Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E212

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A CÚIG - GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS
    TEIDEAL III - COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL
    CAIBIDIL 2 - COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA
    Airteagal 212 (sean-Airteagal 181a CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 142–142 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_212/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/142


    Airteagal 212

    (sean-Airteagal 181a CCE)

    1.   Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, agus go háirithe d'Airteagail 208 go 211, cuirfidh an tAontas i gcrích bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil, lena n-áirítear cúnamh, agus cúnamh airgeadais go háirithe, le tríú tíortha seachas na tíortha i mbéal forbartha. Beidh na gníomhaíochtaí sin comhchuí le beartas forbartha an Aontais agus cuirfear i gcrích iad faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a ghníomhaíochta seachtraí. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

    2.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun mír 1 a chur chun feidhme.

    3.   Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh na rialacha mionsonraithe um chomhar Aontais a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.

    Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.


    Top