This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32015R1929
Regulation (EU, Euratom) 2015/1929 of the European Parliament and of the Council of 28 October 2015 amending Regulation (EU, Euratom) No 966/2012 on the financial rules applicable to the general budget of the Union
Rialachán (AE, Euratom) 2015/1929 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
Rialachán (AE, Euratom) 2015/1929 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
IO L 286, 30.10.2015, p. 1–29
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 01/08/2018; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32018R1046
30.10.2015 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
L 286/1 |
RIALACHÁN (AE, EURATOM) 2015/1929 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Deireadh Fómhair 2015
lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na rialacha maidir le bunú agus cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, tá rialacha maidir le soláthar poiblí ann freisin. An 26 Feabhra 2014 glacadh Treoir 2014/23/AE (4) agus Treoir 2014/24/AE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, dá bhrí sin, is gá Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a leasú chun go gcuirfear san áireamh na Treoracha sin le haghaidh conarthaí arna ndámhachtain ag institiúidí an Aontais as a stuaim féin. |
(2) |
Ba cheart roinnt sainmhínithe a chur isteach, agus ba cheart soiléirithe teicniúla áirithe a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil téarmaíocht Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ag teacht le téarmaíocht Threoir 2014/23/AE agus Threoir 2014/24/AE. |
(3) |
Na bearta poiblíochta ex-ante agus ex-post is gá chun nós imeachta soláthair a sheoladh, ba cheart iad a shoiléiriú i gcás conarthaí atá os cionn agus faoi bhun na dtairseach a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE. |
(4) |
Ba cheart liosta uileghabhálach de nósanna imeachta soláthair uile institiúidí an Aontais, beag beann ar na tairseacha, a bheith i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. |
(5) |
Amhail an cás i dTreoir 2014/24/AE, ba cheart do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 comhairliúchán margaidh a cheadú sula seolfaí nós imeachta um sholáthar. |
(6) |
Ina theannta sin, ba cheart a shoiléiriú conas a fhéadfaidh na húdaráis chonarthacha rannchuidiú le cosaint an chomhshaoil agus leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, agus ag an am céanna a áirithiú gur féidir leo an luach is fearr ar airgead a fháil dá gcuid conarthaí, go háirithe trí lipéid shonracha a éileamh agus/nó trí mhodhanna iomchuí dámhachtana a úsáid. |
(7) |
D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha, agus conarthaí á gcur i gcrích acu, na hoibleagáidí maidir leis an gcomhshaol, na hoibleagáidí sóisialta agus na hoibleagáidí maidir le dlí an tsaothair arna mbunú le dlí an Aontais, leis an reachtaíocht náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta shóisialta agus chomhshaoil is infheidhme, a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2014/24/AE, ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith mar chuid de na ceanglais íosta a shaineoidh an t-údarás conarthach agus ba cheart iad a chomhtháthú sna conarthaí a shíneoidh an t-údarás conarthach. |
(8) |
D'fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart don Choimisiún córas amháin luathbhraite agus luatheisiaimh a bhunú, agus ba cheart na rialacha maidir le heisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair a fheabhsú chun cosaint na leasanna sin a neartú. |
(9) |
Ba cheart gurb é an t-údarás conarthach ábhartha, i bhfianaise a neamhspleáchais in ábhair riaracháin, a dhéanfaidh an cinneadh oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair nó pionós airgeadais a fhorchur agus an cinneadh an fhaisnéis ghaolmhar a fhoilsiú. In éagmais breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach agus i gcásanna a bhaineann le sárú tromchúiseach conartha, ba cheart don údarás conarthach a chinneadh a dhéanamh ag féachaint don mholadh ó phainéal ar bhonn réamhaicmiú sa dlí ar iompar an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann. Ba cheart don phainéal measúnú a dhéanamh freisin ar an ré a bheidh i gceist d'eisiamh i gcásanna nár socraíodh an ré leis an mbreithiúnas críochnaitheach nó leis an gcinneadh críochnaitheach riaracháin. |
(10) |
Ba cheart an ról a bheith ag an bpainéal a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas eisiaimh go comhleanúnach. Ba cheart gurb iad buanchathaoirleach, ionadaithe ón gCoimisiún agus ionadaí ón údarás conarthach ábhartha a bheadh ar an bpainéal. |
(11) |
Leis an réamhaicmiú sa dlí, ní dhéantar réamhbhreithiúnas ar an measúnú críochnaitheach ar iompar an oibreora eacnamaíoch a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta. An moladh ón bpainéal agus an cinneadh ón údarás conarthach, ba cheart iad a athbhreithniú, dá bhrí sin, tar éis fógra a thabhairt faoin measúnú críochnaitheach sin. |
(12) |
Ba cheart a shonrú i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 na staideanna is cúis leis an eisiaimh. |
(13) |
Ba cheart don údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh nuair a tugadh breithiúnas críochnaitheach nó nuair a rinneadh cinneadh riaracháin críochnaitheach ina leith sa chás ina mbeidh mí-iompair gairmiúil tromchúiseach ann, neamhchomhlíonadh, bíodh sé d'aon turas nó ná bíodh, ar neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann le ranníocaíochtaí slándála sóisialta nó le cánacha a íoc é, calaois a dhéanann difear do bhuiséad ginearálta an Aontais (“an buiséad”), éilliú, rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, cionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht, saothar leanaí nó cineálacha eile gáinneála ar dhaoine nó neamhrialtacht. Ba cheart é a eisiamh freisin sa chás ina mbeidh sárú tromchúiseach ar chonradh nó i gcásanna féimheachta. |
(14) |
Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le heisiamh nó maidir le pionós airgeadais a fhorchur agus maidir leis an méid sin a fhoilsiú nó maidir le diúltú d'oibreoir eacnamaíoch, ba cheart don údarás conarthach a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal na comhréireachta trí aird a thabhairt go háirithe ar thromchúis an cháis, ar an tionchar buiséadach a bheidh aige, ar an méid ama a d'imigh thart ó rinneadh an t-iompar ábhartha, ar ré an iompair agus ar atarlú an iompair, ar rún a bheith ann i dtaobh na faillí nó ar mhéid na faillí agus ar an méid a chomhoibrigh an t-oibreoir eacnamaíoch i dtaca leis an údarás ábhartha inniúil agus ar a rannchuidiú leis an imscrúdú. |
(15) |
Ba cheart go bhféadfadh an t-údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh freisin i gcás ina mbeidh duine nádúrtha nó dlíthiúil a ghlacann dliteanas neamhtheoranta as fiacha an oibreora eacnamaíoch sin féimheach nó i staid chomhchosúil dócmhainneachta nó má mhainníonn an duine nádúrtha nó dlítheanach sin a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialta nó cánacha a íoc, i gcás ina mbeidh tionchar ag na staideanna sin ar staid airgeadais an oibreora eacnamaíoch. |
(16) |
Níor cheart oibreoir eacnamaíoch a bheith faoi réir cinnidh eisiaimh i gcás ina mbeidh bearta feabhais déanta aige, rud a léiríonn, ar an gcaoi sin, a iontaofacht. Níor cheart feidhm a bheith leis an deis sin i gcás na ngníomhaíochtaí coiriúla is tromchúisí. |
(17) |
I bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, is gá idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna sin ina ndéanfar pionós airgeadais a fhorchur seachas eisiamh a dhéanamh agus na cásanna inarb amhlaidh, de bharr a thromchúisí atá iompar an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann i leith iarracht a dhéanamh cistí de chuid an Aontais a fháil go míchuí, go mbeidh bonn cirt le pionós airgeadais a fhorchur de bhreis ar an eisiamh chun éifeacht dhíspreagthach a áirithiú. Is gá freisin sainiú a dhéanamh ar an bpionós airgeadais íosta agus uasta a fhéadfaidh an t-údarás conarthach a fhorchur. |
(18) |
Tá sé tábhachtach a chur i bhfios go láidir gur neamhspleách ón deis pionóis chonarthacha, amhail damáistí leachtaithe, a chur i bhfeidhm atá an deis chun pionóis riaracháin agus/nó airgeadais a chur i bhfeidhm ar bhonn rialála. |
(19) |
Ba cheart an ré eisiaimh a bheith teoranta ó thaobh ama, amhail an cás i dTreoir 2014/24/AE agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. |
(20) |
Is gá an dáta ar a dtosóidh an tréimhse teorann chun smachtbhannaí riaracháin a fhorchur agus ré na tréimhse sin a chinneadh. |
(21) |
Tá sé tábhachtach go bhféadfar an éifeacht dhíspreagthach a bheidh ag an eisiamh agus ag an bpionós airgeadais a atreisiú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart go ndéanfaí an éifeacht dhíspreagthach a atreisiú tríd an deis an fhaisnéis a bhaineann leis an eisiamh agus/nó leis an bpionós airgeadais a fhoilsiú, agus na ceanglais chosanta sonraí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) á n-urramú go hiomlán. Ba cheart go gcuideodh an méid sin chun a áirithiú nach ndéanfar an t-iompar lena mbaineann an athuair. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart na staideanna a shonrú nár cheart foilsiú a dhéanamh ina leith. Sa mheasúnú a dhéanfaidh sé, ba cheart don údarás conarthach féachaint d'aon mholadh ón bpainéal. A mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha, níor cheart sonraí pearsanta a fhoilsiú ach i gcásanna eisceachtúla, a mbeidh bonn cirt leo de bharr a thromchúisí atá an gníomh nó de bharr an tionchair a bheidh aige ar leasanna airgeadais an Aontais. |
(22) |
Níor cheart an fhaisnéis a bhaineann le heisiamh nó le pionós airgeadais a fhoilsiú ach amháin i gcásanna mí-iompair ghairmiúil thromchúisigh, calaoise, easnamh suntasach maidir leis na príomhoibleagáidí a chomhlíonadh atá ag baint le conradh a mhaoinítear leis an mbuiséad nó i gcás neamhrialtachta. |
(23) |
Ba cheart na critéir maidir le heisiamh a bheith scartha go soiléir ó na critéir as a dtiocfaidh diúltú féideartha i gcás nós imeachta ar leith. |
(24) |
Is iomchuí go ndéanfaí cásanna éagsúla a shainaithint agus iad a láimhseáil ar bhealach éagsúil, ar cásanna a dtugtar staideanna coinbhleachta leasa orthu de ghnáth. Ba cheart an coincheap “coinbhleacht leasa” a úsáid le haghaidh cásanna ina mbeidh oifigeach nó gníomhaire d'institiúid de chuid an Aontais sa staid sin, agus sna cásanna sin amháin. I gcásanna ina ndéanfaidh oibreoir eacnamaíoch iarracht tionchar míchuí a imirt ar nós imeachta nó faisnéis rúnda a fháil, ba cheart féachaint air sin mar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach. Ina theannta sin, d'fhéadfadh oibreoirí eacnamaíocha a bheith i staid nár cheart iad a roghnú ina leith chun conradh a chur chun feidhme de bharr leas coinbhleachta gairmiúil. Mar shampla, níor cheart do chuideachta meastóireacht a dhéanamh ar thionscadal a raibh sé rannpháirteach ann ná níor cheart d'iniúchóir a bheith in ann cuntais a iniúchadh atá deimhnithe aige roimhe sin. |
(25) |
An fhaisnéis faoi rioscaí a bhrath go luath agus faoi smachtbhannaí riaracháin a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart í a lárnú. Chun na críche sin, ba cheart faisnéis ghaolmhar a stóráil i mbunachar a bhunóidh agus a fheidhmeoidh an Coimisiún mar úinéir an chórais lárnaithe. Ba cheart don chóras sin feidhmiú i gcomhréir go hiomlán leis an gceart chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta a chosaint. |
(26) |
Is é an Coimisiún ar chóir dó bheith freagrach as an gcóras luathbhraite agus eisiaimh a bhunú agus a fheidhmiú, ach ba cheart d'institiúidí agus do chomhlachtaí eile, mar aon leis na heintitis uile a chuirfidh an buiséad chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 59 agus le hAirteagal 60 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, páirt a ghlacadh sa chóras sin trí fhaisnéis ábhartha a tharchur chuig an gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar rioscaí a bhrath go luath. |
(27) |
Ba cheart don údarás conarthach agus don phainéal an ceart ar chosaint atá ag na hoibreoirí eacnamaíocha a ráthú. Ba cheart an ceart céanna a thabhairt d'oibreoirí eacnamaíocha, i gcomhthéacs luathbhraite, i gcás ina bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag beart arna bheartú ag oifigeach údarúcháin ar chearta an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann. I gcásanna ina mbeidh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil fós faoi réir breithiúnas críochnaitheach, ba cheart é a chur ar chumas an údaráis chonarthaigh agus an phainéil an deis a tugadh don oibreoir eacnamaíoch a chuid barúlacha a chur in iúl a iarchur. Níor cheart iarchur den sórt sin a cheadú ach amháin i gcás ina mbeidh forais dhlisteanacha láidre ann i gcomhair rúndacht an imscrúdaithe a chaomhnú. |
(28) |
Sa Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an gá le dlíthiúlacht agus comhréireacht smachtbhannaí a áirithiú, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, an ceart chun cosaint a fháil agus an ceart chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta a chosaint. |
(29) |
Ba cheart dlínse neamhtheoranta a thabhairt do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le pionóis a fhorchuirfear de bhun an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 261 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
(30) |
D'fhonn cosaint leasanna airgeadais an Aontais a éascú ar fud na modhanna uile bainistíochta, ba cheart do na heintitis atá rannpháirteach i gcur chun feidhme an bhuiséid, sa bhainistiú comhroinnte agus sa bhainistiú indíreach aird a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar na heisiaimh sin a chinnfidh na húdaráis chonarthacha a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. |
(31) |
I gcomhréir le Treoir 2014/24/AE, ba cheart go bhféadfaí a fhíorú an bhfuil oibreoir eacnamaíoch eisiata, critéir roghnúcháin agus dhámhachtana a chur i bhfeidhm, chomh maith le comhlíonadh na ndoiciméad soláthair a fhíorú in aon ord. Mar thoradh air sin, ba cheart an deis a bheith ann tairiscintí ar bhonn na gcritéar dámhachtana a dhiúltú gan seiceáil roimh ré maidir le critéir eisiaimh nó roghnúcháin an tairgeora chomhfhreagraigh. |
(32) |
Ba cheart conarthaí a dhámhachtain ar bhonn na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch ar aon dul le hAirteagal 67 de Threoir 2014/24/AE. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil nasc docht idir na critéir roghnúcháin agus an mheastóireacht ar na hiarrthóirí nó ar na tairgeoirí agus go bhfuil nasc docht idir na critéir dhámhachtana agus an mheastóireacht ar na tairiscintí. |
(33) |
Le soláthar poiblí an Aontais, ba cheart a áirithiú go n-úsáidfear cistí de chuid an Aontais ar bhealach éifeachtach, trédhearcach agus iomchuí. I ndáil leis sin, ba cheart, leis an ríomhsholáthar, go rannchuideofaí le cistí de chuid an Aontais a úsáid ar bhealach níos fearr agus feabhas a chur ar an rochtain ar chonarthaí do na hoibreoirí eacnamaíocha go léir. |
(34) |
Ba cheart a shoiléiriú gur cheart réamhchéim agus meastóireacht a bheith ann le haghaidh aon nós imeachta. Ba cheart cinneadh dámhachtana a bheith ina thoradh ar mheastóireacht i gcónaí. |
(35) |
Ós rud é nach gcuirtear critéir i bhfeidhm in aon ord ar leith, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag na tairgeoirí a thíolaic tairiscintí chomhlíontacha agus ar diúltaíodh dóibh saintréithe agus buntáistí coibhneasta an tairgeora ar éirigh leis a fháil má iarrann siad an méid sin. |
(36) |
I gcás creatchonarthaí lena ngabhann athoscailt na hiomaíochta, tá sé iomchuí tarscaoileadh a dhéanamh ar an oibleagáid saintréithe agus buntáistí coibhneasta na tairisceana rathúla a chur ar fáil do chonraitheoir neamhrathúil, ar an mbonn go bhféadfaí dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir idir na páirtithe sa chreatchonradh céanna dá bhfaighidís an fhaisnéis sin gach uair a d'athosclófaí comórtas. |
(37) |
Ba cheart d'údarás conarthach bheith ábalta nós imeachta soláthair a chealú sula síneofar an conradh, gan na hiarrthóirí ná na tairgeoirí a bheith i dteideal cúiteamh a éileamh. Ba cheart go mbeadh an méid sin gan dochar do na staideanna sin inar ghníomhaigh an t-údarás conarthach ar bhealach ina bhféadfar é a chur faoi dhliteanas i leith damáistí i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. |
(38) |
Amhail an cás i dTreoir 2014/24/AE, is gá soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha faoina bhféadfar conradh a mhodhnú agus é á chomhlíonadh gan nós imeachta nua soláthair. Go háirithe, ní bheidh aon athrú ar cheanglais íosta an nós imeachta tosaigh i gcásanna amhail athruithe riaracháin, comharbas uilíoch agus cur i bhfeidhm clásal nó roghanna maidir le hathbhreithniú atá soiléir, aonchiallach. Ba cheart go mbeadh gá le nós imeachta nua soláthair i gcás ina ndéanfar modhnuithe ábhartha ar an gconradh tosaigh, go háirithe ar raon feidhme agus ar ábhar chearta agus oibleagáidí frithpháirteacha na bpáirtithe, lena n-áirítear dáileadh na gceart maoine intleachtúla. Leis na modhnuithe sin, léirítear go bhfuil sé i gceist ag na páirtithe téarmaí nó coinníollacha bunriachtanacha an chonartha sin a chaibidliú an athuair, go háirithe dá mbeadh tionchar ag na modhnuithe ar thoradh an nós imeachta, dá mbeidís mar chuid den nós imeachta tosaigh. |
(39) |
Ba cheart an deis a bheith ann ráthaíochtaí conarthacha a éileamh i gcás oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí casta d'fhonn comhlíonadh oibleagáidí suntasacha conarthacha a ráthú i gcomhréir leis an gcleachtas is gnách sna hearnálacha sin chun cur chun feidhme iomchuí an chonartha le linn a ré a áirithiú. |
(40) |
Is gá foráil a dhéanamh don deis comhlíonadh conartha a chur ar fionraí d'fhonn a fháil amach ar tharla earráidí, mírialtachtaí nó calaois. |
(41) |
D'fhonn na tairseacha agus na nósanna imeachta is infheidhme a chinneadh, is gá a shoiléiriú an meastar gur údaráis chonarthacha iad institiúidí de chuid an Aontais, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí feidhmiúcháin de chuid an Aontais. Níor cheart a mheas gur údaráis chonarthacha iad i gcásanna ina gceannóidh siad ó chomhlacht lárnach ceannaigh. Ina theannta sin, is eintiteas dlíthiúil aonair iad institiúidí an Aontais agus ní fhéadfaidh siad conarthaí a thabhairt i gcrích agus ní fhéadfaidh siad ach socruithe riaracháin a thabhairt i gcrích idir a gcuid ranna. |
(42) |
Is iomchuí tagairt a chur isteach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 don dá thairseach a leagtar amach i dTreoir 2014/24/AE maidir le saothair agus le soláthairtí agus seirbhísí, faoi seach. Ba cheart na tairseacha sin a bheith infheidhme freisin maidir le conarthaí lamháltais ar mhaithe le simpliú, chomh maith le bainistíocht fhónta airgeadais, agus sainiúlachtaí riachtanais chonarthacha institiúidí an Aontais á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh athbhreithniú ar na tairseacha sin amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2014/24/AE infheidhme go díreach maidir le soláthar institiúidí de chuid an Aontais. |
(43) |
Is gá coinníollacha chur i bhfeidhm na tréimhse neamhghníomhaíochta a shoiléiriú. |
(44) |
Is gá a shoiléiriú cé na hoibreoirí eacnamaíocha a mbeidh rochtain acu ar sholáthar institiúidí an Aontais ag brath ar an áit a bhfuil siad bunaithe agus a fhoráil ar dhóigh shainráite don deis a bheith ag eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin an rochtain sin a bheith acu. |
(45) |
Ba cheart feidhm na bhforas eisiaimh a leathnú chuig ionstraimí eile cur chun feidhme an bhuiséid, amhail deontais, duaiseanna, ionstraimí airgeadais agus saineolaithe ar luach saothair agus chuig cur chun feidhme an bhuiséid faoi bhainistíocht indíreach. |
(46) |
Ba cheart go ndéanfaí tuarascálacha speisialta ón gCúirt Iniúchóirí a tharraingt suas agus a ghlacadh ar bhealach tráthúil gan dochar do neamhspleáchas iomlán na Cúirte Iniúchóirí d'fhonn fad agus uainiú a cuid iniúchtaí a chinneadh. |
(47) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus chuir sé a thuairim in iúl an 3 Nollaig 2014. |
(48) |
Ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh d'fhonn a áirithiú gur féidir leis na gníomhartha tarmligthe feidhm a bheith acu ó thús na bliana airgeadais. |
(49) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le modhanna cur chun feidhme an bhuiséid, lena n-áirítear bainistíocht dhíreach, feidhmiú na gcumhachtaí arna dtarmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus forálacha sonracha maidir le bainistíocht indíreach le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209, le comhlachtaí dlí phoiblí nó comhlachtaí arna rialú leis an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, le comhlachtaí arna rialú le dlí príobháideach de chuid Ballstáit agus ar cuireadh de chúram orthu comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach a chur chun feidhme agus le daoine ar cuireadh cur chun feidhme gníomhaíochtaí sonracha in CBES de chúram orthu. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh critéar chun eagraíochtaí neamhbhrabúis a thabhairt isteach in eagraíochtaí idirnáisiúnta.”. |
(2) |
Leasaítear Airteagal 60 mar a leanas:
|
(3) |
In Airteagal 66, leasaítear mír 9 mar a leanas:
|
(4) |
In Airteagal 99, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “3a. Gach bliain, i gcomhthéacs an nós imeachta maidir le hurscaoileadh agus i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh, arna iarraidh sin, a thuarascáil bhliantúil ar an iniúchóireacht inmheánach de réir bhrí mhír 3 den Airteagal seo agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais rúndachta.”. |
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Theideal V de Chuid a hAon: “TEIDEAL V SOLÁTHAR POIBLÍ AGUS LAMHÁLTAIS”. |
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 101: “Airteagal 101 Sainmhínithe chun críocha an Teidil seo 1. Chun críocha an Teidil seo
2. Conradh measctha a chumhdaíonn dhá chineál soláthair nó níos mó (oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí) nó dhá chineál lamháltais (oibreacha nó seirbhísí) nó an dá rud thuas, déanfar é a dhámhachtain i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme don chineál soláthair lena mbaineann príomhábhar an chonartha i dtrácht. 3. Seachas i gcás Airteagal 105a go hAirteagal 108, ní bheidh feidhm ag an Teideal seo maidir le deontais, nó maidir le conarthaí i gcomhair cúnamh teicniúil mar atá sainithe i gcomhréir le hAirteagal 125(8) arna dtabhairt i gcrích le BEI nó leis an gCiste Eorpach Infheistíochta. 4. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le rialacha mionsonraithe i ndáil le sainmhíniú breise agus raon feidhme conarthaí poiblí agus lamháltais, i ndáil leis an ainmníocht is infheidhme de réir an ‘Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar’, i ndáil le conarthaí measctha, i ndáil le hoibreoirí eacnamaíocha agus i ndáil le creatchonarthaí agus conarthaí sonracha bunaithe orthu sin, lena gcumhdófar tréimhse uasta na gcreatchonarthaí agus dámhachtain agus modhanna cur chun feidhme conarthaí sonracha atá bunaithe ar chreatchonarthaí a thugtar i gcrích le hoibreoir eacnamaíoch amháin nó le roinnt oibreoirí eacnamaíocha éagsúla, faoi seach.”. |
(7) |
Leasaítear Airteagal 102 mar a leanas:
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 103: “Airteagal 103 Bearta poiblíochta 1. Maidir le nósanna imeachta a bhfuil luach acu atá cothrom le nó níos mó ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1) nó in Airteagal 190, déanfaidh an t-údarás conarthach an méid seo a leanas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
2. Déanfar nósanna imeachta ar ísle a luach ná na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1) nó in Airteagal 190 a fhógairt le modhanna iomchuí. 3. Féadfar gan faisnéis áirithe faoi dhámhachtain conarthaí a fhoilsiú más rud é go gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, nó go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail ar shlí eile, go ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí eacnamaíocha, nó dá bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin. 4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais i ndáil le conarthaí a fhógairt de réir a luacha i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1), maidir le fógraíocht ar féidir leis an údarás conarthach tabhairt fúithi i gcomhréir iomlán le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, agus maidir le hábhar agus le foilsiú na bhfógraí.”. |
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 104: “Airteagal 104 Nósanna imeachta soláthair 1. Nósanna imeachta soláthair maidir le conarthaí lamháltais nó poiblí a dhámhachtain, lena n-áirítear creatchonarthaí, beidh siad i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
2. I nósanna imeachta oscailte, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch ar spéis leis é tairiscint a chur isteach. 3. I nósanna imeachta srianta, in idirphlé iomaíoch, i nósanna imeachta iomaíocha lena ngabhann idirbheartaíocht agus i gcomhpháirtíochtaí nuálaíochta, féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch iarraidh a chur isteach chun páirt a ghlacadh tríd an bhfaisnéis a iarrann an t-údaras conarthach a chur ar fáil. Iarrfaidh an t-údarás conarthach ar gach iarrthóir, a chomhlíonann na critéir roghnúcháin agus nach bhfuil in aon cheann de na staideanna a leagtar amach in Airteagal 106 agus in Airteagal 107, tairiscint a chur isteach. In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh an t-údarás conarthach líon na n-iarrthóirí a n-iarrfar orthu páirt a ghlacadh sa nós imeachta a theorannú ar bhonn critéar roghnúcháin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chuirfear in iúl san fhógra conarthach nó sa ghlao ar léiriú spéise. Iarrfar ar go leor iarrthóirí chun go n-áiritheofar fíoriomaíochas. 4. I ngach nós imeachta lena ngabhann idirbheartaíocht, rachaidh an t-údarás conarthach i mbun idibheartaíochta le tairgeoirí maidir leis an gcéad tairiscint agus aon tairiscintí ina dhiaidh sin nó codanna díobh, seachas a gcuid tairiscintí deiridh, chun feabhas a chur ar a n-inneachar. Na híoscheanglais agus na híoschritéir a shonraítear sna doiciméid soláthair, ní bheidh siad faoi réir idirbheartaíochta. Féadfaidh údarás conarthach conradh a dhámhachtain ar bhonn na chéad tairisceana gan idirbheartaíocht i gcás inar léirigh sé sna doiciméid soláthair go bhforchoimeádann sé an deis chun é sin a dhéanamh. 5. Féadfaidh an t-údarás conarthach na nithe a leanas a úsáid:
6. An córas dinimiciúil ceannaigh, beidh sé ar oscailt le linn a ré d'aon oibreoir eacnamaíoch a chomhlíonann na critéir roghnúcháin. Comhlíonfaidh an t-údarás conarthach rialacha an nós imeachta srianta do sholáthar trí chóras dinimiciúil ceannaigh. 7. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na cineálacha agus na socruithe mionsonraithe breise do nósanna imeachta soláthair maidir le dámhachtain conarthaí dá dtagraítear i mír 1 de réir a luacha i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 118(1), maidir leis an líon íosta iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh i leith gach cineál nós imeachta, maidir leis na coinníollacha breise le haghaidh na nósanna imeachta éagsúla a úsáid, maidir le córas dinimiciúil ceannaigh agus maidir le tairiscintí neamhrialta agus do-ghlactha. (8) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).”." |
(10) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 104a Soláthar idirinstitiúideach agus soláthar comhpháirteach 1. I gcás inar spéis le dhá institiúid nó níos mó, le dhá ghníomhaireacht feidhmiúcháin nó níos mó nó le dhá chomhlacht nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209, conradh poiblí nó creatchonradh, agus aon uair a d'fhéadfaí an éifeachtúlacht a mhéadú, féadfaidh na húdaráis chonarthacha ábhartha nós imeachta agus bainistiú an chonartha nó an chreatchonartha iardain a chur i gcrích ar bhonn idirinstitiúideach faoi cheannaireacht ceann de na húdaráis chonarthacha. Féadfaidh na comhlachtaí arna mbunú ag an gComhairle faoi CBES de bhun Theideal V de CAE páirt a ghlacadh i nósanna imeachta idirinstitiúideacha freisin. Ní fhéadfaidh téarmaí creatchonartha a bheith i bhfeidhm ach amháin idir na húdaráis chonarthacha atá aitheanta chun na críche sin ó seoladh an nós imeachta soláthair agus na hoibreoirí eacnamaíocha sin atá ina bpáirtithe sa chreatchonradh. 2. I gcás inar gá conradh nó creatchonradh chun gníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun feidhme idir institiúid agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó Bhallstáit, féadfaidh an institiúid agus na húdaráis chonarthacha an nós imeachta soláthair a chur i gcrích i gcomhpháirt le chéile. Féadfar soláthar comhpháirteach a dhéanamh le stáit CSTE agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas má foráladh go sonrach don deis sin i gconradh déthaobhach nó iltaobhach. I gcás nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, beidh feidhm ag na forálacha nós imeachta is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí. I gcás ina bhfuil an cion a bhaineann leis an údarás conarthach de chuid Ballstáit, nó an cion atá á bhainistiú aige, i luach iomlán measta an chonartha cothrom le nó níos mó ná 50 %, nó i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt cuí leo, féadfaidh an institiúid a chinneadh go mbeidh feidhm ag na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir leis an údarás conarthach ó Bhallstát maidir le soláthar comhpháirteach, ar an gcoinníoll gur féidir a mheas gur coibhéiseach iad na rialacha sin leo sin atá ag an institiúid. An institiúid agus an t-údarás conarthach ó Bhallstát, ó Stát de chuid CSTE nó ó thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas, a mbaineann an nós imeachta maidir le soláthar comhpháirteach leis nó léi, tiocfaidh sé nó sí ar chomhaontú go háirithe maidir leis na socruithe mionsonraithe praiticiúla chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarrataí ar rannpháirtíocht nó ar na tairiscintí, maidir le dámhachtain an chonartha, maidir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh agus maidir leis an gcúirt inniúil chun díospóidí a éisteacht. 3. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le soláthar idirinstitiúideach.”. |
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 105: “Airteagal 105 Nós imeachta soláthair a ullmhú 1. Sula seolfaidh sé nós imeachta soláthair, féadfaidh an t-údarás conarthach réamhchomhairliúchán margaidh a dhéanamh d'fhonn an nós imeachta a ullmhú. 2. Sna doiciméid soláthair, déanfaidh an t-údarás conarthach ábhar an tsoláthair a aithint trí thuairisc a chur ar fáil ar a riachtanais agus ar na saintréithe is gá do na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí atá le ceannach agus sonróidh sé na critéir is infheidhme maidir le heisiamh, roghnú agus dámhachtain. Sonróidh an t-údarás conarthach freisin cé na gnéithe a shainíonn na ceanglais íosta a bheidh le comhlíonadh ag gach tairiscint. Áireofar sna ceanglais íosta comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair arna mbunú faoi dhlí an Aontais, faoi reachtaíocht náisiúnta, faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó faoi na coinbhinsiúin idirnáisiúnta shóisialta agus chomhshaoil is infheidhme a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2014/24/AE. 3. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar na ndoiciméad soláthair, go háirithe maidir leis na dréachtchonarthaí, maidir le tréithe na lipéad, norm agus caighdeán comhshaoil, sóisialta nó eile, agus maidir leis an réamhchomhairliúchán margaidh.”. |
(12) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 105a Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin rioscaí a bhrath agus smachtbhannaí riaracháin a fhorchur 1. D'fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, bunóidh agus oibreoidh an Coimisiún córas luathbhraite agus luatheisiaimh. Is é a bheidh mar chuspóir le córas den sórt sin gurbh fhusa a bheidh sé:
2. Déanfaidh an t-údarás conarthach an cinneadh maidir le pionós airgeadais a eisiamh agus/nó a fhorchur. Beidh cinneadh den sórt sin bunaithe ar bhreithiúnas críochnaitheach nó ar chinneadh riaracháin críochnaitheach. Mar sin féin, sna staideanna dá dtagraítear in Airteagal 106(2), déanfaidh an t-údarás conarthach an cás a tharchur chuig an bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108 d'fhonn measúnú láraithe ar na staideanna sin a áirithiú. I gcásanna den sórt sin, glacfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh bunaithe ar réamhaicmiú sa dlí, ag féachaint don mholadh ón bpainéal. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás conarthach imeacht ó mholadh an phainéil, míneoidh sé bonn cirt an chinnidh sin don phainéal. 3. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 107, déanfaidh an t-údarás conarthach an t-oibreoir eacnamaíoch a dhiúltú i gcás nós imeachta ar leith.”. |
(13) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 106: “Airteagal 106 Critéir eisiaimh agus smachtbhannaí riaracháin 1. Déanfaidh an t-údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair atá á rialú leis an Rialachán seo, sna cásanna seo a leanas:
2. In éagmais breithiúnas críochnaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, cinneadh riaracháin críochnaitheach sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus (f) de mhír 1, nó sa chás dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfaidh an t-údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ar bhonn réamhaicmiú dlí iompair dá dtagraítear sna pointí sin, ag féachaint d'fhíorais sheanbhunaithe nó do thorthaí eile atá i moladh an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 108. Ní dhéantar réamhbhreithiúnas leis an réamhaicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar an measúnú ar iompar an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta. Déanfaidh an t-údarás conarthach athbhreithniú ar a chinneadh an t-oibreoir eacnamaíoch a eisiamh agus/nó pionós airgeadais a fhorchur air gan mhoill tar éis an fhógra maidir le breithiúnas críochnaitheach nó cinneadh riaracháin críochnaitheach. I gcásanna nach leagtar síos tréimhse an eisiaimh sa bhreithiúnas críochnaitheach ná sa chinneadh riaracháin críochnaitheach, sonróidh an t-údarás conarthach an tréimhse sin ar bhonn fíoras agus cinntí seanbhunaithe agus ag féachaint don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108. I gcás ina suítear le breithiúnas críochnaitheach nó le cinneadh riaracháin críochnaitheach den sórt sin nach bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch ciontach san iompar atá faoi réir réamhaicmiú dlí, agus gur ar an mbonn sin a eisíodh é, déanfaidh an t-údarás conarthach, gan mhoill, deireadh a chur leis an eisiamh sin agus/nó, de réir mar is iomchuí, aon phionós airgeadais a forchuireadh a aisíoc. Féadfar an méid seo a leanas a bheith san áireamh, go háirithe, sna fíorais agus sna torthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
3. Aon chinneadh de chuid an údaráis chonarthaigh a dhéanfar faoi Airteagal 106 go hAirteagal 108 nó, i gcás inarb infheidhme, aon mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, déanfar iad i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, agus aird á tabhairt go háirithe ar thromchúis an cháis, lena n-áirítear an tionchar ar leasanna airgeadais nó ar íomhá airgeadais an Aontais, ar an méid ama a d'imigh thart ó rinneadh an t-iompar ábhartha, ar ré an iompair agus ar atarlú an iompair, ar rún a bheith ann i dtaobh na faillí nó ar mhéid na faillí, ar an méid teoranta a bhí i gceist maidir le pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó aon imthosca maolaitheacha eile, amhail an méid a chomhoibrigh an t-oibreoir eacnamaíoch i dtaca leis an údarás ábhartha inniúil agus a rannchuidiú leis an imscrúdú mar a aithneoidh an t-údarás conarthach é, nó ar staid an eisiaimh a nochtadh tríd an dearbhú dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo. 4. Déanfaidh an t-údarás conarthach an t-oibreoir eacnamaíoch a eisiamh i gcás ina mbeidh duine i gceann de na staideanna dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (f) de mhír 1, ar duine é atá ina chomhalta de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an oibreora eacnamaíoch sin nó a bhfuil cumhachtaí ionadaíochta, cinnteoireachta nó rialaithe aige maidir leis an oibreoir eacnamaíoch sin. Déanfaidh an t-údarás conarthach an t-oibreoir eacnamaíoch a eisiamh freisin i gcás ina mbeidh duine nádúrtha nó dlítheanach a ghlacann dliteanas neamhtheoranta i leith fhiacha an oibreora eacnamaíoch sin i gceann amháin nó níos mó de na staideanna dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1. 5. I gcás ina gcuirfear an buiséad chun feidhme trí bhainistíocht indíreach le tríú tíortha, féadfaidh an Coimisiún, ag féachaint, i gcás inarb infheidhme, don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, cinneadh eisiaimh a dhéanamh nó pionós airgeadais a fhorchur faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin, má mhainníonn an tríú tír é sin a dhéanamh, arbh é cúram na tíre sin é a dhéanamh de bhun phointe (c) d'Airteagal 58(1). Ní bheidh aon tionchar aige sin ar an bhfreagracht, faoi Airteagal 60(3), atá ar an tríú tír neamhrialtachtaí agus an chalaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a chur in iúl, nó cinneadh eisiaimh a dhéanamh nó pionóis airgeadais a fhorchur. 6. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh go sealadach gan moladh an phainéil dá dtagraítear in Airteagal 108 roimh ré, i gcás ina mbeadh bagairt thromchúiseach, láithreach ann ar leasanna airgeadais an Aontais dá mbeadh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann rannpháirteach i nós imeachta soláthair. I gcásanna den sórt sin, tarchuirfidh an t-údarás conarthach an cás láithreach chuig an bpainéal agus déanfaidh sé cinneadh deiridh tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an moladh ón bpainéal a fháil 7. Ní dhéanfaidh an t-údarás conarthach, ag féachaint, i gcás inarb infheidhme, don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó bheith rannpháirteach i nós imeachta soláthair más rud é:
Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina gceannaítear soláthairtí faoi théarmaí fíorthairbheacha ó sholáthróir a bhfuil a ghníomhaíochtaí gnó á bhfoirceannadh go cinntitheach aige ná ó na leachtaitheoirí i nós imeachta féimheachta, i gcás socrú le creidiúnaithe, nó i gcás nós imeachta comhchosúil faoin dlí náisiúnta. I gcásanna an neamheisiaimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo, sonróidh an t-údarás conarthach na cúiseanna nár eisiadh an t-oibreoir eacnamaíoch agus déanfaidh sé na cúiseanna atá leis sin a chur in iúl don phainéal dá dtagraítear in Airteagal 108. 8. Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 7 lena réiteofar an staid eisiaimh, féadfar a áireamh iontu go háirithe:
9. Déanfaidh an t-údarás conarthach, ag féachaint, i gcás inarb infheidhme, don mholadh athbhreithnithe ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, gan mhoill, athbhreithniú ar a chinneadh oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ex officio nó arna iarraidh sin don oibreoir eacnamaíoch sin, i gcás ina ndearna sé sin bearta feabhais ar leor iad chun a iontaofacht a léiriú, nó má sholáthair sé gnéithe nua lena léirítear nach ann don staid eisiaimh dá dtagraítear I mír 1 den Airteagal seo a thuilleadh. 10. Dearbhóidh iarrthóir nó tairgeoir ag an am a thíolacfar an t-iarratas ar pháirt a ghlacadh nó ar an tairiscint a chur isteach, an bhfuil sé i gceann de na staideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó in Airteagal 107(1), agus, i gcás inarb infheidhme, an ndearna sé aon bhearta réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 7 den Airteagal seo. Soláthróidh an t-iarrthóir nó an tairgeoir, i gcás inarb iomchuí, an dearbhú céanna agus é sínithe ag eintiteas a bhfuil sé beartaithe ag an iarrthóir nó an tairgeoir brath ar a chumas. Féadfaidh an t-údarás conarthach, áfach, na ceanglais sin a tharscaoileadh i gcás conarthaí ar luach an-íseal a shaineofar sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 210. 11. Déanfaidh an t-iarrthóir, an tairgeoir, mar aon leis an eintiteas a bhfuil sé beartaithe ag an iarrthóir nó an tairgeoir brath ar a chumas an méid seo a leanas a sholáthar arna iarraidh sin tráth ar bith don údarás conarthach agus i gcás inar gá sin chun a áirithiú go seolfar an nós imeachta mar is cuí:
12. Féadfaidh an t-údarás conarthach mír 1 go mír 11 a chur i bhfeidhm maidir le fochonraitheoir. I gcás den sórt sin, cuirfidh an t-údarás conarthach de cheangal go ndéanfaidh iarrthóir nó tairgeoir fochonraitheoir nó eintiteas a bhfuil sé beartaithe ag an iarrthóir nó an tairgeoir brath ar a chumas agus atá i staid eisiaimh a ionadú. 13. Chun éifeacht dhíspreagthach a áirithiú, féadfaidh an t-údarás conarthach, ag féachaint, i gcás inarb infheidhme, don mholadh ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, pionós airgeadais a fhorchur ar oibreoir eacnamaíoch a rinne iarracht rochtain a fháil ar chistí an Aontais trí pháirt a ghlacadh nó trí iarraidh a dhéanamh páirt a ghlacadh i nós imeachta soláthair, agus é i gceann de na staideanna eisiaimh seo a leanas, gan an staid sin a dhearbhú i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo:
Idir 2 % agus 10 % de luach iomlán an chonartha a bheidh i méid an phionóis airgeadais. 14. Ní mhairfidh ré an eisiaimh níos mó ná aon cheann de na tréimhsí seo a leanas:
Déanfar oibreoir eacnamaíoch a eisiamh má tá sé i gceann de na staideanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1. 15. Cúig bliana a bheidh sa tréimhse teorann chun oibreoir eacnamaíoch a eisiamh agus/nó pionóis airgeadais a fhorchur air, agus ríomhfar í ó aon cheann de na dátaí seo a leanas:
Brisfear an tréimhse teorann le gníomh ón gCoimisiún, ó OLAF, ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108 nó ó aon eintiteas a bhfuil baint aige le cur chun feidhme an bhuiséid, a dtabharfar fógra faoi don oibreoir eacnamaíoch agus a bhainfidh le himscrúduithe nó le himeachtaí breithiúnacha. Cuirfear tús le tréimhse teorann nua an lá tar éis an idirbhriste. Chun críocha phointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an tréimhse teorann chun oibreoir eacnamaíoch a eisiamh agus/nó chun pionóis airgeadais a fhorchur air dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95. I gcás ina dtiocfaidh iompar an oibreora eacnamaíoch faoi roinnt foras éagsúil a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, is í an tréimhse teorann don fhoras is tromchúisí de na forais sin a mbeidh feidhm aige. 16. D'fhonn éifeacht dhíspreagthach an eisiaimh agus/nó an phionóis airgeadais a atreisiú, i gcás inar gá sin, déanfaidh an Coimisiún, faoi réir chinneadh an údaráis chonarthaigh, an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an eisiaimh agus, i gcás inarb infheidhme, an pionós airgeadais do na cásanna dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e) agus (f) de mhír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar a láithreán idirlín:
I gcás ina ndearnadh an cinneadh maidir leis an eisiamh agus/nó maidir leis an bpionós airgeadais, ar bhonn réamhaicmiú amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfear in iúl san fhoilsiú nach bhfuil aon bhreithiúnas críochnaitheach ann nó, i gcás inarb infheidhme, nach bhfuil aon chinneadh riaracháin críochnaitheach ann. Sna cásanna sin, déanfar faisnéis faoi aon achomhairc, faoi stádas agus torthaí na n-athchomharc sin, mar aon le cinneadh athbhreithnithe ar bith de chuid an údaráis chonarthaigh, a fhoilsiú gan mhoill. I gcás inar forchuireadh pionós airgeadais, sonrófar san fhoilsiú freisin ar íocadh an pionós sin. Déanfaidh an t-údarás conarthach an cinneadh an fhaisnéis a fhoilsiú tar éis an bhreithiúnais chríochnaithigh ábhartha nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an chinnidh riaracháin chríochnaithigh, nó tar éis an mholta ón bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 108, de réir mar a bheidh. Beidh éifeacht ag an gcinneadh sin trí mhí tar éis fógra a thabhairt ina leith don oibreoir eacnamaíoch. An fhaisnéis a fhoilseofar, bainfear í a luaithe a bheidh deireadh leis an eisiamh. I gcás pionós airgeadais, bainfear an foilsiú sé mhí tar éis an pionós sin a bheith íoctha. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, sa mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, cuirfidh an páirtí conarthach an t-oibreoir eacnamaíoch ar an eolas i ndáil lena chearta faoi na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus i ndáil leis na nósanna imeachta a bheidh ar fáil maidir leis na cearta sin a fheidhmiú. 17. Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 16 den Airteagal seo in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
18. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le hinneachar an dearbhaithe dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo, maidir leis an bhfianaise dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11 den Airteagal seo, nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch i gceann de na staideanna eisiaimh, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh don Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar amhail dá bhforáiltear in Airteagal 59(2) de Threoir 2014/24/AE, agus maidir leis na staideanna ina bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-údarás conarthach a chur de cheangal go dtíolacfar an dearbhú sin nó an fhianaise sin. (9) IO C 316, 27.11.1995, lch. 48." (10) IO C 195, 25.6.1997, lch. 1." (11) Cinneadh Réime 2003/568/CGB an 22 Iúil 2003 ón gComhairle maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lch. 54)." (12) Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42)." (13) Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15)." (14) Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002, lch. 3)." (15) Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1)." (16) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).”" |
(14) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 107: “Airteagal 107 Diúltú i gcás nós imeachta soláthair ar leith 1. Ní dhámhfaidh an t-údarás conarthach conradh ar oibreoir eacnamaíoch i gcás nós imeachta soláthair ar leith ar fíor an méid seo a leanas i leith an oibreora sin:
2. Sula ndéanfaidh sé cinneadh oibreoir eacnamaíoch a dhiúltú i gcás nós imeachta soláthair ar leith, tabharfaidh an t-údarás conarthach an deis don oibreoir eacnamaíoch a chuid barúlacha a chur faoina bhráid, mura rud é gur míníodh údar an diúltaithe i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, de bharr cinneadh eisiaimh a rinneadh maidir leis an oibreoir eacnamaíoch, tar éis scrúdú a dhéanamh ar a chuid barúlacha. 3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta chun saobhadh iomaíochta a sheachaint agus maidir leis an dearbhú agus fianaise nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch i gceann de na staideanna a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo.” |
(15) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 108: “Airteagal 108 An córas luathbhraite agus luatheisiaimh 1. Faisnéis a mhalartaítear laistigh den chóras luathbhraite agus luatheisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 105a den Rialachán seo, déanfar í ar fad a chur sa bhunachar sonraí a bhunaigh an Coimisiún agus déanfar í a bhainistiú i gcomhréir iomlán leis an gceart chun príobháideachta agus leis na cearta eile dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (‘an bunachar sonraí’). Cuirfidh an t-údarás conarthach ábhartha faisnéis isteach sa bhunachar sonraí i gcomhthéacs na nósanna imeachta um sholáthar a bheidh idir lámha agus na gconarthaí atá ann cheana, tar éis dó fógra a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann. Féadfar fógra den sórt sin a chur siar go heisceachtúil i gcás ina mbeidh forais dhlisteanacha láidre ann chun rúndacht imscrúdaithe nó imeachtaí breithiúnacha náisiúnta a chaomhnú, go dtí nach mbeidh na forais dhlisteanacha láidre sin chun rúndacht a chaomhnú ann a thuilleadh. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, aon oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir an chórais luathbhraite agus luatheisiaimh, beidh sé de cheart aige go gcuirfear ar an eolas é maidir leis na sonraí atá á stóráil sa bhunachar sonraí, arna iarraidh sin ar an gCoimisiún. Déanfar an fhaisnéis a bheidh sa bhunachar sonraí a thabhairt cothrom le dáta, i gcás inarb iomchuí, i ndiaidh do cheartú nó modhnú a bheith déanta ar shonraí nó i ndiaidh do shonraí a bheith scriosta. Ní fhoilseofar í ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 106(16) agus (17) den Rialachán seo. 2. Beidh luathbhrath na rioscaí a bheidh ina mbagairt ar leasanna airgeadais an Aontais, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 105a(1) den Rialachán seo, bunaithe ar fhaisnéis a tharchuireann aon cheann acu seo a leanas chuig an gCoimisiún:
3. Ach amháin i gcás ina mbeidh an fhaisnéis le cur isteach i gcomhréir le rialacha a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith, áireofar ar an bhfaisnéis a bheidh le tarchur de bhun mhír 2 den Airteagal seo an méid seo a leanas:
4. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar aghaidh gan mhoill chuig a n-oifigigh údarúcháin agus chuig oifigigh a ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin, chuig na hinstitiúidí eile go léir, chuig comhlachtaí agus chuig oifigí agus gníomhaireachtaí Eorpacha chun gur féidir leo an fíorú is gá a dhéanamh maidir lena nósanna imeachta um sholáthar a bheidh idir lámha agus na conarthaí atá ann cheana. Agus an fíorú sin á dhéanamh, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin a chumhachtaí nó a cumhachtaí a fheidhmiú de réir mar a fhoráiltear faoi Airteagal 66 agus ní rachaidh sé nó sí níos faide ná mar a leagtar amach i dtéarmaí agus coinníollacha na ndoiciméad soláthair agus na bhforálacha conarthacha. Ní bheidh an tréimhse choinneála i gcomhair tharchur na faisnéise i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo níos faide ná bliain amháin. Más rud é, i rith na tréimhse sin, go n-iarrann an t-údarás conarthach ar an bpainéal go n-eiseofaí moladh i gcás eisiaimh, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse choinneála go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás conarthach. 5. Ní fhéadfaidh an t-údarás conarthach a chinneadh pionós airgeadais a eisiamh agus/nó a fhorchur ná ní fhéadfaidh sé cinneadh a dhéanamh an fhaisnéis ghaolmhar a fhoilsiú ach amháin tar éis dó moladh a fháil ón bpainéal i gcás ina mbeidh an cinneadh sin bunaithe ar réamhaicmiú amhail dá dtagraítear in Airteagal 106(2). 6. Tionólfar an painéal ar iarraidh ó aon údarás conarthach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 117. 7. Is iad a bheidh ar an bpainéal:
Léireofar le comhdhéanamh an phainéil go n-áiritheofar an saineolas dlíthiúil agus teicniúil is iomchuí. Beidh rúnaíocht bhuan de chúnamh ag an bpainéal, a chuirfidh an Coimisiún ar fáil, agus beidh sí freagrach as riar leanúnach an phainéil. 8. Beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir leis an bpainéal:
9. Beidh na gnéithe seo a leanas sa mholadh ón bpainéal go ndéanfaí pionós airgeadais a eisiamh agus/nó a fhorchur, i gcás inarb infheidhme:
I gcás ina mbeartaíonn an t-údarás conarthach cinneadh níos déine a ghlacadh ná an méid a mhol an painéal, áiritheoidh sé go ndéanfar an ceart chun éisteacht a fháil agus na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú go cuí nuair a dhéanfar cinneadh den sórt sin. 10. Le linn na tréimhse eisiaimh déanfaidh an painéal athbhreithniú ar an moladh uaidh arna iarraidh sin don údarás conarthach sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 106(9) nó tar éis do chinneadh faoi bhreithniúnas deiridh a bheith curtha in iúl nó cinneadh deiridh riaracháin lena mbunaítear na forais i gcomhair eisiaimh i gcás nach leagtar síos ina leith, le breithiúnas den sórt sin nó le cinneadh den sórt sin, tréimhse an eisiaimh, amhail dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 106(2). Tabharfaidh an painéal fógra gan mhoill don údarás conarthach is iarrthóir faoina mholadh athbhreithnithe, agus ina dhiaidh sin déanfaidh an t-údarás conarthach athbhreithniú ar a chinneadh. 11. Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh faoina ndéanfaidh an t-údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh agus/nó faoina ndéanfaidh sé pionós airgeadais a fhorchur air, lena n-áirítear trí thréimhse an eisiaimh a laghdú nó a mhéadú agus/nó an pionós airgeadais a fhorchuirtear a chealú, a laghdú nó a mhéadú. 12. Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an bhfaisnéis faoi chinntí i dtaobh eisiaimh do na heintitis uile a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme an bhuiséid i gcomhréir le Airteagal 58 le go mbeidh siad in ann a fhíorú an bhfuil ann d'eisiamh sa chóras d'fhonn an fhaisnéis sin a chur san áireamh, mar is iomchuí agus ar a bhfreagracht féin, agus conarthaí á ndámhachtain i gcur chun feidhme an bhuiséid. 13. Mar chuid den tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, amhail dá dtagraítear in Airteagal 325(5) CFAE, déanfaidh an Coimisiún faisnéis chomhiomlán a sholáthar ar na cinntí arna ndéanamh ag na húdaráis chonarthacha faoi Airteagail 105a go 108 den Rialachán seo. Sa tuarascáil sin freisin, cuirfear tuilleadh faisnéise ar fáil maidir le haon chinntí a ghlacfaidh na húdaráis chonarthacha de bhun phointe (b) d'Airteagal 106(7) den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 106(17) den Rialachán seo agus maidir le haon chinntí a dhéanann na húdaráis chonarthacha chun imeacht ó mholadh an phainéil de bhun an tríú fomhír d'Airteagal 105a(2) den Rialachán seo. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a sholáthar, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais rúndachta, agus ní chumasófar léi, go háirithe, an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann a aithint. 14. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210, ar gníomhartha iad a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le córas an Aontais chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear maidir lena bhunachar sonraí agus a nósanna imeachta caighdeánaithe, maidir le heagrú agus comhdhéanamh an phainéil, maidir le ceapadh agus neamhspleáchas an chathaoirligh, agus maidir le coinbhleachtaí leasa a bhaineann leis an gcathaoirleach agus le comhaltaí an phainéil a chosc agus a bhainistiú. (17) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).”." |
(16) |
Scriostar Airteagal 109. |
(17) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 110: “Airteagal 110 Dámhachtain conarthaí 1. Dámhfar conarthaí ar bhonn na gcritéar dámhachtana ar choinníoll gur fhíoraigh an t-údarás conarthach na coinníollacha seo a leanas:
2. Cuirfidh an t-údarás conarthach na critéir roghnúcháin i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht an iarrthóra nó an tairgeora. Ní fhéadfar baint a bheith ag critéir roghnúcháin ach amháin leis an inniúlacht dhlíthiúil agus rialála chun an ghníomhaíocht ghairmiúil a shaothrú, leis an acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais, agus leis an acmhainn theicniúil agus ghairmiúil. 3. Cuirfidh an t-údarás conarthach na critéir dhámhachtana i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar an tairiscint. 4. Is ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a bhunóidh an t-údarás conarthach dámhachtain conarthaí, agus is é a bheidh i gceist leis sin ceann amháin de thrí mhodh dámhachtana: an praghas is ísle, an costas is ísle nó an cóimheas praghas-cáilíocht is fearr. Maidir leis an modh is ísle costais, déanfaidh an t-údarás conarthach cur chuige éifeachtúlachta costais a úsáid, lena n-áirítear costáil saolré. Chun an cóimheas praghas-cáilíocht is fearr a fháil, cuirfidh an t-údarás conarthach san áireamh an praghas nó an costas agus critéir cháilíochta eile a bhaineann le hábhar an chonartha. 5. Tabharfar an cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le mionsonraí a bhaineann leis na critéir roghnúcháin, leis na critéir dhámhachtana, lena n-áirítear critéir cháilíochta, agus leis an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch chomh maith leis na bealaí as a mbainfear leas chun na costais saolré a bhaineann leis an gceannach a mheas. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh na ndoiciméad ar cruthúnas iad ar inniúlacht dhlíthiúil, ar acmhainn eacnamaíoch agus airgeadais agus i dtaobh fianaise ar acmhainn theicniúil agus ghairmiúil agus i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le ceantanna leictreonacha agus maidir le tairiscintí atá thar a bheith íseal.”. |
(18) |
Cuirtear an méid seo leanas isteach in ionad Airteagal 111: “Airteagal 111 Cur isteach, cumarsáid leictreonach agus meastóireacht 1. Na socruithe maidir le tairiscintí a chur isteach, is de chineál iad lena n-áiritheofar go mbeidh fíor-iomaíocht ann agus go bhfanfaidh inneachair na dtairiscintí rúnda go dtí go ndéanfar iad ar fad a oscailt ag an am céanna. 2. Áiritheoidh an Coimisiún, trí mhodhanna iomchuí agus i gcur i bhfeidhm Airteagal 95, go bhféadfaidh tairgeoirí inneachair na dtairiscintí agus aon fhianaise tacaíochta a chur isteach i bhformáid leictreonach (‘ríomhsholáthar’), seachas i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo atá sonraithe sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 210. Aon chóras cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun tacú le cumarsáid agus le malartuithe faisnéise, beidh sé neamh-idirdhealaitheach, ar fáil go ginearálta agus beidh sé idir-inoibritheach le táirgí theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) atá in úsáid go ginearálta agus ní chuirfidh siad srian ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha ar an nós imeachta soláthair. Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go rialta faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na míre seo. 3. Má mheastar é a bheith iomchuí agus comhréireach, féadfaidh an t-údarás conarthach a cheangal ar thairgeoirí ráthaíocht a chur isteach roimh ré chun a ráthú nach n-aistarraingeofar na tairiscintí a rinneadh. Beidh an ráthaíocht a cheanglófar comhréireach le luach measta an chonartha agus socrófar í ar leibhéal cuí chun cosc a chur ar idirdhealú i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha éagsúla. 4. Osclóidh an t-údarás conarthach gach iarraidh ar rannpháirtíocht agus gach tairiscint. Mar sin féin, diúltóidh sé an méid seo a leanas:
5. Déanfaidh an t-údarás conarthach meastóireacht ar gach iarraidh ar rannpháirtíocht nó tairiscintí nár diúltaíodh le linn na réamhchéime atá leagtha síos i mír 4 ar bhonn na gcritéar a shonraítear sna cáipéisí soláthair d'fhonn an conradh a dhámhachtain nó dul ar aghaidh le ceant leictreonach. 6. Diúltófar d'iarrataí ar rannpháirtíocht agus tairiscintí nach gcomhlíonann na ceanglais íosta a leagtar amach sna doiciméid soláthair. Ach amháin i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, iarrfaidh an coiste meastóireachta nó an t-údarás conarthach ar na hiarrthóirí nó tairgeoirí ábhar breise nó doiciméid atá in easnamh a sholáthar, soiléiriú a dhéanamh ar na doiciméid a thacaíonn leis na critéir eisiaimh agus roghnúcháin, nó míniú a thabhairt ar thairiscintí atá thar a bheith íseal, laistigh den teorainn ama a shonróidh sé. 7. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 faoi rialacha mionsonraithe maidir leis na teorainneacha ama maidir le tairiscintí agus iarratais ar rannpháirtíocht a fháil, maidir le rochtain ar dhoiciméid soláthair, na teorainneacha ama maidir le faisnéis bhreise a sholáthar, na teorainneacha ama i gcásanna práinneacha, fairis an modh cumarsáide chun tairiscintí agus catalóga leictreonacha a chur isteach, rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais theicniúla agus dhlíthiúla le haghaidh córas malartaithe leictreonaigh agus maidir leis an eisceacht ó leas a bhaint as tairiscintí a chur isteach go leictreonach, i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo. Ina theannta sin, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le rialacha mionsonraithe faoin deis ráthaíocht tairisceana a iarraidh, agus na dálaí faoin ráthaíocht a iarraidh agus a scaoileadh, tairiscintí agus iarrataí a oscailt agus a mheas chun bheith rannpháirteach agus bunú coistí oscailte agus meastóireachta agus comhdhéanamh na gcoistí sin.”. |
(19) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 112: “Airteagal 112 Teagmhálacha le linn an nós imeachta soláthair 1. Agus an nós imeachta soláthair faoi lán seoil, comhlíonfaidh na teagmhálacha uile idir an t-údarás conarthach agus na hiarrthóirí nó na tairgeoirí na coinníollacha lena n-áirithítear trédhearcacht, cóir chomhionann agus dea-riarachán mar a leagtar amach in Airteagal 96 iad. Nuair atá an teorainn ama istigh maidir le tairiscintí a fháil, rachaidh an t-údarás conarthach i dteagmháil leis an tairgeoir d'fhonn earráidí soiléire cléireachais a cheartú nó dearbhú maidir le gné theicniúil nó gné ar leith a cheangal, ach amháin i gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo. Ní bheidh athruithe ar na doiciméid soláthair nó athruithe substaintiúla ar théarmaí na tairisceana a cuireadh isteach mar thoradh ar na teagmhálacha a luadh cheana ná mar thoradh ar aon teagmhálacha eile, ach amháin i gcás ina gceadaítear é sin go sonrach le nós imeachta soláthair a leagtar amach in Airteagal 104(1). 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca le teagmhálacha a cheadaítear agus teagmhálacha a cheanglaítear idir an t-údarás conarthach agus iarrthóirí nó tairgeoirí le linn an nós imeachta sholáthair.”. |
(20) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 113: “Airteagal 113 Cinneadh na dámhachtana agus faisnéis d'iarrthóirí nó do thairgeoirí 1. Cinnfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach cé dó a bhfuil an conradh le dámhachtain, i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a bheidh sonraithe sna cáipéisí soláthair. 2. Cuirfidh an t-údarás conarthach na forais ar a ndearnadh an cinneadh in iúl do na hiarrthóirí nó do na tairgeoirí ar fad, ar diúltaíodh a n-iarratas a bheith rannpháirteach nó a dtairiscintí, chomh maith le fad na tréimhse neamhghníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 118(2). Maidir le conarthaí sainiúla a dhámhachtain faoi chreatchonradh lena ngabhann athoscailt na hiomaíochta, cuirfidh an t-údarás conarthach toradh na meastóireachta in iúl do na tairgeoirí. 3. Cuirfidh an t-údarás conarthach gach tairgeoir nach bhfuil i staid eisiaimh, a bhfuil a thairiscint ag teacht leis na doiciméid soláthair agus a chuireann iarraidh isteach i scríbhinn, ar an eolas faoi aon cheann díobh seo a leanas:
Féadfaidh an t-údarás conarthach faisnéis áirithe a choimeád siar más rud é go gcuirfeadh scaoileadh na faisnéise sin bac ar fhorfheidhmiú an dlí, go mbeadh sé in aghaidh leas an phobail nó go ndéanfadh sé dochar do leasanna dlisteanacha tráchtála oibreoirí eacnamaíocha, nó dá mba rud é go bhféadfadh sé iomaíocht chóir idir na hoibreoirí sin a shaobhadh. 4. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais don tuarascáil meastóireachta agus a bhfuil inti agus cinneadh na dámhachtana, agus maidir le faisnéis d'iarratasóirí agus do thairgeoirí.”. |
(21) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 114: “Airteagal 114 An nós imeachta soláthair a chur ar ceal Féadfaidh an t-údarás conarthach, sula ndéanfar an conradh a shíniú, an nós imeachta soláthair a chur ar ceal gan na hiarrthóirí ná na tairgeoirí a bheith i dteideal aon chúiteamh a éileamh. Tabharfar údar cuí i leith an chinnidh agus tarraingeofar aird na n-iarrthóirí nó na dtairgeoirí air a luaithe is féidir.”. |
(22) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 114a Feidhmíocht an chonartha agus modhnuithe air 1. Ní chuirfear tús le feidhmíocht an chonartha sula síneofar an conradh. 2. Ní fhéadfaidh an t-údarás conarthach conradh nó creatchonradh a mhodhnú gan nós imeachta soláthair ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear i mír 3 agus ar an gcoinníoll nach n-athróidh an modhnú ábhar an chonartha nó an chreatchonartha. 3. Féadfar conradh nó conradh sonrach faoi chreatchonradh a mhodhnú gan nós imeachta soláthair nua in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
Féadfar feidhm a bheith ag pointe (a), ag pointe (c) agus ag pointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le creatchonarthaí. Ní chuirfear athbhreithnithe ar phraghas san áireamh le luach tosaigh an chonartha. Ní bheidh glanluach carnach roinnt modhnuithe a rinneadh i ndiaidh a chéile faoi phointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo níos mó ná aon tairseach dá dtagraítear ann. Déanfaidh an t-údarás conarthach na bearta poiblíochta ex post a leagtar amach in Airteagal 103(1) a chur i bhfeidhm.”. |
(23) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na nAirteagal ó Airteagal 115 go hAirteagal 120: “Airteagal 115 Ráthaíochtaí 1. I gcásanna seachas conarthaí ar luach íseal, féadfaidh an t-údarás conarthach, má mheasann sé gurb iomchuí agus gur comhréireach é de réir an cháis agus faoi réir anailíse riosca, a cheangal ar chonraitheoirí ráthaíocht a thaisceadh chun aon cheann de nithe seo a leanas a dhéanamh:
2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis na cineálacha ráthaíochtaí a d'fhéadfaí a cheangal ar chonraitheoirí, lena n-áirítear critéir maidir le hainailís riosca, agus ar mhéid uasta gach cineál ráthaíochta mar chéatadán de luach iomlán an chonartha. Airteagal 116 Earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois 1. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘earráid mhór’ aon sárú ar fhoráil de chuid conartha a eascraíonn as gníomh nó neamhghníomh, atá, nó a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le caillteanas don bhuiséad. 2. I gcás ina gcruthófar go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois sa nós imeachta, déanfaidh an t-údarás conarthach an nós imeachta a chur ar fionraí agus féadfaidh sé aon bhearta is gá a ghlacadh, lena n-áirítear an nós imeachta a chur ar ceal. 3. I gcás ina gcruthófar, tar éis an conradh a shíniú, go raibh earráidí móra, mírialtachtaí nó calaois i nós imeachta nó i bhfeidhmíocht an chonartha, féadfaidh an t-údarás conarthach feidhmíocht an chonartha a chur ar fionraí nó, i gcás inarb iomchuí, an conradh a fhoirceannadh. Is féidir feidhmíocht conarthaí a chur ar fionraí freisin le fíorú a dhéanamh ar chásanna ina dtoimhdítear gur tharla earráidí substaintiúla, mírialtachtaí nó calaois. I gcás inarb é an conraitheoir is cúis leis na hearráidí móra, na mírialtachtaí nó an chalaois sin, féadfaidh an t-údarás conarthach, ina theannta sin, diúltú na híocaíochtaí a íoc nó méideanna a íocadh cheana go míchuí a ghnóthú, i gcomhréir lena thromchúisí atá na hearráidí móra, na mírialtachtaí nó an chalaois. 4. Feidhmeoidh OLAF na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (18) ón gComhairle chun cigireachtaí agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sna Ballstáit agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe comhair agus leis na comhaontuithe um chúnamh frithpháirteach atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitreabh eagraíochtaí idirnáisiúnta. 5. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le feidhmíocht conartha a chur ar fionraí i gcás earráidí móra, mírialtachtaí nó calaoise. Airteagal 117 An t-údarás conarthach 1. Maidir leis na hinstitiúidí de réir bhrí Airteagal 2, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus comhlachtaí de réir bhrí Airteagal 208 agus Airteagal 209, measfar gur údaráis chonarthacha iad i gcás conarthaí a bheidh á ndámhachtain as a stuaim féin, ach amháin i gcás ina gceannóidh siad ó chomhlacht lárnach ceannaigh. Ranna de na hinstitiúidí sin, ní mheasfar gur údaráis chonarthacha iad i gcás ina dtabharfaidh siad socruithe riaracháin i gcrích eatarthu féin. Tarmligfidh na hinstitiúidí sin, i gcomhréir le hAirteagal 65, na cumhachtaí is gá chun feidhm an údaráis chonarthaigh a fheidhmiú. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le feidhm údaráis chonarthaigh a tharmligean agus le comhlachtaí lárnacha ceannaigh. Airteagal 118 Tairseacha is infheidhme agus tréimhse neamhghníomhaíochta 1. Chun conarthaí poiblí agus conarthaí lamháltais a dhámhachtain, cloífidh an t-údarás conarthach leis na tairseacha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 104(1) den Rialachán seo á roghnú aige. Déanfar na bearta poiblíochta a leagtar amach in Airteagal 103(1) agus (2) den Rialachán seo a chinneadh de réir na dtairseach sin. 2. Faoi réir eisceachtaí agus coinníollacha atá le sonrú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ní shíneoidh an t-údarás conarthach, i gcás conarthaí ar mó a luach ná na tairsigh dá dtagraítear i mír 1, an conradh ná an creatchonradh leis an tairgeoir a n-éireoidh leis go dtí go mbeidh tréimhse neamhghníomhaíochta caite. 3. Mairfidh an tréimhse neamhghníomhaíochta ar feadh 10 lá agus úsáid á baint as modhanna leictreonacha cumarsáide, agus, mairfidh sí 15 lá, agus úsáid á baint as modhanna eile. 4. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le conarthaí leithleacha agus conarthaí lena ngabhann baisc, meastachán a dhéanamh ar luach conarthaí poiblí agus conarthaí lamháltais, agus an tréimhse neamhghníomhaíochta roimh shíniú an chonartha. Airteagal 119 Na rialacha maidir le rochtain ar sholáthar Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta soláthair ar oscailt ar choinníollacha comhionanna do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dhaoine dlítheanacha, a thagann faoi raon feidhme na gConarthaí agus do na daoine go léir, idir dhaoine nádúrtha agus dhaoine dlítheanacha, lonnaithe i dtríú tír a bhfuil comhaontú speisialta aici leis an Aontas i réimse an tsoláthair phoiblí faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin. Beidh sé ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfianaise atá le soláthair i ndáil le rochtain ar sholáthar. Airteagal 120 Rialacha soláthair na hEagraíochta Trádála Domhanda I gcás ina mbeidh feidhm ag an gComhaontú iltaobhach maidir le Soláthar Rialtais a tugadh i gcrích laistigh den Eagraíocht Trádála Domhanda, beidh an nós imeachta um sholáthar ar oscailt freisin d'oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe sna stáit a dhaingnigh an comhaontú sin, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin. (18) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanfaidh an Coimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).”." |
(24) |
Leasaítear Airteagal 131 mar a leanas:
|
(25) |
In Airteagal 138(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: “Leagfar síos le rialacha an chomórtais ar a laghad na coinníollacha chun a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear na critéir eisiaimh, na critéir dhámhachtana, méid na duaise agus na socruithe íocaíochta. Airteagal 105a, mír 1 go mír 4, mír 6 agus mír 7, seachas pointe (b) den chéad fhomhír agus an dara fomhír den mhír sin, míreanna 8, 9, 11 agus 13 go 17 d'Airteagal 106 agus Airteagal 108, beidh feidhm acu maidir le rannpháirtithe agus le buaiteoirí. Beidh feidhm ag Airteagal 107 maidir le rannpháirtithe.”. |
(26) |
In Airteagal 139, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “5a. Beidh feidhm ag Airteagal 105a, mír 1, ach amháin pointe (e) agus pointe (f) den mhír sin, míreanna 2 go 4, 6 go 9 agus 13 go 17 d'Airteagal 106, agus ag Airteagal 107 agus Airteagal 108 maidir le meáin thiomanta infheistíochta nó le hidirghabhálaithe airgeadais. Déanfaidh faighteoirí deiridh dearbhú sínithe onóra, lena ndeimhneofar nach bhfuil siad i gceann de na staideanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d) d'Airteagal 106(1) nó i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 107(1), a chur ar fáil d'idirghabhálaithe airgeadais.”. |
(27) |
In Airteagal 163, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Tarchuirfidh an Chúirt Iniúchóirí chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht aon bharúil a mheasann sí ba cheart a bheith i dtuarascáil speisialta. Fanfaidh na barúlacha sin faoi rún agus beidh siad faoi réir nós imeachta sáraíochta. Déanfaidh an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann, de ghnáth laistigh de shé seachtaine tar éis na barúlacha sin a tharchur, aon fhreagraí is mian leo a thabhairt a chur in iúl don Chúirt Iniúchóirí i dtaca leis na barúlacha sin. Déanfar an tréimhse sin a fhionraí i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, go háirithe más rud é, le linn nós imeachta na sáraíochta, gur gá go bhfaighidh an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann aiseolas ó na Ballstáit d'fhonn bailchríoch a chur ar a fhreagra. Leis na freagraí ón institiúid nó ón gcomhlacht lena mbaineann tabharfar aghaidh go díreach agus go heisiach ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí. Áiritheoidh an Chúirt Iniúchóirí go ndréachtófar tuarascálacha speisialta agus go nglacfar iad laistigh de thréimhse chuí ama, ar tréimhse í nach mbeidh de ghnáth níos faide ná 13 mhí. Déanfar na tuarascálacha speisialta, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí nó na comhlachtaí i dtrácht, a tharchur gan mhoill chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhar leis an gCoimisiún i gcás inarb iomchuí, cén ghníomhaíocht a bheidh le déanamh mar fhreagairt. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí gach beart riachtanach chun a áirithiú go bhfoilseofar, i dteannta na tuarascála speisialta, na freagraí ar a barúlacha ó gach institiúid nó ó gach comhlacht lena mbaineann, mar aon leis an amlíne chun an tuarascáil speisialta a dhréachtú.”. |
(28) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 166: “Airteagal 166 Bearta leantacha 1. I gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE agus Airteagal 106a de Chonradh Euratom, glacfaidh an Coimisiún, na hinstitiúidí eile agus na comhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 den Rialachán seo gach céim iomchuí chun gníomhú de bhun na mbarúlacha a ghabhann leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh ó Pharlaimint na hEorpa agus de bhun na dtráchtaí a ghabhann leis an moladh maidir le hurscaoileadh arna ghlacadh ag an gComhairle. 2. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh na hinstitiúidí agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 tuarascáil ar na bearta a glacadh i bhfianaise na mbarúlacha agus na dtráchtaí sin agus, go háirithe, ar na treoracha a thug siad do na ranna sin dá gcuid atá freagrach as an mbuiséad a chur chun feidhme. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún trína chur in iúl dó faoi na bearta a ghlac siad chun gníomhú de bhun na mbarúlacha sin ionas go bhféadfaidh an Coimisiún na bearta sin a chur san áireamh agus a thuarascáil féin á tarraingt suas aige. Déanfar na tuarascálacha ó na hinstitiúidí eile a tharchur freisin chuig an gCúirt Iniúchóirí.”. |
(29) |
In Airteagal 183(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “4. Agus é rannpháirteach i nósanna imeachta deontais nó soláthair i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 105a, in Airteagal 106, i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 107(1), in Airteagal 108 agus in Airteagal 131(4) maidir le forálacha d'eisiamh agus do phionóis i ndáil le soláthar agus deontais.”. |
(30) |
Leasaítear Airteagal 190 mar a leanas:
|
(31) |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 191: “Airteagal 191 Na rialacha maidir le rochtain ar sholáthar 1. Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta soláthair oscailte ar théarmaí comhionanna do na daoine go léir atá faoi réim na gConarthaí agus do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile i gcomhréir leis na forálacha sonracha sna bunionstraimí a rialaíonn an earnáil comhair i dtrácht. Beidh sé ar oscailt d'eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin. 2. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 54(2), féadfar a chinneadh, in imthosca eisceachtúla a bhfuil foras cuí tugtha ina leith ag an oifigeach údarúcháin atá freagrach leo, go ligfear do náisiúnaigh tríú tíortha, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tairiscint a chur isteach ar chonarthaí. 3. I gcás ina mbeidh feidhm ag comhaontú ar leathnú an mhargaidh i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí ar páirtí dó an tAontas, beidh na nósanna imeachta soláthair do chonarthaí arna maoiniú ón mbuiséad oscailte do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha lonnaithe i dtríú tíortha seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú sin. 4. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 210 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair.” |
(32) |
Cuirtear an mhír seo a leanas isteach in Airteagal 204: “Beidh saineolaithe faoi réir Airteagal 105a, mír 1 go mír 3 agus mír 7, ach amháin pointe (b) den chéad fhomhír, agus an dara fomhír den mhír sin, faoi réir mhír 8 go mír 10, phointe (a) de mhír 11, mhír 13 go mír 17 d'Airteagal 106, agus faoi réir Airteagal 107 agus Airteagal 108.”. |
(33) |
Leasaítear Airteagal 209 mar a leanas:
|
(34) |
In Airteagal 211, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Cumhdófar in athbhreithniú den sórt sin, inter alia, cur chun feidhme fhorálacha Theideal VIII de Chuid a hAon agus na spriocamanna a leagtar amach in Airteagal 163(1).”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2016.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 28 Deireadh Fómhair 2015.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. SCHMIT
(1) Tuairim Uimh. 1/2015 an 19 Eanáir 2015 (IO C 52, 13.2.2015, lch. 1).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2015.
(3) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(4) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(5) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(7) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).