Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R0791

    Rialachán (AE) 2016/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an scéim cabhrach chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais

    IO L 135, 24.5.2016, p. 1–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/791/oj

    24.5.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 135/1


    RIALACHÁN (AE) 2016/791 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 11 Bealtaine 2016

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an scéim cabhrach chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    I Roinn 1 de Chaibidil II de Theideal I de Chuid II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), déantar foráil maidir le scéim torthaí agus glasraí scoile agus scéim bainne scoile.

    (2)

    I bhfianaise na taithí a fuarthas de bharr chur i bhfeidhm na scéimeanna scoile reatha, mar aon le conclúidí na meastóireachtaí seachtracha agus an anailís a rinneadh ina dhiaidh sin ar roghanna éagsúla beartais agus ar na deacrachtaí sóisialta a bhíonn ag Ballstáit, táthar den tuairim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go leanfar ar aghaidh leis an dá scéim scoile agus go neartófar iad. I bhfianaise na staide reatha ó thaobh laghdú an méid torthaí agus glasraí úra agus táirgí bainne a chaitear, agus a chaitheann leanaí go háirithe, agus i bhfianaise otracht i measc leanaí a bheith ag méadú mar thoradh ar nósanna caithimh i leith bianna ardphróiseáilte, ina mbíonn, ina theannta sin, go minic, an-chuid siúcraí, salainn, saile breise nó breiseáin, ba cheart níos mó a dhéanamh leis an gcabhair a thugann an tAontas chun soláthar táirgí talmhaíochta ar leith do leanaí i bhforais oideachais a mhaoiniú, chun nósanna itheacháin sláintiúla agus caitheamh táirgí áitiúla a chur chun cinn.

    (3)

    Léiríonn an anailís a rinneadh ar roghanna éagsúla beartais gurb é cur chuige aontaithe faoi chreat coiteann dlíthiúil agus airgeadais an bealach is iomchuí agus is éifeachtaí chun na cuspóirí sonracha atá á saothrú ag an gcomhbheartas talmhaíochta trí na scéimeanna scoile a bhaint amach. D'fhágfadh cur chuige den sórt sin go bhféadfadh na Ballstáit tionchar an dáileacháin a uasmhéadú laistigh de bhuiséad seasta agus éifeachtúlacht bainistíochta a mhéadú. Mar sin féin, chun go gcuirfí san áireamh na difríochtaí idir torthaí agus glasraí, lena n-áirítear bananaí, agus bainne agus táirgí bainne, is é sin “torthaí agus glasraí do scoileanna” agus “bainne do scoileanna”, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo iad, agus slabhraí soláthair na dtorthaí, na nglasraí agus na dtáirgí bainne sin, ba cheart gnéithe áirithe, amhail na himchlúdaigh bhuiséadacha faoi seach, a choinneáil ar leithligh i gcónaí. I bhfianaise na taithí a fuarthas ó na scéimeanna reatha, ba cheart rannpháirtíocht na mBallstát sa scéim scoile leanúint de bheith ar bhonn deonach i gcónaí. Agus na difríochtaí idir na patrúin éagsúla tomhaltais ar fud na mBallstát á gcur san áireamh, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit agus na réigiúin rannpháirteacha cé acu de na táirgí arb incháilithe iad maidir lena soláthar do leanaí i bhforais oideachais is mian leo a dháileadh a roghnú. D'fhéadfadh na Ballstáit machnamh a dhéanamh chomh maith ar bhearta spriocdhírithe a thabhairt isteach d'fhonn aghaidh a thabhairt ar an gcaoi ina bhfuil laghdú ag teacht ar an méid bainne atá á thomhailt ag an spriocghrúpa.

    (4)

    Sainaithníodh go bhfuil claonadh ar leith ann níos lú torthaí agus glasraí úra a ithe agus níos lú bainne a ól. Is iomchuí, mar sin, tús áite a thabhairt do dháileadh na dtáirgí sin faoin scéim scoile. Chuideodh sé sin freisin an t-ualach eagrúcháin ar na scoileanna a laghdú agus tionchar an dáileacháin a mhéadú laistigh de bhuiséad srianta agus bheadh sé i gcomhréir leis an gcleachtas reatha, ós rud é gurb iad na táirgí sin is minice a dháiltear. Chun go gcomhlíonfar moltaí maidir le hionsú chailciam i gcúrsaí cothaithe agus chun tomhaltas táirgí sonracha a chur chun cinn nó chun freagairt do riachtanais áirithe chothaithe atá ag leanaí ar a chríoch, áfach, agus ós rud é gur tháinig méadú ar na fadhbanna a bhaineann le héadulaingt lachtóis a bhíonn i mbainne, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit táirgí eile bainne a dháileadh amhail iógart agus cáis ag a mbíonn tionchar tairbhiúil ar shláinte leanaí nach bhfuil blaistiú, torthaí, cnónna nó cócó breise curtha leo, ar choinníoll go ndáileann siad bainne óil nó leaganacha saor ó lachtós de cheana féin. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte a dháileadh, ar choinníoll go ndáileann siad torthaí agus glasraí úra cheana féin. Ina theannta sin, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go ndáilfear táirgí áitiúla agus réigiúnacha. I gcásanna ina measann na Ballstáit gur gá sin chun go mbainfear amach cuspóirí na scéime scoile agus na spriocanna a leagtar síos ina straitéisí, ba cheart cead a bheith acu dáileadh na dtáirgí thuasluaite a chomhlánú le táirgí bainne agus deochanna bainne-bhunaithe áirithe eile. Ba cheart na táirgí sin go léir a bheith lán-incháilithe chun cabhair a fháil ón Aontas. I gcás táirgí neamhthalmhaíochta, áfach, is é comhchuid an bhainne an t-aon chuid ar chóir go mbeifí i dteideal an chabhair sin a fháil ina leith. D'fhonn forbairtí eolaíocha a chur san áireamh agus d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonann táirgí dáilte cuspóirí na scéime scoile, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta de mhéadaitheoirí blastachta eisiata a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorlíonadh agus i dtaca leis na leibhéil uasta siúcra bhreise, salainn bhreise agus saille breise i dtáirgí próiseáilte a shainiú.

    (5)

    Is gá bearta tionlacain oideachais a dhéanamh lena dtugtar tacaíocht don dáileadh le go mbeidh an scéim scoile éifeachtach ó thaobh bhaint amach a cuspóirí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha, eadhon caitheamh táirgí talmhaíochta roghnaithe a mhéadú agus aistí bia níos sláintiúla a mhúnlú. Ós rud é go bhfuil tábhacht ag baint leo, ba cheart go dtacódh bearta den sórt sin le torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna a dháileadh. Mar bhearta tionlacain oideachais, is ionann na bearta sin agus uirlis ríthábhachtach chun leanaí a chur ar an eolas arís faoin talmhaíocht agus faoin éagsúlacht i dtáirgí talmhaíochta de chuid an Aontais, go háirithe iad siúd a tháirgtear i réigiún na leanaí féin, agus cabhair na saineolaithe ar chothú agus na bhfeirmeoirí, mar shampla, á cur leis na bearta. D'fhonn na cuspóirí atá á saothrú leis an scéim scoile a bhaint amach, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a áireamh ina mbearta réimse níos leithne de tháirgí talmhaíochta, mar aon le speisialtachtaí eile áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta a áireamh, amhail mil, ológa boird agus ola olóige.

    (6)

    Chun nósanna itheacháin sláintiúla a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, nuair atá liosta de na táirgí atá le soláthar á tharraingt suas, go bhfuil baint iomchuí ag a n-údaráis náisiúnta atá freagrach as sláinte agus cothú, nó go dtugann na húdaráis sin an t-údarú iomchuí maidir leis an liosta sin, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta.

    (7)

    Chun go n-áiritheofar go mbainfear leas éifeachtúil agus spriocdhírithe as cistí an Aontais agus go n-éascófar cur chun feidhme na scéime scoile, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na costais agus na bearta a shainaithint arb incháilithe iad chun cabhair a fháil ón Aontas.

    (8)

    Ba cheart an chabhair ón Aontas a leithdháileadh go leithleach do thorthaí agus glasraí do scoileanna agus do bhainne do scoileanna i gcomhréir leis an gcur chuige deonach i leith dáileacháin. Ba cheart an chabhair sin a leithdháileadh ar gach Ballstát agus líon na leanaí san aoisghrúpa sé bliana go deich mbliana d'aois sa Bhallstát sin á chur san áireamh mar aon le méid na forbartha i réigiúin an Bhallstáit sin, chun a áirithiú go leithdháiltear níos mó cabhrach do réigiúin lagfhorbartha, do na hOileáin Aeigéacha bheaga agus na réigiúin is forimeallaí, i bhfianaise a theoranta atá a n-éagsúlú talmhaíochta agus gur minic nach mbíonn teacht ar tháirgí áirithe sa réigiún lena mbaineann, rud a fhágann go mbíonn costais níos airde iompair agus stórála i gceist. Ina theannta sin, d'fhonn a ligean do na Ballstáit scála a scéimeanna reatha do bhainne do scoileanna a choinneáil agus d'fhonn Ballstáit eile a spreagadh chun bainne a dháileadh, is iomchuí na critéir sin a chomhcheangal leis an leas a baineadh as an gcabhair ón Aontas chun bainne agus táirgí bainne a sholáthar do leanaí, seachas i gcás na Cróite, a mbeidh méid sonrach le cinneadh ina leith.

    (9)

    Ar mhaithe le dea-riarachán agus bainistiú fónta buiséid, aon Bhallstát ar mhian leis a bheith rannpháirteach i ndáileadh na dtáirgí is incháilithe, ba cheart dó iarrataí ar chabhair ón Aontas a thíolacadh gach bliain.

    (10)

    Ba cheart gur choinníoll ar Bhallstát maidir lena rannpháirteachas sa scéim scoile é straitéis náisiúnta nó réigiúnach. Ba cheart d'aon Bhallstát ar mhian leis a bheith rannpháirteach straitéis i bhfoirm doiciméad lena gcumhdófaí tréimhse sé bliana agus lena leagfaí amach a chuid tosaíochtaí a thíolacadh. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a gcuid straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta, go háirithe i bhfianaise meastóireachtaí agus athbhreithnithe maidir le tosaíochtaí nó spriocanna agus i bhfianaise rath a bheith ar a gcuid scéimeanna. Ina theannta sin, féadfar gnéithe sonracha a bhaineann le cur chun feidhme na scéime scoile a chur sna straitéisí, rud lena gcuirfear ar chumas na mBallstát éifeachtúlacht a bhaint amach sa bhainistiú a dhéantar ar, inter alia, iarratais ar chabhair.

    (11)

    Chun feasacht ar an scéim scoile a chur chun cinn agus chun go méadófar infheictheacht na cabhrach ón Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit an tacaíocht ón Aontas i leith chur chun feidhme na scéime a phoibliú go soiléir, lena n-áirítear i dtaca le huirlisí poiblíochta agus, más iomchuí, leis an gcomhaitheantóir nó na gnéithe grafacha.

    (12)

    Chun infheictheacht na scéime scoile a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a mhíniú ina straitéis conas mar a áiritheoidh siad breisluach a scéimeanna, go háirithe i gcás ina bhfuil táirgí a mhaoinítear faoi scéim an Aontais á gcaitheamh ag an am céanna le béilí eile a thugtar do leanaí i bhforas oideachais. Lena áirithiú go mbainfear amach cuspóir oideachais scéim an Aontais agus go bhfuil sé éifeachtach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na rialacha a bhaineann le dáileadh na dtáirgí a mhaoinítear faoi scéim an Aontais maidir le soláthair béilí eile i bhforais oideachais agus ullmhú na mbéilí sin.

    (13)

    D'fhonn éifeachtacht na scéime scoile sna Ballstáit a fhíorú, ba cheart don Aontas maoiniú a chur ar fáil le haghaidh tionscnamh chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach, agus aird ar leith á díriú ar athruithe meántéarmacha i dtomhaltas.

    (14)

    Ba cheart deireadh a chur le prionsabal an chómhaoinithe i gcás dáileadh torthaí agus glasraí do scoileanna.

    (15)

    Leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do roinnt na n-inniúlachtaí réigiúnacha nó áitiúla laistigh de Bhallstáit.

    (16)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a leasú dá réir. D'fhonn tréimhsiúlacht na bliana scoile a chur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha nua amhail ón 1 Lúnasa 2017,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 1 de Chaibidil II de Theideal I de Chuid II:

    “Roinn 1

    Cabhair i dtaca le torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar i bhforais oideachais

    Airteagal 22

    Spriocghrúpa

    An scéim cabhrach atá ceaptha le feabhas a chur ar dháileadh táirgí talmhaíochta agus ar nósanna itheacháin i measc páistí, tá sí dírithe ar pháistí a fhreastalaíonn go rialta ar naíonraí, réamhscoileanna nó ar fhorais oideachais bunscoile nó dara leibhéil atá á riaradh ag údaráis inniúla na mBallstát nó a bhfuil aitheantas acu uathu.

    Airteagal 23

    Cabhair i dtaca le soláthar torthaí agus glasraí do scoileanna, agus soláthar bainne do scoileanna, bearta tionlacain oideachais agus na costais ghaolmhara

    1.   Deonófar cabhair ón Aontas le haghaidh leanaí sna forais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 22:

    (a)

    maidir le soláthar agus dáileadh táirgí incháilithe dá dtagraítear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo;

    (b)

    maidir le bearta tionlacain oideachais; agus

    (c)

    chun costais ghaolmhara a chumhdach a bhaineann le trealamh, le poiblíocht, le faireachán agus le meastóireacht, agus, a mhéid is nach bhfuil na costais sin cumhdaithe faoi phointe (a) den fhomhír seo, le cúrsaí lóistíochta agus le dáileacháin.

    Leagfaidh an Chomhairle síos teorainneacha, i gcomhréir le Airteagal 43(3) CFAE, maidir leis an gcion de chabhair ón Aontas a chlúdóidh na bearta agus na costais dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo.

    2.   Chun críocha na Roinne seo:

    (a)

    ciallaíonn “torthaí agus glasraí do scoileanna” na táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 agus i bpointe (a) de mhír 4;

    (b)

    ciallaíonn “bainne do scoileanna” na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 agus i bpointe (b) de mhír 4, chomh maith leis na táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V.

    3.   Na Ballstáit sin ar mhian leo a bheith rannpháirteach sa scéim cabhrach a bunaíodh de bhun mhír 1 (“an scéim scoilev”) agus a iarrann an chabhair chomhfhreagrach ón Aontas, agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, tabharfaidh siad tosaíocht do dháileadh na dtáirgí as an ngrúpa seo a leanas nó as an dá ghrúpa seo a leanas:

    (a)

    torthaí agus glasraí agus táirgí úra ó earnáil na mbananaí;

    (b)

    bainne óil agus leaganacha saor ó lachtós de.

    4.   D'ainneoin mhír 3, chun tomhaltas táirgí sonracha a chur chun cinn agus/nó chun freagairt do riachtanais áirithe chothaithe atá ag leanaí ar a gcríoch, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do tháirgí as ceann den dá ghrúpa seo a leanas a dháileadh:

    (a)

    táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte, sa bhreis ar na táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3;

    (b)

    cáis, gruth, iógart agus táirgí eile bainne coipthe nó aigéadaithe nach bhfuil blaistiú, torthaí, cnónna nó cócó breise curtha leo, chomh maith leis na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3.

    5.   I gcásanna ina measann na Ballstáit gur gá sin chun go mbainfear amach cuspóirí na scéime scoile agus na spriocanna a leagtar síos sna straitéisí dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh siad dáileadh na dtáirgí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 a chomhlánú le táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn V.

    I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfar an chabhair ón Aontas a íoc ach i leith chomhchuid an bhainne den táirge dáilte. Ní bheidh comhchuid an bhainne sin faoi bhun 90 % de réir meáchain do tháirgí Chatagóir I d'Iarscríbhinn V agus 75 % de réir meáchain do tháirgí Chatagóir II d'Iarscríbhinn V.

    Déanfaidh an Chomhairle leibhéal na cabhrach ón Aontas do chomhchuid an bhainne a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

    6.   Na táirgí a dháilfear faoin scéim scoile, ní bheidh aon cheann de na nithe seo a leanas iontu:

    (a)

    siúcraí breise,

    (b)

    salann breise,

    (c)

    saill bhreise,

    (d)

    milseoirí breise,

    (e)

    na méadaitheoirí blastachta saorga E 620 go E 650 a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

    D'aineoinn na chéad fhomhíre den mhír seo, féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, tar éis dó an t-údarú iomchuí a fháil óna údaráis náisiúnta atá freagrach as sláinte agus cothú i gcomhréir lena chuid nósanna imeachta náisiúnta, go bhféadfaidh cainníochtaí teoranta de shiúcra breise, salann breise agus/nó saill bhreise a bheith i dtáirgí incháilithe dá dtagraítear i mír 4 agus mír 5.

    7.   De bhreis ar na táirgí dá dtagraítear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do chuimsiú táirgí talmhaíochta eile faoi na bearta tionlacain oideachais, go háirithe iad siúd a liostaítear i bpointe (g) agus i bpointe (v) d'Airteagal 1(2).

    8.   Mar choinníoll dá rannpháirtíocht sa scéim scoile agus sula mbeidh sé rannpháirteach sa scéim scoile, déanfaidh Ballstát straitéis a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh chur chun feidhme na scéime agus déanfar sin gach sé bliana ina dhiaidh sin. Féadfaidh an t-údarás atá freagrach as í a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach an straitéis a leasú, go háirithe i bhfianaise faireachán agus meastóireacht a bheith déanta agus i bhfianaise na dtorthaí a baineadh amach. Sa straitéis sin, sainaithneofar ar a laghad na riachtanais is gá a chomhlíonadh, ord tosaíochta na riachtanas i dtéarmaí tosaíochtaí, an spriocghrúpa, na torthaí a bhfuiltear ag súil lena mbaint amach, agus, má tá siad ar fáil, na spriocanna cainníochtaithe atá le baint amach i ndáil leis an staid tosaigh, agus leagfar síos na hionstraimí agus na gníomhaíochtaí is iomchuí chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    Féadfar gnéithe sonracha a bhaineann le cur chun feidhme na scéime scoile a bheith sa straitéis, lena n-áirítear iad sin atá ceaptha chun bainistiú na scéime a shimpliú.

    9.   Cinnfidh na Ballstáit ina gcuid straitéisí liosta na dtáirgí ar fad atá le soláthar faoin scéim scoile trí ghnáthdháileadh nó faoi bhearta tionlacain oideachais. Gan dochar do mhír 6, nuair a tharraingeofar suas an liosta sin, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú freisin go mbeidh baint iomchuí ag a n-údaráis náisiúnta atá freagrach as sláinte agus cothú, nó go dtabharfaidh na húdaráis sin an t-údarú iomchuí maidir leis an liosta sin, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta.

    10.   Ionas go mbeidh éifeacht ag an scéim scoile, deanfaidh na Ballstáit foráil freisin do bhearta tionlacain oideachais, lenar féidir a áirithiú, inter alia, bearta agus gníomhaíochtaí lena ndíreofar ar shuim leanaí sa talmhaíocht a athmhúscailt trí ghníomhaíochtaí amhail cuairteanna ar fheirmeacha, agus lena ndáilfear réimse níos leithne táirgí talmhaíochta de réir mar a dtagraítear dó sin i mír 7. Féadfar na bearta sin a cheapadh le hoideachas a chur ar leanaí faoi shaincheisteanna gaolmhara, amhail nósanna itheacháin sláintiúla, slabhraí bia áitiúla, feirmeoireacht orgánach, táirgiúlacht inbhuanaithe nó an comhrac i gcoinne cur amú bia.

    11.   Roghnóidh na Ballstáit na táirgí a bheidh le dáileadh nó a bheidh le háireamh sna bearta tionlacain oideachais ar bhonn critéir oibiachtúla ar a n-áireofar ceann amháin nó níos mó den mhéid a leanas: cúrsaí sláinte agus comhshaoil, séasúracht, éagsúlacht táirgí áitiúla nó réigiúnacha agus teacht a bheith orthu, agus tabharfar tús áite a mhéid is féidir do tháirgí de thionscnamh an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit ceannach táirgí áitiúla nó réigiúnacha, táirgí orgánacha, slabhraí gearra soláthair nó tairbhí don chomhshaol agus, más iomchuí, táirgí a aithnítear faoi na scéimeanna cáilíochta arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, a spreagadh go háirithe.

    Féadfaidh na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar thús áite a thabhairt d'inbhuanaitheacht agus trádáil chóir a áireamh ina gcuid straitéisí.

    Airteagal 23a

    Forálacha maidir le maoiniú

    1.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, an chabhair faoin scéim scoile a leithdháilfear ar dháileadh táirgí, na bearta tionlacain oideachais agus na costais ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 23(1), ní bheidh siad níos mó ná EUR 250 milliún in aghaidh na bliana scoile.

    Laistigh den teorainn fhoriomlán sin, ní bheidh an chabhair níos mó ná na méideanna seo a leanas:

    (a)

    le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna: EUR 150 milliún in aghaidh na bliana scoile;

    (b)

    le haghaidh bainne do scoileanna: EUR 100 milliún in aghaidh na bliana scoile.

    2.   Leithdháilfear an chabhair dá dtagraítear i mír 1 ar gach Ballstát agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    (a)

    líon na leanaí idir sé bliana agus deich mbliana d'aois sa Bhallstát i dtrácht;

    (b)

    a fhorbartha agus atá na réigiúin laistigh den Bhallstát i dtrácht lena áirithiú go leithdháiltear níos mó cabhrach do réigiúin lagfhorbartha agus do na hOileáin bheaga Aeigéacha de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013; agus

    (c)

    maidir le bainne do scoileanna, chomh maith leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), an leas a baineadh as an gcabhair ón Aontas le haghaidh soláthar bainne agus tairgí bainne do leanaí.

    Leis na leithdháiltí le haghaidh na mBallstát lena mbaineann, áiritheofar go leithdháilfear níos mó cabhrach ar na réigiúin is forimeallaí a liostaítear in Airteagal 349 CFAE, chun go gcuirfear san áireamh staid shonrach na réigiún sin i dtaca le foinsiú na dtáirgí agus chun go gcuirfear chun cinn foinsiú den sórt sin idir réigiúin is forimeallaí atá gar dá chéile go geografach.

    Na leithdháiltí le haghaidh bainne do scoileanna, ar leithdháiltí iad a thig as na critéir a leagtar síos sa mhír seo a chur i bhfeidhm, áiritheofar leo go mbeidh na Ballstáit go léir i dteideal íosmhéid de chabhair ón Aontas ar a laghad a fháil in aghaidh an linbh san aoisghrúpa dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír. Ní bheidh an méid sin níos ísle ná méid an leasa a bhaintear as cabhair ón Aontas ar an meán in aghaidh an linbh ar fud na mBallstát uile faoin scéim bainne scoile a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Lúnasa 2017.

    Glacfaidh an Chomhairle bearta i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE maidir le leithdháiltí táscacha agus críochnaitheacha a shocrú agus maidir le cabhair ón Aontas i dtaca le torthaí agus glasraí do scoileanna agus i dtaca le bainne do scoileanna a ath-leithdháileadh.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit ar mhian leo a bheith rannpháirteach sa scéim scoile a n-iarraidh isteach gach bliain ar chabhair ón Aontas, agus sonrófar an méid a iarrtar le haghaidh na dtorthaí agus na nglasraí do scoileanna, agus an méid a iarrtar le haghaidh an bhainne do scoileanna arb iad na méideanna is mian leo a dháileadh.

    4.   Gan dul thar an teorainn fhoriomlán de EUR 250 milliún a leagtar síos i mír 1, féadfaidh aon Bhallstát suas le 20 % de cheann amháin nó ceann eile dá leithdháiltí táscacha a aistriú uair amháin in aghaidh na bliana scoile.

    Féadfar an céatadán sin a mhéadú suas le 25 % do na Ballstáit leis na réigiúin is forimeallaí mar a liostaítear in Airteagal 349 CFAE agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo, mar shampla i gcás inar gá do Bhallstát aghaidh a thabhairt ar staid shonrach margaidh san earnáil a chumhdaítear leis an scéim scoile, ar chaitheamh íseal ceann amháin nó ceann eile de na grúpaí táirgí ar údar imní ar leith dó an caitheamh sin, nó ar athruithe eile a tháinig ar an tsochaí.

    Féadfar aistrithe a dhéanamh mar a leanas:

    (a)

    roimh na leithdháiltí cinntitheacha a shocrú le haghaidh na bliana scoile dár gcionn, idir leithdháiltí táscacha an Bhallstáit; nó

    (b)

    tar éis thús na bliana scoile, idir leithdháiltí críochnaitheacha an Bhallstáit, i gcás inar socraíodh leithdháiltí den sórt sin don Bhallstát i dtrácht.

    Ní fhéadfar na haistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) den tríú fomhír a dhéanamh ón leithdháileadh táscach i gcomhair an ghrúpa táirgí a bhfuil iarraidh curtha isteach ag an mBallstát lena mbaineann ar mhéid atá níos mó ná a leithdháileadh táscach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh méid aon aistrithe idir leithdháiltí táscacha.

    5.   Beidh an scéim scoile gan dochar d'aon scéimeanna eile náisiúnta scoile a luíonn le reachtaíocht an Aontais. Féadfar leas a bhaint as an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 23 chun cur le raon feidhme nó éifeachtacht aon scéimeanna náisiúnta do scoileanna nó aon scéimeanna dáiliúcháin do scoileanna, ar scéimeanna iad atá ann cheana agus lena soláthraítear torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna ach ní thiocfaidh an chabhair sin in ionad cistiú le haghaidh na scéimeanna náisiúnta sin atá ann cheana, ach amháin i gcás béilí a dháileadh saor in aisce ar leanaí i bhforais oideachais. Más rud é go gcinneann Ballstát raon feidhme scéime náisiúnta scoileanna atá ann cheana féin a leathnú nó é a dhéanamh níos éifeachtaí trí chabhair ón Aontas a iarraidh, cuirfidh sé in iúl sa straitéis dá dtagraítear in Airteagal 23(8) an chaoi a ndéanfar é sin a bhaint amach.

    6.   Féadfaidh na Ballstáit, de bhreis ar chabhair ón Aontas, cabhair náisiúnta a thabhairt le haghaidh mhaoiniú na scéime scoile.

    Féadfaidh na Ballstáit an chabhair sin a mhaoiniú trí thobhach a ghearradh ar an earnáil lena mbaineann nó trí bhíthin aon ranníocaíocht eile ón earnáil phríobháideach.

    7.   Féadfaidh an tAontas maoiniú a thabhairt freisin, de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, chun bearta faisnéise, poiblíochta, faireacháin agus meastóireachta a dhéanamh i ndáil leis an scéim scoile, lena n-áirítear bearta le feasacht an phobail ar chuspóirí na scéime a ardú, agus bearta líonraithe gaolmhara lena ndírítear ar mhalartú na taithí agus na gcleachtas is fearr chun cur chun feidhme agus bainistiú na scéime a éascú.

    Féadfaidh an Coimisiún forbairt a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) den Rialachán seo, ar chomh-aitheantóir nó ar ghnéithe grafacha chun go gcuirfear feabhas ar infheictheacht na scéime scoile.

    8.   Cuirfidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa scéim scoile in iúl go poiblí ar áitribh scoile nó in áiteanna ábhartha eile go bhfuil siad páirteach sa scéim agus go bhfuil fóirdheontas á fháil ón Aontas. Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as aon uirlisí poiblíochta oiriúnacha, ar féidir póstaeir, suíomhanna tiomnaithe gréasáin, ábhar grafach faisnéiseach agus feachtais ardaithe faisnéise agus feasachta a áireamh. Áiritheoidh na Ballstáit breisluach agus infheictheacht scéim scoile an Aontais le hais soláthair béilí eile i bhforais oideachais.

    Airteagal 24

    Cumhachtaí tarmligthe

    1.   Chun nósanna itheacháin sláintiúla leanaí a chur chun cinn agus lena áirithiú go mbeidh an chabhair faoin scéim scoile dírithe ar leanaí atá sa spriocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 22, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaobh rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na critéir bhreise maidir le hincháilitheacht an spriocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 22;

    (b)

    na hiarratasóirí ar chabhair a bheith á bhformheas agus á roghnú ag na Ballstáit;

    (c)

    rialacha maidir le tarraingt suas na straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha agus maidir le bearta tionlacain oideachais.

    2.   Chun a áirithiú go mbainfear leas éifeachtúil agus spriocdhírithe as cistí an Aontais agus chun go n-éascófar cur chun feidhme na scéime scoile, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    sainaithint na gcostas agus na mbeart atá incháilithe cabhair a fháil ón Aontas;

    (b)

    an oibleagáid atá ar na Ballstáit faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a scéimeanna scoile.

    3.   D'fhonn forbairtí eolaíocha a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 leis an liosta de mhéadaitheoirí blastachta saorga dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 23(6) a fhorlíonadh.

    D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a dháiltear i gcomhréir le hAirteagal 23(3), (4) agus (5) cuspóirí na scéime scoile, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 leis na leibhéil uasta a shainiú do shiúcra bhreise, do shalainn bhreise agus do shaill bhreise a fhéadfaidh na Ballstáit a cheadú faoin dara fomhír d'Airteagal 23(6) agus ar gá ar bhonn teicniúil iad chun go n-ullmhófar táirgí próiseáilte nó go ndéanfar iad a mhonarú.

    4.   Chun go gcuirfear feasacht ar an scéim scoile chun cinn agus chun go méadófar infheictheacht na cabhrach ón Aontas, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena n-éilítear ar na Ballstáit atá rannpháirteach sa scéim scoile a phoibliú go soiléir go bhfuil tacaíocht ón Aontas á fáil acu leis an scéim a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    más iomchuí, bunú critéar sonrach maidir le cur i láthair, comhdhéanamh, méid agus dearadh an chomh-aitheantóra nó na ngnéithe grafacha;

    (b)

    na critéir shonracha a bhaineann le húsáid uirlisí poiblíochta.

    5.   Chun breisluach agus infheictheacht na scéime scoile a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaobh rialacha a bhaineann le dáileadh táirgí le hais soláthair béilí eile i bhforais oideachais.

    6.   Ag cur san áireamh gur gá a áirithiú gur léir tionchar na cabhrach ón Aontas sna praghsanna ar a gcuirtear na táirgí ar fáil faoin scéim scoile, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena n-éilítear ar na Ballstáit míniú a thabhairt, ina gcuid straitéisí, ar an gcaoi ina mbainfear an méid sin amach.

    Airteagal 25

    Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

    Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh chun an Roinn seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    (a)

    an fhaisnéis atá le háireamh i straitéisí na mBallstát;

    (b)

    na hiarratais ar chabhair agus na híocaíochtaí cabhrach, lena n-áirítear simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a eascraíonn as an gcomhchreat don scéim scoile;

    (c)

    na modhanna poiblithe, agus bearta líonraithe i leith na scéime scoile;

    (d)

    tíolacadh, formáid agus inneachar na n-iarrataí bliantúla ar chabhair, agus na dtuarascálacha ar fhaireachán agus ar mheastóireacht a sholáthraíonn na Ballstáit atá rannpháirteach sa scéim scoile;

    (e)

    cur i bhfeidhm Airteagal 23a(4), lena n-áirítear maidir leis na spriocdhátaí le haghaidh na n-aistrithe agus maidir le tíolacadh, formáid agus inneachar na bhfógraí faoi aistriú.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

    (*)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).”;"

    (2)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 217:

    “Airteagal 217

    Íocaíochtaí náisiúnta ar mhaithe le táirgí a dháileadh ar leanaí

    Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh chun grúpaí na dtáirgí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 23 a sholáthar do leanaí i bhforais oideachais, i gcás bearta tionlacain oideachais a bhaineann le táirgí den sórt sin agus i gcás na gcostas breise dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(1).

    Féadfaidh na Ballstáit na híocaíochtaí sin a mhaoiniú trí thobhach a ghearradh ar an earnáil lena mbaineann nó trí bhíthin aon ranníocaíocht eile ón earnáil phríobháideach.”;

    (3)

    in Airteagal 225, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(e)

    faoin 31 Iúil 2023, maidir leis na critéir leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 23a(2) a chur i bhfeidhm;

    (f)

    faoin 31 Iúil 2023, maidir le tionchar na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 23a(4) i leith éifeachtacht na scéime scoile i ndáil le dáileadh torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna.”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn V:

    “IARSCRÍBHINN V

    TÁIRGÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 23(5)

    Catagóir I

    Táirgí de bhainne coipthe gan sú torthaí, blaistithe go nádúrtha

    Táirgí de bhainne coipthe ina bhfuil sú torthaí agus iad blaistithe go nádúrtha nó gan a bheith blaistithe

    Deochanna bainne-bhunaithe ina bhfuil cócó, sú torthaí nó ábhar atá blaistithe go nádúrtha

    Catagóir II

    Táirgí de bhainne coipthe nó neamhchoipthe ina bhfuil torthaí agus iad blaistithe go nádúrtha nó gan a bheith blaistithe”.

    Airteagal 2

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

    In Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh na mbeart a bhaineann le galair ainmhithe agus le laghdú ar mhuinín na dtomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 220 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.”

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige amhail ón 1 Lúnasa 2017.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Bealtaine 2016.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J.A. HENNIS-PLASSCHAERT


    (1)  IO C 451, 16.12.2014, lch. 142.

    (2)  IO C 415, 20.11.2014, lch. 30.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Aibreán 2016.

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).


    Top