Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E240

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
    TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
    CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
    ROINN 3 - AN CHOMHAIRLE
    Airteagal 240 (sean-Airteagal 207 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 154–154 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_240/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/154


    Airteagal 240

    (sean-Airteagal 207 CCE)

    1.   Beidh coiste arna chomhdhéanamh de Bhuanionadaithe na mBallstát freagrach as obair na Comhairle a ullmhú agus as na cúraimí a chuireann an Chomhairle air a chur i gcrích. Féadfaidh an Coiste cinntí maidir le nós imeachta a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

    2.   Beidh Ardrúnaíocht de chúnamh ag an gComhairle, faoi fhreagracht Ardrúnaí arna cheapadh ag an gComhairle.

    Cinnfidh an Chomhairle trí thromlach simplí eagrúchán na hArdrúnaíochta.

    3.   Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach simplí maidir le ceisteanna nós imeachta agus maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta.


    Top