EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1174

Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú

IO L 306, 23.11.2011, p. 8–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1174/oj

23.11.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/8


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1174/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136, i gcomhar le hAirteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh an creat um rialachas eacnamaíoch feabhsaithe bunaithe ar roinnt beartas d’fhás inbhuanaithe agus do phoist, ar beartais iad atá comhnasctha agus comhleanúnach, go háirithe ar straitéis Aontais d’fhás agus do phoist, lena mbeadh fócas ar leith maidir leis an margadh inmheánach a fhorbairt agus a neartú, an trádáil idirnáisiúnta agus an t-iomaíochas a chothú, Seimeastar Eorpach chun comhordú neartaithe a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha agus buiséadacha, creat éifeachtach chun easnaimh iomarcacha rialtais a chosc agus a cheartú (An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF)), creat urrúnta chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, ceanglais íosta le haghaidh creataí buiséadacha náisiúnta, agus rialáil agus maoirseacht fheabhsaithe ar an margadh airgeadais lena n-áirítear maoirseacht macrastuamachta ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach.

(2)

Is ionann sonraí staidrimh iontaofa agus an bonn chun faireachas a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Chun staidreamh atá fónta agus neamhspleách a ráthú, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit neamhspleáchas gairmiúil údarás náisiúnta staidrimh a áirithiú, i gcomhréir leis an gcód cleachtais don Staidreamh Eorpach mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach (4). Ina theannta sin, tá infhaighteacht sonraí fioscacha fónta ábhartha freisin maidir le faireachas a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Ba cheart go ráthófaí an ceanglas sin leis na rialacha dá bhforáiltear i ndáil leis sin i Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro (5), go háirithe Airteagal 8 de.

(3)

Ba cheart comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát laistigh den Aontas a fhorbairt i gcomhthéacs na mór-threoirlínte beartais eacnamaíoch agus na dtreoirlínte fostaíochta, mar a fhoráiltear dóibh sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus ba cheart go mbéarfadh an comhordú sin comhlíonadh na dtreoirphrionsabal arb iad praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí atá fónta agus inbhuanaithe agus dálaí airgeadaíochta atá fónta agus inbhuanaithe, agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí.

(4)

Léirítear, leis an taithí a fuarthas agus leis na botúin a rinneadh le linn na chéad deich mbliana den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta go bhfuil gá le rialachas eacnamaíoch feabhsaithe san Aontas, ar rialachas é ba cheart a bheith bunaithe ar thiomantas náisiúnta níos láidre do na rialacha agus do na beartais arna gcomhaontú i gcomhpháirt agus creat níos urrúnta ar leibhéal an Aontais le haghaidh faireachas a dhéanamh ar bheartais náisiúnta eacnamaíocha.

(5)

Maidir le margadh inmheánach dinimiciúil a ghnóthú agus a choimeád ar bun, ba cheart an dá ní sin a mheas mar chuid d’oibriú cuí agus rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

(6)

Go háirithe, ba cheart an faireachas a dhéantar ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát a leathnú thar fhaireachas buiséadach chun creat níos mionsonraithe agus níos foirmeálta a áireamh ionas go ndéanfaí míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a chosc agus chun cabhrú leis na Ballstáit dá ndéantar difear pleananna ceartaitheacha a bhunú sula dtagann na dibhéirseachtaí chun bheith buanseasmhach agus sula gcasann forbairtí eacnamaíocha agus airgeadais i dtreo atá ró-mífhabhrach agus é sin ar shlí mharthanach. Ba cheart go dtarlódh leathnú den sórt sin maidir leis an bhfaireacahas a dhéantar ar bheartais eacnamaíocha ar shlí atá comhthreomhar le doimhniú faireachais fhioscaigh.

(7)

Chun cuidiú le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha den sórt sin a cheartú, ní mór nós imeachta mionsonraithe a leagan síos sa reachtaíocht.

(8)

Is iomchuí an nós imeachta um fhaireachas iltaobhach dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 d’Airteagal 121 CFAE a fhorlíonadh le rialacha sonracha maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath, mar aon le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarchacha laistigh den Aontas a chosc agus a cheartú. Tá sé sár-riachtanach go mbeidh an nós imeachta ina bhunchuid den timthriall bhliantúil um fhaireachas ilthaobhach.

(9)

Ba cheart go n-áireofaí le neartú rialachais eacnamaíoch rannpháirtíocht ní ba dhlúithe agus ní ba thráthúla ar thaobh Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta. Agus é á aithint aige gurb iad institiúidí ábhartha an Aontais agus a n-ionadaithe contrapháirtithe Pharlaimint na hEorpa i gcomhthéacs an idirphlé seo féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa deis a thairiscint do Bhallstát is ábhar do chinneadh ón gComhairle lena bhforchuirtear taisce úsmhar nó fíneáil bhliantúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, páirt a ghlacadh i malartú tuairimí. Is faoin mBallstát féin é a chinneadh i dtaobh an nglacfaidh sé páirt i malartú tuairimí den sórt sin nó nach nglacfaidh.

(10)

Ba cheart go mbeadh ról níos láidre sa nós imeachta feabhsaithe um fhaireachas ag an gCoimisiún maidir le measúnuithe is sonrach do gach Ballstát ar leith, agus le faireachán, misin ar an láthair, moltaí agus foláirimh.

(11)

Ba cheart go ndéanfaí forfheidhmiú Rialachán (AE) Uimh 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (6) a neartú trí thaiscí úsmhara a bhunú i gcás neamhchomhlíonadh an mholta i leith gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. Ba cheart go ndéanfaí taiscí úsmhara den sórt sin a thiontú i bhfíneáil bhliantúil i gcás neamhchomhlíonadh leanúnach mholta i leith aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha mar chuid den nós imeachta céanna um míchothromaíocht. Ba cheart go mbeadh na bearta forfheidhmithe sin infheidhme i ndáil le Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(12)

I gcás ina mainnítear moltaí ón gComhairle a chomhlíonadh, ba cheart go ndéanfaí an taisce úsmhar nó an fhíneáil a fhorchur go dtí go suíonn an Chomhairle go bhfuil gníomhaíocht cheartaitheach déanta ag an mBallstát chun moltaí na Comhairle a chomhlíonadh.

(13)

Thairis sin, ba cheart, mar riail ghinearálta, go bhforchuirfí fíneáil bhliantúil freisin ar Bhallstát a mhainníonn arís agus arís eile plean maidir le gníomhaíocht cheartaitheach a tharraingt suas chun aghaidh a thabhairt ar an moladh ón gComhairle, go dtí go suíonn an Chomhairle gur sholáthair an Ballstát plean maidir le gníomhaíocht cheartaitheach lena dtugtar aghaidh ar mholadh na Comhairle ar shlí leordhóthanach.

(14)

Lena áirithiú go gcaithfear go comhionann le gach Ballstát, ba cheart go mbeadh an taisce úsmhar agus an fhíneáil comhionann i gcás na mBallstát ar fad a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus ba cheart go mbeidís ar cóimhéid le 0,1 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Bhallstáit lena mbaineann sa bhliain roimhe sin.

(15)

Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann a mholadh go ndéanfaí méid smachtbhanna a laghdú nó go ndéanfaí smachtbhanna a chur ar ceal ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla.

(16)

Maidir leis an nós imeachta lena gcuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm ar na Ballstáit sin a mhainníonn bearta éifeachtacha a dhéanamh chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha a cheartú, ba cheart an nós imeachta sin a fhorléiriú ar shlí a fhágfadh go mbeadh cur i bhfeidhm na smachtbhannaí ar na Ballstáit sin ina ghnáthnós seachas ina eisceacht.

(17)

Ba cheart go mbeadh na smachtbhannaí dá dtagraítear sa Rialachán seo ina n-ioncam eile, mar a thagraítear dó in Airteagal 311 CFAE, agus ba cheart iad a shannadh do shásraí cobhsaíochta chun cúnamh airgeadais a sholáthar, ar sásraí iad arna gcruthú ag na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu chun cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine a choimirciú.

(18)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle cinntí aonair a ghlacadh chun na smachtbhannaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Mar chuid de chomhordú ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát arna seoladh i dtionól na Comhairle mar a fhoráiltear dó in Airteagal 121(1) CFAE, leanann na cinntí aonair sin go dlúth as na bearta arna nglacadh ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 121 CFAE agus Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

(19)

Ós rud é go bhfuil rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 sa Rialachán seo, ba cheart é a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 121(6) CFAE.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon forfheidhmiú éifeachtach cheartú míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro, a bhaint amach go leordhóthanach de dheasca na n-idirnasc domhain trádála agus airgeadais idir Ballstáit, agus na n-éifeachtaí iarmharta beartas eacnamaíoch náisiúnta ar an Aontas agus ar an limistéar euro ina iomláine, agus ós rud é gur fearr dá bhrí sin is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos córas smachtbhannaí chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú go héifeachtach.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011.

Ina theannta sin, beidh feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:

Ciallaíonn “imthosca eacnamaíocha eisceachtúla” imthosca ina meastar go bhfuil farasbarr i leith easnaimh rialtais, ar farasbarr é atá thar an luach tagartha, eisceachtúil de réir bhrí an dara fleasc de phointe (a) d’Airteagal 126(2) CFAE agus faoi mar atá sonraithe i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus maidir leis an nós imeachta sin a shoiléiriú (7).

Airteagal 3

Smachtbhannaí

1.   Déanfar taisce úsmhar a fhorchur le cinneadh ón gComhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón gCoimisiún, má ghlactar cinneadh ón gComhairle lena suítear neamhchomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, más rud é go dtagann an Chomhairle ar an gconclúid nach bhfuil an ghníomhaíocht cheartaitheach a mhol an Chomhairle déanta ag an mBallstát lena mbaineann.

2.   Déanfar fíneáil bhliantúil a fhorchur le cinneadh ón gComhairle, ag gníomhú di ar mholadh ón gCoimisiún, más rud é:

(a)

go ndéantar dhá mholadh ón gComhairle as a chéile a ghlacadh sa nós imeachta céanna um míchothromaíocht i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, agus go measann an Chomhairle go ndearna an Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí is plean neamh-leordhóthanach a thíolacadh; nó

(b)

go ndéantar dhá chinneadh ón gComhairle as a chéile a ghlacadh sa nós imeachta céanna um míchothromaíocht lena suítear neamhchomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011. Sa chás sin, forchuirfear an fhíneáil bhliantúil tríd an taisce úsmhar a thiontú ina fhíneáil bhliantúil.

3.   Measfar na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinneann sí, trí thromlach cáilithe, an moladh a dhiúltú laistigh de dheich lá ó thráth a ghlactha ag an gCoimisiún. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an moladh a leasú.

4.   Eiseofar an moladh ón gCoimisiún maidir le cinneadh ón gComhairle laistigh de 20 lá tar éis chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

5.   Is é 0,1 % d’OTI an Bhallstáit lena mbaineann sa bhliain roimhe sin a bheidh sa taisce úsmhar nó san fhíneáil bhliantúil arna moladh ag an gCoimisiún.

6.   De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh an Coimisiún a thogradh go ndéanfaí an taisce úsmhar nó an fhíneáil bhliantúil a laghdú nó a chealú ach é sin ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla nó de bhun iarrata réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann arna chur chuig an gCoimisiún laistigh de 10 lá ón tráth a gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

7.   Más rud é gur bhunaigh an Ballstát taisce úsmhar nó go bhfuil fíneáil bhliantúil íoctha aige le haghaidh bliana féilire áirithe agus má thagann an Chomhairle ar an gconclúid ina dhiaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 go bhfuil an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh déanta ag an mBallstát le linn na bliana sin, déanfar an taisce a íocadh don bhliain sin chomh maith leis an ús a fabhraíodh nó an fhíneáil a íocadh don bhliain sin a thabhairt ar ais don Bhallstát pro rata temporis.

Airteagal 4

Leithdháileadh na bhfíneálacha

Beidh na fíneálacha dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo ina n-ioncam eile, mar a thagraítear dó in Airteagal 311 CFAE, agus sannfar iad don tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais. Nuair a chruthóidh na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu sásra cobhsaíochta eile d’fhonn cúnamh airgeadais a sholáthar chun cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine a choimirciú, sannfar na fíneálacha sin don sásra sin.

Airteagal 5

Vótáil i dtionól na Comhairle

1.   I gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, ní vótálfaidh ach comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus gníomhóidh an Chomhairle gan vóta an chomhalta den Chomhairlea ionadaíonn don Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh.

2.   Déanfar tromlach cáilithe chomhaltaí na Comhairle dá dtagraítear i mír 1 a shainiú i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 238(3) CFAE.

Airteagal 6

Idirphlé Eacnamaíoch

Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí nó ar Uachtarán an Ghrúpa Euro láithriú os comhair an choiste chun cinntí a rinneadh de bhun Airteagal 3 a phlé.

Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa an deis a thairiscint don Bhallstát a mbaineann cinntí den sórt sin leis páirt a ghlacadh i malartú tuairimí.

Airteagal 7

Athbhreithniú

1.   Faoin an 14 Nollaig 2014 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Rialacháin seo;

(b)

an dul chun cinn atá déanta chun comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach i bhfeidhmíochtaí eacnamaíocha na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE.

2.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra maidir le leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil agus aon tograí a bheidh ag gabháil léi chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  IO C 150, 20.5.2011, lch. 1.

(2)  IO C 218, 23.7.2011, lch. 53.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2011.

(4)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(5)  Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo.

(6)  Féach leathanach 25 den Iris Oifigiúil seo.

(7)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.


Top