Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R1843

    Rialachán (AE) 2015/1843 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (téacs códaithe)

    IO L 272, 16.10.2015, p. 1–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1843/oj

    16.10.2015   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    RIALACHÁN (AE) 2015/1843 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 6 Deireadh Fómhair 2015

    lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála

    (téacs códaithe)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle (3) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

    (2)

    Tá sé riachtanach go bhfuil an comhbheartas tráchtála bunaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha, go háirithe maidir le cosaint tráchtála.

    (3)

    Dealraítear go bhfuil gá le foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta an Aontais chun feidhmiú éifeachtach chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú.

    (4)

    Is iad na rialacha trádála idirnáisiúnta go príomha na rialacha a bhunaítear faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (“EDT”) agus a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann le Comhaontú EDT, ach is féidir freisin gurb iad rialacha a leagtar síos in aon chomhaontú eile ar páirtí ann an tAontas, ar rialacha iad atá infheidhme maidir le trádáil idir an tAontas agus tríú tíortha. Is iomchuí tuairim shoiléir a thabhairt maidir leis na cineálacha comhaontuithe a dtagraíonn an téarma “rialacha trádála idirnáisiúnta” dóibh.

    (5)

    Ba cheart go mbeadh nósanna imeachta an Aontais chun feidhmiú éifeachtach chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú bunaithe ar shásra dlíthiúil faoi dhlí an Aontais, ar sásra é atá trédhearcach ina iomláine agus lena n-áirithítear go ndéantar an cinneadh chun cearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a agairt ar bhonn faisnéis fhíorasach chruinn agus anailís dhlíthiúil.

    (6)

    Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag sásra den sórt sin modhanna nós imeachta a chur ar fáil le gur féidir a iarraidh ar institiúidí an Aontais freagairt do chonstaicí ar thrádáil arna nglacadh nó arna gcoimeád ar bun ag tríú tíortha, ar constaicí iad atá ina gcúis díobhála nó a mbíonn éifeachtaí díobhálacha ar bhealach eile acu ar thrádáil, ar choinníoll gurb ann do cheart caingne, maidir le constaicí den sórt sin, faoi na rialacha trádála idirnáisiúnta is infheidhme.

    (7)

    Ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit dul i muinín sásra den sórt sin gan dochar don deis atá ag na Ballstáit na hábhair chéanna nó ábhair chomhchosúla a ardú trí nósanna imeachta eile an Aontais atá ann cheana féin, agus go háirithe iad a ardú os comhair an choiste a bunaíodh faoi Airteagal 207(3) den Chonradh.

    (8)

    Ba cheart aird a thabhairt ar ról institiúideach an choiste a bunaíodh faoi Airteagal 207(3) den Chonradh maidir le comhairle a chur ar fáil d’institiúidí an Aontais i dtaca le gach ceist a bhaineann le beartas tráchtála. Ba cheart, dá bhrí sin, an coiste sin a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairt cásanna ar leith, ionas go mbeidh sé in ann na himpleachtaí níos leithne beartais a bhaineann leis na forbairtí sin a mheas.

    (9)

    Is iomchuí go gceanglófaí go ngníomhóidh an tAontas i gcomhréir lena oibleagáidí idirnáisiúnta agus, sa chás gur ó chomhaontuithe a d’eascair oibleagáidí den sórt sin, go gcoimeádfaidh sé an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí, cothromaíocht atá mar aidhm ag na comhaontuithe sin a bhunú.

    (10)

    Is iomchuí a fhoráil freisin gur cheart go mbeadh aon bhearta a thógtar faoi na nósanna imeachta i dtrácht i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, agus go mbeidís gan dochar do bhearta eile i gcásanna nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, ar bearta iad a d’fhéadfaí a ghlacadh go díreach de bhun Airteagal 207 den Chonradh.

    (11)

    Ba cheart a leagan síos freisin na rialacha nós imeachta atá le leanúint le linn an nós imeachta scrúdúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo, go háirithe maidir le cearta agus oibleagáidí údaráis an Aontais agus na bpáirtithe lena mbaineann, agus na coinníollacha faoinar féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar fhaisnéis agus faoinar féidir leo a iarraidh go gcoinneofar ar an eolas iad maidir leis na fíricí bunúsacha agus breithnithe atá mar thoradh ar an nós imeachta scrúdúcháin.

    (12)

    Ag gníomhú dó de bhun an Rialacháin seo, ní mór don Aontas aird a thabhairt ar an ngá le gníomhaíocht mhear agus éifeachtach trí na nósanna imeachta cinnteoireachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

    (13)

    Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún gníomhú maidir le constaicí ar thrádáil arna nglacadh nó arna gcoimeád ar bun ag tríú tíortha, faoi chuimsiú chearta agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, i gcás ina bhfuil gá le hidirghabháil chun leasa an Aontais agus sa chás sin amháin. Agus measúnú á dhéanamh ar leasa den sórt sin ag an gCoimisiún, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar thuairimí gach páirtí leasmhar sna himeachtaí.

    (14)

    Chun na nósanna imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur chun feidhme, tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun na cinntí maidir le seoladh na nósanna imeachta scrúdúcháin sin agus na bearta atá mar thoradh orthu a ghlacadh. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    (15)

    Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun scrúduithe atá ar siúl faoi láthair a chur ar fionraí i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí maidir le bearta a ghlacadh.

    (16)

    Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas faoi na forbairtí faoin Rialachán seo, ionas go mbeidh siad in ann na himpleachtaí níos leithne beartais a bhaineann leis na forbairtí sin a mheas.

    (17)

    Ina theannta sin, i gcásanna inar cosúil gurb é comhaontú le tríú tír an modh is iomchuí chun díospóid a d’éirigh as constaic ar thrádáil a réiteach, ba cheart an chaibidlíocht chun na críche sin a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bunaíodh in Airteagal 207 den Chonradh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le nósanna imeachta Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (“EDT”), atá, faoi réir oibleagáidí agus nósanna imeachta idirnáisiúnta atá ann cheana féin a chomhlíonadh, dírithe ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    freagairt do chonstaicí ar thrádáil a mbíonn éifeacht acu ar mhargadh an Aontais, d’fhonn deireadh a chur leis an díobháil a eascraíonn uathu;

    (b)

    freagairt do chonstaicí ar thrádáil a mbíonn éifeacht acu ar mhargadh tríú tír, d’fhonn deireadh a chur leis na héifeachtaí díobhálacha ar thrádáil a eascraíonn uathu.

    Cuirfear na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm go háirithe agus nósanna imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide á dtionscnamh agus á stiúradh ina dhiadh sin agus á bhfoirceannadh, i réimse an chomhbheartais tráchtála.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn “constaicí ar thrádáil” aon chleachtas trádála arna ghlacadh nó arna choimeád ar bun ag tríú tír, ar cleachtas é a bhfuil ceart caingne bunaithe ina leith faoi rialacha trádála idirnáisiúnta; tá ceart caingne den sórt sin ann i gcás ina bhfuil toirmeasc glan ar chleachtas faoi rialacha trádála idirnáisiúnta, nó i gcás ina dtugtar ceart faoi na rialacha sin do pháirtí eile a ndéanann an cleachtas difear dó deireadh le héifeacht an chleachtais i dtrácht a lorg;

    (b)

    ciallaíonn “cearta an Aontais” na cearta trádála idirnáisiúnta a bhféadfaidh an tAontas leas a bhaint astu faoi rialacha trádála idirnáisiúnta; sa chomhthéacs seo, is iad na “rialacha trádála idirnáisiúnta” go príomha na rialacha a bhunaítear faoi choimirce EDT agus a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann le Comhaontú EDT, ach is féidir freisin gurb iad na rialacha a leagtar síos in aon chomhaontú eile ar páirtí ann an tAontas agus ina leagtar amach rialacha is infheidhme maidir le trádáil idir an tAontas agus tríú tíortha;

    (c)

    ciallaíonn “díobháil” aon díobháil ábhartha a dhéantar do thionscal de chuid an Aontais, ar mhargadh an Aontais, maidir le táirge nó seirbhís, arb é constaic ar thrádáil is cúis, nó is baol a bheith ina chúis leis;

    (d)

    ciallaíonn “éifeachtaí díobhálacha ar thrádáil” na héifeachtaí díobhálacha a bhíonn ag constaic ar thrádáil, nó a d’fhéadfadh a bheith aige, maidir le táirge nó seirbhís, ar ghnóthais de chuid an Aontais, ar mhargadh aon tríú tír, agus a imríonn tionchar ábhartha ar gheilleagar an Aontais nó ar réigiún san Aontas, nó ar earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas; ní mheasfar gur leor ann féin go bhfulaingíonn an gearánaí éifeachtaí díobhálacha den sórt sin le húdar a thabhairt d’institiúidí an Aontais aon chaingean a thionscnamh;

    (e)

    ciallaíonn “tionscal de chuid an Aontais”:

    (i)

    táirgeoirí nó soláthraithe uile an Aontais:

    a sholáthraíonn táirgí nó seirbhísí atá comhionann nó cosúil le táirge nó seirbhís ar a bhfuil constaic ar thrádáil i bhfeidhm;

    a sholáthraíonn táirgí nó seirbhísí atá in iomaíocht dhíreach leis an táirge nó leis an tseirbhís sin;

    ar tomhaltóirí nó próiseálaithe an táirge nó tomhaltóirí nó úsáideoirí na seirbhíse ar a bhfuil constaic ar thrádáil i bhfeidhm iad;

    (ii)

    na táirgeoirí nó soláthraithe sin go léir arb ionann a n-aschur iomlán agus cuid mhór de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí nó na seirbhísí i dtrácht; mar sin féin:

    nuair atá ceangal ann idir na táirgeoirí nó na soláthraithe agus na honnmhaireoirí nó na hallmhaireoirí nó nuair is allmhaireoirí iad féin den táirge nó den tseirbhís ar a líomhnaítear go bhfuil constaicí ar thrádáil i bhfeidhm, féadfar an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a thuiscint mar thagairt do na táirgeoirí nó do na soláthraithe eile;

    in imthosca áirithe, féadfar a mheas gur tionscal de chuid an Aontais na táirgeoirí nó soláthraithe laistigh de réigiún de chuid an Aontais más ionann a n-aschur iomlán agus an chion is mó d’aschur an táirge nó na seirbhíse i dtrácht sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina bhfuil an réigiún sin lonnaithe ar choinníoll gur sa Bhallstát sin nó sna Ballstáit sin atá an éifeacht is mó ag an gconstaic ar thrádáil;

    (f)

    ciallaíonn “gnóthas de chuid an Aontais” cuideachta nó gnólacht a bhunaítear i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a oifig chláraithe, a lárionad riaracháin nó a phríomhionad gnó laistigh den Aontas, agus ar cuideachta í nó ar gnólacht é a bhfuil baint dhíreach aici nó aige le hearraí a tháirgeadh nó le seirbhísí a sholáthar, ar earraí nó seirbhísí iad is ábhar don chonstaic ar thrádáil;

    (g)

    ciallaíonn “seirbhísí” na seirbhísí sin ar féidir leis an Aontas comhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh i ndáil leo ar bhonn Airteagal 207 den Chonradh.

    2.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá coincheap na “soláthraithe seirbhísí” i gcomhthéacs an téarma “tionscal de chuid an Aontais” agus an téarma “gnóthas de chuid an Aontais” araon gan dochar don ghné neamhthráchtála a d’fhéadfadh a bheith ag soláthar aon seirbhíse ar leith de réir reachtaíocht nó rialachán Ballstáit.

    Airteagal 3

    Gearán thar ceann an tionscail de chuid an Aontais

    1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach, nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, atá ag gníomhú ar son tionscal de chuid an Aontais a mheasann gur fhulaing sé díobháil mar thoradh ar chonstaicí ar thrádáil a bhfuil tionchar acu ar mhargadh an Aontais, féadfaidh sé gearán i scríbhinn a thíolacadh.

    2.   Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith sa ghearán lena cruthú gurb ann do na constaicí ar thrádáil agus don díobháil a d’eascair uathu sin. Ní mór fianaise a thabhairt maidir le díobháil ar bhonn an liosta léiriúcháin de na fachtóirí a leagtar amach in Airteagal 11, nuair is infheidhme.

    Airteagal 4

    Gearán thar ceann gnóthas de chuid an Aontais

    1.   Aon ghnóthas de chuid an Aontais, nó aon chomhlachas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, ag gníomhú dó thar ceann gnóthais amháin nó níos mó de chuid an Aontais, a mheasann gur fhulaing gnóthais den sórt sin de chuid an Aontais éifeachtaí díobhálacha ar thrádáil mar thoradh ar chonstaicí ar thrádáil a bhfuil tionchar acu ar an margadh i dtríú tír, féadfaidh siad gearán i scríbhinn a thíolacadh.

    2.   Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith sa ghearán lena cruthú gurb ann do na constaicí ar thrádáil agus do na héifeachtaí díobhálacha ar thrádáil a d’eascair uathu sin. Ní mór fianaise a thabhairt maidir le héifeachtaí díobhálacha ar thrádáil ar bhonn an liosta léiriúcháin de na fachtóirí a leagtar amach in Airteagal 11, nuair is infheidhme.

    Airteagal 5

    Nósanna imeachta gearáin

    1.   Cuirfear na gearáin dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 faoi bhráid an Choimisiúin, a sheolfaidh cóip díobh chuig na Ballstáit.

    2.   Féadfar an gearán a aistarraingt, agus sa chás sin féadfar an nós imeachta a fhoirceannadh ach amháin mura mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leasa an Aontais.

    3.   I gcás inar léir nach bhfuil fianaise leordhóthanach sa ghearán chun údar a bheith le himscrúdú a thionscnamh, cuirfear an gearánach ar an eolas dá réir.

    Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas nuair a chinneann sé nach bhfuil fianaise leordhóthanach sa ghearán chun údar a bheith le himscrúdú a thionscnamh.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh chomh luath agus is féidir maidir le nós imeachta scrúdúcháin de chuid an Aontais a thionscnamh, tar éis aon ghearáin a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 3 nó Airteagal 4.

    Déanfar an cinneadh laistigh de 45 lá ón lá ar a dtíolactar an gearán. D’fhéadfaí an tréimhse sin a chur ar fionraí ar iarratas an ghearánaigh, nó lena chomhaontú, chun gur féidir faisnéis chomhlántach a sholáthar, faisnéis a bhféadfadh gá a bheith leis chun bailíocht chás an ghearánaigh a mheas.

    Airteagal 6

    Iarraidh ó Bhallstát

    1.   Féadfaidh aon Bhallstát a iarraidh ar an gCoimisiún na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 1 a thionscnamh.

    2.   Tabharfaidh an Ballstát fianaise leordhóthanach don Choimisiún chun tacú lena iarraidh, maidir le constaicí ar thrádáil agus aon éifeachtaí a d’eascair uathu sin. Nuair is iomchuí fianaise maidir le díobháil nó éifeachtaí díobhálacha ar thrádáil a thabhairt, tabharfar í ar bhonn an liosta léiriúcháin de na fachtóirí a leagtar amach in Airteagal 11, nuair is infheidhme.

    3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do na Ballstáit eile faoi na hiarrataí.

    4.   I gcás inar léir nach bhfuil fianaise leordhóthanach san iarraidh chun údar a bheith le himscrúdú a thionscnamh, cuirfear an Ballstát ar an eolas dá réir.

    Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas nuair a chinneann sé nach bhfuil fianaise leordhóthanach san iarraidh chun údar a bheith le himscrúdú a thionscnamh.

    5.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh chomh luath agus is féidir maidir le nós imeachta scrúdúcháin de chuid an Aontais a thionscnamh, tar éis iarrata ó Bhallstát a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar an cinneadh laistigh de 45 lá ón iarraidh. D’fhéadfaí an tréimhse sin a chur ar fionraí ar iarratas an Bhallstáit a dhéanann an tarchur, nó lena chomhaontú, chun gur féidir faisnéis chomhlántach a sholáthar, faisnéis a bhféadfadh gá a bheith leis chun bailíocht an cháis arna tharchur ag an mBallstát a mheas ina iomláine.

    Airteagal 7

    Nós imeachta coiste

    1.   Déanfaidh an Coiste um Bacainní Trádála (“an Coiste”) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 8

    Faisnéis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle

    Cuirfidh an Coimisiún faisnéis arna cur ar fáil de bhun an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ionas gur féidir leo aon impleachtaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhbheartas tráchtála a mheas.

    Airteagal 9

    Nós imeachta scrúdúcháin an Aontais

    1.   I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach ann chun údar a bheith le nós imeachta scrúdúcháin a thionscnamh agus gur gá é sin a dhéanamh chun leas an Aontais, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    (a)

    cuirfidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi thionscnamh nós imeachta scrúdúcháin; san fhógra, luafar an táirge nó an tseirbhís agus na tíortha lena mbaineann, déanfar achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas, agus déanfar foráil go gcuirfear an fhaisnéis ábhartha uile chuig an gCoimisiún; luafar ann an tréimhse inar féidir le páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le mír 5;

    (b)

    cuirfidh sé ionadaithe na tíre nó na dtíortha is ábhar don nós imeachta agus lenar féidir comhairluchán a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar an eolas go hoifigiúil;

    (c)

    déanfaidh sé an scrúdú ar leibhéal an Aontais, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit.

    Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas nuair a chinneann sé go bhfuil fianaise leordhóthanach sa ghearán chun údar a bheith le himscrúdú a thionscnamh.

    2.   Nuair is gá, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    (a)

    iarrfaidh sé an fhaisnéis go léir a mheasann sé a bheith riachtanach agus déanfaidh sé iarracht an fhaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála, ar choinníoll go dtugann na gnóthais nó na heagraíochtaí lena mbaineann a dtoiliú;

    (b)

    déanfaidh sé imscrúduithe i gcríoch tríú tíortha, ar choinníoll gur tugadh fógra do rialtais na dtíortha sin go hoifigiúil agus nár chuir siad ina choinne laistigh de thráth réasúnta.

    Beidh oifigigh an Bhallstáit ar ina chríoch a dhéantar an tseiceáil de chúnamh ag an gCoimisiún agus é i mbun imscrúduithe, ar choinníoll go n-iarrann an Ballstát i dtrácht amhlaidh.

    3.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis go léir is gá don scrúdú ar fáil don Choimisiún, ar iarraidh uaidh, i gcomhréir leis na socruithe mionsonraithe a leagtar síos ag an gCoimisiún.

    4.   Féadfaidh na gearánaigh agus na honnmhaireoirí agus na hallmhaireoirí lena mbaineann, agus ionadaithe na tíre nó na dtíortha lena mbaineann:

    (a)

    iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir a cuireadh ar fáil don Choimisiún, ach amháin doiciméid inmheánacha le haghaidh úsáid an Choimisiúin agus na n-údarás riaracháin, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha maidir lena leasa a chosaint, agus nach faisnéis rúnda laistigh de bhrí Airteagal 10 í, agus go mbaineann an Coimisiún úsáid aisti le linn a nós imeachta scrúdúcháin; cuirfidh na daoine lena mbaineann iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin, ina gcuirfear in iúl an fhaisnéis a theastaíonn;

    (b)

    a iarraidh go gcoinneofar ar an eolas iad maidir leis na príomhfhíorais agus na príomhbhreithnithe a thagann ón nós imeachta scrúdúcháin.

    5.   Féadfaidh an Coimisiún éisteacht a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann. Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht dóibh má dhéanann siad iarratas i scríbhinn ar éisteacht laistigh den tréimhse a leagtar síos san fhógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarratas ina léiríonn siad gur páirtí iad a mbaineann toradh an nós imeachta leo go príomha.

    6.   Arna iarraidh sin aige, tabharfaidh an Coimisiún deis do na páirtithe lena mbaineann go príomha teacht le chéile, ionas gur féidir tuairimí malartacha a chur i láthair agus aon argóintí frisnéise a chur chun tosaigh. Agus an deis seo á soláthar ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé aird ar mhianta na bpáirtithe agus ar an ngá le rúndacht a choimeád. Ní leagfar oibleagáid ar aon pháirtí freastal a dhéanamh ar chruinniú agus mura bhfreastalóidh siad orthu ní dhéanfaidh sin aon dochar do chás an pháirtí sin.

    7.   Mura gcuirtear an fhaisnéis atá iarrtha ag an gCoimisiún ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta nó má tá bac suntasach ar an imscrúdú, d’fhéadfaí torthaí a chur ar fáil ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil.

    8.   Nuair atá deireadh lena scrúdú, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid an Choiste. Tíolacfar an tuarascáil laistigh de chúig mhí ó fhógraítear tionscnamh an nós imeachta, ach amháin i gcás ina bhfuil an scrúdu chomh casta sin go gcuireann an Coimisiún síneadh leis an tréimhse go dtí seacht mí.

    Airteagal 10

    Rúndacht

    1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.

    2.   Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, lena n-áirítear oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis de chineál rúnda arna fáil de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis arna cur ar fáil ar bhonn rúnda ag páirtí i nós imeachta scrúdúcháin, gan cead sonrach a fháil ón bpáirtí a chuir an fhaisnéis sin isteach.

    Cuirfear in iúl i ngach iarraidh ar rúndacht an fáth gur faisnéis rúnda atá i gceist agus beidh achoimre neamhrúnda ar an bhfaisnéis ag dul leis, nó ráiteas ina leagtar amach na cúiseanna i dtaobh cén fáth nach féidir achoimre a dhéanamh ar an bhfaisnéis.

    3.   Measfar gur faisnéis rúnda í más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do sholáthróir nó d’fhoinse na faisnéise sin.

    4.   Nuair is cosúil nach bhfuil údar maith leis an iarraidh ar rúndacht agus mura bhfuil an soláthróir toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí nó nochtadh na faisnéise i dtéarmaí ginearálta nó i bhfoirm achoimre a údarú, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis sin.

    5.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo bac ar údaráis an Aontais faisnéis ghinearálta a nochtadh, ná go háirithe ar na cúiseanna ar a bunaíodh cinntí a rinneadh de bhun an Rialacháin seo a nochtadh. Ní mór leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach sceithfí a rúin ghnó, a chur san áireamh i nochtadh den sórt sin.

    Airteagal 11

    Fianaise

    1.   Nuair is infheidhme, beidh na fachtóirí a leanas mar chuid de scrúdú ar dhíobháil:

    (a)

    méid allmhairí nó onnmhairí Aontais lena mbaineann, go háirithe i gcás ina raibh méadú nó laghdú suntasach orthu, bíodh sin i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeadh nó tomhaltas ar an margadh i dtrácht;

    (b)

    praghsanna iomaitheoirí an tionscail de chuid an Aontais, go háirithe chun a chinneadh ar tharla foghearradh suntasach ar phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais, laistigh den Aontas nó ar mhargaí i dtríú tíortha;

    (c)

    an tionchar iarmhartach ar an tionscal de chuid an Aontais agus mar atá léirithe le treochtaí roinnt fachtóirí eacnamaíocha amhail: táirgeadh, úsáid acmhainne, stoic, díolacháin, sciar den mhargadh, praghsanna (is é sin le rá, ísliú praghsanna nó cosc ar mhéadú praghsanna a tharlódh de ghnáth), brabúis, toradh ar chaipiteal, infheistíocht, fostaíocht.

    2.   I gcás ina líomhnaítear go bhfuil bagairt díobhála ann, déanfaidh an Coimisiún scrúdú chomh maith féachaint an bhfuil sé intuartha go soiléir go mbeadh díobháil iarbhír mar thoradh ar chás ar leith. Maidir leis seo, is féidir aird a thabhairt chomh maith ar fhachtóirí amhail:

    (a)

    an ráta méadaithe ar onnmhairí chuig an margadh ina bhfuil an iomaíocht le táirgí ón Aontas;

    (b)

    acmhainn onnmhairúcháin sa tír thionscnaimh nó onnmhairiúcháin, atá ann cheana féin nó a bheidh i bhfeidhm sa todhchaí intuartha, agus an dealraitheacht gur chuig an margadh dá dtagraítear i bpointe (a) a rachaidh na honnmhairí a eascraíonn as an acmhainn sin.

    3.   Maidir le díobháil mar thoradh ar fhachtóirí eile, cibé an fachtóir amháin nó níos mó le chéile atá i gceist, a dhéanann dochar freisin don tionscal de chuid an Aontais, ní chuirfear an díobháil sin i leith na gcleachtas faoi chaibidil.

    4.   I gcás ina líomhnaítear gurb ann d’éifeachtaí díobhálacha ar thrádáil, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar thionchar na n-éifeachtaí díobhálacha sin ar gheilleagar an Aontais nó réigiúin de chuid an Aontais, nó ar earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch ansin. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún a chur san áireamh, nuair is ábhartha, fachtóirí den chineál atá liostaithe i mír 1 agus mír 2. Féadfaidh éifeachtaí díobhálacha ar thrádáil tarlú, inter alia, i gcás ina gcuirtear cosc nó bac ar shruthanna trádála a bhaineann le táirge nó seirbhís, nó i gcás ina ndéantar na sruthanna sin a chur ar malairt treo mar thoradh ar aon chonstaic ar thrádáil, nó i gcás ina bhfuil éifeacht ábhartha ar sholáthar nó ionchur, mar shampla páirteanna agus comhpháirteanna nó amhábhair, chuig gnóthais de chuid an Aontais de dhroim constaicí ar thrádáil. I gcás ina líomhnaítear gurb ann do bhagairt d’éifeachtaí díobhálacha ar thrádáil, déanfaidh an Coimisiún scrúdú chomh maith an bhfuil sé intuartha go soiléir go mbeidh éifeachtaí díobhálacha iarbhír ar thrádáil de dhroim cás ar leith.

    5.   Agus é i mbun scrúdú a dhéanamh ar fhianaise maidir le héifeachtaí díobhálacha ar thrádáil, tabharfaidh an Coimisiún aird chomh maith ar na forálacha, na prionsabail nó na cleachtais lena rialaítear ceart caingne faoi na rialacha idirnáisiúnta is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a).

    6.   Déanfaidh an Coimisiún scrúdú chomh maith ar aon fhianaise ábhartha eile atá sa ghearán nó san iarraidh. Maidir leis sin, ní liosta uileghabhálach é liosta na bhfachtóirí agus na dtásc atá i mír 1 go mír 5, ná ní féidir ceann amháin nó níos mó de na fachtóirí nó na tásca a liostaítear treoir chinntitheach a thabhairt lena gcuirfí in iúl gurb ann do dhíobháil nó d’éifeachtaí díobhálacha ar thrádáil.

    Airteagal 12

    An nós imeachta a fhoirceannadh agus a chur ar fionraí

    1.   Nuair a fhaightear amach, de thoradh an nós imeachta scrúdúcháin arna dhéanamh de bhun Airteagal 9, nach gá aon ghníomhaíocht a dhéanamh ar son leasa an Aontais, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta a fhoirceannadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(3).

    2.   I gcás, tar éis nós imeachta scrúdúcháin a dhéantar de bhun Airteagal 9, ina nglacann an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann bearta a mheastar a bheith sásúil, agus nach gá aon ghníomhaíocht ag an Aontas dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta a chur ar fionraí ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na mbeart sin, ar bhonn faisnéis arna soláthar go tráthrialta nuair is iomchuí, ar faisnéis í a fhéadfaidh an Coimisiún a iarraidh ó na tríú tíortha lena mbaineann agus a sheiceáil de réir mar is gá.

    I gcás ina gcealaítear na bearta arna ndéanamh ag an tríú tír nó ag na tríú tíortha lena mbaineann, nó ina gcuirtear iad ar fionraí nó mura gcuirtear chun feidhme go cuí iad nó nuair atá foras ag an gCoimisiún a chreidiúint gur mar sin atá an cás nó nár cuireadh ar fáil faisnéis arna iarraidh ag an gCoimisiún de bhun an dara fomhír den mhír seo, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas, agus i gcás inarb iomchuí agus a bhfuil údar cuí leis i bhfianaise thorthaí an imscrúdaithe agus na bhfíoras nua atá ar fáil, déanfar aon bhearta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(2).

    3.   I gcás, tar éis nós imeachta scrúdúcháin a dhéantar de bhun Airteagal 9, nó am ar bith roimh nós imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide, nó lena linn nó ina dhiaidh, inar cosúil gurb é an modh is iomchuí chun díospóid a réiteach ar díospóid í a d’éirigh as constaic ar thrádáil comhaontú a thabhairt i gcrích leis an tríú tír nó leis na tríú tíortha lena mbaineann, ar comhaontú é lena bhféadfaí cearta substainteacha an Aontais agus an tríú tír nó na dtríú tíortha lena mbaineann a athrú, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), an nós imeachta a chur ar fionraí agus déanfar caibidlíocht de réir fhorálacha Airteagal 207 den Chonradh.

    Airteagal 13

    Bearta maidir le beartas tráchtála a ghlacadh

    1.   I gcás inar léir, mar thoradh ar an nós imeachta scrúdúcháin a dhéantar de bhun Airteagal 9, ach amháin i gcás nach mbeadh gá le nós imeachta scrúdúcháin mar gheall ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach, go bhfuil gá le gníomhú chun leasa an Aontais chun feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, d’fhonn fáil réidh leis an díobháil nó na héifeachtaí díobhálacha ar thrádáil de dhroim constaicí ar thrádáil arna nglacadh nó arna gcoimeád ar bun ag tríú tíortha, déanfar na bearta iomchuí a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14.

    2.   I gcás inar gá nós imeachta idirnáisiúnta maidir le comhairliúchán nó réiteach díospóide a chur i gcrích roimh ré faoi réir oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ní dhéanfar na bearta dá dtagraítear i mír 3 a chinneadh go dtí go mbeidh deireadh curtha leis an nós imeachta sin, agus tabharfar aird ar thorthaí an nós imeachta. Go háirithe, i gcás ina n-iarrann an tAontas ar chomhlacht idirnáisiúnta um réiteach díospóide na bearta is iomchuí maidir le cur chun feidhme torthaí de chuid nós imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide a chur in iúl agus a údarú, is i gcomhréir le moladh comhlachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide den sórt sin a bheidh bearta an Aontais maidir le beartas tráchtála a d’fhéadfadh a bheith de dhíth mar thoradh ar údarú den sórt sin.

    3.   D’fhéadfaí aon bhearta maidir le beartas tráchtála a ghlacadh atá ag teacht le hoibleagáidí agus nósanna imeachta idirnáisiúnta atá ann cheana féin, go háirithe:

    (a)

    aon deonú de bharr caibidlíochta maidir le beartas tráchtála a chur ar fionraí nó a aistarraingt;

    (b)

    dleachtanna custaim atá ann cheana féin a ardú, nó aon táille eile ar allmhairí a thabhairt isteach;

    (c)

    srianta cainníochtúla a thabhairt isteach, nó aon bheart eile a athraíonn cúinsí allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin nó a mbeidh éifeacht acu ar thrádáil leis an tríú tír i dtrácht.

    4.   Luafar sna cinntí comhfhreagracha na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad. Measfar gur fógra do na tíortha agus na páirtithe lena mbaineann go príomha é foilsiú an fhógra freisin.

    Airteagal 14

    Nósanna imeachta cinnteoireachta

    1.   I gcás ina leanfaidh an tAontas, de thoradh gearáin a dhéantar de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 nó de thoradh iarrata de bhun Airteagal 6, comhairliúchán foirmiúil idirnáisiúnta nó nósanna imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide, déanfaidh an Coimisiún cinntí maidir le nósanna imeachta den sórt sin a thionscnamh, a stiúradh nó a fhoirceannadh.

    Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas i gcás ina gcinneann sé comhairliúchán foirmiúil idirnáisiúnta nó nósanna imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide a thionscnamh, a stiúradh nó a fhoirceannadh.

    2.   I gcás nach mór don Aontas, i ndiaidh dó gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 13(2), cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta beartais tráchtála atá le glacadh de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 12(2) nó de bhun Airteagal 13, gníomhóidh sé, gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 207 den Chonradh agus, más iomchuí, le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó le haon nósanna imeachta eile is infheidhme.

    Airteagal 15

    Tuarascáil

    Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áireamh ina thuarascáil bhliantúil i dtaca le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, tuarascáil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7).

    Airteagal 16

    Forálacha ginearálta

    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcásanna a chumhdaítear faoi rialacha eile atá ann cheana i réimse an chomhbheartais tráchtála. Feidhmeoidh sé mar chomhlánú ar:

    (a)

    na rialacha lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus na forálacha cur chun feidhme a bhaineann leo, agus

    (b)

    na rialacha sonracha a glacadh de bhun Airteagal 352 den Chonradh, rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le hearraí a próiseáladh ó tháirgí talmhaíochta.

    Beidh sé gan dochar d’aon bhearta eile a d’fhéadfaí a dhéanamh de bhun Airteagal 207 den Chonradh, chomh maith le nósanna imeachta an Aontais chun déileáil le hábhair a bhaineann le constaicí ar thrádáil a d’ardaigh na Ballstáit sa choiste a bunaíodh faoi Airteagal 207 den Chonradh.

    Airteagal 17

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 18

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 6 Deireadh Fómhair 2015.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    N. SCHMIT


    (1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2015.

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 349, 31.12.1994, lch. 71).

    (4)  Féach Iarscríbhinn I.

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189, 27.6.2014, lch. 50).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).


    IARSCRÍBHINN I

    An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

    Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle

    (IO L 349, 31.12.1994, lch. 71)

     

    Rialachán (CE) Uimh. 356/95 ón gComhairle

    (IO L 41, 23.2.1995, lch. 3)

     

    Rialachán (CE) Uimh. 125/2008 ón gComhairle

    (IO L 40, 14.2.2008, lch. 1)

     

    Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle

    (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

    Pointe 4 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin

    Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle

    (IO L 189, 27.6.2014, lch. 50)

    Airteagal 11 agus an tAirteagal sin amháin


    IARSCRÍBHINN II

    Tábla Comhghaoil

    Rialachán (CE) Uimh. 3286/94

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 2(1), na focail tosaigh agus pointe (a)

    Airteagal 2(2)

    Airteagal 2(1)(b)

    Airteagal 2(3)

    Airteagal 2(1)(c)

    Airteagal 2(4)

    Airteagal 2(1)(d)

    Airteagal 2(5), an chéad fhomhír, an chéad chuid de na focail tosaigh

    Airteagal 2(1)(e), na focail tosaigh

    Airteagal 2(5), an chéad fhomhír, an dara cuid de na focail tosaigh

    Airteagal 2(1)(e)(i), na focail tosaigh

    Airteagal 2(5), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc

    Airteagal 2(1)(e)(i), an chéad fhleasc

    Airteagal 2(5), an chéad fhomhír, an dara fleasc

    Airteagal 2(1)(e)(i), an dara fleasc

    Airteagal 2(5), an chéad fhomhír, an tríú fleasc

    Airteagal 2(1)(e)(i), an tríú fleasc

    Airteagal 2(5), an dara fomhír, an abairt tosaigh

    Airteagal 2(1)(e)(ii), na focail tosaigh

    Airteagal 2(5), an dara fomhír, pointe (a)

    Airteagal 2(1)(e)(ii), an chéad fhleasc

    Airteagal 2(5), an dara fomhír, pointe (b)

    Airteagal 2(1)(e)(ii), an dara fleasc

    Airteagal 2(6)

    Airteagal 2(1)(f)

    Airteagal 2(7)

    Airteagal 2(2)

    Airteagal 2(8)

    Airteagal 2(1)(g)

    Airteagal 3 go hAirteagal 6

    Airteagal 3 go hAirteagal 6

    Airteagal 7(1)(a)

    Airteagal 7(1)

    Airteagal 7(1)(b)

    Airteagal 7(2)

    Airteagal 7(1)(c)

    Airteagal 7(3)

    Airteagal 7(2)

    Airteagal 8

    Airteagal 8(1)

    Airteagal 9(1)

    Airteagal 8(2)(a)

    Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, na focail tosaigh agus pointe (a)

    Airteagal 8(2)(b)

    Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, na focail tosaigh agus pointe (b)

    Airteagal 8(2)(c)

    Airteagal 9(2), an dara fomhír

    Airteagal 8(3)

    Airteagal 9(3)

    Airteagal 8(4)(a)

    Airteagal 9(4), an chéad fhomhír, na focail tosaigh agus pointe (a)

    Airteagal 8(4)(b)

    Airteagal 9(4), an chéad fhomhír, na focail tosaigh agus pointe (b)

    Airteagal 8(5) go hAirteagal 8(8)

    Airteagal 9(5) go hAirteagal 9(8)

    Airteagal 9(1)

    Airteagal 10(1)

    Airteagal 9(2)(a)

    Airteagal 10(2), an chéad fhomhír

    Airteagal 9(2)(b)

    Airteagal 10(2), an dara fomhír

    Airteagal 9(3), Airteagal 9(4) agus Airteagal 9(5)

    Airteagal 10(3), Airteagal 10(4) agus Airteagal 10(5)

    Airteagal 10

    Airteagal 11

    Airteagal 11(1)

    Airteagal 12(1)

    Airteagal 11(2)(a)

    Airteagal 12(2), an chéad fhomhír

    Airteagal 11(2)(b)

    Airteagal 12(2), an dara fomhír

    Airteagal 11(2)(c)

    Airteagal 12(2), an tríú fomhír

    Airteagal 11(3)

    Airteagal 12(3)

    Airteagal 12

    Airteagal 13

    Airteagal 13

    Airteagal 14

    Airteagal 13 a

    Airteagal 15

    Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, na habairtí tosaigh

    Airteagal 16, an chéad mhír, na habairtí tosaigh

    Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc

    Airteagal 16, an chéad mhír, pointe (a)

    Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an dara fleasc

    Airteagal 16, an chéad mhír, pointe (b)

    Airteagal 15(1), an dara fomhír

    Airteagal 16, an dara mír

    Airteagal 15(2), an chéad abairt

    Airteagal 17, an chéad mhír

    Airteagal 15(2), an dara habairt

    Airteagal 17 an dara mír

    Airteagal 16

    Airteagal 18

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II


    Top