Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R0458

    Rialachán (CE) Uimh. 458/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Aibreán 2007 maidir leis an gcóras Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE.

    IO L 113, 30.4.2007, p. 3–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/458/oj

    30.4.2007   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/3


    RIALACHÁN (CE) Uimh. 458/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Aibreán 2007

    maidir leis an gcóras Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS)

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Luaitear in Airteagal 2 den Chonradh go bhfuil sé ar cheann de chúraimí an Chomhphobail dlús a chur le hardleibhéal slándála sóisialta.

    (2)

    Thug Comhairle Eorpach Liospóin i Márta 2000 spreagadh do phróiseas malartaithe beartas idir na Ballstáit maidir le nuachóiriú na gcóras cosanta sóisialta.

    (3)

    Bunaíodh Coiste Cosanta Sóisialta le Cinneadh 2004/689/CE ón gComhairle (3) chun feidhmiú mar mheán don mhalartú comhoibritheach idir an Coimisiún agus na Ballstáit i ndáil le nuachóiriú agus le feabhsú na gcóras cosanta sóisialta.

    (4)

    I dTeachtaireacht an 27 Bealtaine 2003, rinne an Coimisiún cur síos ar straitéis a dhéanfadh sruthlíniú ar phróisis an chomhordaithe oscailte i réim an bheartais shóisialta le go ndéanfaí staid na cosanta sóisialta agus an chuimsithe shóisialta a neartú laistigh de straitéis Liospóin. An 20 Deireadh Fómhair 2003 chomhaontaigh an Chomhairle go dtiocfadh an sruthlíniú i bhfeidhm ó 2006 ar aghaidh. Sa chomhthéacs sin, tháinig Tuarascáil Chomhpháirteach bhliantúil chun bheith ina hionstraim bhunúsach tuairiscithe ina dtabharfar le chéile príomhthorthaí na hanailíse agus na teachtaireachtaí polaitiúla i dtaobh an Mhodha Oscailte Chomhordaithe (MOC) sna réimsí éagsúla ina gcuirtear i bhfeidhm é agus i dtaobh saincheisteanna leathana i réimse na cosanta sóisialta.

    (5)

    Cuireann an MOC béim as an nua ar an ngá atá le staidreamh inchomparáide, tráthúil, iontaofa i réimse na cosanta sóisialta. Go sonrach, baintear leas sna Tuarascálacha Comhpháirteacha bliantúla as staidreamh inchomparáide maidir leis an gcosaint shóisialta.

    (6)

    Déanann an Coimisiún (Eurostat) sonraí bliantúla maidir leis an gcosaint shóisialta a bhailiú cheana ó na Ballstáit ar bhonn deonach. Tá an cleachtas seo fódaithe anois sna Ballstáit agus tá sé bunaithe ar phrionsabail chomhchoiteanna mhodheolaíocha a ceapadh chun inchomparáideacht sonraí a áirithiú.

    (7)

    Tá táirgeadh sainstaidrimh Chomhphobail á rialú ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (4).

    (8)

    Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5).

    (9)

    Go háirithe, ba chóir go dtabharfaí an chumhacht don Choimisiún a chinneadh cad é an chéad bhliain ar chóir sonraí iomlána a bhailiú i leith glansochar cosanta sóisialta. Ba chóir chomh maith go dtabharfaí an chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh maidir le haicmiú mionsonraithe na sonraí a fholófar, maidir leis na sainmhínithe a úsáidfear agus maidir leis na rialacha i dtaobh scaipeadh sonraí a thabhairt cothrom le dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a ceapadh iad agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    (10)

    Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin chomhchoiteanna staidrimh a chruthú a cheadóidh táirgeadh sonraí comhchuibhithe, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a shainítear in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (11)

    Tá comhar ann cheana leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta i réimse na nglansochar cosanta sóisialta.

    (12)

    Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (6),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Is é cuspóir an Rialacháin seo an córas Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta a bhunú (dá ngairtear CESICS anseo feasta) trí na nithe seo a leanas a sholáthar:

    (a)

    creat modheolaíoch - bunaithe ar chaighdeáin chomhchoiteanna, ar shainmhínithe comhchoiteanna, ar aicmithe comhchoiteanna agus ar rialacha comhchoiteanna cuntasaíochta - a úsáidfear chun staidreamh a thiomsú ar bhonn inchomparáide ar mhaithe leis an gComhphobal;

    agus

    (b)

    teorainneacha ama maidir le tarchur staidrimh arna thiomsú i gcomhréir le CESICS.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    Beidh le ‘staidreamh Comhphobail’ an bhrí a shanntar dó in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

    (b)

    ‘Cosaint shóisialta’: gach idirghabháil ó chomhlachtaí poiblí nó ó chomhlachtaí príobháideacha a ceapadh chun ualach tacar sainmhínithe priacal nó riachtanas a bhaint de theaghlaigh agus de dhaoine aonair, ar choinníoll nach mbeidh socrú cómhalartach comhuaineach ná socrú leithleach i gceist. Socraítear, de réir an ghnáis, mar a leanas an liosta priacal nó riachtanas a bhféadfadh cosaint shóisialta eascairt astu: breoiteacht agus/nó cúram sláinte; míchumas; seanaois; marthanas; teaghlach/leanaí; dífhostaíocht; tithíocht; agus eisiamh sóisialta nach n-aicmítear in áit ar bith eile;

    (c)

    ‘Scéim chosanta sóisialta’: comhlacht leithleach rialacha a dtacaíonn aonad institiúideach amháin nó níos mó leis, lena rialaítear soláthar agus maoiniú sochar cosanta sóisialta;

    (d)

    ‘Sochair chosanta sóisialta’: aistrithe in airgead tirim nó aistrithe comhchineáil trí scéimeanna cosanta sóisialta chuig teaghlaigh agus chuig daoine aonair chun ualach ceann amháin nó níos mó de na priacail shainmhínithe nó de na riachtanais shainmhínithe a bhaint díobh;

    (e)

    ‘Sochair fhioscacha’: cosaint shóisialta a chuirtear ar fáil i bhfoirm faoiseamh cánach a shainmhíneofaí mar shochair chosanta sóisialta dá gcuirfí ar fáil iad i bhfoirm airgid thirim, gan faoisimh chánach a chuireann soláthar cosanta sóisialta chun cinn nó a chuireann pleananna príobháideacha árachais chun cinn san áireamh;

    (f)

    ‘Glansochair chosanta sóisialta’: luach na sochar cosanta sóisialta lúide na cánacha agus na ranníocaíochtaí sóisialta a íocann faighteoirí na sochar arna chomhlánú ag luach sochar fioscach.

    Airteagal 3

    Raon feidhme an chórais

    1.   Clúdóidh an staidreamh a bhaineann le croíchóras CESICS na sreafaí airgeadais maidir le caiteachas cosanta sóisialta agus fáltais chosanta sóisialta.

    Tarchuirfear na sonraí sin ar leibhéal na scéime cosanta sóisialta; déanfar mionsonraí caiteachais agus fáltas a chur ar fáil de réir aicmiú CESICS.

    Maidir le sonraí cainníochtúla de réir scéime agus sochar mionsonraithe, leagtar síos i bpointe 1 d'Iarscríbhinn I na sonraí a tharchuirfear, ag tagairt d'aicmiú comhiomlánaithe, agus na socruithe maidir le soláthar agus le scaipeadh sonraí. Maidir le faisnéis cháilíochtúil de réir scéime agus sochar mionsonraithe, leagtar síos i bpointe 2 d'Iarscríbhinn I na hábhair a fholaítear, agus na socruithe maidir le soláthar sonraí, le faisnéis cháilíochtúil a thabhairt cothrom le dáta agus le scaipeadh.

    Is é 2008 an chéad bhliain a mbaileofar sonraí ina leith.

    2.   De bhreis ar croíchóras CESICS, cuirfear isteach modúil lena bhfolófar faisnéis fhorlíontach staidrimh maidir le tairbhithe pinsin agus glansochair chosanta sóisialta.

    Airteagal 4

    Modúl maidir le tairbhithe pinsin

    1.   Déanfar modúl maidir le tairbhithe pinsin ón gcéad bhliain a mbaileofar sonraí ina leith faoin Rialachán seo a chur leis an gcroíchóras. Leagtar síos in Iarscríbhinn II na hábhair a fholófar agus na socruithe maidir le soláthar agus le scaipeadh sonraí.

    2.   Is é 2008 an chéad bhliain a mbaileofar sonraí ina leith.

    Airteagal 5

    Modúl maidir le glansochair chosanta sóisialta

    1.   D'fhonn modúl maidir le glansochair chosanta sóisialta a thabhairt isteach, déanfar treoirbhailiúchán sonraí don bhliain 2005 sna Ballstáit uile roimh dheireadh 2008. Leagtar síos in Iarscríbhinn III na hábhair a fholófar agus na socruithe maidir le soláthar sonraí.

    2.   Ar bhonn sintéise den treoirbhailiúchán náisiúnta sonraí sin, agus ar choinníoll go mbeidh toradh dearfach ar fhormhór mór na dtreoirstaidéar, glacfar na bearta a bhaineann le seoladh bailiúcháin iomláin sonraí i ndáil leis an modúl sin, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Seolfar an bailiúchán iomlán sonraí sin tráth nach luaithe ná 2010.

    Airteagal 6

    Foinsí sonraí

    Beidh an staidreamh cosanta sóisialta bunaithe ar na foinsí sonraí seo a leanas, de réir mar a bheidh siad ar fáil sna Ballstáit agus i gcomhréir le dlíthe náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta:

    (a)

    cláir agus foinsí eile riaracháin;

    (b)

    suirbhéanna;

    (c)

    meastacháin.

    Airteagal 7

    Socruithe le haghaidh cur chun feidhme

    1.   Cuirfidh na socruithe le haghaidh an Rialachán seo a chur chun feidhme torthaí anailíse costais/sochair san áireamh agus bainfidh siad le croíchóras CESICS, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I é, leis an modúl maidir le tairbhithe pinsin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II é, agus leis an modúl maidir le glansochair chosanta sóisialta, dá dtagraítear in Airteagal 5.

    2.   Glacfar na bearta a bhainfidh leis na formáidí chun sonraí a tharchur, na torthaí a bheidh le tarchur agus na critéir maidir le tomhas cáilíochta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

    3.   Maidir leis na bearta a bhaineann leis an gcinneadh i ndáil leis an gcéad bhliain a mbaileofar sonraí iomlána ina leith, agus maidir leis na bearta a bhaineann le haicmiú mionsonrach na sonraí a fholaítear, leis na sainmhínithe a úsáidfear agus leis na rialacha i dtaobh scaipeadh a thabhairt cothrom le dáta, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Ceapadh na bearta sin chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh.

    Airteagal 8

    Nós imeachta

    1.   Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom de chúnamh ag an gCoimisiún.

    2.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

    3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Airteagal 9

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Aibreán 2007

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    H.-G. PÖTTERING

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. GLOSER


    (1)  IO C 309, 16.12.2006, lch. 78.

    (2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 22 Márta 2007.

    (3)  IO L 314, 13.10.2004, lch. 8.

    (4)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

    (5)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

    (6)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.


    IARSCRÍBHINN I

    CROÍCHÓRAS CESICS

    1.   Sonraí cainníochtúla de réir scéime agus sochar mionsonraithe

    Sonraí a tharchuirtear

    I dtaca le haicmiú comhiomlánaithe, folóidh na sonraí a tharchuirfear:

    Caiteachas

    1.1.1.1.   Sochair chosanta sóisialta a aicmeofar:

    (a)

    de réir feidhme (a fhreagraíonn do gach priacal nó gach riachtanas);

    agus

    (b)

    i gcás gach feidhme trí dhé-mhiondealú: de réir tástála acmhainne seachas de réir neamhthástála acmhainne, agus sochair airgid thirim (miondealú de réir sochar tréimhseach agus cnapshuime) seachas de réir sochar comhchineáil.

    1.1.1.2.   Costais riaracháin

    1.1.1.3.   Aistrithe chuig scéimeanna eile

    1.1.1.4.   Caiteachas eile

    Fáltais

    1.1.2.1.   Ranníocaíochtaí sóisialta

    1.1.2.2.   Ranníocaíochtaí ginearálta rialtais

    1.1.2.3.   Aistrithe ó scéimeanna eile

    1.1.2.4.   Fáltais eile

    Soláthrófar na sonraí a fholófar (ag tagairt d'aicmiú mionsonraithe) i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a leagtar síos in Airteagal 8(3).

    1.2.   Soláthar sonraí

    Soláthrófar an staidreamh ar bhonn bliantúil. Tagróidh na sonraí don bhliain féilire de réir cleachtas náisiúnta. Is é 30 Meitheamh na bliana N + 2 an spriocdháta i gcomhair tarchur na sonraí don bhliain N, mar aon le haon choigeartú a rinneadh sna blianta roimhe sin.

    1.3.   Scaipeadh

    Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí maidir le caiteachas cosanta sóisialta ar leibhéal iomlán na scéimeanna don bhliain N faoi 31 Deireadh Fómhair na bliana N + 2. Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí mionsonraithe de réir scéime ag an am céanna chuig úsáideoirí sonracha (institiúidí náisiúnta a thiomsaíonn sonraí CESICS, ranna de chuid an Choimisiúin agus institiúidí idirnáisiúnta). Ní bheidh cead ag na húsáideoirí sonracha sin ach grúpaí scéimeanna a fhoilsiú.

    2.   Faisnéis chainníochtúil de réir scéime agus sochar mionsonraithe

    2.1.   Ábhair a fholaítear

    I gcás gach scéime, cuimseoidh an fhaisnéis cháilíochtúil cur síos ginearálta ar an scéim, cur síos mionsonraithe ar na sochair agus faisnéis faoi athruithe agus athchóirithe a rinneadh le gairid.

    2.2.   Soláthar sonraí agus faisnéis cháilíochtúil a thabhairt cothrom le dáta

    Maidir le sraith iomlán d'fhaisnéis cháilíochtúil a soláthraíodh roimhe sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil, teorannófar an méid sin chuig athruithe ar an gcóras cosanta sóisialta agus tarchuirfear sin in éineacht leis na sonraí cainníochtúla.

    2.3.   Scaipeadh

    Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) faisnéis cháilíochtúil ar leibhéal na scéime faoin 31 Deireadh Fómhair den bhliain N + 2.


    IARSCRÍBHINN II

    MODÚL MAIDIR LE TAIRBHITHE PINSIN

    1.   Catagóirí sochar a fholaítear

    Folaíonn an modúl seo sonraí maidir le tairbhithe pinsin, a shainmhínítear mar fhaighteoirí ceann amháin nó níos mó de na sochair thréimhsiúla airgid thirim seo a leanas faoi scéim chosanta sóisialta:

    (a)

    pinsean míchumais,

    (b)

    sochar luathscoir mar gheall ar chumas oibre laghdaithe,

    (c)

    pinsean seanaoise,

    (d)

    pinsean luath seanaoise,

    (e)

    pinsean páirteach,

    (f)

    pinsean marthanóra,

    (g)

    sochar luathscoir mar gheall ar chúinsí an mhargaidh shaothair.

    2.   Soláthar sonraí

    Soláthrófar an staidreamh ar bhonn bliantúil. Sonraí stoic ag tagairt do dheireadh na bliana féilire na sonraí a bheidh i gceist. Is é an spriocdháta don tarchur sonraí don bhliain N ná 31 Bealtaine na bliana N + 2, agus miondealú orthu mar a leanas:

    (a)

    de réir scéime cosanta sóisialta;

    (b)

    de réir inscne do na scéimeanna ar fad.

    3.   Scaipeadh

    Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí gach scéime don bhliain N faoi 31 Deireadh Fómhair na bliana N + 2. Ag an am céanna, scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí mionsonraithe de réir scéime chuig úsáideoirí sonracha (institiúidí náisiúnta a thiomsaíonn sonraí CESICS, ranna de chuid an Choimisiúin agus institiúidí idirnáisiúnta). Ní bheidh cead ag na húsáideoirí sonracha sin ach grúpaí scéimeanna a fhoilsiú.

    Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) iomlán gach ceann de na seacht gcatagóir don bhliain N, agus seolfaidh sé chuig úsáideoirí sonracha (institiúidí náisiúnta a thiomsaíonn sonraí CESICS, ranna de chuid an Choimisiúin agus institiúidí idirnáisiúnta) iad, faoi 31 Deireadh Fómhair na bliana N + 2.


    IARSCRÍBHINN III

    TREOIRBHAILIÚCHÁN SONRAÍ MAIDIR LE GLANSOCHAIR CHOSANTA SÓISIALTA

    1.   Ábhair a fholaítear

    Cuimsíonn an bailiúchán seo ríomh na ‘nglansochar cosanta sóisialta’.

    2.   Soláthar sonraí

    Ní mór an codán iomchuí den cháin ioncaim phearsanta agus de na ranníocaíochtaí sóisialta a toibhíodh ar na sochair chosanta shóisialta don bhliain 2005 a shonrú de réir na gcineálacha difriúla sochar cosanta sóisialta atá i bhfoirm airgid thirim, agus, de rogha, iad á bhforoinnt tuilleadh, le haghaidh grúpaí áirithe scéimeanna atá aonchineálach ó thaobh cánach de. I gcásanna ina mbeidh deacrachtaí, féadfar na torthaí a thuairisciú de réir na ngrúpaí sochar iomchuí, m.sh., iomlán na seacht gcatagóir pinsin atá liostaithe in Iarscríbhinn II nó iomlán na sochar airgid a bhaineann le feidhm shonrach. Soláthrófar sochair fhioscacha ar dhóigh leithleach i dtaca le gach mír agus leas á bhaint as modh an ioncaim gan ghnóthú.


    Top