Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L2034

    Treoir (AE) 2019/2034 Ó Pharlaimint Na Heorpa Agus Ón Gcomhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/79/2019/REV/1

    IO L 314, 5.12.2019, p. 64–114 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/01/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/2034/oj

    5.12.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 314/64


    TREOIR (AE) 2019/2034 Ó Pharlaimint Na Heorpa Agus Ón Gcomhairle

    an 27 Samhain 2019

    maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Dlúthchuid de na coinníollacha rialála faoinar féidir le hinstitiúidí airgeadais seirbhísí a sholáthar san Aontas is ea maoirseacht stuamachta láidir. Tá gnólachtaí infheistíochta, maille le hinstitiúidí creidmheasa, faoi réir Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus faoi réir Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir lena láimhseáil stuamachta agus maidir le maoirseacht stuamachta, agus leagtar amach na ceanglais údarúcháin agus na ceanglais eile eagrúcháin agus iompair atá orthu i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

    (2)

    Den chuid is mó, is ar leaganacha comhleanúnacha de na caighdeáin rialála idirnáisiúnta atá na córais stuamachta reatha faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE bunaithe, ar caighdeáin iad a leagann Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht síos le haghaidh grúpaí móra baincéireachta agus nach ndírítear ach i bpáirt ar na rioscaí sonracha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí éagsúla a bhíonn ar siúl ag líon mór gnólachtaí infheistíochta. Dá bhrí sin, ba cheart díriú a thuilleadh ar na leochaileachtaí sonracha agus ar na rioscaí a bhaineann leis na gnólachtaí infheistíochta sin, trí bhíthin socruithe iomchuí agus comhréireacha stuamachta ar leibhéal an Aontais lena gcabhraítear cothrom na Féinne a chur ar fáil ar fud an Aontais, lena ráthaítear maoirseacht éifeachtach stuamachta, agus srian á choinneáil ag an am céanna ar chostais an chomhlíonta, agus lena n‐áirithítear leordhóthain caipitil i gcomhair rioscaí na ngnólachtaí infheistíochta.

    (3)

    Le maoirseacht fhónta stuamachta, ba cheart a áirithiú go ndéanfar gnólachtaí infheistíochta a bhainistiú ar dhóigh ordúil chun leas a gcliant. Ba cheart a chur san áireamh inti poitéinseal na ngnólachtaí infheistíochta agus a gcuid cliant rioscaí iomarcacha a ghlacadh mar aon leis na leibhéil éagsúla riosca a ghlacann gnólachtaí infheistíochta chucu féin agus na leibhéil éagsúla riosca a bhaineann leo. Ar an gcuma chéanna, ba cheart é a bheith d'aidhm ag an maoirseacht stuamachta sin a sheachaint go bhforchuirfí ualach riaracháin díréireach ar ghnólachtaí infheistíochta. Ag an am céanna, ba cheart a bheith in ann, le maoirseacht stuamachta mar sin, cothromaíocht a bhaint amach idir sábháilteacht agus fóntacht a áirithiú do ghnólachtaí infheistíochta agus costais iomarcacha a sheachaint a d'fhéadfadh an bonn a bhaint d'inmharthanacht a ngníomhaíochtaí gnó.

    (4)

    Is le díriú ar rioscaí comhchoiteanna a bhíonn ann d'institiúidí creidmheasa a ceapadh roinnt mhaith de na ceanglais a eascraíonn as creat Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE. Dá réir sin, déantar na ceanglais reatha a chalabrú, tríd is tríd, chun acmhainneacht iasachtaithe institiúidí creidmheasa a chaomhnú trí thimthriallta eacnamaíocha agus chun taisceoirí agus cáiníocóirí a chosaint ar chliseadh a d'fhéadfadh a bheith ann, agus níor ceapadh iad le díriú ar phróifílí riosca éagsúla uile gnólachtaí infheistíochta. Ní bhíonn punanna móra iasachtaí miondíola agus corparáideacha ag gnólachtaí infheistíochta agus ní ghlacann siad taiscí. Is mó seans gurbh fhéidir tionchar díobhálach a bheith ag cliseadh institiúidí creidmheasa ná cliseadh gnólachtaí infheistíochta ar chobhsaíocht fhoriomlán airgeadais, ach mar sin féin, baineann riosca le gnólachtaí infheistíochta nach mór aghaidh a thabhairt air trí bhíthin creat láidir. Mar sin, is mór idir na rioscaí a bhíonn ag bagairt ar an gcuid is mó de na gnólachtaí infheistíochta agus a bhaineann leo agus na rioscaí a bhíonn ag bagairt ar institiúidí creidmheasa agus a bhaineann leosan, difear ba cheart a léiriú go soiléir i gcreat stuamachta an Aontais.

    (5)

    Na héagsúlachtaí i gcur i bhfeidhm an chreata stuamachta reatha i mBallstáit éagsúla, is bagairt iad ar chothrom na Féinne do ghnólachtaí infheistíochta san Aontas, agus cuirtear isteach leo ar an rochtain a bhíonn ag infheisteoirí ar dheiseanna nua agus ar bhealaí nua leis na rioscaí a bhaineann leo a bhainistiú. Eascraíonn na héagsúlachtaí sin as an gcastacht fhoriomlán a bhaineann leis an gcreat a chur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta éagsúla bunaithe ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad, i gcás ina ndéanann roinnt údarás náisiúnta an cur i bhfeidhm sin a choigeartú nó a shruthlíniú sa dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta. Ós rud é nach ndírítear sa chreat stuamachta reatha ar na rioscaí uile a bhíonn ann do chineálacha gnólachtaí infheistíochta áirithe agus a bhaineann leo, cuireadh forlíontáin chaipitil mhóra i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta áirithe i roinnt Ballstát. Ba cheart forálacha aonfhoirmeacha ina ndírítear ar na rioscaí sin a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht stuamachta chomhchuibhithe ar ghnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais.

    (6)

    Mar sin, tá gá le córas stuamachta sonrach le haghaidh gnólachtaí infheistíochta nach gnólachtaí infheistíochta sistéamacha iad de bhua mhéid agus idirnascthacht na ngnólachtaí sin le gníomhaithe airgeadais agus eacnamaíocha eile. Mar sin féin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta sistéamacha a bheith faoi réir an chreata stuamachta reatha faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE agus. Is fothacar iad na gnólachtaí infheistíochta sin de chuid na ngnólachtaí infheistíochta a bhfuil feidhm ag an gcreat a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE maidir leo faoi láthair agus nach mbaineann tairbhe as díolúintí tiomnaithe ó aon cheann dá bpríomhcheanglais. Tá samhlacha gnó agus próifílí riosca ag na gnólachtaí infheistíochta is mó agus is idirnasctha atá cosúil leo siúd atá ag institiúidí creidmheasa sonracha. Soláthraíonn siad seirbhísí a bhfuil cosúlacht na baincéireachta orthu agus déanann siad rioscaí a fhrithghealladh cuid mhór. De bhreis air sin, tá gnólachtaí infheistíochta sistéamacha sách mór le bheith ina mbagairt ar fheidhmiú cobhsaí ordúil na margaí airgeadais, agus tá samhlacha gnó agus próifílí riosca acu atá ina mbagairt air sin, ar aon chéim le hinstitiúidí creidmheasa móra. Dá bhrí sin, is iomchuí go mbeadh na gnólachtaí infheistíochta sin fós faoi réir na bhforálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE.

    (7)

    Gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin, a fhrithgheallann ionstraimí airgeadais nó a sholáthraíonn ionstraimí airgeadais ar bhonn oibleagáid dhaingean ar mórscála, nó ar comhaltaí imréitigh iad i gcontrapháirtithe lárnacha, d'fhéadfadh sé go mbeadh samhlacha gnó agus próifílí riosca acu atá comhchosúil leis na cinn a bhíonn ag institiúidí creidmheasa. I bhfianaise mhéid agus ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta den sórt sin, d'fhéadfaí rioscaí inchomparáide don chobhsaíocht airgeadais a bheith ag baint leo mar institiúidí creidmheasa. Ba cheart rogha a bheith ag údaráis inniúla a cheangal ar na gnólachtaí leanúint de bheith faoi réir na láimhseála stuamachta céanna a bhaineann leis na hinstitiúidí creidmheasa sin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi réir chomhlíonadh na maoirseachta stuamachta faoi Threoir 2013/36/AE.

    (8)

    D'fhéadfadh sé gurbh ann do Bhallstáit nach ionann na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht stuamachta a dhéanamh iontu ar ghnólachtaí infheistíochta agus na húdaráis sin atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh iontu ar iompraíocht sa mhargadh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach sásra comhair agus malartaithe faisnéise a chruthú idir na húdaráis sin chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht stuamachta chomhchuibhithe ar ghnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais, rud a fheidhmeoidh go pras, éifeachtach.

    (9)

    Féadfaidh gnólacht infheistíochta a bheith i mbun trádála trí chomhalta imréitigh i mBallstát eile. I gcás ina ndéanann sé amhlaidh, ba cheart sásra a chur ar bhun chun faisnéis a roinnt idir na húdaráis inniúla ábhartha sna Ballstáit éagsúla. Le sásra den sórt sin, ba cheart a bheith in ann faisnéis a roinnt idir an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht stuamachta ar an ngnólacht infheistíochta agus an t‐údarás ábhartha a dhéanann maoirseacht ar an gcomhalta imréitigh nó an t‐údarás a dhéanann maoirseacht ar an gcontrapháirtí lárnach faoin tsamhail agus na paraiméadair arna n‐úsáid chun ceanglais chorrlaigh na gnólachta infheistíochta a ríomh i gcás ina mbaintear úsáid as modh ríofa den sórt sin mar bhonn do cheanglais cistí dílse an ghnólachta infheistíochta.

    (10)

    Chun comhchuibhiú caighdeán agus cleachtas maoirseachta a chur chun cinn san Aontas, ba cheart an phríomhinniúlacht a bheith ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (ÚBE) i ndlúthchomhar leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (ÚEUM) i leith cleachtais mhaoirseachta a chomhordú agus a chóineasú ó thaobh formhaoirseacht stuamachta a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta sa Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA).

    (11)

    Ba cheart an leibhéal caipitil tosaigh atá de dhíth ar ghnólacht infheistíochta a bhunú ar na seirbhísí agus ar na gníomhaíochtaí a údaraítear don ghnólacht infheistíochta sin a sholáthar agus a dhéanamh faoi seach, de réir Threoir 2014/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ós rud é gur féidir leis na Ballstáit an leibhéal caipitil tosaigh is gá a ísliú i gcásanna sonracha, dá bhforáiltear i dTreoir 2013/36/AE, ar thaobh amháin, agus i gcás chur chun feidhme míchothrom na Treorach sin, ar an lámh eile, is amhlaidh nach ionann an leibhéal caipitil tosaigh is gá ar fud an Aontais. Chun deireadh a chur leis an ilroinnt sin, ba cheart an leibhéal caipitil tosaigh is gá a chomhchuibhiú i gcás na ngnólachtaí infheistíochta ar fad atá san Aontas. D'fhonn na bacainní ar dhul isteach sa mhargadh, atá ann faoi láthair i gcás saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) nó saoráidí trádála eagraithe (OTFanna), a laghdú, ba cheart caipitil tosaigh na ngnólachtaí infheistíochta a oibríonn mar MTF nó mar OTF a shocrú ag an leibhéal dá dtagraítear sa Treoir seo. I gcás ina n‐údaraítear do ghnólacht infheistíochta atá údaraithe chun OTF a oibriú dul i mbun déileála ar a chuntas féin faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2014/65/AE, ba cheart a chaipitil tosaigh a shocrú ag an leibhéal dá dtagraítear sa Treoir seo.

    (12)

    Cé nár cheart do ghnólachtaí infheistíochta a bheith fós ag teacht faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh 575/2013 nó Threoir 2013/36/AE, ba cheart go gcoimeádfadh an a bheith fós coincheapa áirithe a úsáidtear i gcomhthéacs na ngníomhartha reachtacha sin a an chiall sheanbhunaithe chéanna. Chun léamh comhleanúnach ar na coincheapa sin i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais a chumasú agus a éascú, ba cheart tagairtí i ngníomhartha den sórt sin don mhéid seo a leanas a fhorléiriú mar thagairtí do na forálacha comhfhreagracha sa Treoir seo: caipiteal tosaigh gnólachtaí infheistíochta, cumhachtaí maoirseachta údarás inniúil le haghaidh gnólachtaí infheistíochta, an próiseas inmheánach measúnúcháin ar leordhóthanacht chaipitil na ngnólachtaí infheistíochta, an próiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta ar údaráis inniúla le haghaidh gnólachtaí infheistíochta, agus forálacha rialachais agus luacha saothair is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta.

    (13)

    Le feidhmiú cuí na margaí inmheánacha, is gá an fhreagracht as maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar ghnólacht infheistíochta, go háirithe i ndáil lena shócmhainneacht, a bheith ar údarás inniúil a Bhallstáit baile. Chun maoirseacht éifeachtach ar ghnólachtaí infheistíochta i mBallstáit eile a bhaint amach freisin, i gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí nó ina bhfuil brainse acu, ba cheart dlúthchomhar agus malartú faisnéise le húdaráis inniúla na mBallstát sin a áirithiú.

    (14)

    Chun críoch faisnéise agus maoirseachta, agus go háirithe chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú, ba cheart d'údaráis inniúla Ballstát óstach a bheith in ann, de réir an cháis, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh agus cigireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí brainsí gnólachtaí infheistíochta ar a gcríoch, agus faisnéis a éileamh faoi ghníomhaíochtaí na mbrainsí sin. Ba cheart don Bhallstát baile a bheith freagrach as bearta maoirseachta na mbrainsí, áfach.

    (15)

    Chun faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a chosaint, le linn d'údaráis inniúla a gcuid cúraimí maoirseachta a dhéanamh agus faisnéis rúnda a mhalartú, ba cheart dóibh a bheith faoi réir rialacha rúndachta gairmiúla.

    (16)

    Chun cur le maoirseacht stuamachta gnólachtaí infheistíochta agus cosaint cliant gnólachtaí infheistíochta, ba cheart d'iniúchóirí an fíorú a dhéanamh ar bhealach neamhchlaonta agus fíorais a thuairisciú go pras do na húdaráis inniúla, fíorais a bhféadfadh éifeacht thromchúiseach a bheith acu ar staid airgeadais gnólachta infheistíochta nó ar eagrú riaracháin agus cuntasaíochta gnólachta infheistíochta.

    (17)

    Chun críocha na Treorach seo, ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Go háirithe, i gcás ina gceadaítear leis an Treoir seo sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 agus Chaibidil V de Rialachán (AE) 2018/1725.

    (18)

    Chun comhlíonadh na n‐oibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a choimirciú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht athchomhairleach ag smachtbhannaí riaracháin, ba cheart iad a fhoilsiú – ach amháin i ndálaí áirithe a shainítear go maith. Chun go bhféadfaidh cliaint agus infheisteoirí cinneadh eolasach a dhéanamh faoina roghanna infheistíochta, ba cheart rochtain a bheith ag na cliaint agus na hinfheisteoirí sin ar fhaisnéis maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchuirtear ar ghnólachtaí infheistíochta.

    (19)

    Chun sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus sáruithe ar Rialachán (AE) 2019/2033 a bhrath, ba cheart na cumhachtaí imscrúdaitheacha is gá a bheith ag na Ballstáit agus ba cheart dóibh sásraí éifeachtacha, meara a bhunú chun sáruithe ionchasacha nó a dhéantar a thuairisciú.

    (20)

    Ba cheart caipiteal inmheánach a bheith ag gnólachtaí infheistíochta, nach meastar gur gnólachtaí beaga neamh-idirnasctha iad, is leor ó thaobh cainníochta, cáilíochta agus dáilte de chun na rioscaí sonracha a bhaineann leo nó ar bhaol go mbainfidís leo a chumhdach. Ba cheart d'údaráis inniúla a áirithiú go mbeidh straitéisí agus próisis leordhóthanacha i bhfeidhm chun leordhóthanacht a gcaipitil inmheánaigh a mheasúnú agus a choimeád. Ba cheart d'údaráis inniúla a bheith in ann a iarraidh ar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha ceanglais chomhchosúla a chur i bhfeidhm i gcás inarb iomchuí.

    (21)

    Ba cheart athbhreithniú maoirseachta agus cumhachtaí meastóireachta a bheith ina n‐uirlis rialála thábhachtach lena bhféadfadh údaráis inniúla eilimintí cáilíochtúla a mheasúnú, lena n‐áirítear rialachas inmheánach agus rialuithe inmheánacha, próisis agus nósanna imeachta maidir le bainistiú riosca agus, más gá, ceanglais bhreise a shocrú, lena n‐áirítear i ndáil le cistí dílse agus ceanglais leachtachta go háirithe i gcás gnólachtaí infheistíochta nach meastar gur gnólachtaí beaga neamh-idirnasctha iad, agus i gcás ina measann an t‐údarás inniúil go bhfuil údar cuí leis agus gurb iomchuí sin i gcás gnólachtaí beaga neamh-idirnasctha freisin.

    (22)

    In Airteagal 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), leagtar síos an prionsabal go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó as obair dar luach comhionann ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna araon. Ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta an prionsabal sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach. Chun luach saothair a ailíniú le próifíl riosca gnólachtaí infheistíochta agus cothrom na Féinne a ráthú, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a bheith faoi réir prionsabail shoiléire i leith socruithe rialachais chorparáidigh agus rialacha maidir le luach saothair, ar socruithe agus rialacha inscne-neodracha iad, ina gcuirtear difríochtaí idir institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta san áireamh. Mar sin féin, ba cheart gnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a dhíolmhú ó na rialacha sin toisc go bhfuil na forálacha maidir le luach saothair agus rialachas corparáideach a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE cuimsitheach go leor le haghaidh na gcineálacha gnólachtaí infheistíochta sin.

    (23)

    Ar an gcuma chéanna, léirítear i dtuarascáil ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016 i ndáil leis an measúnú ar na rialacha maidir le luach saothair faoi Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach bhfuil na ceanglais faoi iarchur agus íoc amach in ionstraimí a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE oiriúnach do ghnólachtaí infheistíochta beaga neamhchasta ná d'fhoireann a bhfuil leibhéil ísle luacha saothair inathraithe acu. Tá gá le critéir shoiléire, chomhsheasmhacha agus chomhchuibhithe chun gnólachtaí infheistíochta agus daoine aonair atá díolmhaithe ó na ceanglais sin a shainaithint le cóineasú maoirseachta agus cothrom na Féinne a áirithiú. I bhfianaise a thábhachtaí atá an ról a bhíonn ag lucht ardioncaim maidir le gnó agus feidhmíocht fhadtéarmach na ngnólachtaí infheistíochta, ba cheart maoirseacht éifeachtach ar chleachtais luacha saothair agus ar threochtaí a bhaineann le lucht ardioncaim a áirithiú. Mar sin de, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar luach saothair lucht ardioncaim.

    (24)

    Ina theannta sin, is iomchuí solúbthacht a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta maidir leis an úsáid a bhaineann siad as ionstraimí neamhairgid agus luach saothair inathraithe á íoc acu, fad atá éifeacht leis na hionstraimí sin chun an cuspóir a bhaint amach i ndáil le leasanna na foirne a ailíniú le leasanna geallsealbhóirí éagsúla, amhail scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, agus fad a chuidíonn siad luach saothair inathraithe a ailíniú le próifíl riosca an ghnólachta infheistíochta.

    (25)

    Tá ioncam gnólachtaí infheistíochta i bhfoirm táillí, coimisiún agus ioncaim eile i ndáil le seirbhísí infheistíochta éagsúla a sholáthar an-luaineach. Dá ndéanfaí an chomhpháirt athraitheach den luach saothair a theorannú do chuid den chomhpháirt sheasta den luach saothair, dhéanfaí difear do chumas an ghnólachta luach saothair a laghdú tráth a bhíonn ioncaim laghdaithe agus d'fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú ar bhonn costais sheasta an ghnólachta dá dheasca sin agus d'fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leis sin do chumas an ghnólachta cor chun donais eacnamaíoch nó ioncam laghdaithe a sheasamh. Chun na rioscaí sin a sheachaint, níor cheart cóimheas uasta aonair idir na comhpháirteanna athraitheacha agus seasta den luach saothair a fhorchur ar ghnólachtaí infheistíochta neamhshistéamacha. Ina ionad sin, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta sin cóimheasa iomchuí a shocrú iad féin. Mar sin féin, níor cheart, leis an Treoir sin, cosc a chur ar Bhallstáit bearta a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta arna gceapadh chun na gnólachtaí infheistíochta a chur faoi réir ceanglais is déine ag féachaint don chóimheas uasta idir comhpháirteanna athraitheacha agus seasta an luacha saothair. Níor cheart, leis an Treoir seo, cosc a chur ar Bhallstáit cóimheas uasta a fhorchur, dá dtagraítear san abairt roimhe seo, ar gach gnólacht infheistíochta nó ar chineálacha sonracha gnólachtaí infheistíochta.

    (26)

    Níor cheart cosc a chur, leis an Treoir seo, ar Bhallstáit cur chuige níos déine a ghlacadh a mhéid a bhaineann le luach saothair nuair a fhaigheann gnólachtaí infheistíochta tacaíocht airgeadais poiblí urghnách.

    (27)

    Úsáidtear struchtúir éagsúla rialachais ar fud na mBallstát. I mórán gach cás, úsáidtear struchtúr bord amháin nó dhá bhord. Ceaptar leis na sainmhínithe a úsáidtear sa Treoir seo go nglactar leis na struchtúir uile atá ann faoi láthair gan tús áite a thabhairt d'aon struchtúr faoi leith. Tá siad go hiomlán feidhmiúil chun críche rialacha a leagan amach atá dírithe ar thoradh ar leith beag beann ar dhlí náisiúnta na gcuideachtaí is infheidhme maidir le hinstitiúid i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, níor cheart do na sainmhínithe cur isteach ar leithdháileadh ginearálta na n‐inniúlachtaí i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí.

    (28)

    Ba cheart a thuiscint go mbíonn feidhmeanna feidhmiúcháin agus maoirseachta ag comhlachtaí bainistíochta. Tá éagsúlacht ag baint le hinniúlacht agus struchtúr na gcomhlachtaí bainistíochta ar fud na mBallstát. I mBallstáit ina bhfuil struchtúr sraith amháin ag comhlachtaí bainistíochta, is bord amháin a dhéanann na cúraimí bainistíochta agus maoirseachta de ghnáth. I mBallstáit ina bhfuil córas dhá shraith, is bord maoirseachta faoi leith a dhéanann an fheidhm mhaoirseachta, bord nach bhfuil aon fheidhmeanna feidhmiúcháin aige agus is bord bainistíochta eile a dhéanann an fheidhm feidhmiúcháin, bord atá freagrach agus cuntasach as bainistiú an ghnólachta ó lá go lá. Dá réir sin, sanntar cúraimí faoi leith do na heintitis dhifriúla laistigh den chomhlacht bainistíochta.

    (29)

    Mar fhreagairt ar an éileamh méadaitheach ón bpobal ar thrédhearcacht chánach, agus chun freagracht chorparáideach gnólachtaí infheistíochta a chur chun cinn, is iomchuí a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta, murab incháilithe iad mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha, faisnéis áirithe a nochtadh ar bhonn bliantúil, lena n‐áirítear faisnéis faoi bhrabúis a rinneadh, faoi chánacha a íocadh agus faoi aon fhóirdheontais phoiblí a fuarthas.

    (30)

    Chun dul i ngleic le rioscaí ar leibhéal an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta amháin, ba cheart tástáil caipitil grúpa a bheith ag gabháil leis an modh comhdhlúthaithe stuamachta a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás struchtúir grúpa níos simplí. Mar sin féin, sa dá chás, ba cheart an cinneadh i dtaca le maoirseoir an ghrúpa a bhunú ar na prionsabail chéanna a bhfuil feidhm acu i gcás maoirseacht ar bhonn comhdhlúite faoi Threoir 2013/36/AE. Chun comhar iomchuí a áirithiú, maidir le buneilimintí beart comhordaithe, agus, go háirithe, ceanglais faisnéise in éigeandálaí nó socruithe comhair agus comhordaithe, ba cheart iad a bheith cosúil leis na buneilimintí comhordaithe is infheidhme i gcomhthéacs an leabhair rialacha aonair d'institiúidí creidmheasa.

    (31)

    Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle chun caibidlíocht a dhéanamh maidir le comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha chun maoirseacht a dhéanamh ar bhonn praiticiúil ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa ag gnólachtaí infheistíochta, a bhfuil a gcuid máthairghnóthas bunaithe i dtríú tíortha, agus ag gnólachtaí infheistíochta atá ag oibriú i dtríú tíortha a bhfuil a gcuid máthairghnóthas bunaithe san Aontas. Ar an lámh eile, ba cheart na Ballstáit agus ÚBE a bheith in ann socruithe comhair a chur ar bhun le tríú tíortha chun a gcuid cúraimí maoirseachta a dhéanamh.

    (32)

    Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus forluí a sheachaint idir an creat maoirseachta is infheidhme faoi láthair maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta araon agus an Treoir seo, leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE le nach gcuimseofar gnólachtaí infheistíochta faoina raon feidhme a thuilleadh. Mar sin féin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta ar cuid de ghrúpa baincéireachta iad a bheith faoi réir na bhforálacha sin i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE atá ábhartha maidir leis an ngrúpa baincéireachta, amhail na rialacha maidir le comhdhlúthú stuamachta a leagtar amach in Airteagail 11 go 24 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na forálacha maidir leis an máthairghnóthas idirmheánach de chuid AE dá dtagraítear in Airteagal 21b de Threoir 2013/36/AE.

    (33)

    Tá sé riachtanach go sonrófaí na bearta is gá do ghnóthais a dhéanamh lena fhíorú an dtagann siad faoin sainmhíniú ar institiúid creidmheasa a leagtar amach i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, dá bhrí sin, an gá dóibh údarú a fháil mar institiúid creidmheasa. Ós rud é go ndéanann roinnt gnólachtaí infheistíochta na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE cheana, ní mór, freisin, soiléire a áirithiú maidir le leanúnachas aon údaraithe a dheonófar do na gníomhaíochtaí sin. Go háirithe, is den ríthábhacht é go n‐áiritheodh údaráis inniúla go dtairgtear cinnteacht rialála leordhóthanach leis an aistriú ón gcreat reatha chuig an gcreat nua.

    (34)

    Chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú, is den riachtanas é go ndéanfaidh na gnóthais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag údaráis inniúla smachtbhannaí a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais nach ndearna iarratas ar an údarú sin.

    (35)

    Trí leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar “institiúid creidmheasa” i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/2033, féadfar, tráth a thiocfaidh sé i bhfeidhm an rialacháin dheireanaigh sin, gnólachtaí infheistíochta atá ag oibriú cheana ar bhonn údarú arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE a chur san áireamh. Ba cheart a cheadú do na gnóthais sin leanúint ar aghaidh ag oibriú faoina n‐údarú mar ghnólachtaí infheistíochta go ndeonófar údarú institiúide creidmheasa. Ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta sin iarratas ar údarú a chur isteach mar institiúid creidmheasa ar a dhéanaí tráth arb ionann meánluach a sócmhainní iomlána míosúla agus aon cheann de na tairseacha a leagtar amach i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 thar thréimhse 12 mhí as a chéile nó tráth ar mó an meánluach sin ná aon cheann de na tairseacha sin thar thréimhse 12 mhí as a chéile. I gcás ina mbaineann gnólachtaí infheistíochta aon cheann de na tairseacha a leagtar amach i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 amach amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart meánluach a sócmhainní iomlána míosúla a ríomh agus an 12 mhí leantacha roimh an dáta sin á gcur san áireamh. Ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta sin iarratas ar údarú a dhéanamh mar institiúid creidmheasa laistigh de bhliain amháin agus lá amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

    (36)

    Féadfaidh leasú ar an sainmhíniú ar “institiúid creidmheasa” i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/2033 difear a dhéanamh freisin do ghnóthais a rinne iarratas ar údarú mar ghnólachtaí infheistíochta cheana faoi Threoir 2014/65/AE agus a bhfuil an t‐iarratas fós ar feitheamh ina leith. Ba cheart na hiarratais sin a aistriú chuig na húdaráis inniúla faoi Threoir 2013/36/AE agus déileáil leo i gcomhréir leis na forálacha údarúcháin a leagtar amach sa Treoir sin más ionann sócmhainní iomlána beartaithe an ghnóthais agus aon cheann de na tairseacha a leagtar amach i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó más mó iad ná aon cheann de na tairseacha sin.

    (37)

    Ina theannta sin, ba cheart gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith faoi réir na gceanglas uile a bhaineann le rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa a leagtar síos i dTeideal III de Threoir 2013/36/AE, lena n‐áirítear na forálacha a bhaineann le húdarú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 18 den Treoir sin. Mar sin féin, ba cheart Airteagal 18 den Treoir sin a leasú lena áirithiú go bhféadfaidh údaráis inniúla an t‐údarú a dheonófar d'institiúid creidmheasa a tharraingt siar freisin i gcás ina n‐úsáidfidh an institiúid creidmheasa sin an t‐údarú a fhaigheann sí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na gníomhaíochtaí sin amháin, a dhéanamh, agus i gcás ina mbeidh, ar feadh tréimhse cúig bliana as a chéile, meánsócmhainní iomlána aici atá faoi bhun na dtairseach a leagtar amach sa phointe sin.

    (38)

    De bhun Airteagal 39 de Threoir 2014/65/AE, tá gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais san Aontas faoi réir córais náisiúnta, agus is féidir go mbeidh orthu brainse a bhunú i mBallstát dá bharr sin. Chun go n‐éascófar an faireachán agus an measúnú tráthrialta a dhéanann gnólachtaí tríú tír trí bhrainsí san Aontas ar ghníomhaíochtaí, ba cheart údaráis inniúla a chur ar an eolas faoi scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a sholáthraítear agus a dhéantar trí bhrainsí ina gcríoch.

    (39)

    Na crostagairtí sonracha atá i dTreoracha 2009/65/CE (12), 2011/61/AE (13) agus 2014/59/AE (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d'fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE nach bhfuil feidhm acu a thuilleadh maidir le gnólachtaí infheistíochta amhail ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 ba cheart iad a fhorléiriú mar thagairtí do na forálacha comhfhreagracha atá sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2033.

    (40)

    D'eisigh ÚBE, i gcomhar le ÚEUM, tuarascáil bunaithe ar anailís chúlra chríochnúil, ar bhailiú sonraí agus ar chomhairliúchán do chóras stuamachta saincheaptha do gach gnólacht infheistíochta neamhshistéamach atá mar bhonn leis an gcreat stuamachta athbhreithnithe do ghnólachtaí infheistíochta.

    (41)

    Chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na critéir chun gnólachtaí infheistíochta áirithe a chur faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shonrú tuilleadh, chun an fhaisnéis ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach a mhalartú a shonrú i gcomhthéacs na maoirseachta, chun a leagan amach conas ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta méid a gcuid gníomhaíochtaí a mheasúnú chun críoch ceanglais rialachais inmheánaigh agus, go háirithe, chun a mheasúnú an gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha iad. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin theicniúla rialála freisin cé na catagóirí foirne a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca gnólachtaí chun críoch forálacha maidir le luacha saothair, agus ba cheart a shonrú, chomh maith leis sin, cé na hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 is incháilithe mar luach saothair inathraithe. Ar deireadh, ba cheart sna caighdeáin theicniúla rialála na heilimintí a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí sonracha leachtachta, ar chur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse breise ag na húdaráis inniúla, agus ar fheidhmiú choláistí na maoirseoirí, Ba cheart don Choimisiún an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag UBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) 1093/2010. Ba cheart don Choimisiún agus do ÚBE a áirithiú gur féidir leis na gnólachtaí infheistíochta uile lena mbaineann na caighdeáin theicniúla rialála sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, fairsinge agus castacht na ngnólachtaí infheistíochta sin agus a gcuid gníomhaíochtaí.

    (42)

    Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE i dtaca le comhroinnt faisnéise idir údaráis inniúla agus ceanglais foilseacháin na n‐údarás inniúil agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

    (43)

    Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Treorach seo a áirithiú agus forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shoiléiriú a dhéanamh ar na sainmhínithe sa Treoir seo, ar chaipiteal inmheánach agus measúnuithe riosca gnólachtaí infheistíochta agus ar athbhreithniú maoirseachta agus cumhachtaí meastóireachta údarás inniúil. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n‐áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (44)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon creat stuamachta éifeachtach comhréireach a chur ar bun lena áirithiú go n‐oibreoidh na gnólachtaí infheistíochta, atá údaraithe oibriú san Aontas, ar bhonn fónta airgeadais agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar dhóigh ordúil lena n‐áirítear chun leas a gcliant, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (45)

    I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (16), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‐ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    TEIDEAL I

    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    caipiteal tosaigh gnólachtaí infheistíochta;

    (b)

    cumhachtaí agus uirlisí maoirseachta chun go ndéanfaidh údaráis inniúla maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta;

    (c)

    údaráis inniúla do dhéanamh maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta ar mhodh atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2033;

    (d)

    ceanglais foilseacháin maidir le húdaráis inniúla i réimse na rialála stuamachta agus na maoirseachta ar ghnólachtaí infheistíochta.

    Airteagal 2

    Raon Feidhme

    1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe agus a ndéantar maoirseacht orthu faoi Threoir 2014/65/AE.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, níl feidhm ag Teidil IV agus V den Treoir seo maidir le gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/2033 agus a ndéanfar maoirseacht orthu maidir le comhlíonadh na gceanglas stuamachta faoi Theidil VII agus VIII de Threoir 2013/36/AE i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/2033.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    1.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “gnóthas seirbhísí coimhdeacha” gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó gníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht gnólachta infheistíochta amháin nó níos mó;

    (2)

    ciallaíonn “údarú” an t‐údarú atá ag gnólacht infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/65/AE;

    (3)

    ciallaíonn “brainse” brainse mar a shainmhínítear é i bpointe (30) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (4)

    ciallaíonn “dlúthbhaint” dlúthbhaint mar a shainmhínítear é i bpointe (35) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (5)

    ciallaíonn “údarás inniúil” údarás poiblí nó comhlacht Ballstáit atá aitheanta go hoifigiúil sa dlí náisiúnta, agus a dtugtar cumhacht dó leis an dlí náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Treoir seo, mar chuid den chóras maoirseachta atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin;

    (6)

    ciallaíonn “déileálaithe tráchtearraí agus lamháltais astaíochta” déileálaí tráchtearraí agus lamháltais astaíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe (150) Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (7)

    ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir máthairghnóthas agus fochuideachta, mar a shainmhínítear é in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), nó sna caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil gnólacht infheistíochta faoina réir faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), nó caidreamh atá cosúil leis idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas;

    (8)

    ciallaíonn “comhlíonadh na tástála caipitil grúpa” comhlíonadh na gceanglas atá in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 ag máthairghnóthas i ngrúpa gnólachtaí infheistíochta;

    (9)

    ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (10)

    ciallaíonn “díorthaigh” díorthaigh mar a shainmhínítear iad i bpointe (29) Airteagal 2(1)(29) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

    (11)

    ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear é i bpointe (13) d'Airteagal 4(1) de [Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;

    (12)

    ciallaíonn “beartas um luach saothair inscne-neodrach” beartas luacha saothair inscne-neodrach mar a shainítear é i bpointe 65 d'Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/878, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

    (13)

    ciallaíonn “grúpa” grúpa mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(11) de Threoir 2013/34/AE;

    (14)

    ciallaíonn “staid chomhdhlúite” staid chomhdhlúite mar a shainmhínítear í i bpointe (11) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

    (15)

    ciallaíonn “maoirseoir grúpa” údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa ag máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais arna rialú ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta nó ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais;

    (16)

    ciallaíonn “Ballstát baile” Ballstát baile mar a shainmhínítear é i bpointe (55)(a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (17)

    ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát óstach mar a shainmhínítear é bpointe (56) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (18)

    ciallaíonn “caipiteal tosaigh” an caipiteal is gá chun údarú a fháil mar ghnólacht infheistíochta, a sonraítear a mhéid agus a chineál in Airteagal 8 agus in Airteagal 11;

    (19)

    ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (20)

    ciallaíonn “grúpa gnólachtaí infheistíochta” grúpa gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

    (21)

    ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais” cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear é i bpointe (23) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

    (22)

    ciallaíonn “seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta” seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe (2) Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (23)

    ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (36) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (24)

    ciallaíonn “comhlacht bainistíochta i mbun a fheidhme maoirseachta” an comhlacht bainistíochta ag gníomhú ina ról formhaoirseachta agus faireacháin ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta;

    (25)

    ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha” cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear é i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

    (26)

    ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha” máthairghnóthas, cé is moite de chuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta, institiúid creidmheasa, gnólacht infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de réir bhrí Threoir 2002/87/CE, a mbeidh gnólacht infheistíochta amháin ar a laghad mar fhochuideachtaí aici;

    (27)

    ciallaíonn “bainistíocht shinsearach” bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear é i bpointe (37)d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (28)

    ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a shainmhínítear é i bpointe (32) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (29)

    ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta mar a shainmhínítear é i bpointe (33) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

    (30)

    ciallaíonn “riosca sistéamach” riosca sistéamach mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 3(1)(10) de Threoir 2013/36/AE;

    (31)

    ciallaíonn “máthairghnólacht infheistíochta Aontais” máthairghnólacht infheistíochta Aontais mar a shainmhínítear é i bpointe (56) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;

    (32)

    ciallaíonn “máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais” máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais mar a shainmhínítear í i bpointe (57) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

    (33)

    ciallaíonn “máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais” máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais mar a shainmhínítear í i bpointe (58) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033.

    2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na sainmhínithe a leagtar amach i mír 1 a shoiléiriú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Treorach seo a áirithiú;

    (b)

    forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm.

    TEIDEAL II

    ÚDARÁIS INNIÚLA

    Airteagal 4

    Ainmniú agus cumhachtaí na n‐údarás inniúil

    1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a chomhlíonfaidh na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i Rialachán 9AE) 2019/2033. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚBE agus ÚEUM ar an eolas faoin ainmniú sin, agus i gcás ina mbeidh níos mó ná údarás inniúil amháin i gceist, cuirfidh siad ar an eolas iad faoi fheidhmeanna agus dualgais gach údaráis inniúil.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta, agus, más infheidhme, ar ghníomhaíochtaí cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla, lena n‐áirítear an chumhacht seiceálacha a dhéanamh ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 14, an fhaisnéis is gá a fháil lena mheasúnú an bhfuil ceanglais na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 á gcomhlíonadh ag gnólachtaí infheistíochta agus, más infheidhme, cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, agus imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar na ceanglais sin.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolas, na hacmhainní, an acmhainneacht oibríochtúil, na cumhachtaí agus an neamhspleáchas is gá ag na húdaráis inniúla chun na feidhmeanna a bhaineann leis an maoirseacht stuamachta, leis na himscrúduithe agus leis na smachtbhannaí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh.

    5.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dá n‐údaráis inniúla chun a mheasúnú an bhfuil na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 á gcomhlíonadh acu. Is trí shásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta na ngnólachtaí infheistíochta a chumasófar do na húdaráis inniúla chun a sheiceáil i gcónaí an bhfuil na forálacha sin á gcomhlíonadh acu.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnólachtaí infheistíochta gach idirbheart dá gcuid agus gach córas doiciméad agus próiseas atá faoi réir na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 a thaifeadadh ar mhodh ina bhféadfaidh na húdaráis inniúla a sheiceáil i gcónaí an bhfuil na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 á gcomhlíonadh.

    Airteagal 5

    Lánrogha na n‐údarás inniúil gnólachtaí infheistíochta áirithe a chur faoi réir cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fheidhmiú de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás gnólacht infheistíochta a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás inarb ionann agus EUR 5 bhilliún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnólachta infheistíochta nó ar mó ná EUR 5 bhilliún an luach iomlán sin, arna ríomh mar mheán na 12 mhí roimhe sin, agus ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

    (a)

    déanann an gnólacht infheistíochta na gníomhaíochtaí sin ar scála ar a bhféadfaí riosca sistéamach a bheith mar thoradh ar mhainneachtain nó ar anás gnólachta infheistíochta;

    (b)

    is comhalta imréitigh é gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

    (c)

    measann an t‐údarás inniúil go bhfuil bonn cirt leis i bhfianaise méid, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh agus ag féachaint do cheann amháin nó níos mó de na tosca seo a leanas:

    (i)

    tábhacht an ghnólachta infheistíochta do gheilleagar an Aontais nó don Bhallstát ábhartha;

    (ii)

    tábhacht ghníomhaíochtaí trasteorann an ghnólachta infheistíochta;

    (iii)

    idirnascacht an ghnólachta infheistíochta leis an gcóras airgeadais.

    2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochta, gnóthais chomh-infheistíochta nó gnóthais árachais.

    3.   I gcás ina gcinneann údarás inniúil ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fheidhmiú i gcás gnólacht infheistíochta i gcomhréir le mír 1, déanfar maoirseacht ar an ngnólacht infheistíochta sin maidir le comhlíonadh na gceanglas stuamachta faoi Theideal VII agus Teideal VIII de Threoir 2013/36/AE.

    4.   I gcás ina gcinneann údarás inniúil cinneadh a glacadh i gcomhréir le mír 1 a chúlghairm, cuirfidh sé sin in iúl don ghnólacht infheistíochta gan mhoill.

    Maidir le haon chinneadh a ghlacann údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, scoirfidh an cinneadh sin d'fheidhm a bheith aige i gcás nach mbaineann gnólacht infheistíochta an tairseach dá dtagraítear sa mhír sin amach a thuilleadh, arna ríomh thar thréimhse 12 mí as a chéile.

    5.   Cuirfidh na húdaráis inniúla aon chinneadh a ghlacfar de bhun mhíreanna 1, 3 agus 4 in iúl do ÚBE gan mhoill.

    6.   Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 a shonrú tuilleadh, agus áiritheoidh sé go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh tuilleadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Airteagal 6

    Comhordú laistigh de na Ballstáit

    1.   Comhoibreoidh údaráis inniúla go dlúth leis na húdaráis phoiblí nó leis na comhlachtaí atá freagrach ina mBallstát as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na húdaráis inniúla sin agus ar na húdaráis phoiblí nó na comhlachtaí sin aon fhaisnéis a mhalartú, gan mhoill, is gá nó is ábhartha chun a gcuid feidhmeanna agus dualgas a fheidhmiú.

    2.   Bunóidh údaráis inniúla atá neamhionann leo siúd atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 67 de Threoir 2014/65/AE sásra comhair leis na húdaráis sin agus sásra chun an fhaisnéis uile atá ábhartha maidir le feidhmiú a gcuid feidhmeanna agus dualgas faoi seach a mhalartú.

    Airteagal 7

    Comhar leis an gCóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais

    1.   Agus a gcuid dualgas á ndéanamh acu, cuirfidh na húdaráis inniúla cóineasú uirlisí maoirseachta agus cleachtas maoirseachta san áireamh i gcur i bhfeidhm na bhforálacha dlí arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE). 2019/2033

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

    (a)

    go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla, mar pháirtithe in CEMA, i gcomhar le chéile le hiontaoibh, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, go háirithe agus malartú faisnéise iomchuí, iontaofa, uileghabhálaí á áirithiú eatarthu féin agus idir páirtithe eile in CEMA;

    (b)

    go nglacfaidh na húdaráis inniúla páirt i ngníomhaíocht ÚBE, agus, de réir mar is iomchuí, i gcoláistí na maoirseoirí dá dtagraítear in Airteagal 48 den Treoir seo agus in Airteagal 116 de Threoir 2013/36/AE;

    (c)

    go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gach iarracht lena áirithiú go gcloífear leis na treoirlínte agus leis na moltaí arna n‐eisiúint ag ÚBE de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus freagairt do na rabhaidh agus do na moltaí arna n‐eisiúint ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

    (d)

    go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le BERS;

    (e)

    trí na cúraimí agus na cumhachtaí a thugtar do na húdaráis inniúla, nach gcuirfear cosc ar na húdaráis inniúla sin do chomhlíonadh a gcuid dualgas ina gcáil mar chomhaltaí de ÚBE nó de BERS, nó faoin Treoir seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033.

    Airteagal 8

    Gné mhaoirseachta an Aontais

    Tabharfaidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát, i bhfeidhmiú a ndualgas ginearálta, aird mar is cuí ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag a gcinntí ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit eile lena mbaineann agus san Aontas ina iomláine, go háirithe, in éigeandálaí, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil an tráth ábhartha.

    TEIDEAL III

    CAIPITEAL TOSAIGH

    Airteagal 9

    Caipiteal tosaigh

    1.   Is é EUR 750 000 caipiteal tosaigh gnólachta infheistíochta a cheanglaítear de bhun Airteagal 15 de Threoir 2014/65/AE chun údarú a fháil aon cheann de na seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó aon cheann de na gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

    2.   Is é EUR 75 000 caipiteal tosaigh gnólachta infheistíochta a cheanglaítear de bhun Airteagal 15 de Threoir 2014/65/AE chun údarú a fháil aon cheann de na seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó na gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh a liostaítear i bpointí (1), (2), (4), (5) agus (7) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ar gnólacht infheistíochta é nach gceadaítear dó airgead cliant ná urrúis ar leis a chliaint iad a shealbhú.

    3.   Is é EUR 150 000 caipiteal tosaigh gnólachta infheistíochta a cheanglaítear de bhun Airteagal 15 de Threoir 2014/65/AE le haghaidh gnólachtaí infheistíochta eile seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo.

    4.   Is é EUR 750 000 caipiteal tosaigh gnólachta infheistíochta atá údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a chur ar fáil nó an ghníomhaíocht infheistíochta a liostaítear i bpointe (9) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a dhéanamh, i gcás ina mbíonn an gnólacht infheistíochta sin ag déileáil ar a chuntas féin nó i gcás ina bhfuil cead aige déanamh amhlaidh.

    Airteagal 10

    Tagairtí do chaipiteal tosaigh i dTreoir 2013/36/AE

    Déanfar tagairtí do leibhéil caipitil tosaigh a leagtar amach in Airteagal 9 den Treoir seo a fhorléiriú, ón 26 Meitheamh 2021, mar thagairtí a ghabhann ionad na dtagairtí i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais do leibhéil caipitil tosaigh a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE, mar a leanas:

    (a)

    déanfar tagairtí do chaipiteal tosaigh na ngnólachtaí infheistíochta in Airteagal 28 de Threoir 2013/36/AE a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 9(1) den Treoir seo;

    (b)

    déanfar tagairtí do chaipiteal tosaigh gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 29 nó Airteagal 31 de Threoir 2013/36/AE a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 9(2), (3) nó (4) den Treoir seo, ag brath ar na cineálacha seirbhísí infheistíochta agus na ngníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta atá i gceist;

    (c)

    déanfar tagairtí do chaipiteal tosaigh in Airteagal 30 de Threoir 2013/36/AE a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 9(1) den Treoir seo.

    Airteagal 11

    Comhdhéanamh an chaipitil tosaigh

    Beidh caipiteal tosaigh gnólachta infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/2033.

    TEIDEAL IV

    MAOIRSEACHT STUAMACHTA

    CAIBIDIL 1

    Prionsabail na maoirseachta stuamachta

    ROINN 1

    INNIÚLACHTAÍ AGUS DUALGAIS NA MBALLSTÁT BAILE AGUS NA MBALLSTÁT ÓSTACH

    Airteagal 12

    Inniúlacht údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh

    Is iad údaráis inniúla an Bhallstáit baile a bheidh freagrach as an maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta, gan dochar do na forálacha sin sa Treoir seo lena dtugtar an fhreagrach d'údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh.

    Airteagal 13

    Comhar idir údaráis inniúla Ballstát éagsúil

    1.   Oibreoidh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i ndlúthchomhar le chéile chun críocha a ndualgas de bhun na Treorach seo agus Rialachán Uimh. 2019/2033, go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú faoi ghnólachtaí infheistíochta, gan mhoill, lena n‐áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    struchtúr bainistíochta agus úinéireachta an ghnólachta infheistíochta;

    (b)

    an gnólacht infheistíochta na ceanglais cistí dílse a chomhlíonadh;

    (c)

    ceanglais riosca chomhchruinnithe agus ceanglais leachtachta na gnólachta infheistíochta a bheith á gcomhlíonadh;

    (d)

    nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta agus sásraí rialaithe inmheánacha an ghnólachta infheistíochta;

    (e)

    aon ní eile is féidir a imreoidh tionchar ar an riosca a bhaineann leis an ngnólacht infheistíochta.

    2.   Tabharfaidh údaráis inniúla láithreach an Bhallstáit baile d'údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh aon fhaisnéis agus aon chonclúidí a bhaineann le haon fhadhbanna nó aon rioscaí féideartha a bhaineann le gnólacht infheistíochta i leith cosaint cliant nó cobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát óstach a shainaithneoidh siad agus iad i mbun maoirseacht ar ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta.

    3.   Gníomhóidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile i ndáil le haon faisnéis a thabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh dóibh, trí na bearta uile is gá a dhéanamh chun na fadhbanna nó na rioscaí féideartha dá dtagraítear i mír 2 a sheachaint nó a leigheas. Má iarrtar é, míneoidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar bhealach mionsonraithe d'údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh conas a chuir siad san áireamh an fhaisnéis agus na conclúidí a thug údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh.

    4.   I gcás, tar éis sholáthar na faisnéise agus na gconclúidí dá dtagraítear i mír 2, ina measfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh nach ndearna údaráis inniúla an Bhallstáit baile na bearta is gá dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, tar éis dóibh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, ÚBE agus ÚEUM a chur ar an eolas, bearta iomchuí a dhéanamh chun cliaint a chosaint a gcuirtear seirbhísí ar fáil dóibh nó chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint.

    Féadfaidh na húdaráis inniúla a chur ar aghaidh chuig ÚBE cásanna inar diúltaíodh d'iarraidh ar chomhar, go háirithe iarraidh maidir le faisnéis a mhalartú, nó nár tugadh aghaidh uirthi laistigh de thráth réasúnach. Gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ÚBE gníomhú, i dtaca leis na cásanna sin, i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Féadfaidh ÚBE cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla freisin teacht ar chomhaontú faoi fhaisnéis a mhalartú faoin Airteagal seo ar a thionscnamh féin i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 19(1) den Rialachán sin.

    5.   Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile nach n‐aontóidh le bearta údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, féadfaidh siad an cás a chur faoi bhráid ÚBE agus gníomhóidh ÚBE i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. I gcás ina ngníomhóidh ÚBE i gcomhréir leis an Airteagal sin, glacfaidh sé a chinneadh faoi cheann aon mhí amháin.

    6.   Chun críche measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll i bpointe (c)den chéad fhomhír d'Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát baile an ghnólachta infheistíochta faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil Bhallstát baile an chomhalta imréitigh faisnéis a chur ar fáil maidir leis tsamhail corrlaigh agus leis na paraiméadair a úsáidtear chun ceanglas corrlaigh an ghnólachta infheistíochta ábhartha a ríomh.

    7.   Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ceanglais maidir le cineál agus saghas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a shonrú.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    8.   Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú maidir leis na ceanglais comhroinnte faisnéise d'fhonn an mhaoirseacht ar ghnólachtaí infheistíochta a éascú.

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    9.   Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla dá dtagraítear i míreanna 7 agus 8 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

    Airteagal 14

    Seiceáil agus cigireacht ar an láthair ar bhrainsí atá lonnaithe i mBallstát eile

    1.   Déanfaidh na Ballstáit óstaigh foráil, i gcás ina ndéanfaidh gnólacht infheistíochta atá údaraithe i mBallstát eile a ghníomhaíochtaí trí bhrainse, go bhféadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, tar éis dóibh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar an eolas, seiceálacha ar an láthair a dhéanamh iad féin nó trí idirghabhálaithe a cheapfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile chun na críche sin, ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus cigireacht a dhéanamh ar bhrainsí den sórt sin.

    2.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile, chun críoch maoirseachta agus i gcás ina measfaidh siad go bhfuil sé ábhartha i leith chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát baile, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh de réir an cháis ar na gníomhaíochtaí a dhéanann brainsí de ghnólachtaí infheistíochta ar a gcríoch agus faisnéis a éileamh ar bhrainse faoina ghníomhaíochtaí.

    Sula ndéanfaidh siad seiceálacha agus cigireachtaí den sórt sin, rachaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh i gcomhairle, gan mhoill, le húdaráis inniúla an Bhallstáit baile.

    A luaithe is féidir tar éis dóibh na seiceálacha agus na cigireachtaí sin a dhéanamh, tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an fhaisnéis a fuarthas agus na torthaí is ábhartha maidir le measúnú riosca an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann, tabharfaidh siad an fhaisnéis sin a fuarthas agus na torthaí sin d'údaráis inniúla an Bhallstáit baile.

    ROINN 2

    RÚNDACHT GHAIRMIÚIL AGUS AN DUALGAS TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH

    Airteagal 15

    Rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise rúnda

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla agus na daoine uile a oibríonn do na húdaráis sin nó a d'oibrigh dóibh, lena n‐áirítear na daoine dá dtagraítear in Airteagal 76(1) de Threoir 2014/65/AE, go mbeidh siad faoi cheanglas oibleagáid na rúndachta gairmiúla chun críocha na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033.

    Ní fhéadfar faisnéis rúnda a gheobhaidh na húdaráis inniúla agus na daoine sin agus iad i mbun a ndualgas a nochtadh ach go hachomair nó i gcomhiomlán agus ar choinníoll nach féidir gnólachtaí infheistíochta aonair ná daoine aonair a shainaithint, gan dochar do chásanna atá cumhdaithe ag an dlí coiriúil.

    I gcás inar dearbhaíodh go bhfuil an gnólacht infheistíochta féimheach nó i gcás ina mbeidh sé á fhoirceannadh go héigeantach, féadfar faisnéis rúnda nach mbaineann le tríú páirtithe a nochtadh in imeachtaí sibhialta nó tráchtála más gá an nochtadh sin chun na himeachtaí sin a chur i gcrích.

    2.   Ní úsáidfidh údaráis inniúla an fhaisnéis rúnda a bailíodh, a malartaíodh nó a tarchuireadh de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 ach chun a ndualgais a dhéanamh agus go háirithe chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    an mhaoirseacht ar rialacha stuamachta a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2033;

    (b)

    chun smachtbhannaí a fhorchur;

    (c)

    in achomhairc riaracháin i gcoinne cinntí ó na húdaráis inniúla;

    (d)

    in imeachtaí cúirte arna dtionscnamh faoi Airteagal 23.

    3.   Na daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus comhlachtaí eile, diomaite de na húdaráis inniúla, a gheobhaidh faisnéis rúnda de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 ní úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach chun na gcríoch dá bhforálann an t‐údarás inniúil go sainráite nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    4.   Féadfaidh údaráis inniúla faisnéis rúnda a mhalartú chun críocha mhír 2 agus féadfaidh siad a dhearbhú go sainráite conas atáthar leis an bhfaisnéis sin a láimhseáil agus féadfaidh siad srian a chur go sainráite le haon tarchur breise den fhaisnéis sin.

    5.   Leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1, ní chuirfear cosc le húdaráis inniúil faisnéis rúnda a tharchur chuig an gCoimisiún nuair a bheidh gá leis an bhfaisnéis sin chun cumhachtaí an Choimisiún a fheidhmiú.

    6.   Féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a thabhairt do ÚBE, ÚEUM agus BERS, bainc cheannais na mBallstát, an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus an Banc Ceannais Eorpach, ina gcáil údaráis airgeadaíochta, agus, más iomchuí, do na húdaráis phoiblí a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta agus réitigh, i gcás ina mbeidh gá leis an bhfaisnéis sin chun a gcúraimí a dhéanamh.

    Airteagal 16

    Socruithe comhair le tríú tíortha chun faisnéis a mhalartú

    Chun a gcúraimí maoirseachta a dhéanamh de bhun na Treorach seo nó Rialachán (AE) 2019/2033, agus d'fhonn faisnéis a mhalartú, ní fhéadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, ÚBE agus ÚEUM, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, de réir mar is infheidhme, socruithe comhair a thabhairt i gcrích le húdaráis maoirseachta tríú tíortha ná le húdaráis nó comhlachtaí tríú tíortha atá freagrach as na cúraimí seo a leanas, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis a nochtar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach, ar a laghad, leis na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Treoir seo:

    (a)

    maoirseacht ar institiúidí airgeadais agus margaí airgeadais, lena n‐áirítear maoirseacht ar eintitis airgeadais ag a bhfuil ceadúnas chun oibriú mar chontrapháirtithe lárnacha, i gcás inar aithníodh contrapháirtithe lárnacha faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

    (b)

    leachtú agus féimheacht gnólachtaí infheistíochta agus nósanna imeachta comhchosúla;

    (c)

    mhaoirsiú na gcomhlachtaí a bhfuil páirt acu i leachtú agus i bhféimheacht gnólachtaí infheistíochta agus i nósanna imeachta comhchosúla;

    (d)

    iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar institiúidí airgeadais nó institiúidí a riarann scéimeanna cúitimh;

    (e)

    maoirsiú daoine a bhfuil sé de chúram orthu iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar chuntais institiúidí airgeadais;

    (f)

    maoirsiú daoine atá gníomhach i margaí lamháltas astaíochtaí chun a áirithiú go mbeidh forléargas comhdhlúite ann ar mhargaí airgeadais agus ar spotmhargaí;

    (g)

    maoirsiú daoine atá gníomhach i margaí díorthach tráchtearraí talmhaíochta chun a áirithiú go mbeidh forléargas comhdhlúite ann ar mhargaí airgeadais agus ar spotmhargaí.

    Airteagal 17

    Dualgais daoine a bhfuil sé de chúram orthu cuntais bhliantúla agus chomhdhlúite a rialú

    Forálfaidh na Ballstáit, maidir le haon duine atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus a dhéanann, i ngnólacht infheistíochta, na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE nó in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE, nó a dhéanann aon chúram reachtúil eile, go mbeidh sé de dhualgas air nó uirthi tuairisciú go pras do na húdaráis inniúla faoi aon fhíoras nó faoi aon chinneadh maidir leis an ngnólacht infheistíochta sin, nó maidir le gnóthas a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht infheistíochta sin:

    (a)

    ar sárú ábhartha é ar na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin a leagtar síos de bhun na Treorach seo;

    (b)

    a bhféadfadh sé go ndéanfadh sé difear d'fheidhmiú leanúnach an ghnólachta infheistíochta; nó

    (c)

    a bhféadfadh sé go mbeadh diúltú na cuntais a dheimhniú mar thoradh air nó ar féidir agúis a chur in iúl a bheith mar thoradh air

    ROINN 3

    Smachtbhannaí, cumhachtaí imscrúdúcháin agus an ceart chun achomhairc

    Airteagal 18

    Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile

    1.   Gan dochar do na cumhachtaí maoirseachta dá dtagraítear i Roinn 4 de Chaibidil 2 de Theideal IV den Treoir seo, lena n‐áirítear cumhachtaí imscrúdaitheachta agus cumhachtaí na n‐údarás inniúil leigheasanna a fhorchur, agus ceart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile agus áiritheoidh siad go mbeidh an chumhacht ag a n‐údaráis inniúla smachtbhannaí agus bearta den sórt sin a fhorchur i dtaca le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus ar Rialachán (AE) 2019/2033, lena n‐áirítear i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir le gnólacht infheistíochta:

    (a)

    mainníonn sé socruithe rialachais inmheánacha a leagtar amach in Airteagal 26 a chur ar bun;

    (b)

    mainníonn sé faisnéis a thuairisciú do na húdaráis inniúla faoi chomhlíonadh na hoibleagáide maidir le ceanglais cistí dílse a shásamh a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán 2019/2033, nó soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn faoin méid sin dóibh, de shárú ar phointe (b) d'Airteagal 54(1) den Rialachán sin;

    (c)

    mainníonn sé, de shárú ar Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/2033, faisnéis a thuairisciú do na húdaráis inniúla faoi riosca comhchruinnithe nó soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn dóibh;

    (d)

    téann sé faoi riosca comhchruinnithe os cionn na dteorainneacha a leagtar amach in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2019/2033, gan dochar d'Airteagail 38 agus 39 den Rialachán sin;

    (e)

    mainníonn sé go rialta nó ar bhonn leanúnach sócmhainní leachtacha a shealbhú de shárú ar Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2019/2033, gan dochar d'Airteagal 44 den Rialachán sin;

    (f)

    mainníonn sé faisnéis a nochtadh, nó soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn, de shárú ar na forálacha a leagtar amach i gCuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;

    (g)

    déanann sé íocaíochtaí le sealbhóirí ionstraimí atá ar áireamh i gcistí dílse an ghnólachta infheistíochta i gcás ina gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 28, 52 nó 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí atá ar áireamh i gcistí dílse;

    (h)

    faightear faoi dhliteanas é i leith sárú tromchúiseach ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

    (i)

    ceadaíonn sé do dhuine amháin nó níos mó nach gcomhlíonann Airteagal 91 de Threoir 2013/36/AE éirí ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht bainistíochta nó fanacht ina chomhalta nó ina comhalta de.

    Na Ballstáit nach leagfaidh síos rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin i leith sáruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta, cuirfidh siad forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.

    Beidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    2.   Ar na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, beidh an méid seo a leanas:

    (a)

    ráiteas poiblí ina saineofar an duine nádúrtha nó dlítheanach, an gnólacht infheistíochta, an chuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá freagrach agus cineál an tsáraithe;

    (b)

    ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

    (c)

    cosc sealadach ar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta nó aon daoine nádúrtha eile, a chinntear a bheith freagrach, feidhmeanna a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta;

    (d)

    i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le 10 % den ghlanláimhdeachas bliantúil, lena n‐áirítear an t‐ollioncam arb éard atá ann an t‐ús infhála agus ioncam comhchosúil, ioncam ó scaireanna agus urrúis athraitheacha nó toraidh sheasta eile, agus coimisiúin nó táillí de chuid an ghnóthais a fuarthas an bhliain ghnó roimhe sin;

    (e)

    i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú i gcás inar féidir na caillteanais agus na brabúis sin a chinneadh;

    (f)

    i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le EUR 5 000 000 nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 25 Nollaig 2019.

    I gcás inar fochuideachta an gnóthas dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, is éard a bheidh san ollioncam ábhartha an t‐ollioncam de réir chuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain ghnó roimhe sin.

    Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina sáraíonn gnólacht infheistíochta forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo nó ina sáraíonn sé forálacha Rialachán (AE) 2019/2033, go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil smachtbhannaí riaracháin a ghearradh ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar dhaoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú de réir an dlí náisiúnta.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta, agus iad ag socrú chineál na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart riaracháin eile dá dtagraítear i mír 1 agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin airgid, go gcuirfidh siad san áireamh na himthosca ábhartha uile, lena n‐áirítear, más iomchuí:

    (a)

    tromchúis an tsáraithe agus a fhad a mhair sé;

    (b)

    méid freagrachta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú;

    (c)

    acmhainn airgeadais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú, lena n‐áirítear láimhdeachas iomlán daoine dlítheanacha nó ioncam bliantúil daoine nádúrtha;

    (d)

    a thábhachtaí atá na brabúis a ghnóthaigh nó na caillteanais a sheachain na daoine dlítheanacha atá freagrach as an sárú;

    (e)

    aon chaillteanais a thabhaigh tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe;

    (f)

    leibhéal an chomhoibrithe leis na húdaráis inniúla ábhartha;

    (g)

    sáruithe a rinne na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú roimhe sin;

    (h)

    aon iarmhairtí sistéamacha féideartha de thoradh an tsáraithe.

    Airteagal 19

    Cumhachtaí imscrúdúcháin

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí bailithe sonraí uile agus imscrúdúcháin is gá ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna a dhéanamh, lena n‐áirítear:

    (a)

    an chumhacht faisnéis a éileamh ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas:

    (i)

    gnólachtaí infheistíochta atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

    (ii)

    cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

    (iii)

    cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

    (iv)

    cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha atá lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann;

    (v)

    daoine a bhaineann leis na heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv);

    (vi)

    tríú páirtithe ar sheachfhoinsigh na heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla chucu;

    (b)

    an chumhacht na himscrúduithe uile is gá a dhéanamh ar aon duine dá dtagraítear i bpointe (a) atá bunaithe nó lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann, lena n‐áirítear an ceart:

    (i)

    a cheangal ar na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) doiciméid a chur isteach;

    (ii)

    chun leabhair chuntais agus taifid na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu;

    (iii)

    chun mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) nó óna n‐ionadaithe nó óna bhfoireann;

    (iv)

    chun agallamh a chur ar aon duine ábhartha chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

    (c)

    an chumhacht na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus áitreabh aon ghnóthas eile atá san áireamh sa mhaoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil ghrúpa, i gcás inarb é an t‐údarás inniúil maoirseoir an ghrúpa, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré d'údaráis inniúla eile lena mbaineann.

    Airteagal 20

    Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh údaráis inniúla ar a suíomh gréasáin oifigiúil, gan aon mhoill mhíchuí, aon smachtbhannaí riaracháin agus aon bhearta riaracháin eile a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 18 agus nach bhfuil achomharc déanta ina gcoinne nó nach féidir achomharc a dhéanamh ina gcoinne a thuilleadh. San fhoilsiú sin, beidh faisnéis faoi chineál agus saghas an tsáraithe agus céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar forchuireadh an smachtbhanna nó a ndearnadh an beart ina choinne. Ní fhoilseofar an fhaisnéis go dtí go gcuirfear an duine sin ar an eolas faoi na smachtbhannaí agus na bearta sin agus ní dhéanfar é ach a mhéid agus a bheidh an foilsiú sin riachtanach agus comhréireach.

    2.   I gcás ina gceadóidh na Ballstáit foilsiú smachtbhannaí riaracháin nó beart riaracháin eile a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 18, agus a ndearnadh achomharc ina gcoinne, foilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi stádas agus toradh an achomhairc ar a suíomh gréasáin oifigiúil freisin.

    3.   Foilseoidh na húdaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin nó na bearta riaracháin eile a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 18 gan ainm a lua leo in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

    (a)

    forchuireadh an smachtbhanna nó an beart ar dhuine dlítheanach agus fuarthas go mbeadh foilsiú shonraí an duine sin díréireach;

    (b)

    leis an bhfoilsiú, chuirfí imscrúdú coiriúil atá ar siúl nó cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

    (c)

    leis an bhfoilsiú, dhéanfaí foilsiú dochar díréireach do na gnólachtaí infheistíochta nó do na daoine nádúrtha lena mbaineann.

    4.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcoinneofar an fhaisnéis a fhoilseofar de bhun an Airteagail seo ar a suíomh gréasáin oifigiúil ar feadh cúig bliana ar a laghad. Is sa chás inar ceadmhach sin de réir na rialacha cosanta sonraí is infheidhme, agus sa chás sin amháin, a fhéadfar sonraí pearsanta a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil.

    Airteagal 21

    Smachtbhannaí a thuairisciú do ÚBE

    Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchuirfear de bhun Airteagal 18, faoi aon achomharc i gcoinne na smachtbhannaí nó na mbeart riaracháin eile sin agus faoi thoradh an achomhairc sin. Is chun críche malartú faisnéise idir údaráis inniúla, agus chun na críche sin amháin, a choinneoidh ÚBE bunachar sonraí lárnach ar bun ina mbeidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile a cuireadh in iúl dó. Is ag na húdaráis inniúla agus ag ÚEUM amháin a bheidh rochtain ar an mbunachar sonraí sin agus nuashonrófar é go tráthrialta, agus uair sa bhliain ar a laghad.

    Coinneoidh ÚBE suíomh gréasáin ar bun ar a mbeidh naisc chuig foilsiú na smachtbhannaí riaracháin agus na mbeart riaracháin eile arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 18 a dhéanfaidh gach údarás inniúil agus luafar air an tréimhse feadh a mbíonn smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile foilsithe ag gach Ballstát.

    Airteagal 22

    Sáruithe a thuairisciú

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis inniúla sásraí éifeachtacha iontaofa chun tuairisciú pras do na húdaráis inniúla a chumasú maidir le sáruithe a rinneadh nó a d'fhéadfaí a dhéanamh ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus ar Rialachán (AE) 2019/2033.

    Áireofar an méid seo a leanas sna sásraí sin:

    (a)

    nósanna imeachta sonracha maidir le tuarascálacha den sórt sin a fháil, a láimhseáil agus obair leantach a dhéanamh ina leith, lena n‐áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú;

    (b)

    cosaint iomchuí ar fhrithbheartaíocht, idirdhealú nó cineálacha eile beart éagórach a dhéanann an gnólacht infheistíochta ar fhostaithe gnólachtaí infheistíochta a thuairiscíonn sáruithe a rinneadh laistigh den ghnólacht infheistíochta;

    (c)

    cosaint shonraí pearsanta an duine a thuairiscigh an sárú agus an duine nádúrtha a líomhnaítear a bheith freagrach as an sárú sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679;

    (d)

    rialacha soiléire a áiritheoidh go ráthófar an rúndacht i ngach cás i ndáil leis an duine a thuairiscigh na sáruithe a rinneadh laistigh den ghnólacht infheistíochta, mura gceanglófar an nochtadh de réir an dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe breise nó imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha ina dhiaidh sin.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta nósanna imeachta iomchuí a bheith i bhfeidhm dá gcuid fostaithe chun a bheith in ann sáruithe a thuairisciú go hinmheánach trí bhealach sonrach neamhspleách. Féadfaidh na comhpháirtithe sóisialta foráil a dhéanamh maidir leis na nósanna imeachta sin ar choinníoll go mbeidh an chosaint chéanna dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 1 le fáil trí na nósanna imeachta sin.

    Airteagal 23

    Ceart achomhairc

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cinntí agus na bearta arna ndéanamh de bhun Rialachán (AE) 2019/2033 nó de bhun forálacha reachtaíochta, rialúchán agus riaracháin arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir seo faoi réir ceart achomhairc.

    CAIBIDIL 2

    An próiseas athbhreithnithe

    ROINN 1

    AN PRÓISEAS INMHEÁNACH MEASÚNAITHE AR LEORDHÓTHANACHT CAIPITIL AGUS AN PRÓISEAS INMHEÁNACH MEASÚNAITHE AR RIOSCA

    Airteagal 24

    Caipiteal inmheánach agus sócmhainní leachtacha

    1.   Beidh socruithe, straitéisí agus próisis a bheidh fónta éifeachtach cuimsitheach i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 chun méideanna, cineálacha agus dáileachán an chaipitil inmheánaigh agus na sócmhainní leachtacha a mheasúnú agus a choinneáil ar bhonn leantach, ar caipiteal é agus ar sócmhainní iad a mheasann siad a bheith leordhóthanach chun cineál agus leibhéal na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo do pháirtithe eile agus a bhfuil na gnólachtaí infheistíochta féin ar a neamhchosaint orthu nó ar féidir go mbeidh siad ar a neamhchosaint orthu a chumhdach.

    2.   Beidh na socruithe, na straitéisí agus na próisis dá dtagraítear i mír 1 iomchuí agus comhréireach le cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann. Beidh siad faoi réir athbhreithniú inmheánach.

    Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 na ceanglais dá bhforáiltear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm a mhéid a mheasann na húdaráis inniúla gurb iomchuí sin a dhéanamh.

    ROINN 2

    RIALACHAS INMHEÁNACH, TRÉDHEARCACHT, LÁIMHSEÁIL RIOSCAÍ AGUS LUACH SAOTHAIR

    Airteagal 25

    Raon feidhme chur i bhfeidhm na Roinne seo

    1.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo i gcás, ar bhonn Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, ina gcinneann gnólacht infheistíochta go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile chun cáiliú mar ghnólacht beag neamh-idirnasctha a leagtar amach ann.

    2.   I gcás gnólacht infheistíochta nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 comhlíonta aige ach a chomhlíonann ina dhiaidh sin iad, scoirfidh an Roinn seo d'fheidhm a bheith aici tar éis tréimhse sé mhí ón dáta a gcomhlíontar na coinníollacha sin. Ní scoirfidh an Roinn seo d'fheidhm a bheith aici maidir le gnólacht infheistíochta tar éis na tréimhse sin, ach amháin i gcás ina leanann an gnólacht infheistíochta de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 a chomhlíonadh gan bhriseadh le linn na tréimhse sin agus i gcás ina bhfuil fógra tugtha aige don údarás inniúil dá réir sin.

    3.   I gcás ina gcinnfidh gnólacht infheistíochta nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil agus comhlíonfaidh sé an Roinn seo laistigh de 12 mhí ón dáta a ndearnadh an measúnú sin.

    4.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta na forálacha a leagtar síos in Airteagal 32 a chur i bhfeidhm maidir le luach saothair a thabharfar as seirbhísí a soláthraíodh nó as feidhmíocht sa bhliain airgeadais tar éis na bliana airgeadais ina ndearnadh an measúnú dá dtagraítear i mír 3.

    I gcás ina mbíonn feidhm ag an Roinn seo agus ina gcuirtear Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/2033 i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Roinn seo i bhfeidhm ar bhonn aonair maidir le gnólachtaí infheistíochta.

    I gcás ina bhfuil feidhm ag an Roinn seo agus ina gcuirtear comhdhlúthú stuama dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/2033 i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Roinn seo i bhfeidhm ar bhonn aonair comhdhlúite maidir le gnólachtaí infheistíochta.

    De mhaolú ar an tríú fomhír, ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le foghnóthais a chuimsítear sa staid chomhdhlúite stuamachta, agus atá bunaithe i dtríú tíortha, i gcás inar féidir leis an máthairghnóthas san Aontas a léiriú do na húdaráis inniúla go bhfuil cur i bhfeidhm na Roinne seo neamhdhleathach de réir dhlíthe an tríú tír ina bhfuil na foghnóthais sin bunaithe.

    Airteagal 26

    Rialachas inmheánach

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh socruithe rialachais láidre ag na gnólachtaí infheistíochta, lena n‐áirítear gach ceann de na socruithe seo a leanas:

    (a)

    struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha comhsheasmhacha;

    (b)

    próisis éifeachtacha chun na rioscaí a mbeidh nó a d'fhéadfadh go mbeadh na gnólachtaí infheistíochta ar a neamhchosaint orthu, nó na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo do pháirtithe eile, a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu;

    (c)

    sásraí iomchuí um rialú inmheánach, lena n‐áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta;

    (d)

    beartais agus cleachtais luacha saothair atá comhsheasmhach le bainistiú riosca fónta éifeachtach agus a chuireann chun cinn é.

    Beidh na beartais agus cleachtais luacha saothair dá dtagraítear i bpointe (d) sa chéad fhomhír inscne-neodrach.

    2.   Nuair a bheifear ag bunú na socruithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfear san áireamh na critéir a leagtar amach in Airteagail 28 go 33.

    3.   Beidh na socruithe dá dtagraítear i mír 1 iomchuí agus comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí ar cuid iad de shamhail ghnó agus de ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta.

    4.   Eiseoidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na socruithe rialachais dá dtagraítear i mír 1.

    Eiseoidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le beartais luacha saothair inscne-neodracha do ghnólachtaí infheistíochta.

    Faoi cheann dhá bhliain ón dáta a bhfoilseofar na treoirlínte sin, eiseoidh ÚBE tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na mbeartas luacha saothair inscne-neodrach ag gnólachtaí infheistíochta ar bhonn na faisnéise a bhaileoidh na húdaráis inniúla.

    Airteagal 27

    Tuairisciú de réir tíre

    1.   Maidir le gnólachtaí infheistíochta ag a bhfuil brainse nó fochuideachta ar institiúid airgeadais é nó í mar a shainmhínítear sin i bpointe (26) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i mBallstát nó i dtríú tír seachas an ceann sin inar deonaíodh údarú an ghnólachta infheistíochta, cuirfidh na Ballstáit de cheangal orthu go nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar bhonn bliantúil de réir Ballstáit agus tríú tír:

    (a)

    ainm agus áit aon fhochuideachtaí agus brainsí agus cineál a ngníomhaíochtaí;

    (b)

    láimhdeachas;

    (c)

    líon na bhfostaithe ag obair ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha;

    (d)

    brabús nó caillteanas roimh cháin;

    (e)

    cáin ar an mbrabús nó ar an gcaillteanas;

    (f)

    na fóirdheontais phoiblí a fuarthas.

    2.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a iniúchadh i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE agus, más féidir, cuirfear í mar iarscríbhinn leis na ráitis airgeadais bhliantúla nó, más infheidhme, le ráitis airgeadais bhliantúla an ghnólachta infheistíochta sin.

    Airteagal 28

    An ról atá ag an gcomhlacht bainistíochta i mbainistiú riosca

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhformheasfaidh comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta agus go n‐athbhreithneoidh sé go tráthrialta na straitéisí agus na beartais maidir le fonn riosca an ghnólachta infheistíochta sin agus maidir le bainistiú, faireachán agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhfuil nó is féidir a mbeidh an gnólacht infheistíochta ar a neamhchosaint orthu, agus iad ag cur san áireamh an timpeallacht maicreacnamaíochta agus timthriall gnó an ghnólachta infheistíochta.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcaithfidh an bord bainistíochta a dhóthain ama ar a áirithiú go gcuirfear san áireamh go hiomchuí na gnóthaí dá dtagraítear i mír 1 agus gur leor na hacmhainní a shannfaidh sé do bhainistiú na rioscaí ábhartha uile a bhfuil an gnólacht infheistíochta ar a neamhchosaint orthu.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na gnólachtaí infheistíochta línte tuairiscithe leis an gcomhlacht bainistíochta le haghaidh na rioscaí ábhartha uile agus na mbeartas bainistithe riosca uile agus aon athruithe a thiocfaidh orthu.

    4.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta sin uile nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 32(4) coiste riosca a bhunú ina mbeidh comhaltaí den chomhlacht bainistíochta nach bhfeidhmíonn aon fheidhm feidhmiúcháin sa ghnólacht infheistíochta lena mbaineann.

    Beidh an t‐eolas, na scileanna agus an saineolas iomchuí ag comhaltaí an choiste riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun straitéis riosca agus fonn riosca an ghnólachta infheistíochta a thuiscint go hiomlán, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu. Áireoidh siad go dtabharfaidh an coiste riosca comhairle don chomhlacht bainistíochta faoi fhonn riosca agus straitéis riosca an ghnólachta infheistíochta san am i láthair agus sa todhchaí agus go dtabharfaidh sé cúnamh don chomhlacht bainistíochta maoirsiú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme a dhéanfaidh an lucht bainistíochta sinsearach ar an straitéis sin. Coinneoidh an comhlacht bainistíochta an fhreagracht fhoriomlán as straitéisí agus beartais riosca an ghnólachta infheistíochta.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag an gcomhlacht bainistíochta, ina cháil maoirseoireachta, agus ag coiste riosca an chomhlachta bainistíochta sin, i gcás inar bunaíodh coiste riosca, ar an bhfaisnéis faoi na rioscaí a bhfuil nó is féidir a mbeidh an gnólacht infheistíochta ar ris orthu, nó a bhféadfadh siad a bheith ar ris orthu.

    Airteagal 29

    Rioscaí a láimhseáil

    1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh straitéisí, beartais, próisis agus córais láidre ag na gnólachtaí infheistíochta chun na nithe seo a leanas a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu:

    (a)

    foinsí ábhartha agus éifeachtaí riosca ar chliaint agus aon tionchar ábhartha ar chistí dílse;

    (b)

    foinsí ábhartha agus éifeachtaí riosca ar an margadh agus aon tionchar ábhartha ar chistí dílse;

    (c)

    foinsí agus éifeachtaí ábhartha riosca don ghnólacht infheistíochta, go háirithe na rioscaí sin ar féidir leo leibhéal na gcistí dílse atá ar fáil a ídiú;

    (d)

    an riosca leachtachta le linn tacar iomchuí tréimhsí ama, lena n‐áirítear tréimhsí ionlae, chun a áirithiú go gcoinneoidh an gnólacht infheistíochta leibhéil leordhóthanacha acmhainní leachtacha, lena n‐áirítear chun aghaidh a thabhairt ar fhoinsí ábhartha rioscaí faoi phointí (a), (b) agus (c).

    Beidh na straitéisí, na próisis agus na córais comhréireach le castacht, próifíl riosca agus raon feidhme oibríochta an ghnólachta infheistíochta agus leis an lamháltas riosca arna shocrú ag an gcomhlacht bainistíochta, agus léireoidh siad a thábhachtaí atá an gnólacht infheistíochta i ngach Ballstát ina ndéanann sé gnó.

    Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír agus an dara fomhír, thabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar an dlí náisiúnta lena rialaítear leithscaradh is infheidhme d'airgead an chliaint.

    Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, measfaidh gnólachtaí infheistíochta gur uirlis éifeachtach chun rioscaí a bhainistiú é árachas slánaíochta gairmiúla a shealbhú.

    Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, áireofar i bhfoinsí ábhartha riosca don ghnólacht infheistíochta féin, más ábhartha, athruithe ábhartha ar luach na sócmhainní de réir na leabhar, lena n‐áirítear aon éilimh ar ghníomhairí faoi cheangal, cliseadh cliant nó contrapháirtithe, seasaimh in ionstraimí airgeadais, airgeadraí eachtracha agus tráchtearraí, agus oibleagáidí do scéimeanna sochar sainithe pinsin.

    Tabharfaidh gnólachtaí infheistíochta aird chuí ar aon tionchar ábhartha ar chistí dílse i gcás nach gcuimsítear rioscaí den sórt sin go hiomchuí leis na ceanglais cistí dílse arna ríomh faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033.

    2.   I gcás inar gá do gnólachtaí infheistíochta clabhsúr a chur ar a ngníomhaíochtaí nó scor díobh, cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta, agus inmharthanacht agus inbhuanaitheacht a gcuid samhlacha agus straitéisí gnó á gcur san áireamh, aird chuí a thabhairt ar na ceanglais agus na hacmhainní riachtanacha atá réalaíoch, i dtéarmaí amscála agus cistí dílse agus acmhainní leachtacha a chothabháil, le linn an phróisis ar fad den imeacht ón margadh.

    3.   De mhaolú ar Airteagal 25, beidh feidhm ag pointí (a), (c) agus (d) de mhír 1 den Airteagal seo maidir leis na gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonfaidh na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033.

    4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun a áirithiú go mbeidh straitéisí, beartais, próisis agus córais gnólachtaí infheistíochta láidir. Ar an dóigh sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí sna margaí airgeadais, agus, go háirithe, teacht chun cinn táirgí airgeadais nua, forbairtí sna caighdeáin chuntasaíochta agus forbairtí a éascóidh cóineasú na gcleachtas maoirseachta.

    Airteagal 30

    Beartais luacha saothair

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta, agus iad ag leagan síos agus ag cur i bhfeidhm a mbeartas luacha saothair do chatagóirí foirne, lena n‐áirítear bainistíocht shinsearach, fiontraithe, baill foirne atá i mbun feidhmeanna rialúcháin agus d'aon fhostaí a fhaigheann luach saothair foriomlán atá cothrom leis an luach saothair is ísle a fhaigheann an bhainistíocht shinsearach nó na fiontraithe ar a laghad, a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó na sócmhainní a bhainistíonn sé, go ndéanfaidh siad na prionsabail seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)

    déantar an beartas luacha saothair a dhoiciméadú go soiléir agus tá sé comhréireach le méid, eagar inmheánach agus cineál, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta;

    (b)

    tá an beartas luach saothair inscne-neodrach;

    (c)

    tá an beartas luacha saothair comhsheasmhach le bainistiú riosca fónta éifeachtach agus chuireann sé sin chun cinn;

    (d)

    tá an beartas luacha saothair ag teacht le straitéis ghnó agus le cuspóirí an ghnólachta infheistíochta, agus cuirtear san áireamh ann freisin éifeachtaí fadtéarmacha na gcinntí infheistíochta a glacadh;

    (e)

    tá bearta sa bheartas luacha saothair chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, spreagtar sé iompraíocht ghnó fhreagrach agus cuireann sé glacadh riosca stuama chun cinn;

    (f)

    glacann comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta, ina cháil maoirseoireachta, an beartas luacha saothair agus athbhreithníonn sé é go tréimhsiúil agus is air atá sé de chúram maoirsiú a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

    (g)

    tá cur chun feidhme an bheartais luacha saothair faoi réir athbhreithniú lárnach neamhspleách de réir feidhmeanna rialúcháin, ar bhonn bliantúil ar a laghad;

    (h)

    tá na baill foirne atá i mbun feidhmeanna rialúcháin neamhspleách ar na haonaid ghnó ar a ndéanann siad maoirsiú, tá údarás iomchuí acu, agus tugtar luach saothair dóibh i gcomhréir le gnóthú na gcuspóirí a bhaineann lena bhfeidhmeanna, gan beann ar fheidhmíocht na réimsí gnó a rialaíonn siad;

    (i)

    déanann an coiste luacha saothair dá dtagraítear in Airteagal 33 nó, murar bunaíodh coiste den chineál sin, an comhlacht bainistíochta i gcáil maoirseora, maoirseacht dhíreach ar luach saothair oifigeach sinsearach atá i mbun fheidhmeanna an bhainistithe riosca agus an chomhlíonta;

    (j)

    tá idirdhealú soiléir déanta sa bheartas luacha saothair, agus rialacha náisiúnta maidir le socrú tuarastail á gcur san áireamh, idir na critéir a úsáidtear chun an méid seo a leanas a chinneadh:

    (i)

    luach saothair bunúsach seasta ar léiriú é go príomha ar thaithí ghairmiúil agus ar fhreagracht eagrúcháin mar a leagtar sin amach sa tuairisc ar phost an fhostaí mar chuid dá théarmaí oibre;

    (ii)

    luach saothair inathraithe ar léiriú é ar fheidhmíocht inbhuanaithe agus riosca‐choigeartaithe an fhostaí, chomh maith leis an bhfeidhmíocht os cionn na tuairisce ar phost an fhostaí.

    (k)

    tá an chomhpháirt sheasta ina cuid leordhóthanach den luach saothair iomlán chun gur féidir beartas lán-solúbtha a chur i bhfeidhm maidir leis na comhpháirteanna luacha saothair inathraithe, lena n‐airítear an deis a bheith ann gan aon comhpháirt luacha saothair inathraithe a íoc.

    2.   Chun críocha phointe (k) de mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go socróidh na gnólachtaí infheistíochta na cóimheasa iomchuí idir an chomhpháirt athraitheach agus an chomhpháirt sheasta den luach saothair iomlán ina mbeartais luacha saothair, ag cur san áireamh gníomhaíochtaí gnó an ghnólachta infheistíochta agus na rioscaí a bhaineann leo, chomh maith leis an tionchar a imríonn na catagóirí éagsúla foirne dá dtagraítear i mír 1 ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta na prionsabail dá dtagraítear i mír 1 a bhunú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach a bheidh oiriúnach dá méid, dá n‐eagrúchán inmheánach agus do chineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí.

    4.   Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun critéir iomchuí a shonrú chun na catagóirí foirne a shainaithint a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Tabharfaidh ÚBE agus ÚEUM aird chuí ar Mholadh 2009/384/CE ón gCoimisiún (26) chomh maith le treoirlínte reatha luacha saothair de bhun Threoracha 2009/65/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE, agus beidh sé d'aidhm acu an éagsúlacht leis na forálacha atá ann cheana a íoslaghdú.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Airteagal 31

    Gnólachtaí infheistíochta a bhainfidh tairbhe as tacaíocht airgeadais phoiblí eisceachtúil

    Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbainfidh gnólacht infheistíochta tairbhe as tacaíocht airgeadais phoiblí eisceachtúil mar a shainmhínítear sin i bpointe (28) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE:

    (a)

    nach n‐íocfaidh an gnólacht infheistíochta sin aon luach saothair inathraithe le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta;

    (b)

    i gcás nach mbeadh luach saothair inathraithe a íoctar le baill foirne eile seachas comhaltaí den chomhlacht bainistíochta comhsheasmhach le bonn caipitil fónta an ghnólachta infheistíochta a chaomhnú ná lena imeacht prapúil as tacaíocht airgeadais phoiblí eisceachtúil, beidh an luach saothair inathraithe teoranta do sciar den ioncam glan.

    Airteagal 32

    Luach saothair inathraithe

    1.   Maidir le haon luach saothair inathraithe a bhronnfaidh agus a íocfaidh gnólacht infheistíochta le catagóirí foirne dá dtagraítear in Airteagal 30(1), áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sé gach ceann de na ceanglais seo a leanas faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach in Airteagal 30(3):

    (a)

    i gcás ina mbaineann an luach saothair inathraithe le feidhmíocht, tá méid iomlán an luacha saothair inathraithe bunaithe ar mheascán den mheasúnú ar fheidhmíocht an duine aonair, den mheasúnú ar fheidhmíocht an aonaid gnó lena mbaineann agus den mheasúnú ar thorthaí foriomlána an ghnólachta infheistíochta;

    (b)

    agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmíocht an duine aonair, cuirtear critéir airgeadais agus critéir neamhairgeadais araon san áireamh;

    (c)

    tá an measúnú ar an bhfeidhmíocht dá dtagraítear i bpointe (a) bunaithe ar thréimhse ilbhliantúil, agus cuirfear san áireamh timthriall gnó an ghnólachta infheistíochta agus a rioscaí gnó;

    (d)

    ní imríonn an luach saothair inathraithe tionchar ar chumas an ghnólachta infheistíochta bonn caipitil fónta a áirithiú;

    (e)

    níl aon luach saothair inathraithe ráthaithe ann cé is moite den luach saothair do bhaill foirne nua, agus, sa chás sin, le linn na chéad bhliana fostaíochta ag na baill foirne sin, agus le linn na bliana sin amháin, agus i gcás ina mbíonn bonn láidir caipitil ag an ngnólacht infheistíochta;

    (f)

    tá na híocaíochtaí a bhaineann le foirceannadh luath conartha fostaíochta ina léiriú ar an bhfeidhmíocht a bhain an duine aonair amach leis an aimsir agus ní chúitíonn siad loiceadh ná mí-iompar;

    (g)

    na pacáistí luacha saothair a bhaineann le cúiteamh nó ceannach amach as conarthaí i bhfostaíocht roimhe sin, tá siad i gcomhréir le leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta;

    (h)

    sa tomhas ar fheidhmíocht a úsáidfear mar bhonn do ríomh na gcomhthiomsuithe de luach saothair inathraithe, cuirtear san áireamh gach cineál riosca atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus costas an chaipitil agus na leachtachta a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;

    (i)

    i leithdháileadh na gcomhpháirteanna luacha saothair inathraithe laistigh den ghnólacht infheistíochta, cuirtear san áireamh gach cineál riosca atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;

    (j)

    aon cheann de na hionstraimí seo a leanas atá i 50 % ar a laghad den luach saothair inathraithe:

    (i)

    scaireanna nó leasanna úinéireachta coibhéiseacha, faoi réir struchtúr dlíthiúil an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann;

    (ii)

    ionstraimí atá nasctha le scaireanna nó ionstraimí neamhairgid coibhéiseacha, faoi réir struchtúr dlíthiúil an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann;

    (iii)

    ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2 nó ionstraimí eile is féidir a thiontú ina n‐iomláine go hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó a dhíluacháil agus a léiríonn go hiomchuí cáilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta mar ghnóthas leantach;

    (iv)

    ionstraimí neamhairgid lena léirítear ionstraimí na bpunann arna mbainistiú;

    (k)

    de mhaolú ar phointe (j), i gcás nach n‐eisíonn an gnólacht infheistíochta aon cheann de na hionstraimí dá dtagraítear sa phointe sin, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid socruithe malartacha lena gcomhlíonfaí na cuspóirí céanna a fhormheas;

    (l)

    cuirtear siar 40 % ar a laghad den luach saothair inathraithe le linn tréimhse trí bliana go cúig bliana mar is iomchuí, de réir thimthriall gnó an ghnólachta infheistíochta, chineál a ghnó, a rioscaí agus ghníomhaíochtaí an duine aonair i gceist, ach amháin i gcás luach saothair inathraithe de mhéid an-mhór más é 60 % ar a laghad an sciar den luach saothair inathraithe atá iarchurtha;

    (m)

    ceaptar suas le 100 % den luach saothair inathraithe i gcás ina mbeidh feidhmíocht airgeadais an ghnólachta infheistíochta marbhánta nó diúltach, lena n‐áirítear le socruithe malus nó aisghlámtha faoi réir critéir arna leagan síos ag na gnólachtaí infheistíochta lena gcumhdaítear, go háirithe, cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an duine aonair i gceist:

    (i)

    ghlac sé nó sí in iompar as ar thabhaigh an gnólacht infheistíochta caillteanais mhóra nó bhí sé nó sí freagrach as iompar den sórt sin;

    (ii)

    ní mheastar go bhfuil sé nó sí cuí cóir a thuilleadh;

    (n)

    tá na sochair phinsin lánroghnacha i gcomhréir le straitéis ghnó, cuspóirí, luachanna agus leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta.

    2.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

    (a)

    ní úsáideann na daoine aonair dá dtagraítear in Airteagal 30(1) straitéisí imfhálaithe pearsanta ná árachas luacha saothair ná árachas a bhaineann le dliteanais chun dul i gcoinne na bprionsabal dá dtagraítear i mír 1;

    (b)

    ní íoctar luach saothair inathraithe trí mheáin airgeadais ná modhanna lena n‐éascófar neamh-chomhlíonadh na Treorach seo nó Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033.

    3.   Chun críocha phointe (j) de mhír 1, beidh na hionstraimí dá dtagraítear sa phointe sin faoi réir beartas coinneála iomchuí a bheidh ceaptha chun dreasachtaí an duine aonair a chur in oiriúint do leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta, a chreidiúnaithe agus a chliaint. Féadfaidh na Ballstáit nó a n‐údaráis inniúla srianta a chur le cineál agus ceapadh na n‐ionstraimí sin nó toirmeasc a chur ar ionstraimí áirithe a úsáid le haghaidh luach saothair inathraithe.

    Chun críocha phointe (l) de mhír 1, ní dhílseoidh iarchur an luacha saothair inathraithe níos tapa ná bonn pro rata.

    Chun críocha phointe (n) de mhír 1, i gcás ina bhfágfaidh an fostaí an gnólacht infheistíochta roimh aois scoir, coinneofar sochair phinsin lánroghnacha i seilbh an ghnólachta infheistíochta ar feadh cúig bliana i bhfoirm ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (j). I gcás ina mbaineann an fostaí aois scoir amach agus ina dtéann sé nó sí ar scor, íocfar sochair phinsin lánroghnacha leis an bhfostaí i bhfoirm ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (j), faoi réir tréimhse choinneála cúig bliana ag an bhfostaí sin.

    4.   Ní bheidh feidhm ag pointí (j) agus (l) de mhír 1 ná an tríú fomhír de mhír 3 maidir leo seo a leanas:

    (a)

    gnólacht infheistíochta, i gcás ina bhfuil luach a sócmhainní laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe, ar an meán, cothrom le EUR 100 milliún, nó níos lú ná sin, ar feadh na tréimhse ceithre bliana díreach roimh an mbliain airgeadais áirithe;

    (b)

    duine aonair nach mó ná EUR 50 000 a luach saothair inathraithe bliantúil agus nach mó é ná aon cheathrú amháin de luach saothair bliantúil iomlán an duine aonair sin.

    5.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 4, féadfaidh Ballstát an tairseach dá dtagraítear sa phointe sin a mhéadú ar choinníoll go gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na critéir seo a leanas:

    (a)

    níl an gnólacht infheistíochta ar cheann de na trí ghnólacht infheistíochta is mó ó thaobh luach iomlán sócmhainní sa Bhallstát sin ina bhfuil siad bunaithe;

    (b)

    níl an gnólacht infheistíochta faoi réir oibleagáidí nó tá sé faoi réir oibleagáidí simplithe i ndáil leis an bpleanáil téarnaimh agus réitigh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2014/59/AE;

    (c)

    is ionann méid ghnó leabhair trádála an ghnólachta infheistíochta laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus EUR 150 milliún nó is lú ná sin é;

    (d)

    is ionann méid ghnó díorthach an ghnólachta infheistíochta laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus EUR 100 milliún nó is lú ná sin é;

    (e)

    ní mó ná EUR 300 milliún an tairseach; agus

    (f)

    is iomchuí an tairseach a mhéadú, agus aird á tabhairt ar chineál agus raon feidhme ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, ar a eagar inmheánach, agus, i gcás inarb infheidhme, ar shaintréithe an ghrúpa lena mbaineann sé.

    6.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 4, féadfaidh an Ballstát an tairseach dá dtagraítear sa phointe sin a laghdú ar choinníoll gurb iomchuí sin a dhéanamh, agus aird á tabhairt ar chineál agus raon feidhme ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, ar a eagar inmheánach, agus, i gcás inarb infheidhme, ar shaintréithe an ghrúpa lena mbaineann sé.

    7.   De mhaolú ar phointe (b) de mhír 4, féadfaidh Ballstát a chinneadh maidir le baill foirne a bhíonn i dteideal luach saothair inathraithe bliantúil is ísle ná an tairseach agus an sciar dá dtagraítear sa phointe sin a fháil, nach mbeidh siad faoi réir na díolúine a leagtar amach ann i ngeall ar shonraíochtaí an mhargaidh náisiúnta i dtéarmaí cleachtas luacha saothair nó mar gheall ar chineál na bhfreagrachtaí nó ar phróifíl an phoist atá ag na baill foirne sin.

    8.   Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na haicmí ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (j)(iii) de mhír 1 a shonrú agus chun socruithe malartacha féideartha a leagtar amach i bpointe (k) de mhír 1 a shonrú.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    9.   Glacfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte lena n‐éascófar cur chun feidhme mhíreanna 4, 5 agus 6 agus áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad.

    Airteagal 33

    Coiste luacha saothair

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na gnólachtaí infheistíochta sin nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 32(4) coiste luacha saothair. Beidh cothromaíocht inscne ar an gcoiste luacha saothair agus tabharfaidh sé a bhreithiúnas go hinniúil agus go neamhspleách i leith na mbeartas agus na gcleachtas luacha saothair agus na ndreasachtaí a chruthófar chun riosca, caipiteal agus leachtacht a bhainistiú. Féadfar an coiste luach saothair a bhunú ar leibhéal grúpa.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ar an gcoiste luacha saothair a bheidh an cúram cinntí a ullmhú faoi luach saothair, lena n‐áirítear cinntí ag a mbíonn impleachtaí i leith riosca agus bhainistiú riosca an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann agus a bheidh le déanamh ag an gcomhlacht bainistíochta. Beidh Cathaoirleach agus comhaltaí an choiste luacha saothair ina gcomhaltaí den bhord bainistíochta agus ní bheidh aon fheidhm feidhmiúcháin acu sa ghnólacht lena mbaineann. I gcás ina bhfuil foráil déanta sa dlí náisiúnta maidir le hionadaíocht sa chomhlacht bainistíocht, beidh ionadaí amháin nó níos mó ar na fostaithe sa choiste luacha saothair.

    3.   Agus é ag ullmhú na gcinntí dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an coiste luacha saothair san áireamh leas an phobail agus leasanna fadtéarmacha scairshealbhóirí, infheisteoirí agus gheallsealbhóirí eile an ghnólachta infheistíochta.

    Airteagal 34

    Maoirsiú ar na beartais luacha saothair

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a nochtadh i gcomhréir le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 mar aon leis an bhfaisnéis a sholáthair gnólachtaí infheistíochta i dtaobh na bearna pá idir na hinscní agus go n‐úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun treochtaí agus cleachtais luacha saothair a thagarmharcáil.

    Tabharfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin do ÚBE.

    2.   Úsáidfidh ÚBE an fhaisnéis a fuarthas ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 chun treochtaí agus cleachtais luacha saothair ar leibhéal an Aontais a thagarmharcáil.

    3.   Eiseoidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte maidir le beartais luacha saothair fhónta a chur i bhfeidhm. Cuirfear san áireamh sna treoirlínte sin, ar a laghad, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 30 go 33 agus na prionsabail maidir le beartais luacha saothair fhónta a leagtar amach i Moladh 2009/384/CE.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na gnólachtaí infheistíochta faisnéis do na húdaráis inniúla faoi líon na ndaoine nádúrtha in aghaidh an ghnólachta infheistíochta a fhaigheann luach saothair EUR 1 mhilliún nó níos mó in aghaidh na bliana airgeadais, i réimeanna ioncaim EUR 1 mhilliún, lena n‐áirítear faisnéis faoi chúraimí a bpoist, faoin réimse gnó lena mbaineann agus faoi phríomheilimintí an tuarastail, na mbónas, na sparánachtaí fadtéarmacha agus na ranníocaíochtaí pinsin.

    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na gnólachtaí infheistíochta, arna iarraidh sin orthu, figiúirí an luacha saothair iomláin le haghaidh gach comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach.

    Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír ar aghaidh chuig ÚBE, agus foilseoidh ÚBE í ar bhonn comhiomlán de réir an Bhallstáit baile i bhformáid tuairiscithe choitinn. Féadfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte a eisiúint chun cur chun feidhme na míre seo a éascú agus chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a bhaileofar comhsheasmhach.

    Airteagal 35

    Tuarascáil ó ÚBE maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais

    Ullmhóidh ÚBE tuarascáil maidir le critéir theicniúla a thabhairt isteach a bhaineann le neamhchosaint ar ghníomhaíochtaí a bhaineann go mór le cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) i dtaca leis an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta, d'fhonn foinsí agus éifeachtaí féideartha na rioscaí ar ghnólachtaí infheistíochta a mheasúnú, agus gníomhartha dlí an Aontais is infheidhme i réimse thacsanomaíocht ESG á gcur san áireamh.

    Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil ó ÚBE dá dtagraítear sa chéad mhír:

    (a)

    sainmhíniú ar rioscaí ESG, lena n‐áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí i leith aistrithe a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe agus lena n‐áirítear, maidir le rioscaí i leith aistrithe, rioscaí a bhaineann le dímheas sócmhainní de dheasca athrú rialála, critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla agus méadrachtaí atá ábhartha chun rioscaí den sórt sin a mheasúnú, mar aon le modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtarlódh rioscaí den sórt seo sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma agus ar an bhféidearthacht go mbeadh tionchar airgeadais ábhartha ag rioscaí den sórt sin ar ghnólacht infheistíochta;

    (b)

    measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go méadódh comhchruinnithe suntasacha de shócmhainní sonracha rioscaí ESG, lena n‐áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí i leith aistrithe do ghnólacht infheistíochta;

    (c)

    tuairisc ar na próisis trínar féidir le gnólacht infheistíochta rioscaí ESG, lena n‐áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí i leith aistrithe, a shainaithint, a mheasúnú, agus a bhainistiú;

    (d)

    na critéir, paraiméadair, agus méadrachtaí trínar féidir le maoirseoirí agus gnólachtaí infheistíochta tionchar na rioscaí ESG sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma a mheasúnú chun críocha an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta.

    Cuirfidh ÚBE an tuarascáil ar a chuid torthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, faoin 26 Nollaig 2021.

    Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh ÚBE, más iomchuí, treoirlínte a ghlacadh chun critéir a thabhairt isteach maidir le rioscaí ESG le haghaidh an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta lena gcuirtear san áireamh torthaí na tuarascála ó ÚBE dá dtagraítear san Airteagal seo.

    ROINN 3

    AN PRÓISEAS ATHBHREITHNITHE AGUS MEASTÓIREACHTA MAOIRSEACHTA

    Airteagal 36

    Athbhreithniú maoirseachta agus meastóireachta

    1.   Athbhreithneoidh na húdaráis inniúla, a mhéad is ábhartha agus is gá, agus méid, próifíl riosca agus samhail ghnó an ghnólachta infheistíochta á gcur san áireamh, na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí arna gcur chun feidhme ag na gnólachtaí infheistíochta chun an Treoir seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 a chomhlíonadh agus déanfaidh siad meastóireacht ar na nithe seo a leanas de réir mar is iomchuí agus is ábhartha, chun a áirithiú go mbainisteofar agus go gcumhdófar a rioscaí go fónta:

    (a)

    na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 29;

    (b)

    suíomh geografach neamhchosaintí an ghnólachta infheistíochta;

    (c)

    samhail ghnó an ghnólachta infheistíochta;

    (d)

    an measúnú ar riosca sistéamach, agus sainaithint agus tomhas an riosca shistéamaigh faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó moltaí ó ÚEUM á gcur san áireamh;

    (e)

    na rioscaí atá ann do shlándáil líonraí agus chórais faisnéise na ngnólachtaí infheistíochta chun rúndacht, sláine agus inrochtaineacht phróisis, shonraí agus shócmhainní na ngnólachtaí infheistíochta sin a áirithiú;

    (f)

    neamhchosaint na ngnólachtaí infheistíochta ar an riosca ráta úis a thiocfaidh as gníomhaíochtaí leabhair neamhthrádála;

    (g)

    socruithe rialachais na ngnólachtaí infheistíochta agus cumas chomhaltaí an bhoird bainistíochta a ndualgais a dhéanamh.

    Chun críocha na míre seo, tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar cé acu atá nó nach bhfuil árachas slánaíochta gairmiúla ag gnólachtaí infheistíochta.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go leagfaidh na húdaráis inniúla síos minicíocht agus déine an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 ag féachaint do mhéid, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, dá dtábhacht shistéamach, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh acu.

    Cinnfidh na húdaráis inniúla, de réir an cháis, cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t‐athbhreithniú agus an mheastóireacht, agus cén leagan amach a bheidh orthu, i dtaca le gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, ach ní chinnfidh siad amhlaidh ach amháin sa chás ina measann siad go bhfuil gá leis sin mar gheall ar mhéid, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta sin.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfar aird ar an dlí náisiúnta lena rialaítear leithscaradh is infheidhme d'airgead an chliaint.

    3.   Agus iad ag déanamh an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla ar chláir oibre, miontuairiscí agus doiciméid tacaíochta chruinnithe an chomhlachta bainistíochta agus a choistí, agus ar thorthaí na meastóireachta inmheánaí nó seachtraí ar fheidhmíocht an chomhlachta bainistíochta.

    4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun a áirithiú go n‐áiritheofar le socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí na ngnólachtaí infheistíochta go mbainisteofar agus go gcumhdófar a rioscaí go fónta. Ar an dóigh sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí sna margaí airgeadais, agus, go háirithe, teacht chun cinn táirgí airgeadais nua, forbairtí sna caighdeáin chuntasaíochta agus forbairtí a éascóidh cóineasú na gcleachtas maoirseachta.

    Airteagal 37

    An t‐athbhreithniú leantach ar an gcead samhlacha inmheánacha a úsáid

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n‐athbhreithneoidh na Ballstáit go tráthrialta, agus gach trí bliana ar a laghad, a mhéid atá gnólachtaí infheistíochta ag comhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcead samhlacha inmheánacha a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird, go háirithe, ar athruithe ar ghnó an ghnólachta infheistíochta agus ar chur chun feidhme na samhlacha inmheánacha sin maidir le táirgí nua, agus déanfaidh siad athbhreithniú agus measúnú i dtaobh an n‐úsáideann an ngnólacht infheistíochta teicnící agus cleachtais atá forbartha agus cothrom le dáta le haghaidh na samhlacha inmheánacha sin. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gceartófar na heasnaimh ábhartha a shainaithneofar i gcumhdach riosca shamhlacha inmheánacha an ghnólachta infheistíochta, nó déanfaidh siad bearta chun a n‐iarmhairtí a mhaolú, lena n‐áirítear forlíontáin chaipitil nó fachtóirí iolraithe níos airde a fhorchur.

    2.   Más rud é, i gcás samhlacha inmheánacha riosca don mhargadh, gur léir ón iomad róluaineachtaí dá dtagraítear in Airteagal 366 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach bhfuil na samhlacha inmheánacha cruinn nó nach bhfuil siad cruinn níos mó, aisghairfidh na húdaráis inniúla an cead na samhlacha inmheánacha a úsáid nó forchuirfidh siad bearta iomchuí chun a áirithiú go bhfeabhsófar na samhlacha inmheánacha go pras agus laistigh de thréimhse shonrach.

    3.   I gcás inar tugadh cead do ghnólacht infheistíochta samhlacha inmheánacha a úsáid agus nach gcomhlíonann sé níos mó na ceanglais maidir leis na samhlacha inmheánacha sin a chur i bhfeidhm, éileoidh na húdaráis inniúla go léireoidh an comhlacht infheistíochta nach bhfuil éifeacht an neamh-chomhlíonta ábhartha nó go dtíolacfaidh sé plean agus sprioc-am maidir leis na ceanglais sin a chomhlíonadh. Éileoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar feabhsuithe ar an bplean arna thíolacadh i gcás nach dócha go dtiocfaidh comhlíonadh iomlán as an bplean nó ina mbeidh an sprioc-am míchuí.

    I gcás nach dócha go gcloífidh an gnólacht infheistíochta leis an sprioc-am atá leagtha síos nó i gcás nár léirigh sé go sásúil nach ábhartha éifeacht an neamh-chomhlíonta, áiritheoidh na Ballstáit go n‐aisghairfidh na húdaráis inniúla an cead samhlacha inmheánacha a úsáid nó go dteorannóidh siad é do na réimsí sin inar féidir comhlíonadh a bhaint amach faoi sprioc-am iomchuí.

    4.   Déanfaidh ÚBE anailísiú ar shamhlacha inmheánacha na ngnólachtaí infheistíochta trí chéile agus déanfaidh sé anailísiú ar conas a láimhseálann gnólachtaí infheistíochta a úsáideann samhlacha inmheánacha rioscaí nó neamhchosaintí comhchosúla. Cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas ina leith.

    Chun cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha éifeachtúla éifeachtacha a chur chun cinn, forbróidh ÚBE, ar bhonn an anailísithe sin agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, treoirlínte ina mbeidh tagarmharcanna maidir leis an gcaoi a n‐úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta samhlacha inmheánacha agus maidir leis an gcaoi a gcuirfear na samhlacha inmheánacha sin i bhfeidhm maidir le rioscaí nó neamhchosaintí comhchosúla.

    Spreagfaidh na Ballstáit na húdaráis inniúla an anailís sin agus na treoirlínte sin a chur san áireamh san athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1.

    ROINN 4

    BEARTA AGUS CUMHACHTAÍ MAOIRSEACHTA

    Airteagal 38

    Bearta maoirseachta

    Cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta, go luath, na bearta a dhéanamh is gá chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo a leanas:

    (a)

    ní chomhlíonann gnólacht infheistíochta ceanglais na Treorach seo nó ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033;

    (b)

    tá fianaise ag údaráis inniúla gur dócha go sáróidh gnólacht infheistíochta na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo nó ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 laistigh den chéad 12 mhí eile.

    Airteagal 39

    Cumhachtaí maoirseachta

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta is gá ag na húdaráis inniúla chun idirghabháil a dhéanamh, agus a gcuid feidhmeanna á bhfeidhmiú, i ngníomhaíocht gnólachtaí infheistíochta ar bhealach éifeachtach comhréireach.

    2.   Chun críocha Airteagal 36, Airteagal 37(3) agus Airteagal 38 agus chur i bhfeidhm Rialachán (AE). 2019/2033, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag na húdaráis inniúla:

    (a)

    a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta cistí dílse a bheith acu de bhreis ar a n‐éilítear de bhun na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 40 den Treoir seo, nó na cistí dílse agus na sócmhainní leachtacha a theastaíonn i gcás athruithe ábhartha i ngnó na ngnólachtaí infheistíochta sin a choigeartú;

    (b)

    a éileamh go ndaingneofar na socruithe, na próisis, na sásraí agus na straitéisí a cuireadh chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 26;

    (c)

    a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta plean a chur i láthair, laistigh de bhliain amháin, chun comhlíonadh ceanglas maoirseachta de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033, a athbhunú, sprioc-am a shocrú i leith chur chun feidhme an phlean sin agus a éileamh go ndéanfar feabhsuithe ar an bplean sin i dtaca le raon feidhme agus sprioc-am;

    (d)

    a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta beartas sonrach maidir le soláthar nó láimhseáil sócmhainní ó thaobh ceanglais cistí dílse a chur i bhfeidhm;

    (e)

    srian nó teorainn a chur le gnó, oibríochtaí nó líonra gnólachtaí infheistíochta nó a iarraidh go ndífheisteofaí gníomhaíochtaí lena mbaineann rioscaí iomarcacha d'fhóntacht airgeadais gnólachta infheistíochta;

    (f)

    a éileamh go laghdófar an riosca a bhaineann go dlúth le gníomhaíochtaí, táirgí agus córais gnólachtaí infheistíochta, lena n‐áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe;

    (g)

    a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta teorainn a chur le luach saothair inathraithe mar chéatadán d'ioncam glan i gcás nach mbeidh an luach saothair sin comhsheasmhach le bonn caipitil fónta a choimeád;

    (h)

    a chur de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta brabúis ghlana a úsáid chun a gcistí dílse a neartú;

    (i)

    teorainn nó toirmeasc a chur le dáileacháin nó le híocaíochtaí úis a thugann gnólacht infheistíochta do scairshealbhóirí, do chomhaltaí nó do shealbhóirí ionstraimí Breise Leibhéal 1 i gcás nach cás mhainneachtain an ghnólachta infheistíochta é an teorainn nó an toirmeasc sin;

    (j)

    ceanglais bhreise nó níos minice maidir le tuairisciú a fhorchur ná na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2033, lena n‐áirítear tuairisciú faoi shuíomhanna caipitil agus leachtachta;

    (k)

    ceanglais leachtachta shonracha a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 42;

    (l)

    nochtadh breise a éileamh;

    (m)

    a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta na rioscaí atá ann do shlándáil líonraí agus chórais faisnéise na ngnólachtaí infheistíochta a laghdú chun rúndacht, sláine agus inrochtaineacht phróisis, shonraí agus shócmhainní na ngnólachtaí infheistíochta sin a áirithiú;

    3.   Chun críocha phointe (j) de mhír 2, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla ceanglais bhreise ná níos minice maidir le tuairisciú a fhorchur ar ghnólachtaí infheistíochta ach amháin i gcás nach bhfuil an fhaisnéis atá le tuairisciú dúblálach agus ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá feidhm ag ceann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 38;

    (b)

    measann an t‐údarás inniúil gur gá an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 38(b) a bhailiú;

    (c)

    tá an fhaisnéis bhreise de dhíth chun críoch an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 36.

    Measfar go bhfuil faisnéis dhúblálach i gcás ina mbeidh an fhaisnéis chéanna nó faisnéis arb ionann í agus an fhaisnéis sin a bheag nó a mhór ag an údarás inniúil cheana, i gcás inar féidir leis an údarás inniúil an fhaisnéis sin a chur ar fáil nó i gcás inar féidir leis an údarás inniúil céanna í a fháil le modhanna eile seachas ceanglas ar an ngnólacht infheistíochta í a thuairisciú. I gcás ina mbeidh an fhaisnéis ar fáil don údarás inniúil i bhformáid nó ar leibhéal gráinneachta atá éagsúil leis an bhfaisnéis bhreise atá le tuairisciú agus i gcás nach gcoisceann an fhormáid éagsúil sin ná an ghráinneacht éagsúil sin air faisnéis atá mar an gcéanna, a bheag nó a mhór, a chur ar fáil, ní éileoidh an t‐údarás inniúil an fhaisnéis bhreise.

    Airteagal 40

    Ceanglas cistí dílse breise

    1.   Ní fhorchuirfidh na húdaráis inniúla an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) ach amháin i gcás ina bhfaighidh siad amach, ar bhonn na n‐athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37, aon cheann de na cásanna seo a leanas i leith gnólacht infheistíochta:

    (a)

    tá an gnólacht infheistíochta ar neamhchosaint ar rioscaí nó eilimintí de rioscaí, nó tá sé ina bhaol dóibh siúd eile is ábhartha agus nach bhfuil cumhdaithe go leordhóthanach leis an gceanglas cistí dílse, agus go háirithe ceanglais de réir K‐fhachtóir, a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033;

    (b)

    ní chomhlíonann an gnólacht infheistíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 24 agus 26 agus ní dócha go bhfeabhsóidh bearta maoirseachta eile na socruithe, na próisis, na sásraí agus na straitéisí go leordhóthanach laistigh de thréimhse iomchuí;

    (c)

    ní leor na coigeartuithe maidir le luacháil stuama an leabhair trádála chun é a chur ar chumas an ghnólachta infheistíochta a shuíomhanna a dhíol nó a fhálú amach laistigh de thréimhse ghairid gan caillteanais ábhartha a thabhú faoi ghnáthdhálaí margaidh;

    (d)

    léirítear leis an athbhreithniú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 37 gur dócha go mbeidh leibhéil chaipitil neamh-leordhóthanacha ann de dheasca neamh‐chomhlíonadh na gceanglas maidir leis na samhlacha inmheánacha ceadaithe a chur i bhfeidhm;

    (e)

    mainníonn an gnólacht infheistíochta rís agus arís eile leibhéal leordhóthanach cistí dílse a bhunú nó a choimeád ar bun mar a leagtar amach in Airteagal 41.

    2.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, ní mheasfar nach bhfuil rioscaí nó eilimintí de rioscaí cumhdaithe nó go bhfuil siad cumhdaithe go neamh‐leordhóthanach ag na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás inarb airde ná ceanglas cistí dílse an ghnólachta infheistíochta a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 na méideanna, na cineálacha agus an dáileachán caipitil a mheasann an t‐údarás inniúil atá leordhóthanach tar éis an athbhreithnithe maoirseachta ar an measúnú a rinne gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Treoir seo.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, maidir leis an gcaipiteal sin a mheastar a bheith leordhóthanach, féadfar rioscaí nó eilimintí de rioscaí a eisiatar go sainráite ón gceanglas caipitil a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith san áireamh.

    3.   Socróidh na húdaráis inniúla leibhéal na gcistí dílse breise is gá de bhun phointe (a) d'Airteagal 39(2) mar an difríocht idir an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE). 2019/2033.

    4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) a chomhlíonadh le cistí dílse faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    (a)

    baintear amach trí cheathrú ar a laghad den cheanglas cistí dílse breise le caipiteal Leibhéal 1;

    (b)

    is caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá i dtrí cheathrú ar a laghad de chaipiteal Leibhéal 1;

    (c)

    ní úsáidtear na cistí dílse sin chun aon cheann de na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 a chomhlíonadh.

    5.   Suífidh na húdaráis inniúla i scríbhinn an cinneadh ceanglas caipitil breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) a fhorchur trí chuntas soiléir a thabhairt ar an measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo. San áireamh ansin tá, sa chás a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, ráiteas sonrach faoi cén fáth a meastar nach leor a thuilleadh an leibhéal caipitil a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 41(1).

    6.   Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú conas atá na rioscaí agus eilimintí de rioscaí, dá dtagraítear i mír 2, lena n‐áirítear rioscaí nó eilimintí de rioscaí a eisiatar go sainráite ó na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033, le tomhas.

    Áiritheoidh ÚBE go mbeidh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála méadrachtaí cáilíochtúla táscacha maidir leis an méid cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2), ag cur san áireamh raon na samhlacha gnó éagsúla agus foirmeacha dlí ar féidir le gnólachtaí infheistíochtaí a ghlacadh, agus go mbeidh siad comhréireach i bhfianaise na nithe seo a leanas:

    (a)

    an t‐ualach cur chun feidhme ar ghnólachtaí infheistíochta agus údaráis inniúla;

    (b)

    an fhéidearthacht go mbeadh an leibhéal níos airde de cheanglais cistí dílse a bhfuil feidhm acu i gcás nach n‐úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta samhlacha inmheánacha, go mbeadh an leibhéal sin ina údar le forchur ceanglas caipitil níos ísle agus rioscaí agus eilimintí rioscaí á meas i gcomhréir le mír 2.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    7.   Féadfaidh na húdaráis inniúla ceanglas cistí dílse breise a fhorchur, i gcomhréir le míreanna 1 go 6, ar ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn measúnú de réir an cháis agus i gcás ina measann an t‐údarás inniúil go bhfuil údar cuí leis.

    Airteagal 41

    Treoir maidir le cistí dílse breise

    1.   Agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, agus i gcomhréir le méid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta sin nach gcomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta sin leibhéil cistí dílse a bheith acu atá, ar bhonn Airteagal 24, sách ard os cionn na gceanglas a leagtar amach i gCuid a Trí de Rialachán (AE) 2019/2033 agus sa Treoir seo, lena n‐áirítear na ceanglais cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) chun a áirithiú nach dtiocfaidh sárú ar na ceanglais sin as luaineacht eacnamaíochta thimthriallach ná nach gcuirfear i mbaol cumas na ngnólachtaí infheistíochta leachtú agus scoradh de ghníomhaíochtaí go hordúil mar gheall ar an luaineacht sin.

    2.   Athbhreithneoidh na húdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, leibhéal na gcistí dílse a shocraigh gach gnólacht infheistíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólacht beag neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus, más ábhartha, cuirfidh siad conclúidí an athbhreithnithe sin in iúl don ghnólacht infheistíochta lena mbaineann, agus áirítear ar an méid sin aon choinne atá ann le coigeartuithe ar leibhéal na gcistí dílse a socraíodh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Áireofar i gcur in iúl den sórt sin an dáta a n‐éilíonn an t‐údarás inniúil nach mór an coigeartú a bheith comhlánaithe.

    Airteagal 42

    Ceanglais leachtachta shonracha

    1.   Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla na ceanglais leachtachta shonracha dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo a fhorchur ach amháin i gcás, ar bhonn na n‐athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37 den Treoir seo, ina dtagann siad ar an tátal, maidir le gnólacht infheistíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 nó a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE)2019/2033 ach nár díolmhaíodh ó cheanglas leachtachta é i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, go mbaineann ceann de na cásanna seo a leanas leis:

    (a)

    tá an gnólacht infheistíochta ar neamhchosaint ar riosca leachtachta nó eilimintí de riosca leachtachta is ábhartha agus nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach ag an gceanglas leachtachta a leagtar amach i gCuid a Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033;

    (b)

    ní chomhlíonann an gnólacht infheistíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 24 agus 26 den Treoir seo agus ní dócha go bhfeabhsóidh bearta riaracháin eile na socruithe, na próisis, na sásraí agus na straitéisí go leordhóthanach laistigh de thréimhse iomchuí.

    2.   Chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, ní mheasfar nach bhfuil riosca leachtachta nó eilimintí de riosca leachtachta cumhdaithe nó go bhfuil siad cumhdaithe go neamh-leordhóthanach ag an gceanglas leachtachta a leagtar amach i gCuid a Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033 ach amháin i gcás inarb airde ná ceanglas leachtachta an ghnólachta infheistíochta a leagtar amach i gCuid a Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033 na méideanna agus na cineálacha leachtachta a mheasann an t‐údarás inniúil a bheith leordhóthanach tar éis an athbhreithnithe maoirseachta ar an measúnú a rinne gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Treoir seo.

    3.   Cinnfidh na húdaráis inniúla leibhéal na leachtachta sonraí is gá de bhun phointe (k) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo mar an difríocht idir an leachtacht a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus an ceanglas leachtachta a leagtar amach i gCuid a Cúig de Rialachán (AE) 2019/2033.

    4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta na ceanglais leachtachta sonracha dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo a chomhlíonadh le sócmhainní leachtacha mar a leagtar amach in Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2019/2033.

    5.   Suífidh na húdaráis inniúla i scríbhinn a gcinneadh ceanglas leachtachta sonrach, dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 39(2), a fhorchur trí chuntas soiléir a thabhairt ar an measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo.

    6.   Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú conas atá an riosca leachtachta agus eilimintí de riosca leachtachta dá dtagraítear i mír 2 le tomhas ar bhealach atá oiriúnach do mhéid, struchtúr agus eagar inmheánach na ngnólachtaí infheistíochta agus do chineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Airteagal 43

    Comhar leis na húdaráis réitigh náisiúnta

    Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do na húdaráis réitigh ábhartha faoi aon cheanglas cistí dílse breise a fhorchuirtear de bhun phointe (a) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo do ghnólacht infheistíochta a chuimsítear faoi raon feidhme Threoir 2014/59/AE agus faoi aon choinne atá ann le coigeartuithe dá dtagraítear in Airteagal 41(2) den Treoir seo i ndáil leis an ngnólacht infheistíochta sin.

    Airteagal 44

    Ceanglais foilseacháin

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    a chur de cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta sin nach gcomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 agus ar na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 an fhaisnéis, dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán sin, a fhoilsiú níos minice ná uair in aghaidh na bliana agus sprioc-amanna a shocrú le haghaidh an fhoilsithe sin;

    (b)

    a chur de cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta sin nach gcomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 agus ar na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 meáin shonracha agus áiteanna sonracha, go háirithe suíomhanna gréasáin na ngnólachtaí infheistíochta, a úsáid le haghaidh foilseachán seachas na ráitis airgeadais;

    (c)

    a chur de cheangal ar na máthairghnóthais tuairisc ar a struchtúr dlíthiúil agus rialachais agus ar struchtúir eagrúcháin an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta a fhoilsiú go bliantúil, bíodh sé ina hiomláine nó le tagairtí d'fhaisnéis choibhéiseach, i gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir seo agus le hAirteagal 10 de Threoir 2014/65/AE.

    Airteagal 45

    An oibleagáid ÚBE a chur ar an eolas

    1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi na nithe sin a leanas:

    (a)

    a bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 36;

    (b)

    an mhodheolaíocht a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagail 39, 40 agus 41.

    (c)

    leibhéal na smachtbhannaí riaracháin a leagann na Ballstáit síos, dá dtagraítear in Airteagal 18.

    Déanfaidh ÚBE an fhaisnéis sin dá dtagraítear sa mhír seo a tharchur chuig ÚEUM.

    2.   Measúnóidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, an fhaisnéis a thug na húdaráis inniúla chun comhsheasmhacht a fhorbairt i dtaca leis an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta. Chun a mheasúnú a thabhairt chun críche, féadfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, faisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis inniúla ar bhonn comhréireach agus i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Foilseoidh ÚBE ar a shuíomh gréasáin an fhaisnéis chomhiomlánaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1.

    Tuairisceoidh ÚBE do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi mhéid an chóineasaithe a rinneadh ar chur i bhfeidhm na Caibidle seo idir na Ballstáit. Déanfaidh ÚBE athbhreithnithe piaraí i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 más gá. Cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi athbhreithnithe piaraí den sórt sin.

    Eiseoidh ÚBE agus ÚEUM treoirlínte do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Airteagal 16 de Rialachán (AE) 1095/2010, de réir mar is infheidhme, chun sonrú breise a dhéanamh, ar bhealach atá oiriúnach do mhéid, do struchtúr agus d'eagar inmheánach na ngnólachtaí infheistíochta agus do chineál, raon feidhme agus castacht a ngníomhaíochtaí, ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí coiteanna le haghaidh an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta dá dtagraítear i mír 1, agus le haghaidh an mheasúnaithe ar láimhseáil na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 29 den Treoir seo.

    CAIBIDIL 3

    Maoirseacht ar ghrúpaí gnólachtaí infheistíochta

    ROINN 1

    MAOIRSEACHT AR GHRÚPAÍ GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA AR BHONN COMHDHLÚITE AGUS MAOIRSEACHT AR CHOMHLÍONADH NA TÁSTÁLA CAIPITIL GRÚPA

    Airteagal 46

    An maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh máthairghnólacht infheistíochta Aontais ina cheann ar ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, gurb é údarás inniúil an mháthairghnólachta infheistíochta Aontais sin a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais é máthairghnóthas gnólachta infheistíochta, gurb é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta sin a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh an mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais chéanna nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais chéanna ag dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó atá údaraithe in dhá Bhallstát nó níos mó, gurb é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta atá údaraithe sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha bunaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.

    4.   Maidir le máthairghnóthais dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó atá údaraithe in dhá Bhallstát nó níos mó, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh ag na máthairghnóthais sin níos mó ná aon chuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó aon chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha a bhfuil ceannoifig na gcuideachtaí sin i mBallstáit éagsúla agus i gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta i ngach ceann de na Ballstáit sin, áiritheoidh siad gurb é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir comhardaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh an mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais chéanna nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais chéanna ag dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó atá údaraithe san Aontas agus nár údaraíodh aon cheann de na gnólachtaí infheistíochta sin sa Bhallstát inar cuireadh an chuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha ar bun, áiritheoidh siad gurb é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir comhordaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.

    6.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, de chomhthoil, na critéir dá dtagraítear i míreanna 3, 4, agus 5 a tharscaoileadh i gcás nárbh iomchuí a gcur i bhfeidhm don mhaoirseacht éifeachtach ar bhonn comhdhlúite nó don mhaoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa, agus na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann agus a thábhachtaí atá a ngníomhaíochtaí sna Ballstáit ábhartha á gcur san áireamh acu, agus féadfaidh siad freisin údarás inniúil difriúil a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite nó maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa. Sna cásanna sin, déanfaidh na húdaráis inniúla, sula nglacfaidh siad aon chinneadh den sórt sin, deis a thabhairt, mar is iomchuí, don mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais nó don ghnólacht infheistíochta ar mó méid iomlán ar a cláir comhordaithe nó a chláir comhordaithe, ar a thuairim a thabhairt faoin gcinneadh sin atá beartaithe. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra don Choimisiún agus do ÚBE faoi aon chinneadh a rinneadh i dtaca leis sin.

    Airteagal 47

    Ceanglais faisnéise i gcásanna éigeandála

    I gcás ina dtiocfaidh cás éigeandála chun cinn, lena n‐áirítear cás mar a thuairiscítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó cás drochfhorbairtí i margaí, ar féidir go gcuirfeadh sé i mbaol leachtacht mhargaidh agus cobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit inar údaraíodh eintitis de chuid grúpa gnólachtaí infheistíochta, tabharfaidh maoirseoir an ghrúpa a cinneadh de bhun Airteagal 46 den Treoir seo foláireamh, faoi réir Roinn 2 de Chaibidil 1 den Teideal seo, a luaithe is féidir, do ÚBE, do BERS agus d'aon údaráis inniúla ábhartha agus cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh.

    Airteagal 48

    Coláistí maoirseoirí

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an maoirseoir grúpa a cinneadh de bhun Airteagal 46 den Treoir seo, más iomchuí, coláistí maoirseoirí a bhunú chun éascú a dhéanamh ar fheidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo agus chun a áirithiú go ndéanfar comhordú agus comhoibriú le húdaráis mhaoirseachta tríú tír ábhartha go háirithe i gcás inar gá sin chun críche pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 23(1) agus Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 a chur i bhfeidhm chun faisnéis ábhartha maidir leis an tsamhail chorrlaigh a mhalartú agus a nuashonrú le húdaráis mhaoirseachta na gcontrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.

    2.   Cuirfidh na coláistí maoirseoirí creat ar fáil i leith an mhaoirseora grúpa, ÚBE agus na n‐údarás inniúil eile chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 47;

    (b)

    an comhordú ar iarrataí faisnéise i gcás inar gá sin chun maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE)2019/2033;

    (c)

    an comhordú ar iarrataí faisnéise, i gcásanna nach mór do roinnt údarás inniúla de chuid gnólachtaí infheistíochta a bhaineann leis an ngrúpa céanna faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil Bhallstát baile an chomhalta imréitigh nó ar údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh, ar faisnéis í a bhaineann leis an tsamhail chorrlaigh agus leis na paraiméadair a úsáidtear chun ceanglais chorrlaigh na ngnólachtaí infheistíochta ábhartha a ríomh;

    (d)

    an malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla uile agus le ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus le ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

    (e)

    teacht ar chomhaontú faoin tarmligean deonach cúraimí agus freagrachtaí idir údaráis inniúla, más iomchuí;

    (f)

    éifeachtúlacht na maoirseachta a mhéadú trí iarracht a dhéanamh dúbláil ceanglas maoirseachta nach bhfuil gá léi a sheachaint.

    3.   I gcás inarb iomchuí, féadfar coláistí maoirseoirí a bhunú chomh maith i gcás inar lonnaithe i dtríú tír atá fochuideachtaí grúpa gnólachtaí infheistíochta a bhfuil gnólacht infheistíochta Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais ina ceann air.

    4.   Glacfaidh ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, páirt i gcruinnithe na gcoláistí maoirseoirí.

    5.   Beidh na húdaráis seo a leanas ina gcomhaltaí den choláiste maoirseoirí:

    (a)

    na húdaráis inniúla ar a bhfuil sé de chúram maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí grúpa gnólachtaí infheistíochta a bhfuil gnólacht infheistíochta Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais ina cheann nó ina ceann air;

    (b)

    i gcás inarb iomchuí, údaráis mhaoirseachta tríú tír, faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach, de réir thuairim na n‐údarás inniúil uile, leis na ceanglais a leagtar síos i Roinn 2 de Chaibidil 1 den Teideal seo.

    6.   Beidh an maoirseoir grúpa a cinneadh de bhun Airteagal 46 mar chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste maoirseoirí agus glacfaidh an té sin cinntí. Coinneoidh an maoirseoir grúpa sin comhaltaí uile an choláiste maoirseoirí go hiomlán ar an eolas roimh ré faoi eagrú na gcruinnithe sin, faoi na príomhcheisteanna a bheidh le plé agus faoi na gníomhaíochtaí a bheidh le meas. Lena chois sin, coinneoidh an maoirseoir grúpa comhaltaí uile an choláiste maoirseoirí go hiomlán ar an eolas, go tráthúil, faoi na cinntí a glacadh ag na cruinnithe sin nó na bearta a rinneadh.

    Cuirfidh an maoirseoir grúpa san áireamh a ábhartha atá an ghníomhaíocht mhaoirseachta atá le pleanáil nó le comhordú ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 5 agus iad ag glacadh cinntí.

    Cuirfear bunú agus feidhmiú na gcoláistí ar bhonn foirmiúil trí bhíthin socruithe i scríbhinn.

    7.   I gcás easaontú le cinneadh a ghlac an maoirseoir grúpa faoi fheidhmiú coláistí maoirseoirí, féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann an t‐ábhar a chur faoi bhráid ÚBE agus cúnamh ÚBE a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Féadfaidh ÚBE cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla chomh maith i gcás easaontú faoi fheidhmiú coláistí maoirseoirí faoin Airteagal seo ar a thionscnamh féin i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh 1093/2010.

    8.   Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú breise a dhéanamh ar na coinníollacha faoina ndéanann na coláistí maoirseoirí na cúraimí atá orthu dá dtagraítear i mír 1.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Airteagal 49

    Ceanglais maidir le comhar

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an maoirseoir grúpa agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 48(5) dá chéile an fhaisnéis ábhartha uile de réir mar is gá, lena n‐áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    sainaithint struchtúr dlíthiúil agus rialachais an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, lena n‐áirítear an struchtúr eagrúcháin, ina gcuimsítear na heintitis rialáilte agus neamhrialáilte, na fochuideachtaí neamhrialáilte agus na máthairghnóthais uile, agus struchtúr dlíthiúil agus rialachais údaráis inniúla na n‐eintiteas rialáilte sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta;

    (b)

    nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhailiú ó na gnólachtaí infheistíochta i ngrúpa gnólachtaí infheistíochta, agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis sin a fhíorú;

    (c)

    aon drochfhorbairtí i ngnólachtaí infheistíochta nó in eintitis eile de chuid grúpa gnólachtaí infheistíochta, a d'fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do na gnólachtaí infheistíochta sin;

    (d)

    aon smachtbhannaí suntasacha agus aon bhearta eisceachtúla a rinne na húdaráis inniúla i gcomhréir le forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo;

    (e)

    ceanglas sonrach cistí dílse a fhorchur faoi Airteagal 39 den Treoir seo.

    2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla agus an maoirseoir grúpa cás a chur faoi bhráid ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, i gcás nár cuireadh in iúl faisnéis ábhartha de bhun mhír 1 gan moill mhíchuí nó i gcás inar diúltaíodh iarraidh ar chomhoibriú, go háirithe chun faisnéis ábhartha a mhalartú, nó i gcás nach ndearnadh aon bheart ina leith laistigh de thréimhse réasúnta.

    Féadfaidh ÚBE, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus ar a thionscnamh féin cúnamh a thabhairt d'údaráis inniúla agus iad ag forbairt cleachtais chomhoibriúcháin chomhsheasmhacha.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit sula nglacfaidh siad cinneadh a d'fhéadfadh a bheith tábhachtach i leith cúraimí maoirseachta údarás inniúil eile go rachaidh údaráis inniúla i gcomhairle le chéile faoi na nithe seo a leanas:

    (a)

    athruithe i struchtúr scairshealbhóirí, eagrúcháin nó bainistíochta gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, ar gá faomhadh nó údarú ó údaráis inniúla chun iad a dhéanamh;

    (b)

    smachtbhannaí suntasacha a d'fhorchuir údaráis inniúla ar ghnólachtaí inniúla nó aon bhearta eisceachtúla eile a rinne na húdaráis sin; agus

    (c)

    ceanglais shonracha cistí dílse a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 39.

    4.   Rachfar i gcomhairle leis an maoirseoir grúpa i gcás ina mbeidh smachtbhannaí suntasacha le forchur nó ina mbeidh bearta eisceachtúla eile le déanamh ag údaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3.

    5.   De mhaolú ar mhír 3, níl oibleagáid ar údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis inniúla eile i gcásanna práinne nó i gcás inar féidir go gcuirfeadh an comhairliúchán sin éifeachtacht a chinnidh i mbaol agus sa chás sin cuirfidh an t‐údarás inniúil na húdaráis inniúla eile lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh gan dul i gcomhairle gan aon mhoill.

    Airteagal 50

    Faisnéis faoi eintitis atá lonnaithe i mBallstáit eile a fhíorú

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá d'údarás inniúil i mBallstát amháin faisnéis a fhíorú faoi ghnólachtaí infheistíochta, cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, institiúidí airgeadais, gnóthais seirbhísí coimhdeachta, cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha nó fochuideachtaí atá lonnaithe i mBallstát eile, lena n‐áirítear fochuideachtaí ar cuideachtaí árachais iad, agus ina ndéanann sé iarraidh chuige sin, go ndéanfaidh údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit eile sin an fíorú sin i gcomhréir le mír 2.

    2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla a bhfuil iarraidh faighte acu de bhun mhír 1 aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    an fíorú a dhéanamh iad féin laistigh de chreat a n‐inniúlachta;

    (b)

    cead a thabhairt do na húdaráis inniúla a rinne an iarraidh sin an fíorú a dhéanamh;

    (c)

    iarraidh ar iniúchóir nó saineolaí an fíorú a dhéanamh ar bhealach neamhchlaonta agus na torthaí a thuairisciú go pras.

    Chun críocha phointí (a) agus (c), tabharfar cead do na húdaráis inniúla a rinne an iarraidh páirt a ghlacadh san fhíorú.

    Roinn 2

    Cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha

    Airteagal 51

    Cuideachtaí sealbhaíochta a chuimsiú sa mhaoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha san áireamh sa mhaoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa.

    Airteagal 52

    Cáilíochtaí na stiúrthóirí

    Éileoidh na Ballstáit go mbeidh clú chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta de chuid cuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha maith a dhóthain, agus go mbeidh eolas, scileanna agus taithí a ndóthain ag na comhaltaí sin chun a ndualgais a dhéanamh go héifeachtach, agus an ról sonrach a bhíonn ag an gcuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó ag an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha á chur san áireamh.

    Airteagal 53

    Cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha

    1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcás inar cuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha é máthairghnóthas gnólachta infheistíochta, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ghnólacht infheistíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    a chur de cheangal ar chuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha aon fhaisnéis is féidir a bheith ábhartha i leith na maoirseachta ar an ngnólacht infheistíochta a thabhairt dóibh;

    (b)

    maoirseacht a dhéanamh ar idirbhearta idir an gnólacht infheistíochta agus an chuideachta sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha agus a fochuideachtaí, agus a chur de cheangal ar an ngnólacht infheistíochta próisis bainistithe riosca leordhóthanacha agus sásraí rialaithe inmheánaigh leordhóthanacha a bheith ar bun acu, lena n‐áirítear nósanna imeachta fónta maidir le tuairisciú agus cuntasaíocht chun na hidirbhearta sin a shainaithint agus a thomhas agus faireachán agus rialú a dhéanamh orthu.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhféadfaidh a n‐údaráis inniúla cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh nó cigirí seachtracha a chur á ndéanamh chun an fhaisnéis a fhíorú a fuarthas ó na cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha agus a bhfochuideachtaí.

    Airteagal 54

    Smachtbhannaí

    I gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 2 den Teideal seo, áiritheoidh na Ballstáit, maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile a bhfuil sé mar aidhm acu deireadh a chur le sáruithe ar fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin lena dtrasuitear an Chaibidil seo nó iad a mhaolú nó dul i ngleic le cúiseanna na sáruithe sin, go bhféadfar iad a fhorchur ar chuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta, ar chuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus ar chuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha, nó ar na bainisteoirí atá orthu go feidhmiúil.

    Airteagal 55

    An measúnú ar an maoirseacht ar thríú tíortha agus teicnící maoirseachta eile

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t‐údaráis inniúil, i gcás nach bhfuil dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó ar fochuideachtaí den mháthairghnóthas céanna iad, a bhfuil a cheannoifig i dtríú tír, faoi réir maoirseacht éifeachtach ar leibhéal grúpa, measúnú ar an gceist an bhfuil na gnólachtaí infheistíochta faoi réir maoirseacht a dhéanfadh údarás maoirseachta an tríú tír, maoirseacht atá coibhéiseach leis an maoirseacht a leagtar amach sa Treoir seo agus i gCuid a hAon de Rialachán (AE) 2019/2033.

    2.   I gcás ina mbeidh sé de chonclúid sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach bhfuil feidhm ag an maoirseacht choibhéiseach sin, ceadóidh na Ballstáit gur féidir teicnící maoirseachta iomchuí a úsáid lena mbainfear amach na cuspóirí maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 7 nó 8 de Rialachán (EU) 2019/2033. Is é an t‐údarás inniúil arbh é an maoirseoir grúpa é dá mbeadh an máthairghnóthas bunaithe san Aontas a shocróidh na teicnící maoirseachta sin tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla eile atá páirteach. Tabharfar fógra faoi aon bhearta a dhéanfar de bhun na míre seo do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann, do ÚBE agus don Choimisiún.

    3.   Féadfaidh an t‐údarás inniúil arbh é an maoirseoir grúpa é dá mbeadh an máthairghnóthas bunaithe san Aontas, go háirithe, a éileamh go mbunófar cuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha san Aontas agus Airteagal 7 nó 8 de Rialachán (AE) 2019/2033 a chur i bhfeidhm maidir leis an gcuideachta sealbhaíochta infheistíochta sin nó leis an gcuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin.

    Airteagal 56

    Comhar le húdaráis inniúla tríú tíortha

    Féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, faoi idirbheartaíocht i leith comhaontuithe le tríú tír amháin nó níos mó i dtaca leis na modhanna lena ndéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta seo a leanas maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa:

    (a)

    gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ceannoifig a máthairghnóthais i dtríú tír;

    (b)

    gnólachtaí infheistíochta atá lonnaithe i dtríú tír, a bhfuil ceannoifig a máthairghnóthais san Aontas.

    TEIDEAL V

    NA hÚDARAIS INNIÚLA FOILSIÚ A DHÉANAMH

    Airteagal 57

    Ceanglais foilseacháin

    1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis seo a leanas go léir ar fáil don phobal:

    (a)

    téacs forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin agus treorach ginearálta arna nglacadh ina mBallstát de bhun na Treorach seo;

    (b)

    an chaoi a bhfeidhmítear na roghanna agus na lánroghanna atá ar fáil de bhun na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033;

    (c)

    na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí a úsáideann siad san athbhreithniú maoirseachta agus sa mheastóireacht mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 36 den Treoir seo;

    (d)

    sonraí staidrimh comhiomlána i ndáil le príomhghnéithe de chur chun feidhme na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 ina mBallstát, lena n‐áirítear líon agus cineál na mbeart maoirseachta a rinneadh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 39(2) den Treoir seo agus na smachtbhannaí riaracháin a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Treoir seo.

    2.   Beidh an fhaisnéis a fhoilseofar i gcomhréir leis an gcéad mhír cuimsitheach agus cruinn go leor chun gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát éagsúil comparáid a bhfuil ciall léi a dhéanamh idir cur i bhfeidhm phointí (b), (c) agus (d) de mhír 1.

    3.   Beidh formáid choiteann ag foilseacháin na faisnéise agus nuashonrófar iad go tráthrialta. Beidh rochtain uirthi in aon ionad leictreonach amháin.

    4.   Déanfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun an fhormáid, an struchtúr, na liostaí ábhair agus an dáta foilseacháin bliantúil a chinneadh i dtaobh na faisnéise a liostaítear i mír 1.

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    5.   Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

    TEIDEAL VI

    GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

    Airteagal 58

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 29(4) agus Airteagal 36(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 25 Nollaig 2019.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 29(4) agus Airteagal 36(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 29(4) agus Airteagal 36(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    TEIDEAL VII

    LEASUITHE AR THREORACHA EILE

    Airteagal 59

    Leasú ar Threoir 2002/87/CE

    In Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

    “(7)

    ciallaíonn “rialacha earnála” gníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar eintitis rialáilte, go háirithe Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 (*1) agus (AE) 2019/2033 (*2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2009/138/CE, 2013/36/AE (*3), 2014/65/AE (*4) agus (AE) 2019/2034 (*5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Airteagal 60

    Leasú ar Threoir 2009/65/CE

    I bpointe (a) d'Airteagal 7(1) de Threoir 2009/65/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

    “(iii)

    gan beann ar mhéid na gceanglas sin, ní bheidh cistí dílse na cuideachta bainistíochta, tráth ar bith, faoi bhun an mhéid a fhorordaítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

    Airteaga l 61

    Leasú ar Threoir 2011/61/AE

    In Airteagal 9 de Threoir 2011/61/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Gan beann ar mhír 3, ní bheidh cistí dílse AIFM níos lú ná an méid a cheanglaítear faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

    Airteagal 62

    Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE

    Leasaítear Treoir 2013/36/AE mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:

    “Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‐aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Treoir seo, leagtar rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa;

    (b)

    cumhachtaí maoirseachta agus uirlisí le haghaidh maoirseacht stuamachta a dhéanann údaráis inniúla ar institiúidí creidmheasa;

    (c)

    an mhaoirseacht stuamachta a dhéanann údaráis inniúla ar institiúidí creidmheasa ar bhealach atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    (d)

    ceanglais foilseacháin maidir le húdaráis inniúla i réimse an rialaithe stuamachta agus na maoirseachta ar institiúidí creidmheasa.”;

    (3)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    scriostar míreanna 2 agus 3;

    (b)

    i mír 5, scriostar pointe (1);

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Caithfear leis na heintitis dá dtagraítear i bpointí (3) go (24) de mhír 5 den Airteagal seo mar institiúidí airgeadais chun críocha Airteagal 34 agus Theideal VII, Caibidil 3.”;

    (4)

    in Airteagal 3(1), scriostar pointe (4);

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    Airteagal 5

    Comhordú laistigh de na Ballstáit

    Déanfaidh na Ballstáit ag a bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin le haghaidh na maoirseachta stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais na bearta is gá chun comhordú a eagrú idir údaráis den sórt sin.”;

    (6)

    cuirtear an t‐airteagal seo a leanas isteach:

    Airteagal 8a

    Ceanglais shonracha maidir le húdarú institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

    1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fuair údarú cheana de bhun Theideal II de Threoir 2014/65/AE iarratas ar údarú a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 8, an lá a tharlaíonn ceachtar den dá imeacht seo a leanas ar a dhéanaí:

    (a)

    is ionann meán na sócmhainní iomlána míosúla, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile, agus EUR 30 billiún nó is mó an meán sin ná EUR 30 billiún; nó

    (b)

    is lú meán na sócmhainní iomlána míosúla, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile, ná EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 30 billiún nó inar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa ar lú ná EUR 30 billiún na sócmhainní iomlána atá ag gach ceann acu ar bhonn aonair agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, agus an dá cheann á ríomh mar mheán thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile.

    2.   Féadfaidh na gnóthais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leanúint de bheith ag déanamh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go dtí go bhfaighidh siad an t‐údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheidh, an 24 Nollaig 2019, ag déanamh gníomhaíochtaí mar ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE, déanfaidh siad iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo faoin 27 Nollaig 2020.

    4.   I gcás ina gcinnfidh an t‐údarás inniúil, tar éis dó an fhaisnéis a fháil i gcomhréir le hAirteagal 95a de Threoir 2014/65/EU go bhfuil nach mór gnóthas a údarú mar institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo, tabharfaidh sé fógra don ghnóthas agus don údarás inniúil mar a shainmhínítear é i bpointe (26) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus glacfaidh sé an nós imeachta údarúcháin air féin ó dháta an fhógra sin.

    5.   I gcásanna ina ndéanfar ath-údarú, áiritheoidh an t‐údarás inniúil údarúcháin go ndéanfar an próiseas a chuíchóiriú a mhéid is féidir agus go gcuirfear san áireamh an fhaisnéis ó na húdaruithe atá ann cheana.

    6.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:

    (a)

    an fhaisnéis a bheidh le tabhairt ag an ngnóthas do na húdaráis inniúla san iarratas ar an údarú, lena n‐áirítear clár na n‐oibríochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 10;

    (b)

    an mhodheolaíocht chun na tairseacha a ríomh dá dtagraítear i mír 1.

    Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

    Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.”;

    (7)

    in Airteagal 18, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(aa)

    úsáideann sí a údarú chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na gníomhaíochtaí sin amháin, a dhéanamh agus bhí meán a sócmhainní iomlána faoi bhun na dtairseach a leagtar amach san Airteagal sin ar feadh cúig bliana as a chéile;”;

    (8)

    leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Déanfaidh ÚBE liosta ainmneacha na n‐institiúidí creidmheasa uile a bhfuil údarú tugtha dóibh a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ar a laghad.”;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   Áireofar ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ainmneacha na ngnóthas dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus sainaithneofar ann na hinstitiúidí creidmheasa sin dá réir. Tabharfar breac-chuntas sa liosta sin freisin ar athrú ar bith i gcomparáid leis an leagan den liosta a bhí ann roimhe sin.”;

    (9)

    in Airteagal 21b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Chun críocha an Airteagail seo:

    (a)

    is é suim na nithe seo a leanas luach iomlán sócmhainní an ghrúpa tríú tír san Aontas:

    (i)

    luach iomlán na sócmhainní atá ag gach institiúid den ghrúpa tríú tír san Aontas a thiocfaidh as a clár comhardaithe comhdhlúite, nó a thiocfaidh as a cláir chomhardaithe aonair, i gcás nach gcomhdhlúthaítear clár comhardaithe de chuid institiúide; agus

    (ii)

    luach iomlán na sócmhainní atá ag gach brainse den ghrúpa tríú tír a údaraítear le bheith ag oibriú san Aontas i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) nó le Treoir 2014/65/AE.

    (b)

    cuimseofar gnólachtaí infheistíochta freisin faoin téarma “institiúid”.

    (*8)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84)”;"

    (10)

    scriostar Teideal IV;

    (11)

    in Airteagal 51(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “1.   Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit óstaigh a iarraidh ar an maoirseoir comhdhlúthaithe, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 112(1), nó ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile, go measfar go bhfuil brainse institiúide creidmheasa suntasach.”;

    (12)

    in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Ní chuirfidh mír 1 cosc ar na húdaráis inniúla faisnéis a mhalartú le chéile nó faisnéis a tharchur chuig BERS, ÚBE nó chuig an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEUM”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10), le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, le hAirteagail 31, 35 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus le hAirteagail 31 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, le Treoir (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11) agus le treoracha eile is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Beidh an fhaisnéis sin faoi réir mhír 1.”

    (*9)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84)."

    (*10)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh 575/2013, (AE) Uimh 600/2014 agus (AE) Uimh 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1)."

    (*11)  Treoir (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27. Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L314, 5.12.2019, lch. 1).;"

    (13)

    in Airteagal 66(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(aa)

    ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1)(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a dhéanamh agus an tairseach a leagtar síos san Airteagal sin a bhaint amach gan a bheith údaraithe mar institiúid creidmheasa;”;

    (14)

    in Airteagal 76(5), scriostar an séú fomhír;

    (15)

    in Airteagal 86, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

    “11.   Áiritheoidh údaráis inniúla go mbeidh pleananna téarnamh chun leachtachta i bhfeidhm ag institiúidí ina mbeidh straitéisí leordhóthanacha agus bearta cur chun feidhme cearta leagtha amach chun dul i ngleic le heasnaimh leachtachta fhéideartha, lena n‐áirítear i leith brainsí atá bunaithe i mBallstát eile. Áiritheoidh údaráis inniúla go dtástálfaidh na hinstitiúidí na pleananna sin uair sa bhliain ar a laghad, go nuashonróidh siad iad ar bhonn thoradh na gcásanna malartacha a leagtar amach i mír 8, go mbeidh siad tuairiscithe don lucht bainistíochta sinsearach agus faofa acu, sa chaoi gur féidir beartais agus próisis inmheánacha a choigeartú dá réir. Tabharfaidh na hinstitiúidí na céimeanna oibríochtúla is gá roimh réidh chun a áirithiú gur féidir pleananna téarnamh chun leachtachta a chur chun feidhme láithreach. Ar na céimeanna oibríochtúla sin, beidh sealbhú comhthaobhachta a bheidh ar fáil láithreach le haghaidh cistiú banc ceannais. San áireamh ansin, tá sealbhú comhthaobhachta in airgeadra Ballstáit eile más gá, nó in airgeadra tríú tír a bhfuil neamhchosaintí uirthi ag an institiúid, agus más gá ó thaobh oibríochta laistigh de chríoch Ballstáit óstaigh nó tríú tír a bhfuil sí neamhchosanta uirthi.”;

    (16)

    in Airteagal 110, scriostar mír 2;

    (17)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 111:

    Airteagal 111

    An maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh

    1.   I gcás inar máthairinstitiúid creidmheasa i mBallstát é nó inar máthairinstitiúid creidmheasa AE é máthairghnóthas, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar an máthairinstitiúid creidmheasa sin nó ar an máthairinstitiúid creidmheasa AE sin a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus nach institiúid creidmheasa ceann ar bith dá fhochuideachtaí, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an máthairghnólacht infheistíochta sin sa Bhallstát nó ar an máthairghnólacht infheistíochta AE sin ar bhonn aonair a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus nach institiúid creidmheasa ceann amháin ar a laghad dá fhochuideachtaí, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa, nó i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa ann, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    2.   I gcás inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais i mBallstát é nó inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát é nó inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE é nó inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE é máthairghnóthas institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta, is é údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an institiúid creidmheasa nó ar an ngnólacht infheistíochta ar bhonn aonair a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    3.   I gcás ina bhfuil an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais chéanna i mBallstát, an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna i mBallstát nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE chéanna nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE chéanna ag dhá institiúid creidmheasa nó níos mó nó dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó atá údaraithe san Aontas, is iad na húdaráis seo a leanas a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite:

    (a)

    údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa nach bhfuil ach institiúid creidmheasa amháin laistigh den ghrúpa;

    (b)

    údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe, i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa; nó

    (c)

    údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir comhardaithe, i gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa laistigh den ghrúpa.

    4.   I gcás ina gceanglaítear comhdhlúthú de bhun Airteagal 18(3) nó (6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe nó, i gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa laistigh den ghrúpa, is é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir chomhordaithe a dhéanfaidh an mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite.

    5.   De mhaolú ar an tríú fomhír de mhír 1, ar phointe (b) de mhír 3 agus ar mhír 4, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na hinstitiúidí creidmheasa laistigh de ghrúpa, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na hinstitiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa ar mó méid iomlán chláir chomhardaithe na n‐institiúidí creidmheasa sin a ndéantar maoirseacht orthu ná méid iomlán chláir chomhardaithe na n‐institiúidí creidmheasa a ndéanann aon údarás inniúil eile maoirseacht orthu ar bhonn aonair a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe.

    De mhaolú ar phointe (c) de mhír 3, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na gnólachtaí infheistíochta laistigh de ghrúpa, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó de na gnólachtaí infheistíochta laistigh den ghrúpa ar mó méid iomlán chláir chomhardaithe an ghrúpa a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe.

    6.   I gcásanna áirithe, déanfaidh na húdaráis inniúla, trí chomhaontú comhchoiteann, na critéir dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 a tharscaoileadh agus údarás inniúil difriúil a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite i gcás nach mbeadh sé iomchuí na critéir, dá dtagraítear iontu a chur i bhfeidhm, agus aird á tabhairt ar na hinstitiúidí creidmheasa nó na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann agus ar thábhacht chomparáideach a gcuid gníomhaíochtaí sna Ballstáit ábhartha, nó ar an ngá lena áirithiú go leanfaidh an t‐údarás inniúil céanna den mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite. I gcásanna den sórt sin, beidh an ceart éisteacht a fháil sula ndéanann na húdaráis inniúla an cinneadh ag máthairinstitiúid AE, máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE, máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE nó an institiúid creidmheasa nó an gnólacht infheistíochta ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe nó a cláir comhardaithe, de réir mar is infheidhme.

    7.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚBE faoi aon chomhaontú a thagann faoi raon feidhme mhír 6.”;

    (18)

    in Airteagal 114(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “1.   I gcás ina dtiocfaidh cás éigeandála chun cinn, lena n‐áirítear cás de réir na tuairisce in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó cás drochfhorbairtí i margaí, cás is féidir a chuirfidh an leachtacht mhargaidh agus cobhsaíocht an chórais airgeadais i mbaol in aon cheann de na Ballstáit inar údaraíodh eintitis de chuid grúpa nó ina bhfuil brainsí suntasacha mar a thagraítear dóibh in Airteagal 51 bunaithe, déanfaidh an t‐oifigeach comhdhlúthaithe, faoi réir Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal VII den Treoir seo, agus más infheidhme, Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de [Threoir (AE) 2019/2034, foláireamh a thabhairt a luaithe is féidir do ÚBE agus do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 58(4) agus Airteagal 59 agus cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir leis an húdaráis inniúla uile.”;

    (19)

    leasaítear Airteagal 116 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Oibreoidh na húdaráis inniúla a ghlacfaidh páirt sna coláistí maoirseoirí agus ÚBE i ndlúthchomhar le chéile. Ní chuirfidh na ceanglais rúndachta faoi Theideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de Threoir (AE) 2019/2034 cosc ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a mhalartú laistigh de choláistí maoirseoirí. Ní dhéanfaidh bunú ná feidhmiú coláistí maoirseoirí difear do chearta agus freagrachtaí na n‐údarás inniúil faoin Treoir seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”;

    (b)

    i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “6.   Féadfaidh na húdaráis inniúla ar a bhfuil sé de chúram maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí de chuid máthairinstitiúide Aontais nó de chuid máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais Aontais nó de chuid máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais agus na húdaráis inniúla Ballstáit óstaigh i gcás ina mbeidh brainsí suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 51 bunaithe, bainc ceannais de chuid CEBC de réir mar is iomchuí, agus údaráis mhaoirseachta tríú tír de réir mar is iomchuí agus faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach, de réir thuairim na n‐údarás inniúil uile, leis na ceanglais faoi Theideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, faoi Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de Threoir (AE).2019/2034, féadfaidh siad páirt a ghlacadh i gcoláistí maoirseoirí.”;

    (c)

    i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “9.   Faoi réir na gceanglas rúndachta faoi Theideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, faoi Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de Threoir (AE) 2019/2034, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe ÚBE ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí, lena n‐airítear i gcásanna éigeandála, agus cuirfidh an té sin an fhaisnéis uile a bhfuil ábharthacht shonrach léi chun críocha an chóineasaithe maoirseachta in iúl do ÚBE.”;

    (20)

    in Airteagal 125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Beidh faisnéis a fuarthas laistigh den chreat maoirseachta ar bhonn comhdhlúite, agus go háirithe aon mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla dá bhforáiltear sa Treoir seo, faoi réir ceanglais rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach, ar a laghad, leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 53(1) den Treoir seo maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó faoi Airteagal 15 de Threoir (AE) 2019/2034.”;

    (21)

    in Airteagal 128, scriostar an cúigiú fomhír;

    (22)

    in Airteagal 129, scriostar míreanna 2, 3 agus 4;

    (23)

    in Airteagal 130, scriostar míreanna 2, 3 agus 4;

    (24)

    in Airteagal 143(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    gan dochar do na forálacha a leagtar amach i dTeideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, na forálacha a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1, Roinn 2 de Threoir (AE) 2019/2034, sonraí staidrimh comhiomlána i ndáil le príomhghnéithe chur chun feidhme an chreata stuamachta i ngach Ballstát, lena n‐airítear líon agus cineál na mbeart maoirseachta a dhéanfar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 102(1) den Treoir seo agus na bpionós riaracháin a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 65 den Treoir seo.”.

    Airteagal 63

    Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

    Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

    “(3)

    ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (22) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE)2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12) atá faoi réir cheanglas an chaipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13).

    (*12)  Rialachán (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27. Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh 575/2013, (AE) Uimh 600/2014 agus (AE) Uimh 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64)."

    (*13)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).”;"

    (2)

    in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas leis:

    “3.   I gcomhréir le hAirteagal 65(4) de Rialachán (AE) 2019/2034, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais cistí dílse breise ar bhonn aonair de ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú ar an mbealach seo a leanas:

    (a)

    le tagairtí do phointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le cóimheas caipitil iomlán sa Treoir seo, tagrófar d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034;

    (b)

    le tagairtí d'Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca sa Treoir seo, tagrófar don cheanglas is infheidhme in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2034 arna iolrú faoi 12,5.

    I gcomhréir le hAirteagal 65 de Threoir (AE) 2019/2034, déanfar tagairtí sa Treoir seo d'Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE maidir le ceanglais cistí dílse breise gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) den Treoir seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2034 iad a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034.”.

    Airteagal 64

    Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

    Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    ní chomhlíonfaidh sé a thuilleadh na coinníollacha faoinar tugadh an t‐údarú, amhail comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14);

    (*14)  Rialachán (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27. Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh 575/2013, (AE) Uimh 600/2014 agus (AE) Uimh 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).”;"

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

    Airteagal 15

    Caipiteal tosaigh a dhearlacadh

    Áiritheoidh na Ballstáit nach dtabharfaidh na húdaráis inniúla údarú ach amháin má bhíonn caipiteal tosaigh leordhóthanach ag an ngnólacht infheistíochta i gcomhréir le ceanglais Airteagal 9 de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15), ag féachaint do chineál na seirbhíse nó na gníomhaíochta infheistíochta i gceist.

    (*15)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).”;"

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

    Airteagal 41

    An túdarú a thabhairt

    1.   Ní thabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar bhunaigh gnólacht tríú tír brainse nó ina bhfuil sé beartaithe ag gnólacht tríú tír brainse a bhunú údarú ach amháin i gcás ina mbeidh an t‐údarás inniúil sásta:

    (a)

    go bhfuil na coinníollacha faoi Airteagal 39 comhlíonta; agus

    (b)

    go mbeidh brainse an ghnólachta tríú tír ábalta na forálacha a chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3.

    Cuirfidh an t‐údarás inniúil in iúl don ghnólacht tríú tír, laistigh de shé mhí ó cuireadh isteach iarratas críochnaithe, cé acu a tugadh nó nár tugadh an t‐údarú.

    2.   Comhlíonfaidh brainse an ghnólachta tríú tír a bheidh údaraithe i gcomhréir le mír 1 na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 16 go 20, Airteagail 23, 24, 25 agus 27, Airteagal 28(1), agus Airteagail 30, 31 agus 32 den Treoir seo agus in Airteagail 3 go 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus na bearta arna nglacadh dá mbun sin agus beidh sé faoi réir mhaoirseacht an údaráis inniúil sa Bhallstát inar tugadh an t‐údarú.

    Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise maidir le heagrú agus le hoibriú an bhrainse i dtaca leis na nithe atá cumhdaithe ag an Treoir seo agus ní chaithfidh siad le haon bhrainse de chuid gnólachtaí tríú tír níos fabhraí ná mar a chaitheann siad le gnólachtaí Aontais.

    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM ar bhonn bliantúil faoi liosta na mbrainsí de chuid gnólachtaí tríú tír atá ag feidhmiú ina gcríoch.

    Foilseoidh ÚEUM ar bhonn bliantúil liosta brainsí tríú tír atá gníomhach san Aontas, lena n‐áirítear ainm an ghnólachta tríú tír a mbaineann an brainse leis.

    3.   Déanfaidh an brainse de chuid an ghnólachta tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le mír 1 an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú ar bhonn bliantúil don údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2:

    (a)

    scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann an brainse sa Bhallstát sin;

    (b)

    i gcás gnólachtaí tríú tír a dhéanann an ghníomhaíocht a liostaítear i bpointe (3) de Roinn A d'Iarscríbhinn I, a neamhchosaint íosta, mheánach agus uasta mhíosúil ar chontrapháirtithe AE;

    (c)

    i gcás gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn ceann amháin nó an dá ceann de na seirbhísí a liostaítear i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I, luach iomlán na n‐ionstraimí airgeadais arna dtionscnamh ó chontrapháirtithe AE a frithghealladh nó a cuireadh ar bhonn ceangaltais dhaingin i rith na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

    (d)

    láimhdeachas agus luach comhiomlán na sócmhainní a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

    (e)

    tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe cosanta infheisteoirí atá ar fáil do chliaint an bhrainse, lena n‐áirítear cearta na gcliant sin a thagann as an scéim cúitimh d'infheisteoirí dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 39(2);

    (f)

    a mbeartas agus a socruithe bainistíochta riosca a chuireann an brainse i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

    (g)

    na socruithe rialachais, lena n‐áirítear na príomhfheidhmeannaigh maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse;

    (h)

    aon fhaisnéis eile a measann an t‐údarás inniúil gur gá í chun gur féidir faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an bhrainse.

    4.   Arna iarraidh sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a leanas in iúl do ÚEUM:

    (a)

    gach údarú maidir le brainsí arna n‐údarú i gcomhréir le mír 1 agus aon athruithe ina dhiaidh sin ar na húdaruithe sin;

    (b)

    scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann brainse údaraithe sa Bhallstát;

    (c)

    láimhdeachas agus na sócmhainní iomlána a fhreagraíonn do na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b);

    (d)

    ainm an ghrúpa tríú tír a mbaineann brainse údaraithe leis.

    5.   Oibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, údaráis inniúla eintiteas atá ina gcuid den ghrúpa céanna ina bhfuil brainsí de ghnólachtaí tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le mír 1, agus ÚEUM agus ÚBE i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chuimsitheach chomhsheasmhach éifeachtach ar ghníomhaíochtaí uile an ghrúpa sin san Aontas i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh 575/2013, le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, le Rialachán (AE) 2019/2033, le Treoir 2013/36/AE agus le Treoir (AE) 2019/2033.

    6.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid a shonrú ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 le tuairisciú.

    Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2020.

    Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42:

    Airteagal 42

    Seirbhísí a sholáthar ar thionscain an chliaint amháin

    1.   Cliant miondíola nó cliant gairmiúil de réir bhrí Roinn II d'Iarscríbhinn II agus atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, i gcás ina dtionscnóidh sé, ar a thionscnamh eisiach féin, seirbhís nó gníomhaíocht infheistíochta a bheidh á soláthar ag gnólacht tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an gceanglas maidir le húdarú faoi Airteagal 39 maidir leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht sin a bheith á soláthar ag an ngnólacht tríú tír don duine sin, lena n‐áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta sin.

    Gan dochar don chaidreamh inghrúpa, i gcás ina ndéanfaidh gnólacht tríú tír, lena n‐áirítear trí bhíthin eintiteas a ghníomhaíonn thar a cheann nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht tríú tír sin nó le haon duine eile a ghníomhaíonn thar ceann an eintitis sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís í sin a soláthraíodh ar thionscnamh eisiach an chliaint féin.

    2.   Ní dhéanfar, le tionscnamh ó chliant dá dtagraítear i mír 1, teideal a thabhairt do ghnólacht tríú tír catagóirí nua táirgí infheistíochta nó seirbhísí infheistíochta a mhargú don chliant sin ar shlí eile seachas tríd an mbrainse, i gcás ina gceanglaítear brainse a bheith ann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

    (5)

    in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na margaí rialáilte córais mhéid an tic a ghlacadh i dtaobh scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail agus i dtaobh aon ionstraim airgeadais eile ar ina leith a dhéantar caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i gcomhréir le mír 4. Le cur i bhfeidhm na méideanna ticeanna, ní chuirfear cosc ar mhargaí rialáilte orduithe ar mórscála a mheaitseáil ag lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.”;

    (6)

    in Airteagal 81(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    a sheiceáil an bhfuil na coinníollacha maidir le gnó gnólachtaí infheistíochta a ghlacadh comhlíonta agus an faireachán ar dhéanamh an ghnó sin, ar nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta agus ar shásraí rialúcháin inmheánaigh a éascú;”;

    (7)

    cuirtear an t‐airteagal seo a leanas isteach:

    Airteagal 95a

    Foráil idirthréimhseach maidir le hinstitiúid creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a údarú

    Cuirfidh údaráis inniúla an t‐údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ar an eolas i gcás inarb ionann agus EUR 30 billiún, nó inar mó ná EUR 30 billiún, sócmhainní beartaithe iomlána gnóthais a rinne iarratas ar údarú de bhun Theideal II den Treoir seo roimh an 25 Nollaig 2019 chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I, agus tabharfaidh siad fógra don iarratasóir faoi sin.”.

    TEIDEAL VIII

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 65

    Tagairtí do Threoir 2013/36/AE i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais

    Chun críoch maoirseachta stuamachta agus réitigh gnólachtaí infheistíochta, déanfar tagairtí do Threoir 2013/36/AE i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

    Airteagal 66

    Athbhreithniú

    Faoin 26 Meitheamh 2024, cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE agus ÚEUM, tuarascáil, maille le togra reachtach más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    na forálacha maidir le luach saothair sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2034 agus i dTreoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE chomh maith, d'fhonn cothrom na féinne a bhaint amach do gach gnólacht infheistíochta atá gníomhach san Aontas, lena n‐áirítear cur i bhfeidhm na bhforálacha sin;

    (b)

    a oiriúnaí atá na ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/2034, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh;

    (c)

    measúnú, ina gcuirfear san áireamh an tuarascáil ó ÚBE dá dtagraítear in Airteagal 35 agus an tacsanomaíocht i dtaca le maoiniú inbhuanaithe, maidir le haon cheann díobh seo a leanas:

    (i)

    an mbreithneofar rioscaí ESG i dtaobh rialachas inmheánach an ghnóthais infheistíochta;

    (ii)

    an mbreithneofar rioscaí ESG i dtaobh bheartas luacha saothair an ghnólachta infheistíochta;

    (iii)

    an mbreithneofar rioscaí ESG agus rioscaí á láimhseáil; agus

    (iv)

    an gcuirfear rioscaí ESG san áireamh sa phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta.

    (d)

    éifeachtacht na socruithe roinnte faisnéise faoin Treoir seo;

    (e)

    comhar an Aontais agus na mBallstát le tríú tíortha i leith chur i bhfeidhm na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2034;

    (f)

    cur chun feidhme na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2034 maidir le gnólachtaí infheistíochta ar bhonn a struchtúir dhlíthiúil nó a samhla úinéireachta;

    (g)

    an bhfuil baol ann go mbainfeadh riosca saofa sa chóras airgeadais leis na gnólachtaí infheistíochta a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith aige ar an gcóras airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar, agus an fhéidearthacht uirlisí mascrastuamachta iomchuí a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar riosca den sórt sin, agus a thiocfaidh in ionad cheanglais phointe (d) d'Airteagal 36(1) den Treoir seo;

    (h)

    na coinníollacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir seo.

    Airteagal 67

    Trasuí

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 26 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas fúthu láithreach.

    Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 26 Meitheamh 2021. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun pointe (5) d'Airteagal 64 a chomhlíonadh ón 26 Márta 2020, áfach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar tagairt den sórt sin.

    2.   A luaithe a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas, in am trátha chun a bharúlacha a thíolacadh, faoi dréachtfhorálacha reachtacha, rialúcháin nó riaracháin atá sé beartaithe acu a ghlacadh sa réimse arna chumhdach ag an Treoir seo.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus do ÚBE.

    I gcás nach leor na doiciméid a ghabhann le fógra maidir le bearta trasuí a chuireann na Ballstáit ar fáil chun measúnú iomlán a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na forálacha trasuí forálacha áirithe sa Treoir seo, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó ÚBE, chun a chúraimí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a dhéanamh, nó ar a thionscnamh féin, a éileamh ar Bhallstáit faisnéis níos mionsonraithe a thabhairt faoi thrasuí agus cur chun feidhme na bhforálacha sin agus na Treorach seo.

    Airteagal 68

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 69

    Seolaithe

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

    Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    T. TUPPURAINEN


    (1)  IO C 378, 19.10.2018, lch. 5.

    (2)  IO C 262, 25.7.2018, lch. 35.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (5)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‐aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (6)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

    (9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (11)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

    (12)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

    (13)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174 7.7.2011, lch. 1).

    (14)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

    (15)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (16)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

    (17)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

    (18)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

    (19)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

    (20)  Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil (IO L 150, 7.6.2019 lch. 253).

    (21)  Treoir 2002/87/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE ón gComhairle, Treoir 79/267/CEE ón gComhairle, Treoir 92/49/CEE ón gComhairle, Treoir 92/96/CEE ón gComhairle, Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 035, 11.2.2003, lch. 1).

    (22)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

    (23)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

    (24)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

    (25)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‐aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

    (26)  Moladh 2009/384/CE ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2009 maidir le beartais luacha saothair in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 120, 15.5.2009, lch. 22).


    Top