This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32019R0519
Regulation (EU) 2019/519 of the European Parliament and of the Council of 19 March 2019 amending Regulation (EU) No 167/2013 on the approval and market surveillance of agricultural and forestry vehicles (Text with EEA relevance.)
Rialachán (AE) 2019/519 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))
Rialachán (AE) 2019/519 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))
PE/5/2019/REV/1
IO L 91, 29.3.2019, p. 42–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
29.3.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
42 |
RIALACHÁN (AE) 2019/519 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Márta 2019
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Éilítear soiléiriú leis na tuairiscí ar fheithiclí chatagóir T1 agus T2 dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i dtaca le suíomh an acastóra is gaire don tiománaí do tharracóirí ag a bhfuil suíomh tiomána iniompaithe agus i dtaca leis an modh chun airde mheáchanlár an tarracóra a ríomh. Chun airde mheáchanlár feithiclí chatagóir T2 a ríomh go cruinn agus go haonfhoirmeach, ba cheart tagairt a dhéanamh do chaighdeáin is infheidhme go hidirnáisiúnta lena ndéantar airde mheáchanlár tarracóra a chinneadh. |
(2) |
Tá sainmhíniú cruinn ar na gnéithe éagsúla de tharracóirí talamhaíochta bunaithe ar an anailís ar a gcuid tréithe teicniúla ríthábhachtach chun an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe cur chun feidhme a chur chun feidhme go cuí agus go hiomlán. Ós rud é go dtarlaíonn plé ar shainmhínithe na gcatagóirí sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha a bhfuil an tAontas ina pháirtí díobh, ba cheart don Choimisiún obair den sórt sin a chur san áireamh chun cosc a chur le haon éifeachtaí díréireacha agus diúltacha ar chur i bhfeidhm na gceanglas teicniúil agus na nósanna imeachta tástála, agus aon thionchair dhiúltacha do na monaróirí, go háirithe i leith tarracóirí an-speisialaithe |
(3) |
I Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, ba cheart a shoiléiriú go gciallaíonn an téarma “innealra idirmhalartaithe”“trealamh idirmhalartaithe”, rud a áirithíonn go n-úsáidtear téarmaíocht go comhsheasmhach ar fud an Rialacháin sin. |
(4) |
I Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, ceanglaítear ar allmhaireoirí cóip den deimhniú comhréireachta a choinneáil i leith táirgí nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán sin nó a mbaineann riosca tromchúiseach leo. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuiltear ag tagairt do dheimhniú ar chineálcheadú AE. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun go ndéanfaí tagairt ann don doiciméad iomchuí. |
(5) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, ceanglaítear go bhfuil torthaí na tástála mar cheangaltán i ndeimhniú ar chineálcheadú AE. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuiltear ag tagairt do bhileog thorthaí na tástála. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun go ndéanfaí tagairt ann don cheangaltán iomchuí. |
(6) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, tugadh an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 5 bliana, a chuaigh in éag an 21 Márta 2018. Ós rud é go mbíonn síorghá le gnéithe éagsúla den phróiseas cineálcheadaithe mar a leagtar síos leis an Rialachán sin agus leis na gníomhartha a ghlactar dá bhun, go háirithe chun iad a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil nó ceartúcháin a thabhairt isteach, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse chun tarmligean na cumhachta a fheidhmiú agus deis a thabhairt síntí breise intuigthe a chur leis an tréimhse sin. |
(7) |
Déantar tagairt i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 d'aisghairm Threoir 74/347/CEE ón gComhairle (4) nuair ba cheart, ina ionad sin, tagairt a dheanamh d'aisghairm Threoir 2008/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lenar códaíodh an iar-Treoir. Dá bhrí sin, is gá an tagairt iomchuí a leasú i Rialachán (AE) Uimh. 167/2013. |
(8) |
Ós rud é go leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 leis an Rialachán seo gan an t-ábhar rialála atá ann a leathnú agus nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le trealamh idirmhalartaithe a ardaítear go hiomlán ón talamh nó nach féidir altú timpeall ar ais ingearach nuair a bhíonn an fheithicil lena bhfuil sé ceangailte in úsáid ar bhóthar.”; |
(2) |
In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (2) agus (3):
|
(3) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Déanfaidh allmhaireoirí, ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an fheithicil a chur ar an margadh agus ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis an córas a chur ar an margadh, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh a chur ar an margadh, cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE a choimeád ar fáil do na húdaráis ceadaithe agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar an pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24(10) a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.”; |
(4) |
in Airteagal 25(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(5) |
in Airteagal 39(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le feithiclí laistigh de chríoch an Aontais a bhí cumhdaithe ag deimhniú bailí ar chineálcheadú AE tráth a dtáirgthe, ach nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís sular chaill an deimhniú sin ar chineálcheadú AE a bhailíocht.”; |
(6) |
in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17(5), Airteagal 18(4), Airteagal 19(6), Airteagal 20(8), Airteagal 27(6), Airteagal 28(6), Airteagal 45(4), Airteagal 49(3), Airteagal 53(12), Airteagal 61 agus Airteagal 70 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 22 Márta 2013. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 22 Meitheamh 2022 agus 9 mí roimh dheireadh gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta.”; |
(7) |
in Airteagal 76, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Gan dochar d'Airteagal 73(2) den Rialachán seo, déantar Treoracha 76/432/CEE, 76/763/CEE, 77/537/CEE, 78/764/CEE, 80/720/CEE, 86/297/CEE, 86/298/CEE, 86/415/CEE, 87/402/CEE, 2000/25/CE, 2003/37/CE, 2008/2/CE, 2009/57/CE, 2009/58/CE, 2009/59/CE, 2009/60/CE, 2009/61/CE, 2009/63/CE, 2009/64/CE, 2009/66/CE, 2009/68/CE, 2009/75/CE, 2009/76/CE agus 2009/144/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2016.”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Márta 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 104.
(2) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2019.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).
(4) Treoir 74/347/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh 1974 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis an raon radhairc agus leis na cuimilteoirí gaothscátha do tharracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta (IO L 191, 15.7.1974, lch. 5).
(5) Treoir 2008/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir leis an raon radhairc agus leis na cuimilteoirí gaothscátha do tharracóirí rothacha talmhaíochta nó foraoiseachta (IO L 24, 29.1.2008, lch. 30).