréir le hAirteagal 43(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Tarchuirfidh na Ballstáit liosta de na calafoirt ainmnithe tabhairt i dtír chuig Rúnaíocht CGIM agus chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Samhain 2018. Aon athrú a dhéanfar ar an liosta sin ina dhiaidh sin, cuirfear fógra ina leith go pras chuig Rúnaíocht CGIM agus chuig an gCoimisiún. 2. Beidh toirmeasc ar aon chainníocht colmóra agus rós-séacla domhainmhara a ghabhtar i gCaolas na Sicile a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó shoithí iascaireachta in aon áit seachas sna calafoirt tabhairt i dtír arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Airteagal 22m Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta i gCaolas na Sicile 1. Féadfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí cigireachta agus faireachais faoi réir Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach Idirnáisiúnta (“an Scéim”) lena gcumhdaítear uiscí atá lasmuigh de dhlínse náisiúnta i bhfolimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I (“an limistéar cigireachta agus faireachais”). 2. Féadfaidh na Ballstáit cigirí agus modhanna cigireachta a shannadh agus féadfaidh siad cigireachtaí a dhéanamh faoin Scéim. Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige cigirí de chuid an Aontais a shannadh freisin don Scéim. 3. Comhordóidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta don Aontas agus féadfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, plean comhpháirteach imscartha a tharraingt suas chun a chur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoin Scéim a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur i bhfeidhm na bpleananna sin a éascú, go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí agus na limistéir gheografacha ina n-úsáidfear na hacmhainní sin. 4. Tabharfaidh gach Ballstát, tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, fógra don Choimisiún nó do chomhlacht arna ainmniú aige faoi liosta ainmneacha na gcigirí atá údaraithe cigireacht agus faireachas a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear i mír 1, mar aon le hainmneacha na soithí agus na n-aerárthaí a úsáidtear le haghaidh cigireachta agus faireachais a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh don Scéim don bhliain dar gcionn. Seolfaidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM faoin 1 Nollaig gach bliain nó a luaithe is féidir sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí cigireachta. 5. Beidh i seilbh chigirí atá sannta don Scéim cárta cigire CGIM arna eisiúint ag na húdaráis inniúla, a bheidh san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. 6. Beidh bratach nó bratainn speisialta, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V, ar foluain ar shoithí agus dualgais bhordála agus chigireachta á ndéanamh acu. 7. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh gach ardán cigireachta atá i dteideal a bhratach a chur ar foluain agus atá ag oibriú sa limistéar dá dtagraítear i mír 1 teagmháil shábháilte, go laethúil nuair is féidir, le gach ardán cigireachta eile atá ag feidhmiú sa limistéar sin chun an fhaisnéis is gá le haghaidh comhordú gníomhaíochtaí a mhalartú. 8. Tabharfaidh gach Ballstát, a bhfuil láithreacht aige sa limistéar chun cigireacht nó faireachas a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, liosta amharc a bhunaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, liosta bordála agus liosta cigireachtaí a rinne sé sa tréimhse 10 lá roimhe sin, lena n-áirítear dátaí, comhordanáidí agus aon fhaisnéis ábhartha eile, do gach ardán cigireachta ar theacht isteach sa limistéar sin dó. Airteagal 22n Cigireachtaí a dhéanamh 1. Déanfaidh cigirí atá sannta don Scéim an méid seo a leanas:
2. Ag dul ar bord an tsoithigh dóibh, taispeánfaidh na cigirí an cárta aitheantais a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn IV do mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfar cigireachtaí i gceann de theangacha oifigiúla CGIM agus, i gcás inar féidir, sa teanga a labhraíonn máistir an tsoithigh iascaireachta. 3. Tarraingeoidh cigirí suas tuarascáil ar an gcigireacht san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. 4. Síneoidh cigirí an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil a mheasann sé a bheith oiriúnach agus ní mór dó na barúlacha sin a shíniú freisin. 5. Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus d’údaráis na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis Stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig an gCoimisiún agus/nó chuig comhlacht arna ainmniú aige. Cuirfidh an Coimisiún an chóip ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM. 6. Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh chigireachta méid na buíne cigireachta agus tréimhse na cigireachta a shocrú agus na cúinsí ábhartha uile á gcur san áireamh aige. Airteagal 22o Sáruithe 1. Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur sáruithe iad na gníomhaíochtaí seo a leanas:
2. I gcás ina ndéantar aon bhordáil nó cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus ina mbraitheann na cigirí sárú lena linn sin, cuirfidh údaráis Bhallstát brataí an tsoithigh cigireachta an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige ar an eolas faoi láithreach, agus tabharfaidh siad siúd fógra do Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta ar a ndearnadh cigireacht go díreach agus trí bhíthin Rúnaíocht CGIM. Cuirfidh siad aon long chigireachta ó Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta a thuigtear a bheith sa cheantar ar an eolas freisin. 3. Tar éis cigireacht ina mbraitear sárú lena linn, áiritheoidh Ballstát brataí an tsoithigh go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair an chloig, áit a gcuirfear tús le himscrúdú. 4. I gcás ina mbeidh sárú braite le linn cigireachta, déanfar na bearta agus an obair leantach a dhéanann an Ballstát brataí a fhógairt don Choimisiún nó don chomhlacht arna ainmniú aige. Cuirfidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige an beart agus an obair leantach a dhéanfar ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM. 5. Gníomhóidh údaráis na mBallstát ar bhonn tuarascálacha cigireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22n(3), agus, ar an gcaoi chéanna, ar bhonn ráiteas a thagann as cigireachtaí doiciméadacha ó chigirí agus iad ag déanamh beart ar bhonn tuarascálacha agus ráiteas ó chigirí náisiúnta.
Airteagal 22p Bearta chun iascaireacht NNN in iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú 1. Faoin 20 Eanáir gach bliain, cuirfidh gach Ballstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún, tríd an ngnáthmheán próiseála sonraí, liosta na soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe chun iascach a dhéanamh ar thurbaird sa Mhuir Dhubh (folimistéar geografach CGIM 29 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I). Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh an Coimisiún an liosta sin chuig Rúnaíocht CGIM. 2. Áireofar sa liosta a luaitear i mír 1, maille leis na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218, na sonraí seo a leanas:
3. Arna iarraidh sin ag CGIM, déanfaidh na Ballstáit faisnéis a thuairisciú faoi na soithí iascaireachta atá údaraithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh thar thréimhse ar leith. Tuairisceoidh na Ballstáit, go háirithe, ainmneacha na soithí iascaireachta lena mbaineann, a n-uimhir aitheantais sheachtrach agus na deiseanna iascaireachta a rinneadh a leithdháileadh ar gach ceann acu. 4. Baileoidh údaráis inniúla an Bhallstáit chósta eangacha geolbhaigh tréigthe nach bhfuil marcáilte a úsáideadh in iascaigh turbard agus a aimsíodh ar muir. Ina dhiaidh sin, déanfar na heangacha sin a ghabháil go dtí go ndéanfar an t-úinéir a shainaithint go cuí nó déanfar na heangacha sin a scriosadh mura féidir an t-úinéir a shainaithint. 5. Ainmneoidh gach Ballstát lena mbaineann láithreacha tabhairt i dtír, ina ndéanfar turbaird a ghabhfar sa Mhuir Dhubh a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú, i gcomhréir le hAirteagal 43(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Cuirfear liosta de na láithreacha sin chuig Rúnaíocht CGIM agus chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain. 6. Beidh toirmeasc ar aon chainníocht turbard a ghabhfar sa Mhuir Dhubh a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú in aon áit eile cé is moite de na láithreacha tabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 5. Airteagal 22q Pleananna faireacháin, rialaithe agus faireachais náisiúnta d’iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh 1. Bunóidh na Ballstáit pleananna faireacháin, rialaithe agus faireachais náisiúnta (“pleananna náisiúnta”) chun forálacha Airteagal 22p a chur chun feidhme trína áirithiú, inter alia, go ndéanfar faireachán agus taifeadadh beacht cuí ar na gabhálacha míosúla agus/nó ar an iarracht iascaireachta a rinneadh. 2. Beidh na gnéithe seo a leanas sna pleananna náisiúnta:
3. Faoin 20 Eanáir gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún nó do chomhlacht arna ainmniú aige na pleananna náisiúnta. Cuirfidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige na pleananna sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht CGIM faoin 31 Eanáir gach bliain. Airteagal 22r Faireachán eolaíoch ar iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh Cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis bhreise a thacódh leis an bhfaireachán eolaíoch ar iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh chuig an gCoiste Comhairleach Eolaíoch maidir le hIascaigh (SAC) agus chuig an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná an 30 Samhain gach bliain. (*3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).”;" |
(11) |
Leasaítear Airteagal 23a mar a leanas:
|
(12) |
Cuirtear Iarscríbhinní IV, V, VI, VII agus VIII isteach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 5 Meitheamh 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 283, 10.8.2018, lch. 95.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú a chur chun feidhme (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear isteach na hIarscríbhinní seo a leanas i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011:
“IARSCRÍBHINN IV
SAMHAIL DE CHÁRTA AITHEANTAIS DO CHIGIRÍ CGIM
An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir |
|
CGIM |
||
|
CGIM |
Tá sealbhóir an chárta aitheantais cigire ina chigire CGIM atá ceaptha go hiomchuí de réir théarmaí Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) agus tá an chumhacht aige gníomhú i gcomhréir le forálacha rialacha CGIM. |
||
CÁRTA AITHEANTAIS CIGIRE |
||||
Grianghraf |
Páirtí Conarthach |
|||
Ainm an Chigire: |
||||
Uimh. Chárta |
…… Údarás Eisiúna |
…… Cigire |
||
Dáta eisiúna: |
Bailí go ceann cúig bliana |
“IARSCRÍBHINN V
SAMHAIL DE BHRATAINN CIGIREACHTA CGIM
“IARSCRÍBHINN VI
TUARASCÁIL CHIGIREACHTA CGIM
1. CIGIRE/CIGIRÍ
Ainm … Páirtí Conarthach … Uimhir Chárta Aitheantais CGIM …
Ainm … Páirtí Conarthach … Uimhir Chárta Aitheantais CGIM …
Ainm … Páirtí Conarthach … Uimhir Chárta Aitheantais CGIM …
2. SOITHEACH INA BHFUIL AN CIGIRE Á IOMPAR/ NA CIGIRÍ Á nIOMPAR
2.1 |
Ainm agus Clárúchán … |
2.2 |
Bratach … |
3. FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN SOITHEACH A NDEARNADH CIGIREACHT AIR
3.1 |
Ainm agus Clárúchán … |
3.2 |
Bratach … |
3.3 |
Captaen (Ainm agus Seoladh) … |
3.4 |
Úinéir an tsoithigh (Ainm agus Seoladh) … |
3.5 |
Uimhir Thaifid CGIM … |
3.6 |
Cineál soithigh … |
4. SUÍOMH
4.1 |
Suíomh an tsoithigh arna chinneadh ag máistir an tsoithigh cigireachta ar … AUL; Domhanleithead … Domhanfhad … |
4.2 |
Suíomh arna chinneadh ag máistir an tsoithigh iascaireachta ag … AUL; Domhanleithead … Domhanfhad … |
5. DÁTA AGUS AM TOSAITHE AGUS AM CRÍOCHNAITHE NA CIGIREACHTA
5.1 |
Dáta … Am dul ar bord … AUL - Am Imeachta … AUL |
6. CINEÁL TREALAIMH IASCAIREACHTA AR BORD
Trál otair grinnill – OTB |
|
Trál otair meánuisce – OTM |
|
Tráil séaclaí – TBS |
|
Peaslíon saighne – PS |
|
Eangacha geolbhaigh ar ancaire (socraithe) – GNS |
|
Spiléir shocraithe – LLS |
|
Trealamh áineasa – RG |
|
Cineál eile (Sonraigh): |
|
7. MOGALLTOMHAIS – I MILLMÉADAIR
7.1 |
Mogallmhéid dleathach atá le húsáid: … mm |
7.2 |
Toradh an tomhais ar an meán-mhogallmhéid: … mm |
7.3 |
Sárú: TÁ - NÍL … I gcás TÁ, an tagairt dlí: |
8. CIGIREACHTAÍ AR GHABHÁLACHA AR BORD
8.1 Toradh na cigireachta ar na héisc ar bord
SPEICIS (Cód trí alfa EBT) |
|
|
|
|
|
|
Iomlán (Kg) |
|
|
|
|
|
|
Cur i láthair |
|
|
|
|
|
|
An sampla a ndearnadh cigireacht air |
|
|
|
|
|
|
% iasc atá róbheag |
|
|
|
|
|
|
8.2 Sárú: TÁ - NÍL … I gcás TÁ, an tagairt dlí:
9. CIGIREACHT AR DHOICIMÉID AR BORD AGUS AR VMS
9.1 |
Logleabhar iascaireachta: TÁ - NÍL |
9.2 |
Sárú: TÁ - NÍL … I gcás TÁ, an tagairt dlí: |
9.3 |
Ceadúnas iascaireachta: TÁ - NÍL |
9.4 |
Sárú: TÁ - NÍL … I gcás TÁ, an tagairt dlí: |
9.5 |
Údarú sonrach: TÁ - NÍL |
9.6 |
Sárú: TÁ - NÍL … I gcás TÁ, an tagairt dlí: |
9.7 |
VMS: TÁ - NÍL …i bhfeidhm: TÁ - NÍL |
9.8 |
Sárú: TÁ - NÍL … I gcás TÁ, an tagairt dlí: |
10. LIOSTA SÁRUITHE
|
Iascaireacht a dhéanamh gan cheadúnas, cead nó údarú arna eisiúint ag CPC na brataí – tagairt dlí: |
|
Mainneachtain taifid leordhóthanacha a choimeád ar ghabhálacha agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe CGIM nó míthuairisciú suntasach ar ghabháil agus/nó sonraí a bhaineann le gabháil den chineál sin – tagairt dlí: |
|
Iascaireacht a dhéanamh i limistéar coiscthe – tagairt dlí:; |
|
Iascaireacht a dhéanamh le linn séasúr coiscthe – tagairt dlí: |
|
Úsáid trealaimh thoirmiscthe – tagairt dlí: |
|
Marcálacha, céannacht nó clárú soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d’aon ghnó – tagairt dlí: |
|
Fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt nó a dhiúscairt nó baint di – tagairt dlí: |
|
Iliomad sáruithe ar neamhaird thromchúiseach iad ar bhearta i bhfeidhm de bhun CGIM nuair a chuirtear le chéile iad; |
|
Ionsaí, imeaglú, nó ciapadh gnéis a dhéanamh ar chigire údaraithe, nó cur ina aghaidh nó cur isteach air, nó bac nó moill a chur air gan cúis iomchuí; |
|
Cur isteach ar an gcóras faireacháin satailíte agus/nó ag oibriú gan córas VMS – tagairt dlí: |
11. LIOSTA NA NDOICIMÉAD ARNA GCÓIPEÁIL AR BORD
……
……
……
……
……
……
……
……
12. BARÚLACHA AGUS SÍNIÚ MHÁISTIR AN TSOITHIGH
……
……
……
……
……
……
……
……
Síniú an mháistir: …
13. BARÚLACHA AGUS SÍNIÚ AN CHIGIRE/SÍNITHE NA GCIGIRÍ
……
……
……
……
……
……
……
……
Síniú an Chigire/sínithe na gCigirí: …
“IARSCRÍBHINN VII
TUARASCÁIL AMHAIRC CGIM
1 |
Dáta na n-amharc: ……/……/…… Am: … AUL |
2. |
Suíomh an tsoithigh a chonacthas:
Domhanleithead … - Domhanfhad … |
3. |
Cúrsa: … – Luas … |
4. |
Ainm an tsoithigh a chonacthas: |
5. |
Bratach an tsoithigh a chonacthas: |
6. |
Uimhir/marcáil sheachtrach: |
7. |
Cineál soithigh
|
8. |
Comhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió: |
9. |
Uimhir IMO (i gcás inarb iomchuí): |
10. |
Gníomhaíocht(aí):
|
11. |
Teagmháil raidió TÁ - NÍL |
12. |
Ainm agus náisiúntacht chaptaen an tsoithigh a chonacthas: … |
13. |
An líon daoine ar bord an tsoithigh a chonacthas: … |
14. |
Gabhálacha ar bord an tsoithigh a chonacthas: … |
15. |
An fhaisnéis arna bailiú ag:
Ainm an chigire: Páirtí Conarthach: Uimhir Chárta Aitheantais CGIM: Ainm an tsoithigh patróil: |
“IARSCRÍBHINN VIII
SONRAÍ ATÁ LE CUR ISTEACH I LIOSTA NA SOITHÍ ATÁ AG DÍRIÚ AR DHEARGÁN
Beidh an fhaisnéis seo a leanas, i dtaca le gach soitheach, sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 22i:
— |
Ainm an tsoithigh |
— |
Uimhir chláir an tsoithigh (cód arna shannadh ag CPCanna) |
— |
Uimhir chlárúcháin CGIM (cód alfa ISO 3 tíre + 9 ndigit e.g. xxx000000001) |
— |
Calafort clárúcháin (ainm iomlán an chalafoirt) |
— |
Ainm a bhí air roimhe (más ann dó) |
— |
Bratach a bhí aige roimhe seo (más ann di) |
— |
Mionsonraí maidir le scriosadh ó chláir eile (más ann dóibh) |
— |
Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó) |
— |
VMS (luaigh Tá/Níl) |
— |
Cineál soithigh, fad foriomlán (LOA) agus olltonáiste (GT) agus/nó olltonáiste cláraithe (GRT) agus cumhacht innill arna léiriú in kW |
— |
Ainm agus seoladh an úinéara (na n-úinéirí) agus an oibritheora (na n-oibritheoirí); |
— |
An príomhthrealamh/na príomhthrealaimh a úsáidtear chun deargáin a iascach agus leithdháileadh cuid chabhlaigh agus aonad oibríochtúil mar a mhínítear sa Chreat Tagartha um Bailiú Sonraí. |
— |
Tréimhse shéasúrach údaraithe chun deargán a iascach. |