Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R1014

    Rialachán (AE) 2016/1014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca le díolúintí do dhéileálaithe tráchtearraí (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    IO L 171, 29.6.2016, p. 153–154 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1014/oj

    29.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 171/153


    RIALACHÁN (AE) 2016/1014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 8 Meitheamh 2016

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca le díolúintí do dhéileálaithe tráchtearraí

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), díolmhaítear gnólachtaí infheistíochta arb é seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí 5, 6, 7, 9 agus 10 de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), arb é sin agus sin amháin a bpríomhghnó, agus ar gnólachtaí iad nach raibh feidhm ag Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (6) an 31 Nollaig 2006 (“déileálaithe tráchtearraí”) maidir leo, díolmhaítear iad ó na ceanglais maidir le risíochtaí móra agus ó cheanglais maidir le cistí dílse. Beidh feidhm ag na díolúintí sin go dtí an 31 Nollaig 2017.

    (2)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin tuarascáil a ullmhú, faoin 31 Nollaig 2015, maidir le córas iomchuí chun maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar dhéileálaithe tráchtearraí. Ina theannta sin, leis an Rialachán sin ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú, faoin dáta céanna, maidir le córas iomchuí chun maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta trí chéile. Más iomchuí, tíolacfar tograí reachtacha ar bhonn na dtuarascálacha sin.

    (3)

    Tá athbhreithniú ar láimhseáil stuamachta gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear déileálaithe tráchtearraí, á dhéanamh faoi láthair ach níl sé críochnaithe fós. Ní chuirfear bailchríoch ar an athbhreithniú sin agus ní ghlacfar aon reachtaíocht nua a d'fhéadfadh bheith ag teastáil i bhfianaise an athbhreithnithe sin go dtí tar éis an 31 Nollaig 2017.

    (4)

    Faoin gcóras atá ann faoi láthair, tar éis an 31 Nollaig 2017, tiocfaidh déileálaithe tráchtearraí faoi réir na gceanglas maidir le risíochtaí móra agus faoi réir na gceanglas maidir le cistí dílse. D'fhéadfadh sin tabhairt orthu cur go mór leis na cistí dílse is gá bheith acu chun leanúint dá ngníomhaíochtaí agus d'fhéadfadh sé, dá thairbhe sin, cur leis na costais ghaolmhara a bhaineann le gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh.

    (5)

    Maidir le cinneadh chun na ceanglais maidir le risíochtaí móra agus ceanglais maidir le cistí dílse a chur i bhfeidhm i leith déileálaithe tráchtearraí, níor cheart é a bheith mar thoradh ar dhul in éag díolúine. Ina ionad sin, ba cheart don chinneadh sin bheith iomlán réasúnaithe, bunaithe ar chonclúidí an athbhreithnithe ar ghnólachtaí infheistíochta, agus ba cheart é bheith leagtha síos go soiléir i reachtaíocht.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, dáta nua a bhunú agus go leanfadh na díolúintí do dhéileálaithe tráchtearraí d'fheidhm a bheith acu go dtí an dáta sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:

    (1)

    in Airteagal 493(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

    “Tá an díolúine sin ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2020 nó an dáta ar a dtiocfaidh leasuithe ar bith de bhun mhír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm, cibé acu is luaithe.”;

    (2)

    in Airteagal 498(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Beidh an díolúine seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020 nó ar an dáta a dtiocfaidh leasuithe ar bith de bhun mhír 2 agus mhír 3 i bhfeidhm, cibé acu is luaithe.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A.G. KOENDERS


    (1)  IO C 130, 13.4.2016, lch. 1.

    (2)  Tuairim an 27 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016.

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (5)  Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).

    (6)  Treoir 93/22/CE ón gComhairle an 10 Bealtaine 1993 maidir le seirbhísí infheistíochta i réimse na n-urrús (IO L 141, 11.6.1993, lch. 27).


    Top