Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018L1972R(01)

    Ceartúchán ar Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018)

    ST/12438/2019/INIT

    IO L 334, 27.12.2019, p. 164–164 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1972/corrigendum/2019-12-27/oj

    27.12.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    164


    Ceartúchán ar Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach

    ( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 321 Eagrán Speisialta Gaeilge an 17 Nollaig 2018 )

    1.

    Ar leathanach 122, pointe (b) d’Airteagal 32(4):

    in ionad:

    “(b)

    gnóthas a ainmniú nó gan a ainmniú, go leithleach nó i gcomhpháirt le gnóthais eile, cumhacht shuntasach sa mhargadh a bheith aige, faoi Airteagal 67(3) nó (4);”,

    léitear:

    “(b)

    a chinneadh gnóthas a ainmniú nó gan a ainmniú, go leithleach nó i gcomhpháirt le gnóthais eile, mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, faoi Airteagal 67(3) nó (4);”.

    2.

    Ar leathanach 145, an chéad fhomhír d’Airteagal 61(1):

    in ionad:

    “Ag gníomhú dóibh ar mhaithe leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, spreagfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, i gcás phointe (b) agus phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo ...”,

    léitear:

    “Ag gníomhú dóibh ar mhaithe leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, spreagfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó, i gcás phointe (b) agus phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile ...”.

    3.

    Ar leathanach 145, an chéad fhomhír d’Airteagal 61(2):

    in ionad:

    “2.   Go háirithe, gan dochar do bhearta a fhéadfar a ghlacadh maidir le gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gcomhréir le hAirteagal 68, beidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, i gcás phointe (b) agus phointe (c) den fhomhír seo, in ann na nithe seo a leanas a fhorchur: ...”,

    léitear:

    “2.   Go háirithe, gan dochar do bhearta a fhéadfar a ghlacadh maidir le gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gcomhréir le hAirteagal 68, beidh údaráis rialála náisiúnta nó, i gcás phointe (b) agus phointe (c) den fhomhír seo, na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile in ann na nithe seo a leanas a fhorchur: ...”.


    Top