EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E102

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VII - COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA
CAIBIDIL 1 - RIALACHA IOMAÍOCHTA
ROINN 1 - RIALACHA A BHAINEANN LE GNÓTHAIS
Airteagal 102 (sean-Airteagal 82 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 89–89 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_102/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/89


Airteagal 102

(sean-Airteagal 82 CCE)

Déanfar aon mhí-úsáid ag gnóthas nó gnóthais ag a bhfuil ceannasacht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de a thoirmeasc mar ní nach luíonn leis an margadh inmheánach sa mhéid gurbh fhéidir éifeacht a bheith aici ar thrádáil idir Ballstáit.

D'fhéadfadh sé go háirithe gurb é a bheadh sa mhí-úsáid sin:

(a)

praghsanna míchóra ceannaithe nó díolta nó coinníollacha míchóra eile trádála a fhorchur, go díreach nó go hindíreach;

(b)

an táirgeadh, na margaí nó an fhorbairt theicniúil a theorannú chun dochair do thomhaltóirí;

(c)

coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht iad;

(d)

chun go dtabharfar conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.


Top