EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12012J/TXT
Treaty between the Kingdom of Belgium, the Republic of Bulgaria, the Czech Republic, the Kingdom of Denmark, the Federal Republic of Germany, the Republic of Estonia, Ireland, the Hellenic Republic, the Kingdom of Spain, the French Republic, the Italian Republic, the Republic of Cyprus, the Republic of Latvia, the Republic of Lithuania, the Grand Duchy of Luxembourg, the Republic of Hungary, the Republic of Malta, the Kingdom of the Netherlands, the Republic of Austria, the Republic of Poland, the Portuguese Republic, Romania, the Republic of Slovenia, the Slovak Republic, the Republic of Finland, the Kingdom of Sweden, the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland (Member States of the European Union) and the Republic of Croatia concerning the accession of the Republic of Croatia to the European Union
Conradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Málta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Cróite i dtaobh aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach
Conradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Málta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Cróite i dtaobh aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach
IO L 112, 24.4.2012, p. 10–110
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO L 300, 9.11.2013, p. 11–110
(HR)
In force
ISSN 1977-0839 doi:10.3000/19770839.L_2012.112.gle |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( 1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
55 |
Clár |
|
Leathanach |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
IARSCRÍBHINN VI Forbairt tuaithe (dá dtagraítear in Airteagal 35(2) den Ionstraim Aontachais) |
|||
|
|
|
(1) Faoin tagairt L 112 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
24.4.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
3 |
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Deireadh Fómhair 2011
maidir le hiarratas Phoblacht na Cróite ar aontachas leis an Aontas Eorpach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 49 de,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Féadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn luachanna an Aontais Eorpaigh agus atá tiomanta iad a chur chun cinn iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas. Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. |
(2) |
Tá Poblacht na Cróite tar éis iarratas a dhéanamh chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach. |
(3) |
Sa Tuairim a thug an Coimisiún uaidh an 20 Aibreán 2004 maidir leis an gCróit (1), tá a dhearcadh curtha in iúl aige faoi ghnéithe áirithe sár-riachtanacha a bhaineann leis na saincheisteanna a tháinig chun cinn maidir leis an iarratas sin. |
(4) |
Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i gCóbanhávan i Meithimh 1993, leagadh síos den chéad uair na coinníollacha incháilitheachta faoina dtreoraítear próiseas an aontachais agus measúnuithe tráthrialta an Choimisiúin ar ullmhacht na Cróite chun comhaltais. Cuireann na critéir pholaitiúla de cheangal ar an gCróit cobhsaíocht na n-institiúidí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus an meas ar mhionlaigh agus an chosaint orthu a áirithiú; tá na ceanglais sin cumhdaithe anois sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ceanglaítear leis na critéir eacnamaíocha go mbeidh geilleagar margaidh feidhmiúil ann, chomh maith le hacmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí an mhargaidh laistigh den Aontas. Tagraíonn critéar an acquis don chumas na hoibleagáidí comhaltais a eascraíonn ó na Conarthaí agus ó reachtaíocht an Aontais, an acquis, a ghlacadh ar láimh, lena n-áirítear cloí le haidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Tá béim nach beag freisin ar acmhainn an Aontais comhaltaí nua a ghlacadh chuige féin, gan baint den luas atá faoin lánpháirtíocht Eorpach, chun leas ginearálta an Aontais agus na tíre is iarrthóir. |
(5) |
An 31 Bealtaine 1999, rinne an Chomhairle an choinníollacht maidir le Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais do thíortha na mBalcán Thiar a shainiú agus áirítear sa choinníollacht sin comhar leis an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv agus comhar réigiúnach. |
(6) |
I Nollaig 2006, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú gurb í straitéis an mhéadaithe atá bunaithe ar chomhdhlúthú, ar choinníollacht agus ar chumarsáid, agus acmhainn an Aontais comhaltaí nua a lánpháirtiú, a bheidh mar bhonn don chomhthoil athnuaite i ndáil leis an méadú. |
(7) |
Rinneadh na coinníollacha ar a ligfear an Chróit isteach agus na hoiriúnuithe is gá ar na Conarthaí dá chionn sin a chaibidliú ag Comhdháil idir na Ballstáit agus an Chróit. Rinneadh an chaibidlíocht sin i gcomhréir leis an gcreat caibidlíochta ina ndéantar foráil maidir le coinníollacht dhocht ag céim na caibidle tosaigh agus na caibidle deiridh. Críochnaíodh an chaibidlíocht sin an 30 Meitheamh 2011, agus is forálacha córa agus iomchuí iad na forálacha a comhaontaíodh. |
(8) |
Ag teacht isteach di san Aontas Eorpach, glacann an Chróit, gan chuntar, leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach lena n-áirítear a gcuspóirí uile agus na cinntí uile a rinneadh ó tháinig siad i bhfeidhm, agus leis na bearta a roghnaíodh chun an tAontas Eorpach agus an Comhphobal sin a fhorbairt agus a neartú. |
(9) |
Is gné shár-riachtanach den dlíchóras a thugtar isteach leis na conarthaí sin go bhfuil forálacha áirithe iontu agus gníomhartha áirithe a ghlac na hinstitiúidí a bheidh infheidhme go díreach, go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais ar aon fhorálacha náisiúnta a bheadh contrártha dó, agus go bhfuil nósanna imeachta ann chun a áirithiú go ndéanfar léiriú comhionann ar dhlí an Aontais. Beireann aontachas leis an Aontas Eorpach an t-aitheantas go bhfuil brí cheangailteach ag na rialacha sin, a ndlitear urraim a thabhairt dóibh chun éifeachtacht agus aontacht dhlí an Aontais a áirithiú. |
(10) |
Measann an Coimisiún go gcomhlíonann an Chróit na critéir pholaitiúla agus tá súil aige go gcomhlíonfaidh an Chróit na critéir eacnamaíocha agus critéar an acquis agus go mbeidh sí ullamh chun comhaltais faoin 1 Iúil 2013. Ceanglaítear le comhaltas go n-urramófar i gcónaí na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus an gealltanas iad a chur chun cinn. |
(11) |
Tá ardleibhéal ullmhachta bainte amach ag an gCróit maidir le comhaltas. Iarrann an Coimisiún ar an gCróit leanúint dá hiarrachtaí ailíniú leis an acquis agus a cumas riaracháin a neartú tuilleadh, lena n-áirítear dul chun cinn inbhuanaithe a dhéanamh leis an athchóiriú ar an riarachán poiblí. Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán géar a dhéanamh ar an gCróit agus na gealltanais uile a thug sí sna caibidlíochtaí aontachais á gcomhlíonadh aici, lena n-áirítear na cinn nach mór a chomhlíonadh roimh an dáta aontachais, agus ar na hullmhúcháin leanúnacha chun na freagrachtaí a bhaineann le comhaltas a ghlacadh uirthi féin tráth an aontachais. Díreoidh an faireachán go háirithe ar na gealltanais a thug an Chróit i réimse na breithiúnachta, an chomhraic i gcoinne an éillithe, agus na gceart bunúsach, i réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála, lena n-áirítear bainistiú teorainneacha, agus i réimse an bheartais iomaíochta. I gcás ina n-aithneofar ábhair imní le linn an phróisis faireacháin agus nach leigheasfaidh an Chróit iad, díreoidh an Coimisiún litreacha réamhrabhaidh ar údaráis na Cróite, nuair is gá, agus féadfaidh sé a mholadh don Chomhairle gach beart iomchuí a dhéanamh fiú roimh an aontachas. Forchoimeádann an Coimisiún an ceart freisin na clásail choimirce éagsúla atá leagtha amach sa Chonradh Aontachais agus an sásra sonrach maidir le Státchabhair do thionscail longthógála agus chruach na Cróite a agairt. |
(12) |
Iarann an Coimisiún ar údaráis na Cróite aistriúchán agus athbhreithniú an acquis a chríochnú roimh dháta an aontachais d'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i gcur chun feidhme reachtaíocht an AE. |
(13) |
Tá sé ar cheann de chuspóirí an Aontais Eorpaigh an dlúthpháirtíocht idir a phobail a neartú agus a stair, a gcultúr agus a dtraidisiúin á n-urramú aige. |
(14) |
Cuideoidh méadú an Aontais Eorpaigh, trí aontachas na Cróite, an chobhsaíocht, an tsíocháin agus an rathúnas san Eoraip a neartú. Tá súil go mbeidh ról gníomhach ag an gCróit i gcomhar réigiúnach sna Balcáin Thiar. Is díol sásaimh don Choimisiún an dearbhú ón gCróit maidir le luachanna Eorpacha a chur chun cinn san Eoraip Thoir Theas, agus go háirithe an tiomantas ón gCróit nár cheart go gcuirfeadh saincheisteanna déthaobhacha as do phróiseas aontachais tíortha is iarrthóirí. Dearbhú is ea aontachas na Cróite ar thiomantas an AE maidir le peirspictíocht Eorpach thíortha uile na mBalcán Thiar, |
TAR ÉIS TUAIRIM FHABHRACH A THABHAIRT:
ar aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach.
Dírítear an tuairim seo ar an gComhairle.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2011.
Thar ceann an Choimisiúin
Štefan FÜLE
An Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an méadú
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
José Manuel BARROSO
(1) COM(2004)257 final.
24.4.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
5 |
RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 1 Nollaig 2011
maidir le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach (14409/2011 – C7-0252/2011 – 2011/0805(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint don iarratas a rinne Poblacht na Cróite chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach, |
— |
ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle de bhun Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (14409/2011 – C7-0252/2011), |
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún (COM(2011)0667), |
— |
ag féachaint don Dréachtchonradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach, don Phrótacal agus don Ionstraim Chríochnaitheach, |
— |
ag féachaint do Riail 74c agus do Riail 81 dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A7-0390/2011), |
A. |
de bhrí go bhfuil na coinníollacha ar a ligfear an tír iarrthach isteach agus na modhnuithe is gá de chionn a haontachais leagtha amach sa Dréachtchonradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach, agus de bhrí gur cheart dul i gcomhairle leis an bParlaimint maidir le haon mhodhnuithe substaintiúla ar an Dréachtchonradh, |
B. |
de bhrí nach foláir don Choimisiún faireacháin a dhéanamh, lena ngabhfaidh déine agus oibiachtúlacht, ar ullmhúcháin bhreise don aontachas agus cabhrú le húdaráis na Cróite na ceangaltais agus na hoibleagáidí faoina ndeachaigh siad sa chaibidlíocht a chomhall; de bhrí nach foláir don Choimisiún an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go rialta a mhéid atá a gceangaltais á n-urramú ag údaráis na Cróite chun go ndéanfaidís a n-oibleagáidí comhaltais a ghlacadh chucu féin go hiomlán tráth an aontachais an 1 Iúil 2013, |
1. |
Ag toiliú le haontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach; |
2. |
Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Poblacht na Cróite. |
24.4.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
6 |
CINNEADH Ó CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
an 5 Nollaig 2011
maidir le Poblacht na Cróite a ligean isteach san Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 49 de,
Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach (1),
Ag féachaint do thoiliú Pharlaimint na hEorpa (2),
De bhrí go bhfuil Poblacht na Cróite tar éis iarratas a dhéanamh chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal aonair
Glacann an Chomhairle leis an iarratas sin ar ligean isteach; beidh na coinníollacha ligin isteach agus na hoiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach is gá de thoradh an ligin isteach sin ina n-ábhar do chomhaontú idir na Ballstáit agus Poblacht na Cróite.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 5 Nollaig 2011.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DOWGIELEWICZ
(1) Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo.
(2) Féach leathanach 5 den Iris Oifigiúil seo.
AN CLÁR
A. |
Conradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Málta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Cróite i dtaobh aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach |
B. |
Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach |
Cuid a hAon: |
Prionsabail |
Cuid a Dó: |
Oiriúnuithe ar na Conarthaí |
Teideal I: |
Forálacha institiúideacha |
Teideal II: |
Oiriúnuithe eile |
Cuid a Trí: |
Buanfhorálacha |
Cuid a Ceathair: |
Forálacha sealadacha |
Teideal I: |
Bearta idirthréimhseacha |
Teideal II: |
Forálacha institiúideacha |
Teideal III: |
Forálacha airgeadais |
Teideal IV: |
Forálacha eile |
Cuid a Cúig: |
Forálacha i dtaobh an Ionstraim seo a chur chun feidhme |
Teideal I: |
Oiriúnuithe ar rialacha nós imeachta na n-institiúidí agus ar rialacha agus rialacha nós imeachta na gcoistí |
Teideal II: |
Infheidhmeacht ghníomhartha na n-institiúidí |
Teideal III: |
Forálacha críochnaitheacha |
IARSCRÍBHINNÍ
IARSCRÍBHINN I: |
Liosta na gcoinbhinsiún agus na bprótacal dá n-aontaíonn Poblacht na Cróite amhail ar an aontachas (dá dtagraítear in Airteagal 3(4) den Ionstraim Aontachais) |
IARSCRÍBHINN II: |
Liosta de na forálacha de chuid acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh agus de na gníomhartha atá ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, a bheidh i gceangal ar Phoblacht na Cróite agus infheidhme inti amhail ar an aontachas (dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Ionstraim Aontachais) |
IARSCRÍBHINN III: |
Liosta dá dtagraítear in Airteagal 15 den Ionstraim Aontachais: oiriúnuithe ar ghníomhartha a ghlac na hinstitiúidí |
1. |
Saoirse chun seirbhísí a sholáthar |
2. |
Dlí na maoine intleachtúla |
I. |
An trádmharc Comhphobail |
II. |
Deimhnithe forlíontacha cosanta |
III. |
Dearaí Comhphobail |
3. |
Seirbhísí airgeadais |
4. |
Talmhaíocht |
5. |
Iascach |
6. |
Cánachas |
7. |
Beartas réigiúnach agus comhordú gníomhartha struchtúracha |
8. |
Comhshaol |
IARSCRÍBHINN IV: |
Liosta dá dtagraítear in Airteagal 16 den Ionstraim Aontachais: buanfhorálacha eile |
1. |
Dlí na maoine intleachtúla |
2. |
Beartas iomaíochta |
3. |
Talmhaíoct |
4. |
Iascach |
5. |
An tAontas Custaim |
Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn IV
IARSCRÍBHINN V: |
Liosta dá dtagraítear in Airteagal 18 den Ionstraim Aontachais: bearta idirthréimhseacha |
1. |
Saorghluaiseacht earraí |
2. |
Saorghluaiseacht daoine |
3. |
Saorghluaiseacht caipitil |
4. |
Talmhaíocht |
I. |
Bearta idirthréimhseacha don Chróit |
II. |
Cuóta taraife idirthréimhseach siúcra cána amh le haghaidh mínghlanta |
III. |
Bearta sealadacha íocaíochtaí díreacha don chróit |
5. |
Sábháilteacht bia, beartas tréidliachta agus fíteasláintíochta |
I. |
Béaróga |
II. |
Bunaíochtaí (feoil, bainne, iasc agus seachtháirgí ainmhíocha) |
III. |
Síolta a mhargú |
IV. |
Neum |
6. |
Iascach |
7. |
Beartas iompair |
8. |
Cánachas |
9. |
Saoirse, slándáil agus ceartas |
10. |
Comhshaol |
I. |
Reachtaíocht chothrománach |
II. |
Cáilíocht an aeir |
III. |
Bainistiú dramhaíola |
IV. |
Cáilíocht an uisce |
V. |
Cosc agus rialú lánpháirtithe ar an truailliú (CRLT) |
VI. |
Ceimiceáin |
Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn V
IARSCRÍBHINN VI: |
Forbairt tuaithe (dá dtagraítear in Airteagal 35 (2) den Ionstraim Aontachais) |
IARSCRÍBHINN VII: |
Tiomantais shonracha a ghlac Poblacht na Cróite uirthi féin le linn na caibidlíochta aontachais (dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 36(1) den Ionstraim Aontachais) |
IARSCRÍBHINN VIII: |
Tiomantais a ghlac Poblacht na Cróite uirthi féin maidir le hathstruchtúrú thionscal longthógála na Cróite (dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 36(1) den Ionstraim Aontachais) |
IARSCRÍBHINN IX: |
Tiomantais a ghlac Poblacht na Cróite uirthi féin maidir le hathstruchtúrú earnáil na cruach (dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 36(1) den Ionstraim Aontachais) |
PRÓTACAL
Prótacal maidir le socruithe áirithe a bhaineann le haonaid méid shannta a eisíodh faoi Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide a d'fhéadfaí a aistriú chuig Poblacht na Cróite ar bhonn aonuaire, maille leis an gcúiteamh gaolmhar
AN IONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH
I. |
Téacs na hIonstraime Críochnaithí |
II. |
Dearbhuithe |
A. |
Dearbhú Comhpháirteach ó na Ballstáit láithreacha |
Dearbhú Comhpháirteach maidir le forálacha de chuid acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán
B. |
Dearbhú Comhpháirteach ó Bhallstáit láithreacha éagsúla |
Dearbhú Comhpháirteach ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus ó Phoblacht na hOstaire maidir le saorghluaiseacht oibrithe: An Chróit
C. |
Dearbhú Comhpháirteach ó na Ballstáit láithreacha agus ó Phoblacht na Cróite |
Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta
D. |
Dearbhú ó Phoblacht na Cróite |
Dearbhú ó Phoblacht na Cróite maidir leis an socrú idirthréimhseach chun margadh thalamh talmhaíochta na Cróite a léirscaoileadh
III. |
Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cróite maidir le nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe a ghlacadh agus le haghaidh beart eile atá le déanamh le linn na tréimhse roimh an aontachas |
CONRADH
IDIR
RÍOCHT NA BEILGE, POBLACHT NA BULGÁIRE, POBLACHT NA SEICE, RÍOCHT NA DANMHAIRGE, POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, POBLACHT NA hEASTÓINE, ÉIRE, AN PHOBLACHT HEILLÉANACH, RÍOCHT NA SPÁINNE, POBLACHT NA FRAINCE, POBLACHT NA hIODÁILE, POBLACHT NA CIPIRE, POBLACHT NA LAITVIA, POBLACHT NA LIOTUÁINE, ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG, POBLACHT NA hUNGÁIRE, POBLACHT MÁLTA, RÍOCHT NA hÍSILTÍRE, POBLACHT NA hOSTAIRE, POBLACHT NA POLAINNE, POBLACHT NA PORTAINGÉILE, AN RÓMÁIN, POBLACHT NA SLÓIVÉINE, POBLACHT NA SLÓVAICE, POBLACHT NA FIONLAINNE, RÍOCHT NA SUALAINNE, RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN
(BALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH)
AGUS
POBLACHT NA CRÓITE
I dTAOBH AONTACHAS PHOBLACHT NA CRÓITE LEIS AN AONTAS EORPACH
TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA BULGÁIRE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE,
A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE,
UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE,
UACHTARÁN NA hÉIREANN,
UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ,
A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA CRÓITE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE,
A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE,
UACHTARÁN MHÁLTA,
A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE,
UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE,
UACHTARÁN NA RÓMÁINE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE,
RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE,
A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
AR BHEITH DÓIBH D'AON AIGNE gnóthú chuspóirí an Aontais Eorpaigh a shaothrú,
AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU leanúint den phróiseas chun aontas buandlúite idir pobail na hEorpa a chur ar bun ar na fothaí a leagtar síos cheana,
DE BHRÍ go dtugann Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach deis do Stáit Eorpacha chun bheith ina gcomhaltaí den Aontas,
DE BHRÍ go bhfuil Poblacht na Cróite tar éis iarratas a dhéanamh chun bheith ina comhalta den Aontas,
DE BHRÍ gur dhearbhaigh an Chomhairle, tar éis di tuairim an Choimisiúin agus toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil, go bhfuil sí i bhfabhar Poblacht na Cróite a ligean isteach,
A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH,
Elio DI RUPO
An Príomh-Aire
UACHTARÁN PHOBLACHT NA BULGÁIRE,
Boyko BORISSOV
An Príomh-Aire
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE,
Petr NECAS
An Príomh-Aire
A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE,
Helle THORNING-SCHMIDT
An Príomh-Aire
UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
Dr. Angela MERKEL
An Seansailéir
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE,
Andrus ANSIP
An Príomh-Aire
UACHTARÁN NA hÉIREANN,
Enda KENNY
Taoiseach
UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ,
Lucas PAPADEMOS
An Príomh-Aire
A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE,
José Luis RODRIGUEZ ZAPATERO
Uachtarán an Rialtais
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE,
Jean LEONETTI
An tAire don Eoraip
POBLACHT NA CRÓITE,
Ivo JOSIPOVIĆ,
An tUachtarán
Jadranka KOSOR
An Príomh-Aire
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE,
Sen. Prof. Mario MONTI
Uachtarán Chomhairle na nAirí
UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE,
Demetris CHRISTOFIAS
An tUachtarán
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA,
Valdis DOMBROVSKIS
An Príomh-Aire
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE,
Dalia GRYBAUSKAITĖ
An tUachtarán
A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG,
Jean-Claude JUNCKER
An Príomh-Aire, an tAire Stáit
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE,
Viktor ORBÁN
An Príomh-Aire
UACHTARÁN MHÁLTA,
Lawrence GONZI
An Príomh-Aire
A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE,
Mark RUTTE
An Príomh-Aire, an tAire um Ghnóthaí Ginearálta
UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE,
Werner FAYMANN
An Seansailéir Cónaidhme
UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE,
Donald TUSK
An Príomh-Aire
UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE,
Pedro PASSOS COELHO
An Príomh-Aire
UACHTARÁN NA RÓMÁINE,
Traian BĂSESCU
An tUachtarán
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE,
Borut PAHOR
Uachtarán an Rialtais
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE,
Iveta RADICOVA
An Príomh-Aire
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE,
Jyrki KATAINEN
An Príomh-Aire
RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE,
Fredrik REINFELDT
An Príomh-Aire
A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
An Ró-Onórach David CAMERON
An Príomh-Aire
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
1. Déantar leis seo de Phoblacht na Cróite comhalta den Aontas Eorpach agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
2. Déantar leis seo de Phoblacht na Cróite Páirtí sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, arna leasú nó arna bhforlíonadh.
3. Leagtar amach san Ionstraim atá i gceangal leis an gConradh seo na coinníollacha maidir le ligean isteach agus na hoiriúnuithe is gá dá chionn sin ar na Conarthaí dá dtagraítear i mír 2. Is cuid dhílis den Chonradh seo forálacha na hIonstraime sin.
Airteagal 2
Beidh feidhm i leith an Chonartha seo ag na forálacha a bhaineann le cearta agus le hoibleagáidí na mBallstát agus le cumhachtaí agus le dlínse institiúidí an Aontais, mar a leagtar amach iad sna Conarthaí a dtiocfaidh Poblacht na Cróite chun bheith ina Páirtí iontu de bhua Airteagal 1(2).
Airteagal 3
1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile faoin 30 Meitheamh 2013.
2. Measfar freisin go bhfuil Poblacht na Cróite, tríd an gConradh seo a dhaingniú, tar éis daingniú nó formheas a dhéanamh ar aon leasuithe ar na Conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) atá oscailte lena ndaingniú nó lena bhformheas ag na Ballstáit de bhun Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach tráth daingnithe an Chonartha seo ag Poblacht na Cróite, maille le haon ghníomhartha ó na hinstitiúidí, arna nglacadh an tráth céanna nó roimhe sin, agus nach dtiocfaidh i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh na Ballstáit iad a fhormheas i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
3. Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2013 ar choinníoll go mbeidh na gníomhartha daingniúcháin go léir taiscthe roimh an dáta sin.
4. D'ainneoin mhír 3, féadfaidh institiúidí an Aontais na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(7), sa dara fomhír d'Airteagal 6(2), sa dara fomhír d'Airteagal 6(3), sa dara fomhír agus sa tríú fomhír d'Airteagal 6(6), sa dara fomhír d'Airteagal 6(7), sa tríú fomhír d'Airteagal 6(8), in Airteagal 17, in Airteagail 29(1), 30(5), 31(5), 35(3) agus (4), in Airteagail 38, 39, 41, 42, 43, 44, 49, 50 agus 51 agus in Iarscríbhinní IV go VI den Ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a ghlacadh roimh an aontachas.
Ní thiocfaidh na bearta sin i bhfeidhm ach amháin faoi réir an Chonartha seo agus ar an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm.
5. D'ainneoin mhír 3, beidh feidhm ag Airteagal 36 den Ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 1(3) ón uair a shíneofar an Conradh seo.
Airteagal 4
Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit Shínitheacha.
DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis na gConradh seo.
Съставено в Брюксел на девети декември две хиляди и единадесета година.
Hecho en Bruselas, el nueve de diciembre de dos mil once.
V Bruselu dne devátého prosince dva tisíce jedenáct.
Udfærdiget i Bruxelles den niende december to tusind og elleve.
Geschehen zu Brüssel am neunten Dezember zweitausendelf.
Kahe tuhande üheteistkümnenda aasta detsembrikuu üheksandal päeval Brüsselis.
Έγινε στις Βρυξέλλες, στις εννέα Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες έντεκα.
Done at Brussels on the ninth day of December in the year two thousand and eleven.
Fait à Bruxelles, le neuf décembre deux mille onze.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an naoú lá de mhí na Nollag an bhliain dhá mhíle agus a haon déag.
Sastavljeno u Bruxellesu dana devetog prosinca godine dvije tisuće jedanaeste.
Fatto a Bruxelles, addì nove dicembre duemilaundici.
Briselē, divtūkstoš vienpadsmitā gada devītajā decembrī.
Priimta du tūkstančiai vienuoliktų metų gruodžio devintą dieną Briuselyje.
Kelt Brüsszelben, a kétezer-tizenegyedik év december havának kilencedik napján.
Magħmul fi Brussell, fid-disa jum ta’ Diċembru tas-sena elfejn u ħdax.
Gedaan te Brussel, de negende december tweeduizend elf.
Sporządzono w Brukseli dnia dziewiątego grudnia roku dwa tysiące jedenastego.
Feito em Bruxelas, em nove de Dezembro de dois mil e onze.
Întocmit la Bruxelles la nouă decembrie două mii unsprezece.
V Bruseli dňa deviateho decembra dvetisícjedenásť.
V Bruslju, dne devetega decembra leta dva tisoč enajst.
Tehty Brysselissä yhdeksäntenä päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattayksitoista.
Som skedde i Bryssel den nionde december tjugohundraelva.
Voor Zijne Majesteit de Koning der Belgen
Pour Sa Majesté le Roi des Belges
Für Seine Majestät den König der Belgier
Deze handtekening verbindt eveneens de Vlaamse Gemeenschap, de Franse Gemeenschap, de Duitstalige Gemeenschap, het Vlaamse Gewest, het Waalse Gewest en het Brussels Hoofdstedelijk Gewest.
Cette signature engage également la Communauté française, la Communauté flamande, la Communauté germanophone, la Région wallonne, la Région flamande et la Région de Bruxelles-Capitale.
Diese Unterschrift bindet zugleich die Deutschsprachige Gemeinschaft, die Flämische Gemeinschaft, die Französische Gemeinschaft, die Wallonische Region, die Flämische Region und die Region Brüssel-Hauptstadt.
За Република България
Za prezindenta České republiky
For Hendes Majestæt Danmarks Dronning
Für den Präsidenten der Bundesrepublik Deutschland
Eesti Vabariigi Presidendi nimel
Thar ceann Uachtarán na hÉireann
For the President of Ireland
Για τον Пρόεδρο της Еλληνικής Δημοκρατίας
Por Su Majestad el Rey de España
Pour le Président de la République française
Za Republiku Hrvatsku
Per il Presidente della Repubblica italiana
Για τον Пρόεδρο της Кνπριαкής Δημοκρατίας
Latvijas Republikas Valsts prezidenta vārdā –
Lietuvos Respublikos Prezidentės vardu
Pour Son Altesse Royale le Grand-Duc de Luxembourg
A Magyar Köztársaság Elnöke részéről
Għall-President ta' Malta
Voor Hare Majesteit de Koningin der Nederlanden
Für den Bundespräsidenten der Republik Österreich
Za Prezydenta Rzeczypospolitej Polskiej
Pelo Presidente da República Portuguesa
Pentru Președintele României
Za predsednika Republike Slovenije
Za prezidenta Slovenskej republiky
Suomen Tasavallan Presidentin puolesta
För Republiken Finlands President
För Konungariket Sveriges regering
For Her Majesty the Queen of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland
IONSTRAIM
i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach
CUID A hAON
PRIONSABAIL
Airteagal 1
Chun críocha na hIonstraime seo:
— |
ciallaíonn an abairt “Conarthaí bunaidh”:
|
— |
ciallaíonn an abairt “Ballstáit láithreacha” Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann; |
— |
ciallaíonn “an tAontas” an tAontas Eorpach arna fhothú ar CAE agus ar CFAE agus/nó, de réir mar a bheidh, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach; |
— |
ciallaíonn an abairt “na hinstitiúidí” na hinstitiúidí a bunaíodh le CAE. |
Airteagal 2
Amhail ó dháta an aontachais, beidh forálacha na gConarthaí bunaidh agus na gníomhartha a ghlac na hinstitiúidí roimh an aontachas ina gceangal ar an gCróit agus beidh feidhm acu sa Chróit faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin agus san Ionstraim seo.
I gcás ina dtiocfaidh ionadaithe rialtais na mBallstáit ar chomhaontú maidir le leasuithe ar na Conarthaí bunaidh de bhun Airteagal 48(4) CAE tar éis don Chróit an Conradh Aontachais a dhaingniú agus, i gcás nach mbeidh na leasuithe sin tagtha i bhfeidhm faoi dháta an aontachais, daingneoidh an Chróit na leasuithe sin i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla.
Airteagal 3
1. Aontaíonn an Chróit do na cinntí agus do na comhaontuithe a ghlac Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí.
2. Aontaíonn an Chróit do na cinntí agus do na comhaontuithe a ghlac ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle.
3. Tá an Chróit sa chás céanna leis na Ballstáit láithreacha i leith dearbhuithe nó rún nó seasamh eile de chuid na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle, agus i leith na ndearbhuithe, na rún nó na seasamh sin a ghlac na Ballstáit de thoil a chéile maidir leis an Aontas. Dá réir sin urramóidh an Chróit na prionsabail agus na treoirlínte a chineann ó na dearbhuithe sin, na rúin sin nó na seasaimh eile sin agus glacfaidh sí cibé bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.
4. Aontaíonn an Chróit do na coinbhinsiúin agus do na prótacail a liostaítear in Iarscríbhinn I. Tiocfaidh na coinbhinsiúin agus na prótacail sin i bhfeidhm i ndáil leis an gCróit ar an dáta a chinnfidh an Chomhairle sna cinntí dá dtagraítear i mír 5.
5. Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, gach oiriúnú is gá de thoradh an aontachais ar na coinbhinsiúin agus na prótacail dá dtagraítear i mír 4 agus déanfaidh sí na téacsanna oiriúnaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
6. Gabhann an Chróit uirthi féin, i leith na gcoinbhinsiún agus na bprótacal dá dtagraítear i mír 4, socruithe riaracháin agus socruithe eile a thabhairt isteach, ar nós na socruithe a bheidh glactha faoi dháta an aontachais ag na Ballstáit láithreacha nó ag an gComhairle, agus comhar praiticiúil a éascú idir institiúidí agus eagraíochtaí de chuid na mBallstát.
7. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, Iarscríbhinn I a fhorlíonadh leis na coinbhinsiúin, na comhaontuithe agus na prótacail ábhartha arna síniú roimh dháta an aontachais.
Airteagal 4
1. Na forálacha de chuid acquis Schengen dá dtagraítear sa Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “Prótacal Schengen” anseo feasta), atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus na gníomhartha atá ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, a liostaítear in Iarscríbhinn II, mar aon le haon ghníomhartha breise den sórt sin arna nglacadh roimh dháta an aontachais, beidh siad ina gceangal ar an gCróit agus beidh feidhm acu inti ó dháta an aontachais.
2. Na forálacha sin de chuid acquis Schengen mar atá arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh agus na gníomhartha atá ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile nach dtagraítear dóibh i mír 1, cé go mbeidh siad ina gceangal ar an gCróit ó dháta an aontachais, ní bheidh feidhm acu sa Chróit ach amháin de bhun cinnidh ón gComhairle chuige sin, tar éis fíorú, i gcomhréir le nósanna imeachta infheidhme measúnachta Schengen, go bhfuil na coinníollacha is gá chun gach cuid den acquis ábhartha a chur i bhfeidhm comhallta sa Chróit, lena n-áirítear cur i bhfeidhm éifeachtach rialacha uile Schengen i gcomhréir leis na comhchaighdeáin chomhaontaithe agus leis na bunphrionsabail. Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta infheidhme de chuid Schengen agus tuarascáil ón gCoimisiún á cur san áireamh aici ina ndeimhneofar go leanfaidh an Chróit uirthi ag comhlíonadh na dtiomantas a gabhadh ar láimh le linn na caibidlíochta aontachais agus atá ábhartha do acquis Schengen.
Glacfaidh an Chomhairle a cinneadh, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di le haontoilíocht a comhaltaí, atá ionadaitheach do Rialtais na mBallstát a bhfuil na forálacha dá dtagraítear sa mhír seo curtha in éifeacht cheana ina leith, agus an ionadaí do Rialtas Phoblacht na Cróite. Glacfaidh na comhaltaí den Chomhairle atá ionadaitheach do Rialtas na hÉireann agus do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt i gcinneadh den sórt sin a mhéid a bhaineann sé leis na forálacha de chuid acquis Schengen agus leis na gníomhartha atá ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, ina bhfuil na Ballstáit sin rannpháirteach.
Airteagal 5
Beidh an Chróit rannpháirteach san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta ó dháta an aontachais mar Bhallstát a bhfuil maolú aige de réir bhrí Airteagal 139 CFAE.
Airteagal 6
1. Beidh na comhaontuithe a thug an tAontas i gcrích nó a chuir sé i bhfeidhm go sealadach le tríú tír amháin nó níos mó, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de chuid tríú tír ina gceangal ar an gCróit faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí bunaidh agus san Ionstraim seo.
2. Gabhann an Chróit uirthi féin aontú, faoi na coinníollacha a leagtar síos san Ionstraim seo, do na comhaontuithe a rinne na Ballstáit láithreacha agus an tAontas a thabhairt i gcrích nó a shíniú le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta.
Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontuithe sonracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar aontachas na Cróite le comhaontuithe den sórt sin a chomhaontú trí phrótacal leis na comhaontuithe sin a thabhairt i gcrích idir an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil thar ceann na mBallstát, agus an tríú tír nó na tríú tíortha nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht. Déanfaidh an Coimisiún, nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) i gcás ina mbainfidh an comhaontú go heisiach nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, na prótacail sin a chaibidil thar ceann na mBallstát ar bhonn treoracha caibidlíochta a fhormheasfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, agus i gcomhairle le coiste ar a mbeidh ionadaithe na mBallstát. Déanfaidh an Coimisiún, nó an tArdionadaí, de réir mar is iomchuí, dréachtaí de na prótacail a thíolacadh don Chomhairle lena dtabhairt i gcrích.
Ní dochar an nós imeachta seo d'fheidhmiú inniúlachtaí dílse an Aontais ná ní dhéanann sé difear do chionroinnt na gcumhachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit i dtaca le comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích sa todhchaí nó aon leasuithe eile nach mbaineann leis an aontachas.
3. Amhail ó dháta an aontachais, agus go dtí go dtiocfaidh na prótacail is gá dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 i bhfeidhm, cuirfidh an Chróit i bhfeidhm forálacha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 agus a tugadh i gcrích nó a cuireadh i bhfeidhm go sealadach roimh dháta an aontachais, amach ón gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (1).
Go dtí go dtiocfaidh na prótacail dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 i bhfeidhm, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach de mar is iomchuí faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, aon bheart is iomchuí a ghlacadh.
4. Aontaíonn an Chróit don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, na Mara Cairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (2), agus don dá chomhaontú lena leasaítear an Comhaontú sin, a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (3) agus a osclaíodh lena síniú in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (4), faoi seach.
5. Gabhann an Chróit uirthi féin aontú, faoi na coinníollacha a leagtar síos san Ionstraim seo, don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (5), i gcomhréir le hAirteagal 128 den Chomhaontú sin.
6. Amhail ó dháta an aontachais, déanfaidh an Chróit na comhaontuithe agus na socraíochtaí déthaobhacha teicstíle a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha a chur i bhfeidhm.
Déanfar na srianta cainníochtúla a chuireann an tAontas i bhfeidhm ar allmhairí táirgí teicstíle agus éadaigh a oiriúnú chun aontachas na Cróite leis an Aontas a chur san áireamh. Chuige sin, féadfaidh an tAontas leasuithe ar na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha teicstíle dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chaibidil leis na tríú tíortha i dtrácht roimh dháta an aontachais.
Mura mbeidh na leasuithe ar na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha teicstíle tagtha i bhfeidhm faoi dháta an aontachais, déanfaidh an tAontas na hoiriúnuithe is gá ar a rialacha maidir le táirgí teicstíle agus éadaigh a allmhairiú ó thríú tíortha chun aontachas na Cróite a chur san áireamh.
7. Déanfar na srianta cainníochtúla a chuireann an tAontas i bhfeidhm ar allmhairí cruach agus táirgí cruach a oiriúnú ar bhonn allmhairí cruach agus táirgí cruach ag an gCróit sna blianta deireanacha, ar cruach í agus ar táirgí curacha iad de bhunadh na dtíortha is soláthraithe i dtrácht.
Chuige sin, déanfar na leasuithe is gá ar na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha cruach a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha a chaibidil roimh dháta an aontachais.
Mura mbeidh na leasuithe ar na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha tagtha i bhfeidhm faoi dháta an aontachais, beidh feidhm ag forálacha na chéad fhomhíre.
8. Amhail ó dháta an aontachais, déanfaidh an tAontas comhaontuithe iascaigh arna dtabhairt i gcrích idir an Chróit agus tríú tíortha roimh an dáta sin a bhainistiú.
Ní dhéanfar difear do na cearta ná na hoibleagáidí don Chróit a leanann ó na comhaontuithe sin i rith na tréimhse ar lena linn a bheidh forálacha na gcomhaontuithe sin á gcoimeád ar bun go sealadach.
A thúisce is féidir agus ar chaoi ar bith roimh na comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír do dhul in éag, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na cinntí iomchuí i ngach cás chun go leanfaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a thig as na comhaontuithe sin, lena n-áirítear gur féidir comhaontuithe áirithe a fhadú go ceann tréimhsí nach faide ná bliain amháin.
9. Tarraingeoidh an Chróit siar ó aon chomhaontuithe saorthrádála le tríú tíortha, lena n-áirítear Comhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa arna leasú.
Sa mhéid nach bhfuil comhaontuithe idir an Chróit, de pháirt, agus tríú tír amháin nó níos mó, den pháirt eile ag luí leis na hoibleagáidí a thig as an Ionstraim seo, déanfaidh an Chróit gach beart iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhluím cruthaithe. Má bhaineann deacrachtaí don Chróit le linn oiriúnú a dhéanamh ar chomhaontú a tugadh i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, tarraingeoidh sí siar ón gcomhaontú sin.
Glacfaidh an Chróit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí na míre seo amhail ar dháta an aontachais.
10. Faoi na coinníollacha a leagtar síos san Ionstraim seo, aontaíonn an Chróit do na comhaontuithe inmheánacha a thug na Ballstáit láithreacha i gcrích chun na comhaontuithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a chur chun feidhme.
11. Glacfaidh an Chróit, más gá, bearta iomchuí chun a seasamh i ndáil le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na comhaontuithe idirnáisiúnta sin ar páirtithe iontu freisin an tAontas nó na Ballstáit eile a oiriúnú do na cearta agus do na hoibleagáidí a eascraíonn as aontachas na Cróite leis an Aontas.
Tarraingeoidh an Chróit siar go háirithe ó chomhaontuithe idirnáisiúnta agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta iascaigh ar páirtí iontu freisin an tAontas, mura rud é gur le hábhair seachas iascach a bhaineann a comhaltas.
Glacfaidh an Chróit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí na míre seo amhail ar dháta an aontachais.
Airteagal 7
1. Mura bhforáiltear a mhalairt inti, ní fhéadfar forálacha na hIonstraime seo a fhionraí, a leasú ná a aisghairm seachas tríd an nós imeachta a leagtar síos sna Conarthaí bunaidh lena gcumasaítear na Conarthaí sin a athbhreithniú.
2. Coinneoidh gníomhartha a ghlac na hinstitiúidí lena mbaineann na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos san Ionstraim seo a stádas dlítheanach; go háirithe, leanfaidh na nósanna imeachta chun na gníomhartha sin a leasú d'fheidhm a bheith acu.
3. Na forálacha den Ionstraim seo arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh gníomhartha a ghlac na hinstitiúidí a aisghairm nó a leasú, ach amháin má tá beartá den sórt sin de chineál trasdula, beidh an stádas dlítheanach céanna acu atá ag na forálacha a aisghairtear nó a leasaítear leo agus beidh siad faoi réir na rialacha céanna a bhfuil na forálacha sin faoina réir.
Airteagal 8
Mar bheart idirthréimhseach, beidh cur i bhfeidhm na gConarthaí bunaidh agus na ngníomhartha a ghlac na hinstitiúidí faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear san Ionstraim seo.
CUID A DÓ
OIRIÚNUITHE AR NA CONARTHAÍ
TEIDEAL I
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA
Airteagal 9
Leasaítear an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus le Conradh CEFA, mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: “Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna gach trí bliana, athrófar ceithre Bhreitheamh déag.”. |
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48: “Airteagal 48 Ocht mBreitheamh is fiche a bheidh ar an gCúirt Ghinearálta.”. |
Airteagal 10
Leasaítear an Prótacal ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, mar a leanas:
(1) |
Sa chéad fhomhír d'Airteagal 4(1):
|
(2) |
In Airteagal 9(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, an dara fomhír agus an tríú fomhír: “2. Naoi stiúrthóir is fiche agus naoi stiúrthóir mhalartacha déag a bheidh ar an mBord Stiúrthóirí. Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na stiúrthóirí a cheapadh go ceann cúig bliana, stiúrthóir amháin arna ainmniú ag gach Ballstát, agus stiúrthóir amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na malartaigh a cheapadh go ceann cúig bliana mar a thaispeántar thíos:
|
Airteagal 11
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 134(2) de Chonradh CEFA maidir le comhdhéanamh an Choiste Eolaíoch agus Theicniúil:
“2. Dhá chomhalta is daichead a bheidh ar an gCoiste agus is í an Chomhairle a cheapfaidh iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.”.
TEIDEAL II
OIRIÚNUITHE EILE
Airteagal 12
In Airteagal 64(1) CFAE, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:
“I ndáil le srianta atá ann faoin dlí náisiúnta sa Chróit, is é an dáta ábhartha an 31 Nollaig 2002.”.
Airteagal 13
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52(1) CAE:
“1. Beidh feidhm ag na Conarthaí maidir le Ríocht na Beilge, le Poblacht na Bulgáire, le Poblacht na Seice, le Ríocht na Danmhairge, le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, le Poblacht na hEastóine, le hÉirinn, leis an bPoblacht Heilléanach, le Ríocht na Spáinne, le Poblacht na Fraince, le Poblacht na Cróite, le Poblacht na hIodáile, le Poblacht na Cipire, le Poblacht na Laitvia, le Poblacht na Liotuáine, le hArd-Diúcacht Lucsamburg, le Poblacht na hUngáire, le Poblacht Mhálta, le Ríocht na hÍsiltíre, le Poblacht na hOstaire, le Poblacht na Polainne, le Poblacht na Portaingéile, leis an Rómáin, le Poblacht na Slóivéine, le Poblacht na Slóvaice, le Poblacht na Fionlainne, le Ríocht na Sualainne agus le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.”.
Airteagal 14
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 55(1) CAE:
“1. Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit Shínitheacha.”.
2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 225 de Chonradh CEFA:
“De bhun na gConarthaí Aontachais, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Ghaeilge, sa Ghréigis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris.”.
CUID A TRÍ
BUANFHORÁLACHA
Airteagal 15
Déanfar na gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinn III a oiriúnú mar a shonraítear san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 16
Déanfar na bearta a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chur i bhfeidhm faoi na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 17
Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na hoiriúnuithe a dhéanamh ar na forálacha den Ionstraim seo a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta ar oiriúnaithe iad a d'fhéadfadh a bheith riachtanach de bharr modhnú ar rialacha an Aontais.
CUID A CEATHAIR
FORÁLACHA SEALADACHA
TEIDEAL I
BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA
Airteagal 18
Maidir leis na bearta a liostaítear in Iarscríbhinn V, beidh feidhm acu i leith na Cróite faoi na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
TEIDEAL II
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA
Airteagal 19
1. De mhaolú ar Airteagal 2 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal le CAE, le CFAE agus le Conradh CEFA agus de mhaolú ar an líon uasta suíochán dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d'Airteagal 14(2) CAE, déanfar líon chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa a mhéadú de 12 chomhalta ón gCróit, chun aontachas na Cróite a chur san áireamh, i rith na tréimhse ó dháta an aontachais go dtí deireadh théarma 2009-2014 de Pharlaimint na hEorpa.
2. De mhaolú ar Airteagal 14(3) CAE, déanfaidh an Chróit, roimh dháta an aontachais, toghcháin ad hoc do Pharlaiamint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach ag a pobal a chur ar siúl don líon comhaltaí a shocraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir le acquis an Aontais. Más rud é, áfach, gur luaithe dáta an aontachais ná sé mhí roimh na chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa, féadfaidh Parlaimint náisiúnta na Cróite na comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa a bheith ionadaitheach do shaoránaigh na Cróite a ainmniú as a measc, ar an gcoinníoll go ndearnadh na daoine lena mbaineann a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach.
Airteagal 20
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3) den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal le CAE, le CFAE agus le Conradh CEFA:
“3. Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, gan dochar don dara fomhír d'Airteagal 235(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Le haghaidh ghníomhartha na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle nach foláir tromlach cáilithe dóibh, déanfar vótaí na gcomhaltaí a ualú mar a leanas:
An Bheilg |
12 |
An Bhulgáir |
10 |
Poblacht na Seice |
12 |
An Danmhairg |
7 |
An Ghearmáin |
29 |
An Eastóin |
4 |
Éire |
7 |
An Ghréig |
12 |
An Spáinn |
27 |
An Fhrainc |
29 |
An Chróit |
7 |
An Iodáil |
29 |
An Chipir |
4 |
An Laitvia |
4 |
An Liotuáin |
7 |
Lucsamburg |
4 |
An Ungáir |
12 |
Málta |
3 |
An Ísiltír |
13 |
An Ostair |
10 |
An Pholainn |
27 |
An Phortaingéil |
12 |
An Rómáin |
14 |
An tSlóivéin |
4 |
An tSlóvaic |
7 |
An Fhionlainn |
7 |
An tSualainn |
10 |
An Ríocht Aontaithe |
29 |
Glacfar gníomhartha má tá 260 vóta ar a laghad ina bhfabhar, ar líon é atá in ionannas le tromlach na gcomhaltaí nuair is gá faoi na Conarthaí iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. I gcásanna eile glacfar cinntí má tá 260 vóta ar a laghad ina bhfabhar, ar líon é atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí.
Féadfaidh comhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle a iarraidh, nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach nó an Chomhairle gníomh trí thromlach cáilithe, go ndéanfar a fhíorú go bhfuil na Ballstáit a chomhdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más amhlaidh nach mar sin atá, ní ghlacfar an gníomh.”.
Airteagal 21
1. Ceapfar náisiúnach de chuid na Cróite don Choimisiún amhail ó dháta an aontachais go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014. Ceapfaidh an Chomhairle an Comhalta nua den Choimisiún, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe agus de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin, tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 17(3) CAE.
2. Rachaidh téarma oifige an Chomhalta a cheapfar i gcomhréir le mír 1 in éag i gcomhthráth le téarma oifige na gComhaltaí a bheidh i seilbh oifige tráth an aontachais.
Airteagal 22
1. Téarma oifige an Bhreithimh den Chúirt Bhreithiúnais agus téarma oifige an Breithimh den Chúirt Ghinearálta a cheapfar as an gCróit tráth a haontachais i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 19(2) CAE, rachaidh siad in éag an 6 Deireadh Fómhair 2015 agus an 31 Lúnasa 2013 faoi seach.
2. Chun breithiúnas a thabhairt i gcásanna a bheidh ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta ar dháta an aontachais agus ar tionscnaíodh imeachtaí ó bhéal ina leith roimh an dáta sin, is sa chomhdhéanamh a bhí orthu roimh an aontachas a shuífidh cçuirteanna iomlána na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta nó Dlísheomraí na gCúirteanna sin agus cuirfidh siad na Rialacha Nós Imeachta i bhfeidhm a bhí i bhfeidhm an lá roimh dháta an aontachais.
Airteagal 23
1. De mhaolú ar an gcéad mhír d'Airteagal 301 CFAE lena mbunaítear líon uasta comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta, cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal le CAE, le CFAE agus le Conradh CEFA:
“Airteagal 7
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 301 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta:
An Bheilg |
12 |
An Bhulgáir |
12 |
Poblacht na Seice |
12 |
An Danmhairg |
9 |
An Ghearmáin |
24 |
An Eastóin |
7 |
Éire |
9 |
An Ghréig |
12 |
An Spáinn |
21 |
An Fhrainc |
24 |
An Chróit |
9 |
An Iodáil |
24 |
An Chipir |
6 |
An Laitvia |
7 |
An Liotuáin |
9 |
Lucsamburg |
6 |
An Ungáir |
12 |
Málta |
5 |
An Ísiltír |
12 |
An Ostair |
12 |
An Pholainn |
21 |
An Phortaingéil |
12 |
An Rómáin |
15 |
An tSlóivéin |
7 |
An tSlóvaic |
9 |
An Fhionlainn |
9 |
An tSualainn |
12 |
An Ríocht Aontaithe |
24” |
2. D'fhonn aontachas na Cróite a chur san áireamh, méadófar ar líon chomhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta go dtí 353 ar bhonn sealadach don tréimhse ó dháta an aontachais go dtí deireadh an téarma oifige ar lena linn a aontóidh an Chróit don Aontas, nó go dtí teacht i bhfeidhm an chinnidh dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 301 CFAE, cibé acu is luaithe.
3. Más rud é go mbeidh an cinneadh dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 301 CFAE glactha cheana faoi dháta an aontachais, de mhaolú ar an gcéad mhír d'Airteagal 301 CFAE ag bunú líon uasta chomhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta, cionroinnfear líon iomchuí comhaltaí ar an gCróit ar bhonn sealadach go dtí deireadh an téarma oifige ar lena linn a aontóidh sí don Aontas.
Airteagal 24
1. De mhaolú ar an gcéad mhír d'Airteagal 305 CFAE ag bunú líon uasta chomhaltaí Choiste na Réigiún, cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 den Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha atá i gceangal le CAE, le CFAE agus le Conradh CEFA:
“Airteagal 8
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 305 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí Choiste na Réigiún:
An Bheilg |
12 |
An Bhulgáir |
12 |
Poblacht na Seice |
12 |
An Danmhairg |
9 |
An Ghearmáin |
24 |
An Eastóin |
7 |
Éire |
9 |
An Ghréig |
12 |
An Spáinn |
21 |
An Fhrainc |
24 |
An Chróit |
9 |
An Iodáil |
24 |
An Chipir |
6 |
An Laitvia |
7 |
An Liotuáin |
9 |
Lucsamburg |
6 |
An Ungáir |
12 |
Málta |
5 |
An Ísiltír |
12 |
An Ostair |
12 |
An Pholainn |
21 |
An Phortaingéil |
12 |
An Rómáin |
15 |
An tSlóivéin |
7 |
An tSlóvaic |
9 |
An Fhionlainn |
9 |
An tSualainn |
12 |
An Ríocht Aontaithe |
24” |
2. D'fhonn aontachas na Cróite a chur san áireamh, méadófar ar líon chomhaltaí Choiste na Reigiún go dtí 353 ar bhonn sealadach don tréimhse ó dháta an aontachais go dtí deireadh an téarma oifige ar lena linn a aontóidh an Chróit don Aontas, nó go dtí teacht i bhfeidhm an chinnidh dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 305 CFAE, cibé acu is luaithe.
3. Más rud é go mbeidh an cinneadh dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 305 CFAE glactha cheana faoi dháta an aontachais, de mhaolú ar an gcéad mhír d'Airteagal 305 CFAE ag bunú líon uasta chomhaltaí Choiste na Réigiún, cionroinnfear líon iomchuí comhaltaí ar an gCróit ar bhonn sealadach go dtí deireadh an téarma oifige ar lena linn a aontóidh sí don Aontas.
Airteagal 25
Téarma oifige an stiúrthóra ar Bhord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a ainmneoidh an Chróit agus a cheapfar ar an aontachas de réir mar a fhoráiltear sa dara fomhír d'Airteagal 9(2) den Phrótacal ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, rachaidh sé in éag ag deireadh chruinniú bliantúil an Bhoird Gobharnóirí a mbeidh an tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2017 á scrúdú lena linn.
Airteagal 26
1. Déanfar comhaltaí nua de na coistí, na meithleacha, na gníomhaireachtaí nó na comhlachtaí eile a cruthaíodh leis na Conarthaí bunaidh nó le gníomh de chuid na n-institiúidí a cheapadh faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos do cheapadh chomhaltaí na gcoistí, na meithleacha, na ngníomhaireachtaí nó na gcomhlachtaí eile sin. Rachaidh téarmaí oifige na gcomhaltaí nuacheaptha in éag i gcomhthráth le téarmaí oifige na gcomhaltaí a bheidh i seilbh oifige tráth an aontachais.
2. Déanfar comhaltas na gcoistí, na meithleacha, na ngníomhaireachtaí nó na comhlachtaí eile a cruthaíodh leis na Conarthaí bunaidh nó le gníomh de chuid na n-institiúidí a ndéantar líon a gcomhaltaí a shocrú gan spleáchas do líon na mBallstát, a athnuachan go hiomlán ar an aontachas, mura rachaidh téarmaí oifige na gcomhaltaí láithreacha in éag laistigh de 12 mhí ón aontachas.
TEIDEAL III
FORÁLACHA AIRGEADAIS
Airteagal 27
1. Ó dháta an aontachais, íocfaidh an Chróit an méid seo a leanas a fhreagraíonn dá scair den chaipiteal arna íoc isteach le haghaidh an chaipitil shuibscríofa arna shainiú in Airteagal 4 de Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta:
An Chróit |
EUR 42 720 000 |
Íocfar an ranníocaíocht sin ina hocht dtráthchuid chomhionanna a bheidh dlite an 30 Samhain 2013, an 30 Samhain 2014, an 30 Samhain 2015, an 31 Bealtaine 2016, an 30 Samhain 2016, an 31 Bealtaine 2017, an 30 Samhain 2017 agus an 31 Bealtaine 2018.
2. Ranníocfaidh an Chróit, in ocht dtráthchuid chomhionanna a bheidh dlite ar na dátaí dá bhforáiltear i mír 1, leis na cúlchistí agus na soláthairtí atá coibhéiseach le cúlchistí, mar aon leis an méid atá le leithreasú fós ar na cúlchistí agus na soláthairtí, a chuimsíonn iarmhéid an chuntais sochair agus dochair, a bhunófar ag deireadh na míosa roimh an aontachas, mar a iontrálfar i gclár comhardaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, i méideanna a fhreagraíonn don chéatadáin seo a leanas de na cúlchistí agus soláthairtí:
An Chróit |
0,368 % |
3. An caipiteal agus na híocaíochtaí dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2, íocfaidh an Chróit iad in airgead tirim in euro ach amháin i gcás maolaithe a chinnfidh Bord Gobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta d'aon toil.
4. Féadfar na figiúirí don Chróit dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointe 1 d'Airteagal 10 freisin a oiriúnú le cinneadh ó chomhlachtaí rialaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ar bhun na sonraí deiridh OTI is déanaí a fhoilseoidh Eurostat roimh an aontachas.
Airteagal 28
1. Íocfaidh an Chróit an méid seo a leanas leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach dá dtagraítear i gCinneadh 2002/234/CEGC ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 27 Feabhra 2002 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach (6):
(EUR, praghsanna reatha)
An Chróit |
494 000. |
2. Déanfar an ranníocaíocht don Chiste Taighde um Ghual agus Cruach ina ceithre thráthchuid ag tosú in 2015 agus íocfar mar a leanas iad, i ngach cás ar an gcéad lá oibre den chéad mhí de gach bliain:
— |
2015: 15 % |
— |
2016: 20 % |
— |
2017: 30 % |
— |
2018: 35 %. |
Airteagal 29
1. Déanfaidh gníomhaireachtaí cur chun feidhme na Cróite bainistiú amhail ó dháta an aontachais ar sholáthar, ar bhronnadh deontas agus ar íocaíochtaí le haghaidh cúnaimh airgeadais réamhaontachais faoi na Comhchodanna den Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR) maidir le Cúnamh Trasdula agus Tógáil Institiúidí agus maidir le Comhar Trasteorann, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 (7), le haghaidh cistí a mbeidh tiomantas tugtha ina leith roimh an aontachas, seachas cláir trasteorann na Cróite-na hUngáire agus na Cróite-na Slovéine, agus le haghaidh cúnaimh faoin Áis Trasdula dá dtagraítear in Airteagal 30.
Déanfar rialú ex ante an Choimisiúin ar sholáthar agus ar bhronnadh deontas a tharscaoileadh le cinneadh ón gCoimisiún chuige sin, tar éis don Choimisiún feidhmiú éifeachtach an chórais bainistíochta agus rialaithe i dtrácht a dheimhniú dó féin i gcomhréir leis na critéir agus leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 56(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (8) agus in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 718/2007 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2007 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR) (9).
Más rud é, roimh dháta an aontachais, nár glacadh an cinneadh ón gCoimisiún rialú ex ante a tharscaoileadh, ní bheidh aon chonarthaí a shíneofar idir dáta an aontachais agus an dáta a ghlacfar an cinneadh ón gCoimisiún incháilithe faoin gcúnamh airgeadais réamhaontachais ná faoin Áis Trasdula dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
2. Tiomantais bhuiséadacha a dhéanfar roimh dháta an aontachais faoin gcúnamh airgeadais réamhaontachais agus faoin Áis Trasdula dá dtagraítear i mír 1, lena n-airítear tiomantais dhlíthiúla leithleacha a dhéanfar ina dhiaidh sin agus íocaíochtaí a dhéanfar i ndiaidh an aontachais a thabhairt i gcrích agus a chlárú, leanfaidh siad de bheith faoi rialú ag na rialacha is infheidhme maidir leis na hionstraimí airgeadais réamhaontachais agus de bheith á muirearú i leith na gcaibidlí buiséadacha comhfhreagracha go dtí go gcuirfear clabhsúr leis na cláir agus na tionscadail i dtrácht.
3. Na forálacha maidir le cur chun feidhme tiomantas buiséadacha comhaontuithe maoinithe a bhainfidh leis an gcúnamh airgeadais réamhaontachais dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus Comhchuid ICR maidir le Forbairt Tuaithe, a bhaineann le cinntí maoinithe arna nglacadh roimh an aontachais, leanfaidh siad de bheith infheidhme tar éis dháta an aontachais. Beidh siad á rialú ag na rialacha is infheidhme maidir leis na hionstraimí airgeadais réamhaontachais. Dá ainneoin sin, déanfar nósanna imeachta um sholáthar poiblí a thionscnófar tar éis an aontachais a chur i gcrích i gcomhréir leis na treoracha ábhartha de chuid an Aontais.
4. Féadfar tiomantais a dhéanamh sa chéad dá bhliain tar éis an aontachais i leith cistí réamhaontachais chun caiteachas riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 44, a chumhdach. Féadfar tiomantais a dhéanamh suas le cúig bliana tar éis an aontachais i leith cistí réamhaontachais, i dtaca le costais iniúchóireachta agus measúnachta.
Airteagal 30
1. Ar feadh na chéad bhliana tar éis an aontachais, soláthróidh an tAontas cúnamh airgeadais sealadach (dá ngairtear an “Áis Trasdula” anseo feasta) don Chróit ar mhaithe lena cumas riaracháin agus breithiúnach a fhorbairt agus a neartú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus ar mhaithe le malartú an dea-chleachtais idir piaraí a chothú. Cisteofar leis an gcúnamh sin tionscadail tógála institiúidí agus infheistíochtaí teoranta mionscála a bheidh coimhdeach leo.
2. Cuirfear cúnamh ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an ngá leanúnach atá ann cumas institiúideach a neartú i réimsí áirithe trí ghníomhaíocht nach féidir a mhaoiniú trí na Cistí Struchtúracha ná trí na Cistí Forbartha Tuaithe.
3. I gcás tionscadal um nascadh idir riaracháin phoiblí d'fhonn institiúidí a thógáil, leanfaidh an nós imeachta chun tograí a ghlaoch trí ghréasán na bpointí tadhaill sna Ballstáit d'fheidhm a bheith aige.
4. Is é EUR 29 milliún san iomlán in 2013, de réir praghsanna reatha, na leithreasaí tiomantais don Áis Trasdula le haghaidh na Cróite chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí náisiúnta agus cothrománacha.
5. Déanfar cúnamh faoin Áis Trasdula a chinneadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle nó ar bhonn forálacha teicniúla eile is gá le haghaidh oibriú na hÁise Trasdula, a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún.
6. Maidir le comhlántacht iomchuí le tacaíocht bheartaithe Chiste Sóisialta na hEorpa i ndáil le hathchóiriú riaracháin agus le cumas institiúideach, tabharfar aird ar leith ar í a chinntiú.
Airteagal 31
1. Cruthaítear leis seo Áis Schengen (dá ngairtear “Áis shealadach Schengen” anseo feasta) mar ionstraim shealadach d'fhonn cuidiú leis an gCróit idir dáta an aontachais agus deireadh 2014 chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais d'fhonn acquis Schengen agus rialú teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme.
2. Le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2013 go dtí an 31 Nollaig 2014, cuirfear na méideanna seo a leanas (praghsanna reatha) ar fáil don Chróit i bhfoirm íocaíochtaí cnapshuime faoi Áis shealadach Schengen:
(EUR milliún, praghsanna reatha) |
||
|
2013 |
2014 |
An Chróit |
40 |
80 |
3. Beidh an méid bliantúil do 2013 iníoctha leis an gCróit an 1 Iúil 2013 agus cuirfear an méid bliantúil do 2014 ar fáil ar an gcéad lá oibre tar éis 1 Eanáir 2014.
4. Úsáidfear na híocaíochtaí cnapshuime laistigh de thrí bliana ón gcéad íocaíocht. Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an tréimhse sin trí bliana do dhul in éag, déanfaidh an Chróit tuarascáil chuimsitheach a thíolacadh ar fheidhmiú críochnaitheach na n-íocaíochtaí faoi Áis shealadach Schengen maille le ráiteas ag fírinniú an chaiteachais. Aisghabhfaidh an Coimisiún aon chistí nár caitheadh nó a caitheadh gan bonn cirt.
5. Féadfaidh an Coimisiún aon fhorálacha teicniúla a ghlacadh is gá chun Áis shealadach Schengen a oibriú.
Airteagal 32
1. Cruthaítear leis seo Áis Sreafa Airgid Thirim (dá ngairtear “an Áis shealadach Sreafa Airgid Thirim” anseo feasta) mar ionstraim shealadach d'fhonn cuidiú leis an gCróit idir dáta an aontachais agus deireadh 2014 chun feabhas a chur ar shreabhadh airgid thirim sa bhuiséad náisiúnta.
2. Le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2013 go dtí an 31 Nollaig 2014, cuirfear na méideanna seo a leanas (praghsanna reatha) ar fáil don Chróit i bhfoirm íocaíochtaí cnapshuime faoin Áis shealadach Sreafa Airgid Thirim:
(EUR milliún, praghsanna reatha) |
||
|
2013 |
2014 |
An Chróit |
75 |
28,6 |
3. Roinnfear gach méid bliantúil ina ocht dtráthchuid chomhionanna a bheidh dlite ar an gcéad lá oibre de gach mí.
Airteagal 33
1. Foirchoimeádfar méid EUR 449,4 milliún (praghsanna reatha) i leithreasaí tiomantas faoi chomhair na Cróite faoi na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe in 2013.
2. Foirchoimeádfar aon trian amháin den mhéid dá dtagraítear i mír 1 don Chiste Comhtháthaithe.
3. Le haghaidh na tréimhse a chumhdófar leis an gcéad chreat airgeadais eile, déanfar na méideanna atá le cur ar fáil don Chróit i leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí faoin gcistiú Struchtúrach agus Comhtháthaithe a ríomh ar bhonn acquis an Aontais is infheidhme an tráth sin. Déanfar na méideanna sin a oiriúnú i gcomhréir leis an sceideal seo a leanas maidir le céimniú isteach:
— |
70 % in 2014, |
— |
90 % in 2015, |
— |
100 % amhail ó 2016. |
4. A mhéid a cheadófar sin le teorainneacha acquis nua an Aontais, déanfar oiriúnú d'fhonn a áirithiú go ndéanfar méadú 2,33 oiread ar mhéid 2013 ar na cistí don Chróit sa bhliain 2014 agus go ndéanfar méadú 3 oiread ar mhéid 2013 sa bhliain 2015.
Airteagal 34
1. Is é an méid iomlán a chuirfear ar fáil don Chróit faoin gCiste Eorpach Iascaigh in 2013 EUR 8,7 milliún (praghsanna reatha) i leithreasaí tiomantas.
2. Is é 25 % den mhéid iomlán dá dtagraítear i mír 1 méid an réamh-mhaoinithe a bheidh i gceist faoin gCiste Eorpach Iascaigh agus íocfar an méid sin in aon tráthchuid amháin.
3. Le haghaid na tréimhse a chumhdófar leis an gcéad chreat airgeadais eile, déanfar na méideanna atá le cur ar fáil don Chróit i leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a ríomh ar bhonn acquis an Aontais is infheidhme an tráth sin. Déanfar na méideanna sin a oiriúnú i gcomhréir leis an sceideal seo a leanas maidir le céimniú isteach:
— |
70 % in 2014, |
— |
90 % in 2015, |
— |
100 % amhail ó 2016. |
4. A mhéid a cheadófar sin le teorainneacha acquis nua an Aontais, déanfar oiriúnú d'fhonn a áirithiú go ndéanfar méadú 2,33 oiread ar mhéid 2013 ar na cistí don Chróit sa bhliain 2014 agus go ndéanfar méadú 3 oiread ar mhéid 2013 sa bhliain 2015.
Airteagal 35
1. Ní bheidh feidhm maidir leis an gCróit ag Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (10), i rith na tréimhse cláraithe iomlán 2007-2013.
Sa bhliain 2013, cionroinnfear EUR 27,7 milliún (praghasanna reatha) ar an gCróit faoin gComhchuid maidir le Forbairt Tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle.
2. Leagtar amach bearta sealadacha breise maidir le forbairt tuaithe don Chróit in Iarscríbhinn VI.
3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a bhfuil gá leo le haghaidh chur i bhfeidhm Iarscríbhinn VI a ghlacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 90(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 13(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (11) nó i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha mar a chinntear sa reachtaíocht is infheidhme é.
4. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, aon oiriúnuithe is gá ar Iarscríbhinn VI chun comhchuibheas a áirithiú leis na rialacháin a bhaineann le forbairt tuaithe.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA EILE
Airteagal 36
1. Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar na tiomantais uile arna gabháil uirthi féin ag an gCróit le linn na caibidlíochta aontachais, lena n-áirítear na tiomantais sin nach mór a chomhlíonadh roimh dháta an aontachais nó faoin dáta sin. Áireofar ar an bhfaireachán a dhéanfaidh an Coimisiún táblaí faireacháin a thabharfar cothrom le dáta go tráthrialta, agallamh faoin gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cróite den pháirt eile (12) (dá ngairtear an “CCC” anseo feasta), misin measúnaithe piaraí, an clár eacnamaíoch réamhaontachais, fógraí fioscacha agus, nuair is gá, litreacha réamhrabhaidh chuig údaráis na Cróite. I bhfómhar 2011, déanfaidh an Coimisiún Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. I bhfómhar 2012, déanfaidh sé Tuarascáil Chuimsitheach Faireacháin a chur faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa. Le linn an phróiséis faireacháin, bainfidh an Coimisiún leas freisin as ionchur ó Bhallstáit agus cuirfidh sé ionchur ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta san áireamh de réir mar is iomchuí.
Díreofar leis an bhfaireachán a dhéanfaidh an Coimisiún ar na tiomantais arna ngabháil uirthi féin ag an gCróit i réimse na breithiúnachta agus na gceart bunúsach go háirithe (Iarscríbhinn VII), lena n-áirítear forbairt leanúnach a dhéanamh ar a bhfuil déanta aici maidir le hathchóiriú breithiúnach agus maidir le héifeachtúlacht bhreithiúnach, maidir le láimhseáil neamchlaonta ar chásanna coireanna cogaidh, agus maidir le leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe.
Ina theannta sin, díreofar leis an bhfaireachán a dhéanfaidh an Coimisiún ar réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, lena n-áirítear cur chun feidhme agus forfheidhmiú cheanglais an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha, maidir leis an gcomhar póilíneachta, maidir leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, agus maidir leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus in ábhair choiriúla, agus ar thiomantais i réimse an bheartais iomaíochta, lena n-áirítear athstruchtúrú an tionscail longthógála (Iarscríbhinn VIII) agus earnáil na cruach (Iarscríbhinn IX).
Mar dhlúthchuid dá tháblaí agus dá thuarascálacha tráthrialta faireacháin, eiseoidh an Coimisiún measúnuithe leathbhliantúla sa tréimhse roimh aontachas na Cróite maidir leis na tiomantais arna ngabháil uirthi féin ag an gCróit sna réimsí sin.
2. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, gach beart iomchuí a dhéanamh i gcás ina ndéanfar ábhair imní a shainaithint le linn an phróisis faireacháin. Ní choimeádfar na bearta ar bun go ceann treimhse is faide ná mar a bheidh fíor-riachtanach agus, ar aon chuma, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta céanna, iad a fhoirceannadh, nuair a bheidh aghaidh tugtha go héifeachtach ar na hábhair imní ábhartha.
Airteagal 37
1. Más rud é, go dtí deireadh tréimhse suas le trí bliana tar éis an aontachais, go dtiocfaidh deacrachtaí chun cinn atá tromchúiseach agus gur dóigh go leanfaidh siad ar aghaidh in aon earnáil den gheilleagar nó deacrachtaí a d'fhéadfadh trochlú tromchúiseach a thabhairt i gcion ar staid eacnamaíoch limistéir áirithe, féadfaidh an Chróit iarratas a dhéanamh ar údarú d'fhonn bearta cosanta a ghlacadh d'fhonn an staid sin a cheartú agus an earnáil i dtrácht a choigeartú de réir gheilleagar an mhargaidh inmheánaigh.
Féadfaidh aon Bhallstát láithreach, sna himthosca céanna, iarratas a dhéanamh ar údarú d'fhonn bearta cosanta a ghlacadh i dtaca leis an gCróit.
2. Ar iarraidh a fháil ón Stát i dtrácht, déanfaidh an Coimisiún, trí nós imeachta éigeandála, na bearta cosanta a chinneadh a mheasfaidh sé is gá agus sonróidh sé na coinníollacha agus na socruithe is infheidhme ina leith.
I gcás deacrachtaí eacnamaíocha tromchúiseacha agus ar iarraidh shainráite a fháil ón mBallstát i dtrácht, gníomhóidh an Coimisiún laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh, agus an fhaisnéis chúlra ábhartha ina teannta, a fháil. Beidh na bearta a chinnfear amhlaidh infheidhme láithreach, cuirfear san áireamh leo leas na bpáirtithe uile i dtrácht agus ní bhéarfaidh siad rialuithe teorann.
3. Féadfaidh maoluithe a bheith sna bearta atá údaraithe faoin Airteagal seo ar rialacha CAE, CFAE agus na hIonstraime seo go feadh cibé méid agus go ceann cibé tréimhsí a bheidh fíor-riachtanach chun cuspóirí na coimirce seo a ghnóthú. Tabharfar tosaíocht do na bearta is lú a shuaithfidh feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Airteagal 38
Más rud é go mainníonn an Chróit tiomantais a ghabhadh ar láimh i gcomhthéacs na caibidlíochta aontachais a chomhlíonadh, lena n-áirítear tiomantais i dtaca le haon bheartas earnálach a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil éifeacht trasteorann leo, agus go bhfuil sé sin ina chúis le sárú tromchúiseach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, nó le bagairt ar leasanna airgeadais an Aontais nó le garbhaol go mbeidh sárú den sórt sin nó bagairt den sórt sin ann, féadfaidh an Coimisiún, go dtí deireadh tréimhse suas le trí bliana tar éis dháta an aontachais, bearta iomchuí a ghlacadh, ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin.
Beidh na bearta sin comhréireach agus tabharfar tosaíocht leo do na bearta is lú a shuaithfidh feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus, nuair is iomchuí, do chur i bhfeidhm na sásraí coimirce earnálacha atá ann. Ní agrófar na bearta coimirce faoin Airteagal seo le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar thrádáil idir Ballstáit. Féadfar an clásal coimirce a agairt fiú amháin roimh an aontachas ar bhonn fhionnachtana an fhaireacháin agus tiocfaidh na bearta a ghlacfar i bhfeidhm amhail ar dháta an aontachais mura bhforálfar iontu do dháta níos déanaí. Ní choimeádfar na bearta ar bun go ceann tréimhse is faide ná mar a bheidh fíor-riachtacnach agus, ar aon chuma, foirceannfar iad nuair a bheidh an tiomantas ábhartha comhlíonta. Féadfar iad a chur i bhfeidhm, áfach, i ndiaidh na tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír fad nach mbeidh na tiomantais ábhartha comhlíonta. Mar fhreagra ar an dul chun cinn a dhéanfaidh an Chróit i gcomhlíonadh a tiomantas, féadfaidh an Coimisiún na bearta a oiriúnú de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas in am trátha sula ndéanfaidh sé na bearta coimirce a chúlghairm agus cuirfidh sé san áireamh go cuí aon bharúlacha ón gComhairle i dtaca leis sin.
Airteagal 39
Má tá easnaimh thromchúiseacha ann, nó aon gharbhaol go mbeidh easnaimh den sórt sin ann, sa Chróit i dtrasuí nó i staid chur chun feidhme na ngníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí de bhun Chuid a Trí, Teideal V CFAE agus na ngníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí roimh Chonradh Liospóin do theacht i bhfeidhm de bhun Theideal VI CAE nó de bhun Chuid a Trí, Teideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún, go dtí deireadh tréimhse suas le trí bliana tar éis an aontachais, ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin agus tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, bearta iomchuí a ghlacadh agus na coinníollacha agus na socruithe is infheidhme ina leith a shonrú.
Féadfaidh na bearta sin a bheith i bhfoirm fionraíochta sealadaí ar chur i bhfeidhm na bhforálacha agus na gcinntí ábhartha sa chaidreamh idir an Chróit agus aon Bhallstát eile nó aon Bhallstáit eile, gan dochar do leanúint den dlúthchomhar breithiúnach. Féadfar an clásal coimirce a agairt fiú amháin roimh an aontachas ar bhonn fhionnachtana an fhaireacháin agus tiocfaidh na bearta a ghlacfar i bhfeidhm amhail ar dháta an aontachais mura bhforálfar iontu do dháta níos déanaí. Ní choimeádfar na bearta ar bun go ceann tréimhse is faide ná mar a bheidh fíor-riachtanach agus, ar aon chuma, foiceannfar iad nuair a leigheasfar na heasnaimh. Féadfar iad a chur i bhfeidhm, áfach, i ndiaidh na tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír fad a leanfaidh na heasnaimh sin ar aghaidh. Mar fhreagra ar an dul chun cinn a dhéanfaidh an Chróit i gceartú na n-easnamh a shainaithneofar, féadfaidh an Coimisiún na bearta a oiriúnú de réir mar is iomchuí tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas in am trátha sula ndéanfaidh sé na bearta coimirce a chúlghairm agus cuirfidh sé san áireamh go cuí aon bharúlacha ón gComhairle i dtaca leis sin.
Airteagal 40
Chun nach gcuirfear treampán ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ní thiocfaidh rialuithe teorann idir Ballstáit as forfheidhmiú rialacha náisiúnta na Cróite i rith na n-idirthréimhsí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V.
Airteagal 41
Más gá bearta idirthréimhseacha chun an trasdul a éascú ón gcóras atá ann sa Chróit go dtí an córas a leanfaidh as an gcomhbheartas talmhaíochta a chur i bhfeidhm faoi na coinníollacha a leagtar amach san Ionstraim seo, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 195(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha le haghaidh táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (13) i gcomhar le hAirteagal 13(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) nó i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha arna chinneadh sa reachtaíocht is infheidhme. Féadfar na bearta sin a ghlacadh laistigh de thréimhse trí bliana ó dháta an aontachais agus beidh a gcur i bhfeidhm teoranta don tréimhse sin. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, an tréimhse sin a fhadú.
Féadfar na bearta idirthréimhseacha dá dtagraítear sa chéad mhír freisin a ghlacadh freisin roimh dháta an aontachais, más gá. Glacfaidh an Chomhairle na bearta sin ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún nó, i gcás ina ndéanfaidh siad difear d'ionstraimí arna nglacadh i dtosach ag an gCoimisiún, is é an Coimisiún a ghlacfaidh iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta is gá chun na hionstraimí i dtrácht a ghlacadh.
Airteagal 42
Más gá bearta idirthréimhseacha chun an trasdul a éascú ón gcóras atá ann sa Chróit go dtí an córas a leanfaidh as rialacha tréidliachta, fíteasláintíochta agus sábháilteachta bia an Aontais a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha arna chinneadh sa reachtaíocht is infheidhme. Glacfar na bearta sin laistigh de thréimhse trí bliana ó dháta an aontachais agus beidh a gcur i bhfeidhm teoranta don tréimhse sin.
Airteagal 43
Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di thrí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na téarmaí a shainiú faoina bhféadfar:
(a) |
an ceanglas i dtaca le dearbhú imeachta achomair a tharscaoileadh maidir leis na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 28(2) CFAE ar táirgí iad a fhágann críoch na Cróite chun críoch na Boisnia agus na Heirseagaivéine a thrasnú ag Neum (“conair Neum”); |
(b) |
an ceanglas i dtaca le dearbhú iontrála achomair a tharscaoileadh maidir leis na táirgí a thagann faoi raon feidhme phointe (a) nuair a théann siad isteach i gcríoch na Cróite arís tar éis críoch na Boisnia agus na Heirseagaivéine a thrasnú ag Neum. |
Airteagal 44
Féadfaidh an Coimisiún gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcoimeádfar an fhoireann reachtúil is gá ar bun sa Chróit ar feadh ocht mí dhéag ar a mhéad i ndiaidh an aontachais. I rith na tréimhse sin, maidir le hoifigigh, foireann shealadach agus foireann chonarthach a sannadh chuig poist sa Chróit roimh an aontachas agus a gceanglófar orthu fanacht i seirbhís sa Chróit tar éis dháta an aontachais, tairbheoidh siad de na dálaí céanna airgeadais agus ábhartha a bhí á gcur i bhfeidhm roimh an aontachas i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach a leagtar síos i Rialachán (CEE, CEFA, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (15). Beidh an caiteachas riaracháin, lena n-áirítear tuarastail d'fhoireann riachtanach eile, faoi chumhdach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
CUID A CÚIG
FORÁLACHA I dTAOBH AN IONSTRAIM SEO A CHUR CHUN FEIDHME
TEIDEAL I
OIRIÚNUITHE AR RIALACHA NÓS IMEACHTA NA nINSTITIÚIDÍ AGUS AR RIALACHA AGUS RIALACHA NÓS IMEACHTA NA gCOISTÍ
Airteagal 45
Déanfaidh na hinstitiúidí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta faoi seach dá bhforáiltear sna Conarthaí bunaidh, cibé oiriúnuithe ar a Rialacha Nós Imeachta is gá de thoradh an aontachais.
A luaithe is féidir tar éis an aontachais, déanfar na hoiriúnuithe sin a mbeidh gá leo de thoradh an aontachais ar rialacha na gCoistí a bunaíodh leis na Conarthaí bunaidh.
TEIDEAL II
INFHEIDHMEACHT GHNÍOMHARTHA NA nINSTITIÚIDÍ
Airteagal 46
Amhail ar an aontachas, measfar go ndearnadh treoracha agus cinntí de réir bhrí Airteagal 288 CFAE a dhíriú chuig an gCróit i gcomhréir leis na Conarthaí bunaidh. Ach amháin i gcás treoracha agus cinntí a tháinig i bhfeidhm de bhun an tríú fomhír d'Airteagal 297(1) agus an dara fomhír d'Airteagal 297(2) CFAE, measfar go bhfuair an Chróit fógra i dtaobh na dtreoracha agus na gcinntí sin amhail ón aontachas.
Airteagal 47
1. Cuirfidh an Chróit in éifeacht na bearta is gá chun go gcomhlíonfaidh sí, ó dháta an aontachais, forálacha treoracha agus cinntí de réir bhrí Airteagal 288 CFAE, mura ndéantar foráil maidir le teorainn ama eile san Ionstraim seo. Cuirfidh an Chróit na bearta sin in iúl don Choimisiún faoi dháta an aontachais nó, más déanaí ná sin a dhéanfar amhlaidh, laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear san Ionstraim seo.
2. A mhéid a éilíonn leasuithe a thugar isteach leis na Ionstraim seo ar threoracha de réir bhrí Airteagal 288 CFAE modhnú ar dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin na mBallstát láithreach, cuirfidh na Ballstáit láithreacha in éifeacht na bearta is gá chun na treoracha leasaithe a chomhlíonadh ó dháta aontachais na Cróite, mura ndéantar foráil maidir le teorainn ama eile san Ionstraim seo. Cuirfidh siad na bearta sin in iúl don Choimisiún faoi dháta an aontachais nó, más déanaí ná sin a dhéanfar amhlaidh, laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear san Ionstraim seo.
Airteagal 48
Déanfaidh an Chóit forálacha arna leagan síos le gníomhaíocht reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ceaptha chun cosaint a áirithiú, i gcríoch na Cróite, do shláinte oibrithe agus an ghnáthphobail ar na contúirtí a thig as radaíochtaí ianúcháin a chur i bhfios don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33 de Chonradh CEFA laistigh de thrí mhí ón aontachas.
Airteagal 49
Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a bheith tíolactha don Choimisiún ag an gCróit tráth nach déanaí ná dáta an aontachais, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, nó féadfaidh an Coimisiún más é an Coimisiún a ghlac an gníomh bunaidh, bearta a ghlacadh arb éard iad maoluithe sealadacha ar ghníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí idir an 1 Iúil 2011 agus dáta an aontachais. Glacfar na bearta i gcomhréir leis na rialacha vótála a rialaíonn glacadh an ghnímh a n-iarrtar maolú sealadach air. Má ghlactar na maoluithe sin tar éis an aontachais, féadfar iad a chur i bhfeidhm amhail ó dháta an aontachais.
Airteagal 50
Más gá gníomhartha na n-institiúidí arna nglacadh roimh an aontachas a oiriúnú de thoradh an aontachais agus mura bhforáiltear do na hoiriúnuithe is gá san Ionstraim seo nó sna hIarscríbhinní a ghabhann léí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, nó féadfaidh an Coimisiún más é an Coimisiún a ghlac an gníomh bunaidh, na gníomhartha is gá a ghlacadh chun na críche sin. Má ghlactar na gníomhartha sin tar éis an aontachais, féadfar iad a chur i bhfeidhm amhail ó dháta an aontachais.
Airteagal 51
Mura bhforáiltear a mhalairt san Ionstraim seo, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na bearta is gá a ghlacadh chun forálacha na hIonstraime seo a chur chun feidhme.
Airteagal 52
Amhail ó dháta an aontachais, is téacsanna údarásacha, faoi na coinníollacha céanna leis na téacsanna arna dtarraingt suas sna teangacha oifigiúla láithreacha, na téacsanna de ghníomhartha na n-institiúidí arna nglacadh roimh an aontachas agus arna dtarraingt suas ag na hinstitiúidí sin sa Chróitis. Foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh má foilsíodh na téacsanna sna teangacha oifigiúla láithreacha amhlaidh.
TEIDEAL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 53
Is cuid dhílis den Ionstraim seo iad Iarscríbhinní I go IX, na Foscríbhinní a ghabhann leo agus an Prótacal.
Airteagal 54
Cuirfidh Rialtas Phoblacht na hIodáile chuig Rialtas Phoblacht na Cróite cóip dheimhnithe den Chonradh ar an Aontas Eorpach, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus de na Conarthaí á leasú nó á bhforlíonadh, lena n-áirítear an Conradh i dtaobh aontachas Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, an Conradh i dtaobh aontachas na Poblachta Heilléanaí, an Conradh i dtaobh aontachas Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile, an Conradh i dtaobh aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne, an Conradh i dtaobh aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus an Conradh i dtaobh aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris.
Cuirfear téacsanna na gConarthaí dá dtagraítear sa chéad mhír, arna dtarraingt suas sa Chróitis, i gceangal leis an Ionstraim seo. Is téacsanna údarásacha faoi na coinníollacha céanna le téacsanna na gConarthaí sin arna dtarraingt suas sna teangacha oifigiúla láithreacha na téacsanna sin.
Airteagal 55
Cuirfidh an tArdrúnaí chuig Rialtas Phoblacht na Cróite cóip dheimhnithe de na comhaontuithe idirnáisiúnta a taisceadh i gcartlann Ardrúnaíocht na Comhairle.
(1) IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.
(2) IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.
(3) IO L 209, 11.8.2005, lch. 27, IO L 287, 28.10.2005, lch. 4 agus IO L 168M, 21.6.2006, lch. 33.
(4) IO L 287, 4.11.2010, lch. 3.
(6) IO L 79, 22.03.2002, lch. 42.
(7) IO L 210, 31.7.2006, lch. 82.
(8) IO L 248 19.9.2002, lch 1.
(9) IO L 170, 29.6.2007, lch. 1.
(10) IO L 277, 21.10.2005, lch. 1 agus IO L 286M, 4.11.2010, lch. 26.
(11) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(12) OJ L 26, 28.1.2005, lch. 3.
(13) IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.
(14) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(15) IO L 56, 04.03.1968, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
Liosta na gcoinbhinsiún agus na bprótacal dá n-aontaíonn Poblacht na Cróite ar an aontachas (dá dtagraítear in Airteagal 3(4) den Ionstraim Aontachais)
1. |
Coinbhinsiún an 23 Iúil 1990 maidir le cánachas dúbailte a dhíchur i ndáil le brabúis de chuid gnóthas comhlachaithe a choigeartú (IO L 225, 20.8.1990, lch. 10)
|
2. |
Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 316, 27.11.1995, lch. 49)
|
3. |
Coinbhinsiún an 26 Bealtaine 1997, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3(2)(c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO C 195, 25.6.1997, lch. 2) |
4. |
Coinbhinsiún an 18 Nollaig 1997, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le cúnamh frithpháirteach agus comhar idir riaracháin custaim (IO C 24, 23.1.1998, lch. 2) |
5. |
Coinbhinsiún an 17 Meitheamh 1998, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le dícháiliúcháin ón tiomáint (IO C 216, 10.7.1998, lch. 2) |
6. |
Coinbhinsiún an 29 Bealtaine 2000, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 3)
|
IARSCRÍBHINN II
Liosta de na forálacha de chuid acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh agus de na gníomhartha atá ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, a bheidh ina gceangal ar Phoblacht na Cróite agus infheidhme inti amhail ar an aontachas (dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Ionstraim Aontachais)
1. |
An Comhaontú dar dáta an 14 Meitheamh 1985 (1) idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile. |
2. |
Na forálacha seo a leanas den Choinbhinsiún a síníodh in Schengen ar an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, maille leis an Ionstraim Chríochnaitheach agus na Dearbhuithe Comhpháirteacha (2) a bhaineann leis, arna leasú le gníomhartha áirithe de na gníomhartha a liostaítear i mír 8 den Iarscríbhinn seo: Airteagal 1 a mhéid a bhaineann sé le forálacha na míre seo; Airteagal 26; Airteagal 39; Airteagail 44 go 49 (seachas Airteagal 47(4) agus Airteagal 49(a)), Airteagal 51, Airteagail 54 go 58; Airteagal 62(3); Airteagail 67 go 69; Airteagail 71 agus 72; Airteagail 75 agus 76; Airteagal 82; Airteagal 91; Airteagail 126 go 130 a mhéid a bhaineann siad le forálacha na míre seo; agus Airteagal 136; Dearbhuithe Comhpháirteacha 1 agus 3 den Ionstraim Chríochnaitheach. |
3. |
Na forálacha seo a leanas de na Comhaontuithe maidir le hAontachas leis an gCoinbhinsiún a síníodh in Schengen an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, maille le na nIonstraimí Críochnaitheacha agus na Dearbhuithe a bhaineann leo, arna leasú le gníomhartha áirithe de na gníomhartha a liostaítear i mír 8 den Iarscríbhinn seo:
|
4. |
Na comhaontuithe agus na socruithe seo a leanas a chuireann le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile:
|
5. |
Na forálacha de na Cinntí seo a leanas (féach IO L 239, 22.9.2000, lch. 1) ón gCoiste Feidhmiúcháin arna bhunú leis an gCoinbhinsiún a síníodh in Schengen an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, arna leasú le cinn áirithe de na gníomhartha a liostaítear i mír 8 den Iarscríbhinn seo:
|
6. |
Na Dearbhuithe seo a leanas (féach IO L 239, 22.9.2000, lch. 1) ón gCoiste Feidhmiúcháin arna bhunú leis an gCoinbhinsiún a síníodh in Schengen an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, a mhéad a bhaineann leis na forálacha i mír 2 den Iarscríbhinn seo:
|
7. |
Na Cinntí seo a leanas (féach IO L 239, 22.9.2000, lch. 1) ón Lárghrúpa arna bhunú leis an gCoinbhinsiún a síníodh in Schengen an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann siad leis na forálacha i mír 2 den Iarscríbhinn seo:
|
8. |
Na gníomhartha seo a leanas a chuireann le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile:
|
(1) IO L 239, 22.9.2000, lch. 13.
(2) IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.
(3) Fad nach mbeidh an Comhaontú sin tugtha i gcrích, a mhéid atá feidhm leis go sealadach.
IARSCRÍBHINN III
An liosta dá dtagraítear in Airteagal 15 den Ionstraim Aontachais: oiriúnuithe ar ghníomhartha a ghlac na hinstitiúidí
1. SAOIRSE CHUN SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR
32055 L 0036: Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
(a) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23(5): "5. Without prejudice to Article 43b, each Member State shall recognise evidence of formal qualifications as doctor giving access to the professional activities of doctor with basic training and specialised doctor, as nurse responsible for general care, as dental practitioner, as specialised dental practitioner, as veterinary surgeon, as midwife, as pharmacist and as architect held by nationals of the Member States and issued by the former Yugoslavia, or whose training commenced,
where the authorities of the aforementioned Member States attest that such evidence has the same legal validity within their territory as the evidence which they issue and, with respect to architects, as the evidence of formal qualifications specified for those Member States in Annex VI, point 6, as regards access to the professional activities of doctor with basic training, specialised doctor, nurse responsible for general care, dental practitioner, specialised dental practitioner, veterinary surgeon, midwife, pharmacist with respect to the activities referred to in Article 45(2), and architect with respect to the activities referred to in Article 48, and the pursuit of such activities. Such an attestation must be accompanied by a certificate issued by those same authorities stating that such persons have effectively and lawfully been engaged in the activities in question within their territory for at least three consecutive years during the five years prior to the date of issue of the certificate.". |
(b) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: "Article 43b Acquired rights in midwifery shall not apply to the following qualifications which were obtained in Croatia before 1 July 2013: viša medicinska sestra ginekološko-opstetričkog smjera (High Gynaecology-Obstetrical Nurse), medicinska sestra ginekološko-opstetričkog smjera (Gynaecology-Obstetrical Nurse), viša medicinska sestra primaljskog smjera (High Nurse with Midwifery Degree), medicinska sestra primaljskog smjera (Nurse with Midwifery Degree), ginekološko-opstetrička primalja (Gynaecology-Obstetrical Midwife) and primalja (Midwife).". |
2. DLÍ NA MAOINE INTLEACHTÚLA
I. AN TRÁDMHARC COMHPHOBAIL
32009 R 0207: Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 78, 24.3.2009, lch. 1).
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 165(1):
"1. As of the date of accession of Bulgaria, the Czech Republic, Estonia, Croatia, Cyprus, Latvia, Lithuania, Hungary, Malta, Poland, Romania, Slovenia and Slovakia (hereinafter referred to as "new Member State(s)"), a Community trade mark registered or applied for pursuant to this Regulation before the respective dates of accession shall be extended to the territory of those Member States in order to have equal effect throughout the Community.".
II. DEIMHNITHE FORLÍONTACHA COSANTA
1. |
31996 R 1610: Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le deimhniú forlíontach cosanta a chruthú le haghaidh táirgí cosanta plandaí (IO L 198, 8.8.1996, lch. 30).
|
2. |
32009 R 0469: Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte (IO L 152, 16.6.2009, lch. 1).
|
III. DEARAÍ COMHPHOBAIL
32002 R 0006: Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail (IO L 3, 5.1.2002, lch. 1).
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 110a(1):
"1. As of the date of accession of Bulgaria, the Czech Republic, Estonia, Croatia, Cyprus, Latvia, Lithuania, Hungary, Malta, Poland, Romania, Slovenia and Slovakia (hereinafter referred to as "new Member State(s)"), a Community design protected or applied for pursuant to this Regulation before the respective date of accession shall be extended to the territory of those Member States in order to have equal effect throughout the Community.".
3. SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS
32006 L 0048: Treoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le gabháil le gnó institiúidí creidmheasa agus lena shaothrú (athmhúnlú) (IO L 177, 30.6.2006, lch. 1).
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 2 i ndiaidh na hiontrála a bhaineann leis an bhFrainc:
"— |
sa Chróit, an "kreditne unije" agus an "Hrvatska banka za obnovu i razvitak"," |
4. TALMHAÍOCHT
1. |
31991 R 1601: Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna atá bunaithe ar fhíon cumhraithe agus manglaim de tháirgí fíona chumhraithe (IO L 149, 14.6.1991, lch. 1). In Iarscríbhinn II, cuirtear isteach an méid seo a leanas i ndiaidh an tsonra gheografaigh "Nürnberger Glühwein": "Samoborski bermet" |
2. |
32007 R 1234: Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch.1).
|
3. |
32008 R 0110: Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
|
4. |
32009 R 0073: Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 an 19 Eanáir 2009 ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d'fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d'fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).
|
5. IASCACH
1. |
32002 R 2371: Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 maidir le caomhnú agus saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh (IO L 358, 31.12.2002, lch. 59). Cuirtear na codanna seo a leanas le hIarscríbhinn I: "11. COASTAL WATERS OF CROATIA (2)
12. COASTAL WATERS OF SLOVENIA (3)
|
2. |
32006 R 1198: Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle an 27 Iúil 2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh (IO L 223, 15.8.2006, lch. 1).
|
6. CÁNACHAS
1. |
32006 L 0112: Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1). Cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 287:
|
2. |
32008 L 0118: Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleachta máil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12). Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46(3): "3. Without prejudice to Article 32, Member States not referred to in the third and fourth subparagraphs of Article 2(2) of Directive 92/79/EEC may, as regards cigarettes which may be brought into their territory without further payment of excise duties, apply from 1 January 2014 a quantitative limit of not less than 300 items with respect to cigarettes brought in from a Member State which applies, in accordance with the third and fourth subparagraphs of Article 2(2) of that Directive, lower excise duties than those resulting from the first subparagraph of Article 2(2) thereof. Member States referred to in the third and fourth subparagraphs of Article 2(2) of Directive 92/79/EEC which levy an excise duty of at least EUR 77 per 1 000 cigarettes irrespective of the weighted average retail selling price, may, from 1 January 2014, apply a quantitative limit of not less than 300 items as regards cigarettes brought into their territory without further payment of excise duties from a Member State which applies a lower excise duty in accordance with the third subparagraph of Article 2(2) of that Directive. Member States which apply a quantitative limit in accordance with the first and the second subparagraphs of this paragraph shall inform the Commission thereof. They may carry out the necessary checks provided that these checks do not affect the proper functioning of the internal market." |
7. BEARTAS RÉIGIÚNACH AGUS COMHORDÚ GNÍOMHARTHA STRUCHTÚRACHA
1. |
32006 R 1083: Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 25).
|
2. |
32006 R 1084: Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena mbunaítear Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1164/94 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 79). Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: "Article 5a Specific provisions following the accession of Croatia 1. Measures which, on the date of accession of Croatia, have been the subject of Commission decisions on assistance under Council Regulation (EC) No 1267/1999 of 21 June 1999 establishing an Instrument for Structural Policies for Pre-accession (8) and the implementation of which has not been completed by that date shall be considered to have been approved by the Commission under this Regulation. Without prejudice to paragraphs 2 to 5, the provisions governing the implementation of actions approved pursuant to this Regulation and to Council Regulation (EC) No 1083/2006 shall apply to the measures referred to in the first subparagraph of this paragraph. 2. Any procurement procedure relating to measures referred to in paragraph 1 which, on the date of accession, has already been the subject of an invitation to tender published in the Official Journal of the European Union shall be implemented in accordance with the rules laid down in that invitation to tender. Article 165 of Council Regulation (EC, Euratom) No 1605/2002 of 25 June 2002 on the Financial Regulation applicable to the general budget of the European Communities (9) shall not apply. Any procurement procedure relating to a measure referred to in paragraph 1 which, on the date of accession, has not yet been the subject of an invitation to tender published in the Official Journal of the European Union shall be implemented in compliance with the Treaties or of the acts adopted under the Treaties as well as with Article 9 of Regulation (EC) No 1083/2006. 3. Payments made by the Commission under a measure referred to in paragraph 1 shall be considered as a contribution from the Fund under this Regulation. Payments made by the Commission under a measure referred to in paragraph 1 shall be posted to the earliest open commitment made in the first instance pursuant to Regulation (EC) No 1267/1999, and then pursuant to this Regulation and to Regulation (EC) No 1083/2006. The conditions for interim payments or for the final balance are those set out in paragraph 2 (b) to (d) and paragraphs 3 to 5 of Article D in Annex II to Regulation (EC) No 1164/94. 4. For the measures referred to in paragraph 1, the rules governing the eligibility of expenditure pursuant to Regulation (EC) No 1267/1999 or specifically established in the relevant financing agreements shall remain applicable, except in duly justified cases to be decided on by the Commission at the request of Croatia. 5. If any measures are necessary to facilitate the transition of Croatia from the pre-accession regime to that resulting from the application of this Article, the Commission shall adopt the required measures.' |
8. COMHSHAOL
1. |
32003 L 0087: Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
|
2. |
32009 D 0406: Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú d'fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch.136). In Iarscríbhinn II, cuirtear isteach an méid seo a leanas i ndiaidh na hiontrála a bhaineann leis an bhFrainc:
|
(1) Ceilings calculated taking into account of the schedule of increments provided for in Article 121."
(2) The above mentioned regime shall apply from the full implementation of the arbitration award resulting from the Arbitration Agreement between the Government of the Republic of Slovenia and the Government of the Republic of Croatia, signed in Stockholm on 4 November 2009.
(3) The above mentioned regime shall apply from the full implementation of the arbitration award resulting from the Arbitration Agreement between the Government of the Republic of Slovenia and the Government of the Republic of Croatia, signed in Stockholm on 4 November 2009."
(4) In the case of operations referred to in Article 25(3), the (B) rates for Group 2 are increased by 20 percentage points. The (A) rates are reduced accordingly.
(5) In the case of operations referred to in Article 26(2) (investment on board within the meaning of Article 25 in small scale coastal fishing vessels), the (B) rates for Group 2 may be reduced by 20 percentage points. The (A) rates are increased accordingly.
(6) In case of operations referred to in Articles 29 and 35 when undertaken by enterprises not covered by the definition in Article 3(f) with less than 750 employees or with a turnover of less than EUR 200 million, the (B) rates are increased in the regions covered by the Convergence objective, with the exception of the outlying Greek islands and the Croatian islands Dugi otok, Vis, Mljet and Lastovo, by 30 percentage points and in the regions not covered by the Convergence objective by 20 percentage points. The (A) rates are reduced accordingly."
(7) OJ L 170, 29.6.2007, p. 1."
IARSCRÍBHINN IV
An liosta dá dtagraítear in Airteagal 16 den Ionstraim Aontachais: buanfhorálacha eile
1. DLÍ NA MAOINE INTLEACHTÚLA
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Cuid a Trí, Teideal II, Saorghluaiseacht Earraí
SÁSRA SONRACH
I dtaca leis an gCróit, féadfaidh sealbhóir paitinne nó Deimhnithe Fhorlíontaigh Chosanta (DFC) do tháirge íochshlaínte arna chomhdú nó arna chomhdú i mBallstát tráth nárbh fhéidir an chosaint sin a fháil don táirge sin sa Chróit, nó féadfaidh tairbhí an tsealbhóra sin, brath ar na cearta arna ndeonú leis an bpaitinn sin nó leis an DFC sin d’fhonn allmhairiú agus margú an táirge sin a chosc sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina dtairbhíonn an táirge i dtrácht de chosaint phaitinne nó de chosaint DFC, fiú más é an sealbhóir a chuir an táirge sin ar an margadh sa Chróit den chéad uair nó más le toiliú an tsealbhóra a rinneadh amhlaidh.
Aon duine a bhfuil sé ar intinn aige táirge íocshláinte a thagann faoi réim na chéad mhíre a allmhairiú nó a mhargú i mBallstát ina dtairbhíonn an táirge de chosaint phaitinne nó de chosaint DFC, taispeánfaidh sé do na húdaráis inniúla san iarratas i ndáil leis an allmhairiú sin gur tugadh réamhfhógra míosa do shealbhóir nó do thairbhí na cosanta.
2. BEARTAS IOMAÍOCHTA
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Cuid a Trí, Teideal VII, Caibidil 1, Rialacha Iomaíochta
1. |
Na scéimeanna cabhrach agus an chabhair leithleach seo a leanas arna gcur in éifeacht sa Chróit roimh dháta an aontachais agus atá fós infheidhme tar éis an dáta sin, measfar tráth an aontachais gurb éard iad cabhair atá ann de réir bhrí Airteagal 108(1) CFAE:
Gach beart atá fós infheidhme tar éis dháta an aontachais agus ar Státchabhair é agus nach gcomhallann na coinníollacha a leagtar amach thuas, measfar gur cabhair nua é tráth an aontachais chun Airteagal 108(3) CFAE a chur i bhfeidhm. Níl feidhm ag na forálacha thuas maidir le cabhair do ghníomhaíochtaí atá nasctha le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CAE agus le CFAE a tháirgeadh, a phróiseáil agus a mhargú. |
2. |
Sa mhéid gur mian leis an gCróit go scrúdódh an Coimisiún beart cabhrach faoin nós imeachta a thuairiscítear i bpointe (c) de mhír 1, soláthróidh sí go tráthrialta don Choimisiún:
i gcomhréir leis an bhformáid tuairiscithe shonrach arna soláthar ag an gCoimisiún. Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne an bhirt chabhrach atá ann ar bhonn go bhfuil amhras tromchúiseach ann i dtaobh an bhfuil an beart ag luí leis an margadh inmheánach, laistigh de thrí mhí tar éis dó faisnéis iomlán maidir leis an mbeart sin a fháil nó ráiteas a fháil ón gCróit ina gcuireann sí in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar iomlán toisc nach bhfuil an fhaisnéis bhreise a iarradh ar fáil nó gur soláthraíodh cheana í, measfar nach bhfuil an Coimisiún tar éis agóid a dhéanamh. Gach beart cabhrach chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin faoin nós imeachta a thuairiscítear i bpointe (c) de mhír 1 thuas roimh dháta an aontachais, tá sé faoi réir an nós imeachta sin, is cuma go bhfuil an Chróit tagtha chun bheith ina comhalta den Aontas le linn thréimhse na scrúdaithe. |
3. |
Maidir le cinneadh ón gCoimisiún agóid a dhéanamh i gcoinne birt, de réir bhrí phointe (c) de mhír 1, measfar gur cinneadh é an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle an 22 Márta 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 93 de Chonradh CE (1) a chur i bhfeidhm (Airteagal 108 CFAE anois). Má ghlactar cinneadh den sórt sin roimh dháta an aontachais, ní thiocfaidh an cinneadh i éifeacht go dtí dáta an aontachais. |
3. TALMHAÍOCHT
(a) An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Cuid a Trí, Teideal III, Talmhaíocht agus Iascach
1. |
Stoic phoiblí a bheidh i seilbh na Cróite ar dháta an aontachais agus a thig as beartas tacaíochta margaidh, gabhfaidh an tAontas iad ar an luach a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 4(1)(d) agus Iarscríbhinn VIII de Rialachán (CE) Uimh. 884/2006 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle maidir le maoiniú ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) do bhearta idirghabhála i bhfoirm oibríochtaí stórála poiblí agus maidir le cuntasaíocht a bheith á déanamh ag gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát ar na hoibríochtaí stórála poiblí (2). Ní ghabhfar na stoic sin ach amháin ar choinníoll go ndéanfar idirghabháil phoiblí san Aontas le haghaidh na táirgí i dtrácht agus go gcomhallann na stoic ceanglais idirghabhála an Aontais. |
2. |
I gcás aon stoic, cibé acu príobháideach nó poiblí atá i saorchúrsaíocht sa Chróit ar dháta an aontachais agus ar féidir a mheas gur mó a leibhéal ná le gnáth-thabhairt anonn stoic, beidh ar an gCróit íocaíocht a dhéanamh le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Socrófar méid na híocaíochta ar leibhéal a léiríonn an costas a bhaineann le tionchair an bharrachais stoic ar mhargaí táirgí talmhaíochta. Cinnfear leibhéal an bharrachais stoic do gach táirge ar leith agus tréithe gach táirge agus na margaí ábhartha á gcur san áireamh mar aon leis an reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme ina leith. |
3. |
Déanfar na stoic dá dtagraítear i mír 1 a asbhaint ón gcainníocht ar mó í ná gnáth-thabhairt anonn stoc. |
4. |
Déanfaidh an Coimisiún na socruithe a leagtar amach i míreanna 1 go 3 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 41(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (3) nó, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 195(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007, nó i gcomhréir leis an nós imeachta coiste ábhartha arna chinneadh sa reachtaíocht infheidhme. |
(b) An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Cuid a Trí, Teideal VII, Caibidil 1, Rialacha Iomaíochta
Gan dochar do na nósanna imeachta a bhaineann le cabhair atá ann dá bhforáiltear in Airteagal 108 CFAE, maidir le scéimeanna cabhrach agus cabhair leithleach arna ndeonú do ghníomhaíochtaí atá nasctha le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CAE agus CFAE a tháirgeadh agus a mhargú, amach ó tháirgí iascaigh agus táirgí arna ndíorthú uathu, arna gcur in éifeacht sa Chróit roimh dháta an aontachais agus atá fós infheidhme tar éis an dáta sin, measfar, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, gurb éard iad cabhair atá ann de réir bhrí Airteagal 108(1) CFAE:
— |
cuirfear na bearta cabhrach in iúl don Choimisiún laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an aontachais. Beidh sa mhéid a chuirfear in iúl faisnéis faoin mbunús dlí atá le gach beart. Bearta cabhrach atá ann agus pleananna chun cabhair a dheonú nó a athrú arna gcur in iúl don Choimisiún roimh dháta an aontachais, measfar go bhfuil siad curtha in iúl ar dháta an aontachais. Foilseoidh an Coimisiún liosta de chabhair den sórt sin. |
Measfar gur cabhair "atá ann" de réir bhrí Airteagal 108(1) CFAE na bearta cabhrach sin do thréimhse trí bliana ó dháta an aontachais.
Laistigh de thréimhse trí bliana ó dháta an aontachais, leasóidh an Chróit, más gá, na bearta cabhrach sin d'fhonn na treoirlínte arna gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún a chomhlíonadh. Tar éis na tréimhse sin, measfar gur cabhair nua í aon chabhair a gcinntear nach bhfuil sí ag luí leis na treoirlínte sin.
4. IASCACH
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Cuid a Trí, Teideal VII, Caibidil 1, Rialacha Iomaíochta
Gan dochar do na nósanna imeachta a bhaineann le cabhair atá ann dá bhforáiltear in Airteagal 108 CFAE, maidir le scéimeanna cabhrach agus cabhair leithleach arna ndeonú do ghníomhaíochtaí atá nasctha le táirgí iascaigh agus táirgí arna ndíorthú uathu a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CAE agus CFAE a tháirgeadh agus a mhargú, arna gcur in éifeacht sa Chróit roimh dháta an aontachais agus atá fós infheidhme tar éis an dáta sin, measfar, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, gurb éard iad cabhair atá ann de réir bhrí Airteagal 108(1) CFAE:
— |
cuirfear na bearta cabhrach in iúl don Choimisiún laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an aontachais. Beidh sa mhéid a chuirfear in iúl faisnéis faoin mbunús dlí atá le gach beart. Bearta cabhrach atá ann agus pleananna chun cabhair a dheonú nó a athrú arna gcur in iúl don Choimisiún roimh dháta an aontachais, measfar go bhfuil siad curtha in iúl ar dháta an aontachais. Foilseoidh an Coimisiún liosta de chabhair den sórt sin. Measfar gur cabhair "atá ann" de réir bhrí Airteagal 108(1) CFAE na bearta cabhrach sin do thréimhse trí bliana ó dháta an aontachais. Laistigh de thréimhse trí bliana ó dháta an aontachais, leasóidh an Chróit, más gá, na bearta cabhrach sin d'fhonn na treoirlínte arna gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún a chomhlíonadh. Tar éis na tréimhse sin, measfar gur cabhair nua í aon chabhair a gcinntear nach bhfuil sí ag luí leis na treoirlínte sin. |
5. AN tAONTAS CUSTAIM
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Cuid a Trí, Teideal II, Saorghluaiseacht Earraí, Caibidil 1, An t-aontas Custaim
31992 R 2913: Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).
31993 R 2454: Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail a chur chun feidhme (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1).
Beidh feidhm ag Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún maidir leis an gCróit faoi réir na bhforálacha sonracha seo a leanas.
CRUTHÚNAS AR STÁDAS AN AONTAIS (TRÁDÁIL LAISTIGH DEN AONTAS MÉADAITHE)
1. |
D’ainneoin Airteagal 20 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle, maidir le hearraí atá ar dháta an aontachais i stóráil shealadach nó faoi réir aon cheann de na córacha agus nósanna imeachta custaim dá dtagraítear in Airteagal 4(15)(b) agus (16)(b) go (h) den Rialachán sin san Aontas méadaithe, nó atá á n-iompar laistigh den Aontas méadaithe tar éis a bheith faoi réir foirmiúlachtaí custaim, beidh siad saor ó dhleachtanna custaim agus aon bhearta eile custaim nuair a dhearbhófar iad lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ar choinníoll go dtíolacfar aon cheann den chruthúnas seo a leanas:
|
2. |
Chun an cruthúnas dá dtagraítear i mír 1(b) a eisiúint i ndáil leis an staid ar dháta an aontachais agus i dteannta fhorálacha Airteagal 4(7) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle, ciallóidh "earraí Comhphobail":
|
3. |
Chun an cruthúnas a fhíorú dá dtagraítear i mír 1(a), beidh feidhm ag na forálacha sin a bhaineann leis an sainmhíniú "táirgí tionscnaimh" agus leis na modhanna comhair riaracháin faoi CCC. Ar feadh tréimhse trí bliana ón gcruthúnas ar thionscnamh i dtrácht a eisiúint nó a dhéanamh amach, glacfaidh údaráis inniúla custaim na mBallstát láithreach agus na Cróite le hiarrataí ar fhíorú iardain i ndáil le cruthúnas den sórt sin agus féadfaidh na húdaráis sin iarrataí den sórt sin a dhéanamh ar feadh tréimhse trí bliana tar éis glacadh leis an gcruthúnas ar thionscnamh mar thacaíocht le dearbhú saorchúrsaíochta. |
CRUTHÚNAS AR THIONSCNAMH FABHAIR (TRÁDÁIL LE TRÍÚ TÍORTHA, LENA nÁIRÍTEAR AN TUIRC, FAOI CHUIMSIÚ NA gCOMHAONTUITHE FABHAIR MAIDIR LE TALMHAÍOCHT, GUAL AGUS TÁIRGÍ CRUACH)
4. |
Gan dochar do chur i bhfeidhm aon bhirt a dhíorthaítear ón gcomhbheartas tráchtála, glacfar sa Chróit le cruthúnais ar thionscnamh arna eisiúint go cuí ag tríú tíortha nó arna dhéanamh amach faoi chuimsiú comhaontuithe fabhair arna dtabhairt i gcrích ag an gCróit leis na tríú tíortha sin, ar choinníoll:
I gcás earraí a bheith dearbhaithe lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chróit roimh dháta an aontachais, féadfar glacadh freisin sa Chróit le cruthúnas ar thionscnamh arna eisiúint nó arna dhéanamh amach go cúlghabhálach faoi chomhaontuithe fabhair atá i bhfeidhm sa Chróit ar dháta an scaoilte le haghaidh saorchúrsaíochta, ar choinníoll go dtíolacfar an cruthúnas sin ar thionscnamh do na húdaráis custaim laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an aontachais. |
5. |
Na húdaruithe lenar deonaíodh an stádas "onnmhaireoirí formheasta" faoi chuimsiú comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha, údaraítear don Chróit iad a choinneáil, ar choinníoll:
Déanfaidh an Chróit údaruithe nua arna n-eisiúint faoi choinníollacha reachtaíocht an Aontais a chur in ionad na n–údaruithe sin tráth nach déanaí ná bliain tar éis dháta an aontachais. |
6. |
Chun an cruthúnas dá dtagraítear i mír 4 a fhíorú, beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an sainmhíniú ar "táirgí tionscnaimh" agus ag modhanna comhair riaracháin na gcomhaontuithe ábhartha nó na socruithe ábhartha. Ar feadh tréimhse trí bliana tar éis an cruthúnas ar thionscnamh i dtrácht a eisiúint nó a dhéanamh amach, glacfaidh údaráis inniúla custaim na mBallstát láithreach agus na Cróite le hiarrataí ar fhíorú iardain i ndáil leis an gcruthúnas sin agus féadfaidh na húdaráis sin iarrataí den sórt sin a dhéanamh ar feadh tréimhse trí bliana tar éis glacadh leis an gcruthúnas ar thionscnamh mar thacaíocht le dearbhú saorchúrsaíochta. |
7. |
Gan dochar do chur i bhfeidhm aon bhirt a dhíorthaítear ón gcomhbheartas tráchtála, maidir le haon chruthúnas ar thionscnamh, arna eisiúint nó arna dhéanamh amach go cúlghabhálach ag tríú tíortha faoi chuimsiú comhaontuithe fabhair nó socruithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis na tríú tíortha sin nó arna nglacadh aige ina leith, glacfar leis sa Chróit d'fhonn earraí a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, ar earraí iad atá ar dháta an aontachais á n-iompar, i stóráil shealadach, i stóras custaim nó i saorchrios i gceann amháin de na tríú tíortha sin nó sa Chróit, ar choinníoll nach raibh, tráth eisithe na ndoiciméad iompair, comhaontú saorthrádála leis an tríú tír i bhfeidhm i gcás na dtáirgí sin ag an gCróit, agus ar choinníoll:
|
8. |
Chun na cruthúnais dá dtagraítear i mír 7 a fhíorú, beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an sainmhíniú ar "táirgí tionscnaimh" agus ag modhanna comhair riaracháin na gcomhaontuithe ábhartha nó na socruithe ábhartha. |
CRUTHÚNAS AR STÁDAS FAOI NA FORÁLACHA MAIDIR LE SAORCHÚRSAÍOCHT LE hAGHAIDH TÁIRGÍ TIONSCLAÍOCHA LAISTIGH d'AONTAS CUSTAIM AE-NA TUIRCE
9. |
Cruthúnais ar thionscnamh arna eisiúint go cuí ag an Tuirc nó ag an gCróit nó arna dhéanamh amach faoi chuimsiú comhaontuithe fabhair trádála arna gcur i bhfeidhm eatarthu agus lena bhforáiltear do thoirmeasc ar aisíocaíocht dleachtanna custaim ar na hearraí i dtrácht nó aon fhionraí ar na dleachtanna sin, glacfar leo sna tíortha faoi seach mar chruthúnas ar stádas faoi na forálacha maidir le saorchúrsaíocht i gcás táirgí tionsclaíocha arna leagan síos i gCinneadh Uimh. 1/95 ó Chomhairle Chomhlachais AE-na Tuirce an 22 Nollaig 1995 maidir leis an gcéim dheireanach den Aontas Custaim a chur chun feidhme (4) (dá ngairtear "Cinneadh Uimh. 1/95" anseo feasta) ar choinníoll:
Nuair atá earraí dearbhaithe lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Tuirc nó sa Chróit roimh dháta an aontachais, faoi chuimsiú na gcomhaontuithe fabhair trádála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar glacadh freisin leis an gcruthúnas ar thionscnamh arna eisiúint nó arna dhéanamh amach go cúlghabhálach faoi na comhaontuithe sin ar choinníoll go dtíolacfar do na húdaráis custaim é laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an aontachais. |
10. |
Chun an cruthúnas dá dtagraítear i mír 9 a fhíorú, beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an sainmhíniú ar "táirgí tionscnaimh" agus ag modhanna comhair riaracháin na gcomhaontuithe fabhair ábhartha. Ar feadh tréimhse trí bliana tar éis an cruthúnas ar thionscnamh i dtrácht a eisiúint nó a dhéanamh amach, glacfaidh údaráis inniúla custaim na mBallstát láithreach agus na Cróite le hiarrataí ar fhíorú iardain i ndáil leis an gcruthúnas sin agus féadfaidh na húdaráis sin iarrataí den sórt sin a dhéanamh ar feadh tréimhse trí bliana tar éis glacadh leis an gcruthúnas ar thionscnamh mar thacaíocht le dearbhú saorchúrsaíochta. |
11. |
Gan dochar do chur i bhfeidhm aon bhirt a dhíorthaítear ón gcomhbheartas tráchtála, déanfar teastas gluaiseachta A.TR arna eisiúint faoi na forálacha maidir le saorchúrsaíocht i gcás táirgí tionsclaíocha arna leagan síos i gCinneadh Uimh. 1/95, a ghlacadh sa Chróit chun earraí a scaoileadh le haghaidh saorchursaíochta, ar earraí iad atá ar dháta an aontachais á n-iompar tar éis a bheith faoi réir foirmiúlachtaí onnmhairíochtaí laistigh den Aontas nó sa Tuirc, nó atá i stóráil shealadach, nó faoin nós imeachta custaim dá dtagraítear in Aireagal 4(16)(b) go (h) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle sa Tuirc nó sa Chróit, ar choinníoll:
|
12. |
Chun na teastais ghluaiseachta A.TR dá dtagraítear i mír 11 a fhíorú, beidh feidhm ag na forálacha maidir le heisiúint teastas gluaiseachta A.TR agus leis na modhanna comhair riaracháin faoi Chinneadh Uimh. 1/2006 ó Choiste AE-na Tuirce um Chomhar Custaim an 26 Iúil 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 1/95 ó Chomhairle Chomhlachais AE-na Tuirce (5). |
NÓSANNA IMEACHTA CUSTAIM
13. |
An stóráil shealadach agus na nósanna imeachta custaim dá dtagraítear in Airteagal 4(16)(b) go (h) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle agus a thosaigh roimh an aontachas, déanfar iad a chríochnú nó a urscaoileadh faoi choinníollacha reachtaíocht an Aontais. Nuair a éiríonn fiachas custaim as an gcríochnú nó as an urscaoileadh, is é an méid dleachta allmhairíochta a bheidh le híoc an méid atá i bhfeidhm i gcomhréir leis an gComhtharaif Chustaim nuair a thabhaítear an fiachas custaim agus measfar gur acmhainní dílse an Aontais an méid arna íoc. |
14. |
Beidh feidhm maidir leis an gCróit ag na nósanna imeachta lena rialaítear stórasú custaim agus a leagtar síos in Airteagail 84 go 90 agus 98 go 113 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle agus Airteagail 496 go 535 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún faoi réir na bhforálacha sonracha seo a leanas:
|
15. |
Beidh feidhm maidir leis an gCróit ag na nósanna imeachta lena rialaítear próiseáil isteach agus a leagtar síos in Airteagail 84 go 90 agus 114 go 129 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle agus Airteagail 496 go 523 agus 536 go 550 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún faoi réir na bhforálacha sonracha seo a leanas:
|
16. |
Beidh feidhm ag na nósanna imeachta lena rialaítear allmhairiú sealadach agus a leagtar síos in Airteagail 84 go 90 agus 137 go 144 de Rialachán (CEE) Uimh.2913/92 ón gComhairle agus Airteagail 496 go 523 agus 553 go 584 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún maidir leis an gCróit faoi réir na bhforálacha sonracha seo a leanas:
|
17. |
Beidh feidhm ag na nósanna imeachta lena rialaítear próiseáil amach agus a leagtar síos in Airteagail 84 go 90 agus 145 go 160 de Rialachán (CEE) Uimh.2913/92 ón gComhairle agus Airteagail 496 go 523 agus 585 go 592 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún maidir leis an gCróit faoi réir na bhforálacha sonracha seo a leanas:
|
FORÁLACHA EILE
18. |
Maidir le húdaruithe arna ndeonú ag an gCróit roimh dháta an aontachais i gcomhiar úsáid na nósanna imeachta custaim dá dtagraítear in Airteagal 4(16)(d), (e) agus (g) nó i gcomhair stádais Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe a dtagritear in Airteagal 5a(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle, beidh siad bailí go dtí deireadh a mbailíochta nó go dtí deireadh bliana amháin ó dháta an aontachais, cibé acu is túisce. |
19. |
Beidh feidhm maidir leis an gCróit ag na nósanna imeachta lena rialaítear tabhú fiachais custaim, iontráil sna cuntais agus gnóthú iar-imréitigh a leagtar síos in Airteagail 201 go 232 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle agus Airteagail 859 go 876a de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisún faoi réir na bhforálacha sonracha seo a leanas:
|
20. |
Beidh feidhm ag na nósanna imeachta lena rialaítear aisíoc agus loghadh dleachta agus a leagtar síos in Airteagail 235 go 242 de Rialachán (CEE) Uimh.2913/92 ón gComhairle agus in Airteagail 877 go 912 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún maidir leis an gCróit faoi réir na bhforálacha sonracha seo a leanas:
|
(1) IO L 83, 27.3.1999, lch. 1.
(2) IO L 171, 23.6.2006, lch. 35 agus IO L 326 M, 10.12.2010, lch. 70.
(3) IO L 209, 11.08.2005, lch. 1.
(4) IO L 35, 13.2.1996, lch. 1.
(5) IO L 265, 26.09.2006, lch. 18.
Foscríbhinn a ghabhann le hIARSCRÍBHINN IV
An liosta de na bearta cabhrach atá ann dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den sásra cabhrach atá ann dá bhforáiltear i Roinn 2 ("Beartas iomaíochta")
Nóta: |
Na bearta cabhrach a liostaítear san Fhoscríbhinn seo, ní mheasfar gurb éard iad cabhair atá ann ach amháin chun an sásra cabhrach atá ann agus a leagtar amach i Roinn 2 a chur i bhfeidhm a mhéid a dtagann siad faoi raon feidhme fhomhír 1 den Chaibidil sin. |
Uimhir Chlárúcháin. |
Teideal (sa bhunteanga) |
Dáta a bhformheasta ag Gníomhaireacht Iomaíochta na Cróite |
Fad tréimhse |
||
BS |
Uimh. |
Bl. |
|||
HR |
1 |
2011 |
Zakon o slobodnim zonama (NN 44/96, 92/05, 85/08) |
17/06/2008 |
31/12/2016 |
HR |
3 |
2011 |
Zakon o Hrvatskoj radioteleviziji (NN 137/10) |
21/10/2010 |
Gan teorainn |
HR |
4 |
2011 |
Odluka o otvorenosti Zračne luke Osijek d.o.o. u razdoblju od 2009. do 2013. godine, od 20. veljače 2009. i 24. travnja 2009. |
25/05/2009 |
31/12/2013 |
HR |
5 |
2011 |
Program financiranja nakladništva od 2011. do 2013. |
10/02/2011 |
31/12/2013 |
HR |
6 |
2011 |
Naknadno odobrenje državnih potpora poduzetniku Rockwool Adriatic d.o.o. |
30/12/2010 |
31/12/2015 |
HR |
9 |
2011 |
Zakon o znanstvenoj djelatnosti i visokom obrazovanju (NN 123/03, 198/03, 105/04, 174/04, 46/07) |
01/02/2007 |
31/12/ 2014 |
HR |
10 |
2011 |
Odluka o obvezi otvorenosti Zračne luke Rijeka d.o.o. za javni zračni promet u razdoblju od 2010. do 2014., od 25. siječnja 2010. i 3 studenoga 2010. |
10/03/2011 |
31/12/ 2014 |
IARSCRÍBHINN V
An liosta dá dtagraítear in Airteagal 18 den Ionstraim Aontachais: bearta idirthréimhseacha
1. SAORGHLUAISEACHT EARRAÍ
32001 L 0083: Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gCód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
De mhaolú ar na ceanglais cáilíochta, sábháilteachta agus éifeachtúlachta a leagtar síos i dTreoir 2001/83/CE, fanfaidh údaruithe margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte bailí, ar údaruithe iad nach bhfuil faoi réir Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (1) agus atá ar an liosta (san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo arna cur ar fáil ag an gCróit) arna eisiúint faoi dhlí na Cróite roimh dháta an aontachais, go dtí go ndéanfar iad a athnuachan i gcomhlíonadh acquis an Aontais nó go dtí ceithre bliana ó dháta an aontachais, cibé acu is túisce.
Ní thairbheoidh na húdaruithe margaíochta a chumhdaítear leis an maolú seo d'aitheantas frithpháirteach sna Ballstáit fad nach mbeidh na táirgí sin údaraithe i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE.
Amhail ó dháta an aontachais, beidh na húdaruithe margaíochta náisiúnta arna ndeonú faoin dlí náisiúnta roimh an aontachas nach mbeidh cumhdaithe leis an maolú seo, mar aon le gach údarú margaíochta nua, de réir Threoir 2001/83/CE.
2. SAORGHLUAISEACHT DAOINE
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
31996 L 0071: Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).
32004 L 0038: Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
32011 R 0492: Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (IO L 141, 27.5.2011, lch 1).
1. |
I dtaca le saorghluaiseacht oibrithe agus saoirse seirbhísí lena mbaineann gluaiseacht shealadach oibrithe mar a shainítear in Airteagal 1 de Threoir 96/71/CE í a sholáthar, idir an Chróit ar thaobh amháin agus gach ceann de na Ballstáit láithreacha ar an taobh eile, ní bheidh feidhm iomlán ag Airteagal 45 ná ag an gcéad mhír d’Airteagal 56 CFAE ach amháin faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i míreanna 2 go 13. |
2. |
De mhaolú ar Airteagail 1 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus go dtí deireadh na tréimhse dhá bhliain tar éis dháta an aontachais, cuirfidh na Ballstáit láithreacha i bhfeidhm bearta náisiúnta, nó bearta a thig as socruithe déthaobhacha, lena rialaítear rochtain ar a margaí saothair ag náisiúnaigh de chuid na Cróite. Féadfaidh na Ballstáit láithreacha leanúint de bhearta den sórt sin a chur i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse cúig bliana tar éis dháta an aontachais. Maidir le náisiúnaigh de chuid na Cróite a bheidh ag obair go dleathach ar dháta an aontachais i mBallstát láithreach agus a bheidh ligthe isteach ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos faide gan bhriseadh, tairbheoidh siad de rochtain ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin ach ní thairbheoidh siad de rochtain ar mhargadh saothair Ballstáit eile a chuireann bearta náisiúnta i bhfeidhm. Maidir le náisiúnaigh de chuid na Cróite a ligfear isteach ar mhargadh saothair Ballstáit láithrigh tar éis an aontachais ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos faide gan bhriseadh, tairbheoidh siad freisin de na cearta céanna. Scoirfidh na náisiúnaigh de chuid na Cróite dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír de na cearta dá dtagraítear sna fomhíreanna sin a thairbhiu má fhágann siad margadh saothair an Bhallstáit láithrigh i dtrácht go deonach. Maidir le náisiúnaigh de chuid na Cróite a bheidh ag obair go dleathach i mBallstát láithreach ar dháta an aontachais nó le linn tréimhse ina mbeidh bearta náisiúnta i bhfeidhm agus a ligeadh isteach ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin ar feadh tréimhse is giorra ná 12 mhí, ní thairbheoidh siad de na cearta dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír. |
3. |
Roimh dheireadh na tréimhse dhá bhliain tar éis dháta an aontachais, déanfaidh an Chomhairle oibriú na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos i mír 2 a athbhreithniú ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún. Tráth críochnaithe an athbhreithnithe sin, agus tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse dhá bhliain tar éis dháta an aontachais, tabharfaidh na Ballstáit láithreacha fógra don Choimisiún á rá cé acu an leanfaidh siad de bhearta náisiúnta nó bearta a thig as comhaontuithe déthaobhacha a chur i bhfeidhm nó an gcuirfidh siad Airteagail 1 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Cheal fógra den sórt sin, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011. |
4. |
Ar iarraidh a fháil ón gCróit, féadfar athbhreithniú amháin eile a dhéanamh. Beidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3 agus críochnófar é laistigh de shé mhí tar éis an iarraidh a fháil ón gCróit. |
5. |
Aon Bhallstát a dhéanann bearta náisiúnta nó bearta a thig as comhaontuithe déthaobhacha a choimeád ar bun ag deireadh na tréimhse cúig bliana dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh sé, i gcás ina dtarlaíonn suaitheadh tromchúiseach ar a mhargadh saothair nó ina bhfuil bagairt ann go dtarlóidh a leithéid agus tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún, leanúint de na bearta sin a chur i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse seacht mbliana tar éis dháta an aontachais. Cheal fógra den sórt sin, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011. |
6. |
I rith na tréimhse seacht mbliana tar éis dháta an aontachais, maidir leis na Ballstáit sin ina mbeidh feidhm ag Airteagail 1 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 i leith náisiúnach de chuid na Cróite, de bhua mhíreanna 3, 4 nó 5, agus a eisíonn ceadanna oibre chuig náisiúnaigh de chuid na Cróite chun críocha faireacháin i rith na tréimhse sin, déanfaidh siad amhlaidh go huathoibríoch. |
7. |
Na Ballstáit ina mbeidh feidhm ag Airteagail 1 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 i leith náisiúnach de chuid na Cróite, de bhua mhíreanna 3, 4 nó 5, féadfaidh siad dul ar iontaoibh na nósanna imeachta a leagtar amach sa dara fomhír agus sa tríú fomhír go dtí deireadh na tréimhse seacht mbliana tar éis dháta an aontachais. Nuair a tharlóidh suaitheadh ar mhargadh saothair ceann de na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír a d'fhéadfadh a bheith ina bhagairt thromchúiseach don chaighdeán maireachtála nó don leibhéal fostaíochta i réigiún nó i ngairm áirithe, nó nuair a dhéanfaidh an Ballstát sin suaitheadh den sórt sin a thuar, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi agus déanfaidh sé na sonraí uile ábhartha a sholáthar dóibh. Ar bhonn na faisnéise sin, féadfaidh an Ballstát sin a iarraidh ar an gCoimisiún a dhearbhú go bhfuil cur i bhfeidhm Airteagail 1 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 á fhionraí go hiomlán nó go páirteach, d’fhonn an staid sa réigiún nó sa ghairm sin a athbhunú ina gnáthriocht. Tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ar an bhfionraí agus ar a ré agus a raon feidhme agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoina chinneadh. Laistigh de dhá sheachtain ón gcinneadh ón gCoimisiún, féadfaidh aon Bhallstát, a iarraidh ar an gComhairle an cinneadh sin a neamhniú nó a leasú. Gníomhóidh an Chomhairle ar an iarraidh sin trí thromlach cáilithe laistigh de dhá sheachtain. I gcásanna práinneacha agus eisceachtúla, féadfaidh Ballstát dá dtagraítear sa chéad fhomhír cur i bhfeidhm Airteagail 1 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 a fhionraí agus fógra réasúnaithe ex-post a thabhairt don Choimisiún ina dhiaidh sin. |
8. |
Fad a bheidh cur i bhfeidhm Airteagail 1 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ar fionraí de bhua mhíreanna 2 go 5 agus 7 thuas, beidh feidhm ag Airteagal 23 de Threoir 2004/38/CE sa Chróit i leith náisiúnach de chuid na mBallstát láithreach, agus sna Ballstáit láithreacha i leith náisiúnach de chuid na Cróite, faoi na coinníollacha seo a leanas, a mhéid a bhaineann leis an gceart atá ag baill de theaghlaigh oibrithe gabháil le fostaíocht:
Ní dochar na forálacha seo do bhearta níos fabhraí, bíodh siad ina mbearta náisiúnta nó ina mbearta a thig as comhaontuithe déthaobhacha. |
9. |
Sa mhéid nach bhféadfar na forálacha de chuidThreoir 2004/38/CE lena n-athghabhtar forálacha Threoir 68/360/CEE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1968 maidir le srianta a dhíothú ar ghluaiseacht agus cónaí sa Chomhphobal d'oibrithe ó na Ballstáit agus dá dteaghlaigh (2) a dhealú ó na forálacha sin de chuid Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 a gcuirtear siar a gcur i bhfeidhm de bhun mhíreanna 2 go 5 agus 7 agus 8, féadfaidh an Chróit agus na Ballstáit láithreacha maolú ar na forálacha sin a mhéid is gá chun míreanna 2 go 5 agus 7 agus 8 a chur i bhfeidhm. |
10. |
Aon uair a chuirfidh na Ballstáit láithreacha bearta náisiúnta nó bearta a thig as comhaontuithe déthaobhacha i bhfeidhm de bhua na mbeart idirthréimhseach a leagtar síos thuas, féadfaidh an Chróit bearta coibhéiseacha a choimeád i bhfeidhm i leith náisiúnach de chuid an Bhallstáit nó na mBallstát a bheidh i gceist. |
11. |
Féadfaidh aon Bhallstát láithreach, agus bearta náisiúnta á gcur i bhfeidhm aige i gcomhréir le míreanna 2 go 5 agus 7 go 9, saorghluaiseacht is mó ná mar a bheidh ann ar dháta an aontachais, lena n-áirítear rochtain iomlán ar an margadh saothair, a thabhairt isteach faoin dlí náisiúnta. Ón tríú bliain tar éis dháta an aontachais, féadfaidh aon Bhallstát láithreach a chuireann bearta náisiúnta i bhfeidhm a chinneadh tráth ar bith Airteagail 1 go 6 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 a chur i bhfeidhm ina n-ionad. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh den sórt sin. |
12. |
Chun díriú ar shuaitheadh tromchúiseach, nó chun díriú ar bhagairt go mbeidh suaitheadh tromchúiseach ann, in earnálacha seirbhíse sonracha íogaire ar mhargaí saothair na Gearmáine agus na hOstaire a d'fhéadfadh teacht chun cinn i réigiúin áirithe de dhroim soláthar trasnáisiúnta seirbhísí, mar a shainítear in Airteagal 1 de Threoir 96/71/CE é, agus fad a dhéanfaidh siad bearta náisiúnta nó bearta a thig as comhaontuithe déthaobhacha a chur i bhfeidhm, de bhua na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach thuas, maidir le saorghluaiseacht oibrithe de chuid na Cróite, féadfaidh an Ghearmáin agus an Ostair maolú ar an gcéad mhír d'Airteagal 56 CFAE tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún, d'fhonn teorainn a chur, i gcomhthéacs seirbhísí a sholáthar ag cuideachtaí arna mbunú sa Chróit, le gluaiseacht shealadach oibrithe a mbeidh a gceart gabháil le hobair sa Ghearmáin agus san Ostair faoi réir beart náisiúnta. Is é seo a leanas liosta na n-earnálacha seirbhíse a d’fhéadfaí a fholú leis an maolú seo:
A mhéid a mhaolóidh an Ghearmáin nó an Ostair ar an gcéad mhír d'Airteagal 56 CFAE i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh an Chróit, tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún, bearta coibhéiseacha a ghlacadh. Ní leanfaidh as an mír seo a chur i bhfeidhm gur sriantaí na coinníollacha do ghluaiseacht shealadach oibrithe i gcomhthéacs soláthair thrasnáisiúnta seirbhísí idir an Ghearmáin nó an Ostair agus an Chróit ná na coinníollacha a bheidh ann ar dháta sínithe an Chonartha Aontachais. |
13. |
Ní leanfaidh as míreanna 2 go 5 agus 7 go 11 a chur i bhfeidhm gur sriantaí na coinníollacha rochtana do náisiúnaigh de chuid na Cróite ar mhargaí saothair na mBallstát láithreach ná na coinníollacha a bheidh ann ar dháta sínithe an Chonartha Aontachais. D'ainneoin chur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos i míreanna 1 go 12, i rith aon tréimhse ina gcuirfear i bhfeidhm bearta náisiúnta nó bearta a thig as comhaontuithe déthaobhacha, tabharfaidh na Ballstáit láithreacha fabhar d'oibrithe is náisiúnaigh de chuid na mBallstát seachas d'oibrithe is náisiúnaigh de chuid tríú tíortha i dtaca le rochtain ar a margadh saothair. Maidir le hoibrithe imirceacha de chuid na Cróite agus a dteaghlaigh a mbeidh cónaí orthu agus a bheidh ag obair go dleathach i mBallstát eile nó maidir le hoibrithe imirceacha ó Bhallstáit eile agus a dteaghlaigh a mbeidh cónaí orthu agus a bheidh ag obair go dleathach sa Chróit, ní chuirfear cóir níos sriantaí orthu ná mar a chuirfear ar oibrithe imirceacha ó thríú tíortha agus a dteaghlaigh a mbeidh cónaí orthu agus a bheidh ag obair sa Bhallstát sin nó sa Chróit faoi seach. Ina theannta sin, agus prionsabal an fhabhair Comhphobail á chur i bhfeidhm, ní chuirfear cóir níos fabhraí ar oibrithe imirceacha ó thríú tíortha a mbeidh cónaí orthu agus a bheidh ag obair sa Chróit ná mar a chuirfear ar náisiúnaigh de chuid na Cróite. |
3. SAORGHLUAISEACHT CAIPITIL
An Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Maidir leis na srianta a leagtar síos san Acht um Thalamh Talmhaíochta (OG 152/08) de chuid na Cróite, amhail mar atá sé i bhfeidhm ar dháta sínithe an Chonartha Aontachais i dtaca le náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile nó de chuid na Stát is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (CLEE) agus daoine dlítheanacha arna bhfoirmiú i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile nó Stát CLEE d'fháil talún talmhaíochta, féadfaidh an Chróit iad a choimeád ar bun, d'ainneoin na n-oibleagáidí faoi na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, ar feadh seacht mbliana ó dháta an aontachais. Ní fhéadfar i gcás ar bith, áfach, cóir is lú fabhar a chur ar náisiúnach de chuid Ballstáit ná ar dhuine dlítheanach arna fhoirmiú i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile i leith talamh talmhaíochta a fháil ná an chóir a chuirtear ar an náisiúnach nó ar an duine sin ar dháta sínithe an Chonartha Aontachais ná cóir níos sriantaí a chur ar an náisiúnach nó ar an duine sin ná an chóir a chuirtear ar náisiúnach nó ar dhuine dlítheanach de chuid tríú tír.
Feirmeoirí féinfhostaithe is náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile agus ar mian leo iad féin a bhunú agus cónaí a bheith orthu sa Chróit, ní bheidh siad faoi réir fhorálacha na chéad mhíre ná aon rialach agus nósanna imeachta seachas na rialacha agus na nósanna imeachta sin a bhfuil náisiúnaigh de chuid na Cróite faoina réir.
Déanfar athbhreithniú ginearálta ar an mbeart idirthréimhseach sin faoi dheireadh an tríú bliain tar éis dháta an aontachais. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh an idirthréimhse a shonraítear sa chéad mhír a ghiorrú nó deireadh a chur léi.
Má tá cruthúnas leordhóthanach ann go dtarlódh, ar dhul in éag don idirthréimhse, suaitheadh tromchúiseach ar mhargadh talún talmhaíochta na Cróite, nó go mbeadh bagairt ann go dtarlódh a leithéid, déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil ón gCróit, cinneadh i dtaobh an idirthréimhse a fhadú ar feadh trí bliana. Féadfar fadú sin na hidirthréimhse a theorannú go dtí limistéir roghnaithe gheografacha a ndéantar difear dóibh go háirithe.
4. TALMHAÍOCHT
I. BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA DON CHRÓIT
1. |
32001 L 0113: Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 a bhaineann le subha torthaí, glóthacha, marmaláidí agus purée cnó capaill milsithe atá beartaithe lena gcaitheamh ag daoine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 67). De mhaolú ar an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 8, ceadófar táirgí a ainmnítear faoi na hainmneacha "domaća marmelada" agus "ekstra domaća marmelada" a mhargú ar mhargadh na Cróite go dtí go nglanfar na stoic atá ann cheana ar dháta an aontachais. |
2. |
32006 R 0510: Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le sonraí geografacha agus ainmníochtaí tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus earraí bia a chosaint (IO L 93, 31.3.2006, lch. 12 agus IO L 335M, 13.12.2008, lch. 213).
|
3. |
32007 R 1234: Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch.1).
|
4. |
32009 R 0073: Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d'fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d'fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).
|
II. CUÓTA TARAIFE IDIRTHRÉIMHSEACH LE hAGHAIDH SIÚCRA CÁNA AMH LENA MHÍNGHLANADH
Is é 40 000 tona siúcra cána amh lena mhínghlanadh, faoi réir dleachta allmhairíochta EUR 98,00 in aghaidh an tona, an cuóta allmhairíochta neamhspleách bliantúil erga omnes a chuirfear in áirithe don Chróit ar feadh tréimhse suas le trí bliana margaíochta tar éis an aontachais ag. Má osclaítear cuótaí siúcra cúiteacha roimh dheireadh na hidirthréimhse mar gheall ar chaibidlíocht le Comhaltaí eile den Eagraíocht Dhomhanda Trádála i gcomhréir le hAirteagal XXIV.6 den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil maidir le coigeartú cúiteach tar éis aontachas na Cróite, cuirfear deireadh, go hiomlán nó go páirteach, leis an gcuóta 40 000 tona arna leithdháileadh ar an gCróit nuair a osclófar na cuótaí siúcra cúiteacha. Glacfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme is gá i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 195(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 13(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
III. BEARTA SEALADACHA ÍOCAÍOCHTAÍ DÍREACHA DON CHRÓIT
Déanfar íocaíochtaí díreacha arna ndeonú d'fheirmeoirí don bhliain 2013 a aisíoc ar an gcoinníoll go gcuirfidh an Chróit rialacha i bhfeidhm roimh an aontachas, ar rialacha iad atá comhionann leis na rialacha a leagtar amach le haghaidh na n-íocaíochtaí díreacha sin i Rialachán (CE) 73/2009 ón gComhairle, agus i Rialachán (CE) Uimh.1120/2009 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe do chur chun feidhme na scéime íocaíochta aonair dá bhforáiltear i dTeideal III de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d'fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d'fheirmeoirí (5), i Rialachán (CE) Uimh.1121/2009 ón gCoimisiún an 29 Deireadh fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir leis na scéimeanna tacaíochta d'fheirmeoirí dá bhforáiltear i dTeidil IV agus V de (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir le tras-chomhlíonadh, le modhnú agus leis an gcóras riaracháin agus rialaithe lánpháirtithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d'fheirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir le tras-chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a chuirtear ar fáil le haghaidh earnáil an fhíona (7).
5. SÁBHÁILTEACHT BIA, BEARTAS TRÉIDLIACHTA AGUS FÍTEASLÁINTÍOCHTA
I. BÉARÓGA
31999 L 0074: Treoir 1999/74/CE ón gComhairle an 19 Iúil 1999 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun béaróga a chosaint (IO L 203, 3.8.1999, lch 53).
De mhaolú ar Airteagal 6 de Threoir 1999/74//CE ón gComhairle, féadfar béaróga a bheidh ag breith ar dháta an aontachais a choimeád i gcásanna nach bhfuil de réir na gceanglas struchtúrach a leagtar síos san Airteagal sin. Áiritheoidh an Chróit go gcuirfear deireadh le húsáid na gcásanna sin 12 mhí tar éis an aontachais ar a dhéanaí.
Is ar mhargadh náisiúnta na Cróite amháin a chuirfear uibheacha ó na cásanna neamhfheabhsaithe sin. Sainaithneofar na huibheacha sin agus a bpacáistíocht go soiléir le marc speisialta, rud lena gceadófar na rialuithe is gá. Cuirfear tuairisc shoiléir ar an marc speisialta sin chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná bliain roimh dháta an aontachais.
II. BUNAÍOCHTAÍ (FEOIL, BAINNE, IASC AGUS SEACHTHÁIRGÍ AINMHÍOCHA)
32004 R 0852: Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).
32004 R 0853: Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).
32009 R 1069: Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhíocha agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhíocha) (IO L 300, 14.11.2009, lch 1).
1. |
Maidir leis na ceanglais struchtúracha a leagtar síos:
ní bheidh feidhm acu go dtí an 31 Nollaig 2015 maidir le bunaíochtaí áirithe sa Chróit in earnáil na feola, earnáil an bhainne, earnáil an éisc agus in earnáil na seachtháirgí ainmhíocha, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos thíos. |
2. |
Fad is tairbhe mír 1 do na bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den mhír sin, ní chuirfear táirgí de thionscnamh na mbunaíochtaí sin ach amháin ar mhargadh náisiúnta na Cróite nó ar mhargaí tríú tíortha i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, ná ní úsáidfear iad ach amháin le haghaidh próiseáil bhreise i mbunaíochtaí sa Chróit a chumhdaítear freisin le mír 1, beag beann ar an dáta margaíochta. |
3. |
Beidh ar bhia ó bhunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 marc sláinte nó marc aitheantais a bheidh éagsúil leis an marc dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004. Cuirfear tuairisc shoiléir ar an marc sláinte éagsúil nó ar an marc aitheantais éagsúil sin chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná bliain roimh dháta an aontachais. |
4. |
Tá feidhm ag míreanna 2 agus 3 freisin maidir leis na táirgí go léir de thionscnamh bunaíochtaí lánpháirtithe feola, bainne nó iascaigh nuair atá cuid den bhunaíocht faoi réir mhír 1. |
5. |
Déanfaidh an Chróit faireachán leanúnach ar chur chun feidhme an chláir náisiúnta chun bunaíochtaí a uasghrádú agus cuirfidh sí plean bliantúil ar an dul chun cinn ina leith sin ar fáil don Choimisiún. Áiritheoidh an Chróit go ndéanfar plean aonair uasghrádaithe do gach ceann de na bunaíochtaí sin móide spriocdhátaí le haghaidh cheartú na gceanglas struchtúrach a mhionsaothrú agus an plean sin a chur ar fáil don Choimisiún ar sin a iarraidh. |
6. |
In am trátha roimh an aontachas, déanfaidh an Coimisiún liosta de na bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a bhunú. Cuirfear an liosta sin ar fáil don phobal agus beidh ainm agus seoladh gach bunaíochta air. |
7. |
Maidir le haon bhunaíochtaí a mhainneoidh acquis an Aontais maidir le sábháilteacht bia a chomhlíonadh go hiomlán faoi thráth an aontachais, áiritheoidh an Chróit go gcuirfidh siad deireadh lena ngníomhaíochtaí ach amháin sa chás ina dtagann siad faoi réim fhorálacha an bhirt idirthréimhsigh seo. |
8. |
Maidir le Rialacháin (CE) Uimh. 852/2004 agus Uimh. 853/2004, féadfar rialacha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 12 agus leis an dara mír d'Airteagal 9 de na Rialacháin sin faoi seach, chun oibriú rianúil an chórais idirthréimhsigh a áirithiú. |
9. |
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, féadfar rialacha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52(4) den Rialachán sin, chun oibriú rianúil an chórais idirthréimhsigh a áirithiú. |
III. SÍOLTA A MHARGÚ
32002 L 0053: Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le catalóg coiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch.1).
32002 L 0055: Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).
Féadfaidh an Chróit cur i bhfeidhm Airteagal 4(1) de Threoir 2002/53/CE agus Airteagal 4(1) de Threoir 2002/55/CE a chur siar go dtí an 31 Nollaig 2014 maidir le síolta de na cineálacha a liostaítear ina catalóga náisiúnta de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta agus de chineálacha speiceas plandaí glasraí faoi seach nár glacadh go hoifigiúil leo i gcomhréir leis na Treoracha sin a mhargú ina críoch. Le linn na tréimhse sin, ní dhéanfar na síolta sin a mhargú i gcríoch na mBallstát eile.
IV. NEUM
31997 L 0078: Treoir 97/78/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 lena leagtar síos na prionsabail lena rialaítear eagrú seiceálacha tréidliachta ar tháirgí a thagann isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha (IO L 24, 30.1.1998, lch. 9).
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
"Article 1
1. Veterinary checks on products from third countries introduced into one of the territories listed in Annex I shall be carried out by Member States in accordance with this Directive and with Regulation (EC) No 882/2004 of the European Parliament and of the Council of 29 April 2004 on official controls performed to ensure the verification of compliance with feed and food law, animal health and animal welfare rules (9).
2. By way of derogation from paragraph 1, consignments of products coming from the territory of Croatia and transiting through the territory of Bosnia and Herzegovina at Neum ("Neum corridor") before re-entering the territory of Croatia via the points of entry at Klek or Zaton Doli, may be exempted from the veterinary checks, subject to compliance with the following requirements:
(a) |
Croatia shall have in place, on or before the date of accession, points of entry to the north and south of the Neum corridor that are equipped, staffed and prepared to ensure compliance with the requirements of this paragraph; |
(b) |
Croatia shall ensure that:
|
(c) |
Croatia shall ensure that consignments are not allowed to re-enter Croatia's territory where:
|
(d) |
Croatia shall regularly and as necessary inform the Commission of any non-compliance with the requirements of point (b) and of the measures it has taken under point (c). |
(e) |
Where necessary, a decision to suspend or withdraw the derogation from paragraph 1 shall be adopted in accordance with the procedure laid down in Article 29. |
(f) |
Where necessary, detailed rules for the application of this paragraph may be adopted in accordance with the procedure laid down in Article 29. |
6. IASCACH
32006 R 1967: Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11. Leagan ceartaithe in IO L 36, 8.2.2007, lch. 6).
(a) |
De mhaolú ar Airteagal 13(1) agus (2), ceadófar go sealadach, go dtí an 30 Meitheamh 2014, do shoithí atá cláraithe i réigiún Istria Thiar agus atá ag feidhmiú ansin tráil ghrinnill a úsáid ag fad íosta 1,5 míle farraige amach ón gcósta i ndoimhneachtaí is lú ná 50 méadar. Beidh feidhm ag an maolú sin sa limistéar a ainmnítear mar Istria Thiar, a shainítear ón bpointe arb iad a chomhordanáidí geografacha φ=44.52135 agus λ=14.29244 agus líne ó thuaidh díreach agus líne siar díreach. I gcás soithí ar lú a bhfad foriomlán ná 15 mhéadar, ceadófar don Chróit go dtí an 30 Meitheamh 2014, tráil ghrinnill a úsáid ag fad íosta 1 mhíle farraige amach ón gcósta i ndoimhneachtaí os cionn 50 méadar, agus na srianta spáis agus ama eile go léir arna gcur i bhfeidhm ar dháta an aontachais á gcomhlíonadh. |
(b) |
De mhaolú ar Airteagal 17(1), beidh cead ag líon teoranta soithí a áirítear sa chatagóir shonrach iascaigh neamhthráchtála ar a dtugtar "ceardiascaireacht mhionscála le haghaidh riachtanas pearsanta", nach mó a líon ná 2 000 soitheach, 200 méadar eangach geolbhaí ar a mhéad a úsáid go dtí an 31 Nollaig 2014, ar choinníoll go mbeidh na srianta eile go léir arna gcur i bhfeidhm ar dháta an aontachais fós i bhfeidhm. Déanfaidh an Chróit liosta de na soithí a chumhdaítear leis an idirthréimhse sin, lena n-áirítear a dtréithe agus a dtoilleadh, arna lua i dtéarmaí olltonnáiste agus kW a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar dháta an aontachais ar a dhéanaí. |
7. BEARTAS IOMPAIR
1. |
31992 R 3577: Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar maidir le hiompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch. 7). Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 6: "4. By way of derogation from the second subparagraph of Article 4(1), public service contracts concluded before the date of Croatia's accession may continue to be applied until 31 December 2016. 5. By way of derogation from Article 1(1), until 31 December 2014, cruise services carried out between Croatian ports by ships smaller than 650 gross tonnes shall be reserved to ships registered in, and flying the flag of, Croatia, which are operated by shipping companies, established in accordance with Croatian law, and whose principal place of business is situated, and effective control exercised, in Croatia. 6. By way of derogation from Article 1(1), and for the transitional period until 31 December 2014, the Commission may, upon a substantiated request by a Member State, decide, within 30 working days of receipt of the relevant request, that ships benefiting from the derogation set out in paragraph 5 of this Article shall not carry out cruise services between ports of certain areas of a Member State other than Croatia where it is demonstrated that the operation of these services seriously disturbs or threatens to seriously disturb the internal transport market in the areas concerned. If after the period of 30 working days the Commission has taken no decision, the Member State concerned shall be entitled to apply safeguard measures until the Commission has taken its decision. In the event of an emergency, the Member State may unilaterally adopt appropriate provisional measures which may remain in force for no more than three months. That Member State shall immediately inform the Commission thereof. The Commission may abrogate the measures or confirm them until it takes its final decision. Member States shall be kept informed." |
2. |
32009 R 1072: Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (athmhúnlú) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72). De mhaolú ar Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
Féadfaidh Ballstáit a bhfuil an beart idirthréimhseach dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc den chéad mhír á chur i bhfeidhm acu údaruithe cabatáiste a mhalartú diaidh ar ndiaidh ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha leis an gCróit. Ní leanfaidh as na socruithe idirthréimhseacha dá dtagraítear sa chéad mhír agus sa dara mír gur sriantaí an rochtain a bheidh ag iompróirí de chuid na Cróite ar chabatáiste in aon Bhallstát ná an rochtain a bheidh ann tráth sínithe an Chonartha Aontachais. |
8. CÁNACHAS
1. |
31992 L 0079: Treoir 92/79/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le cánacha ar thoitíní a chomhfhogasú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 8). Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 2(2): "Croatia shall be allowed a transitional period until 31 December 2017 in order to reach the requirements laid down in the first and second subparagraphs. However, as of 1 January 2014 the excise duty shall not be less than EUR 77 per 1 000 cigarettes irrespective of the weighted average retail selling price." |
2. |
32006 L 0112: Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
|
9. SAOIRSE, SLÁNDÁIL AGUS CEARTAS
32006 R 0562: Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
"Airteagal 19a
De mhaolú ar fhorálacha an Rialachán seo maidir le pointí trasnaithe teorann a bhunú, agus go dtí teacht i bhfeidhm cinnidh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le forálacha acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán sa Chróit de bhun Airteagal 4(2) den Ionstraim Aontachais nó go dtí go leasófar an Rialachán seo chun go n-áireofar forálacha ann lena rialófar rialú teorann ag comhphointí trasnaithe teorann, cibé acu is túisce, féadfaidh an Chróit na comhpointí trasnaithe teorann ag a teorainn leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a choimeád. Ag na comhphointí trasnaithe teorann seo, déanfaidh gardaí teorann de chuid páirtí amháin seiceálacha teacht isteach agus imeachta i gcríoch an pháirtí eile. Déanfar gach seiceáil teacht isteach agus imeachta ag gardaí teorann de chuid na Cróite i gcomhlíonadh acquis an Aontais, lena n-áirítear oibleagáidí na mBallstát maidir le cosaint idirnáisiúnta agus neamh-refoulement. Chun na críche sin leasófar, más gá, na comhaontuithe déthaobhacha ábhartha lena mbunaítear na comhphointí trasnaithe teorann atá i gceist."
10. COMHSHAOL
I. REACHTAÍOCHT CHOTHROMÁNACH
1. |
32003 L 0087: Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
|
2. |
32010 R 0920: Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le córas caighdeánaithe daingnithe clárlann de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 270, 14.10.2010, lch. 1). Beidh feidhm ag Airteagail 16, 29, 41, 46 agus 54, agus Iarscríbhinn VIII, a bhaineann leis na gníomhaíochtaí eitlíochta, sa Chróit amhail ón 1 Eanáir 2014. |
II. CÁILÍOCHT AN AEIR
32008 L 0050: Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008. lch. 1).
(a) |
De mhaolú ar Iarscríbhinn XIV, is í an dara bliain tar éis dheireadh bhliain aontachais na Cróite bliain tagartha na chéad mhíre i bpointe A. Is é meántiúchan na bliana aontachais agus na chéad bhliana agus an dara bliain tar éis bhliain an aontachais a úsáidfear mar Tháscaire Neamhchosanta Meánaí don bhliain tagartha sin. |
(b) |
De mhaolú ar Iarscríbhinn XIV, pointe B, déanfar an sprioc laghdaithe neamhchosanta a ríomh i ndáil leis an Táscaire Neamhchosanta Meánaí sa bhliain tagartha arb í an dara bliain í tar éis dheireadh bhliain aontachais na Cróite. |
III. BAINISTIÚ DRAMHAÍOLA
31999 L 0031: Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).
(a) |
De mhaolú ar phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 5(2), beidh feidhm sa Chróit, i gcomhréir leis na spriocdhátaí a shonraítear thíos, ag an gceanglas an méid dramhaíola cathrach in-bhithdhíghrádaithe a théann chuig láithreáin líonta talún a laghdú chuig 75 %, 50 % agus 35 % faoi seach den mhéid iomlán (de réir meáchain) dramhaíola cathrach in-bhithdhíghrádaithe a táirgeadh in 1997. Áiritheoidh an Chróit go laghdófar de réir a chéile an méid dramhaíola cathrach in-bhithdhíghrádaithe a théann chuig láithreáin líonta talún de réir na scéime seo a leanas:
|
(b) |
De mhaolú ar Airteagal 14(c), beidh na láithreáin líonta talún atá sa Chróit cheana de réir cheanglais na Treorach faoin 31 Nollaig 2018 seachas na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I, pointe 1. Áiritheoidh an Chróit laghdú comhleanúnach ar an dramhaíl arna cur i láithreáin líonta talún neamhchomhlíontacha atá ann i gcomhréir leis na cainníochtaí uasta bliantúla seo a leanas:
Faoin 31 Nollaig gach bliain, ag tosú le bliain an aontachais, soláthróidh an Chróit don Choimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme comhleanúnach na Treorach agus maidir le comhlíonadh spriocanna idirmheánacha. |
IV. CÁILÍOCHT AN UISCE
1. |
31991 L 0271: Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40). De mhaolú ar Airteagail 3, 4, 5, 6 agus 7, beidh feidhm sa Chróit amhail ón 1 Eanáir 2024 ag na ceanglais le haghaidh córas bailithe agus le haghaidh cóireáil fuíolluisce uirbigh i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:
|
2. |
31998 L 0083: Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha lena ól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32). De mhaolú ar an Treoir sin, beidh feidhm ag na paraiméadair mhicribhitheolaíocha agus ag na paraiméadair táscaire a leagtar síos i gCuid A agus i gCuid C, faoi seach, d'Iarscríbhinn I maidir leis na criosanna soláthair uisce sa Chróit amhail ón 1 Eanáir 2019:
|
V. COSC AGUS RIALÚ LÁNPHÁIRTITHE AR AN TRUAILLIÚ
1. |
31999 L 0013: Treoir 1999/13/CE ón gComhairle an 11 Márta 1999 maidir le teorainn a chur le hastaíochtaí comhdhúile soghalaithe orgánacha de bharr tuaslagóirí orgánacha a úsáid i ngníomhaíochtaí agus i suiteálacha áirithe (IO L 85, 29.3.1999, lch. 1).
|
2. |
32001 L 0080: Treoir 2001/80/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le teorainn a chur le hastaíochtaí truailleán áirithe san aer ó ollghléasraí dócháin (IO L 309, 27.11.2001, lch. 1). De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (3), beidh feidhm ag na luachanna teorann astaíochta le haghaidh dé-ocsaíde sulfair, ocsaídí nítrigine agus deannaigh maidir leis na gléasraí seo a leanas sa Chróit amhail ón 1 Eanáir 2018:
|
3. |
32008 L 0001: Treoir 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le cosc agus rialú lánpháirtithe ar thruailliú (Leagan códaithe) (IO L 24, 29.1.2008, lch. 8). De mhaolú ar Airteagal 5(1), ní bheidh feidhm ag na ceanglais le haghaidh deonú ceadanna do shuiteálacha atá ann maidir leis na suiteálacha seo a leanas sa Chróit ach amháin amhail ón dáta a shonraítear do gach suiteáil, a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid na suiteálacha sin a oibriú i gcomhréir le luachanna teorann astaíochta, paraiméadair choibhéiseacha nó bearta teicniúla, bunaithe ar na teicníochtaí is fearr atá ar fáil de réir Airteagal 2(12):
|
VI. CEIMICEÁIN
32006 R 1907: Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún mar aon le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CEE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(a) |
De mhaolú ar Airteagal 23(1) agus (2) agus Airteagal 28 ina sainmhínítear an spriocdháta chun na substaintí a luaitear ann a chlárú agus a réamhchlárú, deonófar tréimhse oiriúnaithe sé mhí ó dháta an aontachais do mhonaróirí, d'allmhaireoirí agus do tháirgeoirí earraí a bheidh bunaithe sa Chróit chun substaintí céimnithe isteach a réamhchlárú. Beidh na dátaí don chéad agus don dara spriocdháta clárúcháin a leagtar amach in Airteagal 23(1) agus (2) ann 12 mhí ó dháta an aontachais. |
(b) |
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 6, 7, 9, 17, 18 agus 33 sa Chróit ar feadh tréimhse sé mhí ó dháta an aontachais. |
(c) |
De mhaolú ar na socruithe idirthréimhseacha a shonraítear le haghaidh aon substainte a luaitear in Iarscríbhinn XIV, má thagann an dáta is deireanaí chun iarratas a dhéanamh roimh dháta an aontachais nó tráth is luaithe ná sé mhí tar éis an dáta sin, deonófar tréimhse oiriúnaithe sé mhí ó dháta an aontachais d'iarratasóirí a bheidh bunaithe sa Chróit, agus caithfear iarratais ar údaruithe a bheith faighte faoi dheireadh na tréimhse sin. |
(1) IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.
(2) IO L 257, 19.10.1968, lch. 13. An Treoir arna leasú an uair dheireanach le hIonstraim Aontachais 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 33) agus arna haisghairm le héifeacht ón 30 Aibreán 2006 le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(3) NACE: féach 31990 R 3037: Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1990 maidir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (IO L 293, 24.10.1990, lch. 1).
(4) NACE: féach 31990 R 3037: Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1990 maidir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (IO L 293, 24.10.1990, lch. 1).
(5) IO L 316, 2.12.2009, lch. 1.
(6) IO L 316, 2.12.2009, lch. 27.
(7) IO L 316, 2.12.2009, lch. 65.
(8) IO L 54, 26.2.2011, lch. 1.
(9) OJ L 165, 30.4.2004, p. 1."
Foscríbhinn a ghabhann le hIARSCRIBHINN V
Liosta (1) , arna sholáthar ag an gCróit, de tháirgí íocshláinte a bhfanfaidh údarú margaíochta arna eisiúint ina leith faoi dhlí na Cróite roimh dháta an aontachais bailí go dtí go ndéanfar é a athnuachan i gcomhlíonadh acquis an Aontais, nó go dtí an 30 Meitheamh 2017, cibé acu is túisce.
Má áirítear táirge íocshláinte ar an liosta, ní léiriú ann féin é sin i dtaobh an bhfuil údarú margaíochta i gcomhlíonadh acquis an Aontais ag an táirge íocshláinte i dtrácht.
(1) Féach IO C 119 E, 24.4.2012.
IARSCRÍBHINN VI
Forbairt tuaithe (dá dtagraítear in Airteagal 35(2) den Ionstraim Aontachais)
BEARTA SEALADACHA BREISE MAIDIR LE FORBAIRT TUAITHE DON CHRÓIT
A. Tacaíocht d'fheirmeacha leathchothaitheacha atá á n-athchóiriú
I gcreat reachtach na forbartha tuaithe don chlárthréimhse 2014-2020, maidir leis an gCróit, deonófar tacaíocht speisialta d'fheirmeoirí i leith gabhaltas leathchothaitheach talmhaíochta de bhun na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle i leith iarratas a bheidh formheasta faoin 31 Nollaig 2017, ar choinníoll nach bhfuil aon bhearta ginearálta comhchosúla agus/ná aon tacaíocht ghinearálta chomhchosúil beartaithe sa rialachán nua maidir le forbairt tuaithe don chlárthréimhse 2014-2020.
B. Grúpaí táirgeoirí
I gcreat reachtach na forbartha tuaithe don chlárthréimhse 2014-2020, maidir leis an gCróit, deonófar tacaíocht speisialta, de bhun na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 35 de Rialachán Uimh. (CE) 1698/2005 ón gComhairle, do ghrúpaí táirgeoirí a bheidh aitheanta ag údarás inniúil na Cróite faoin 31 Nollaig 2017, chun a chumasú grúpaí tairgeoirí a bhunú agus a fheidhmiú ó thaobh riaracháin de, ar choinníoll nach bhfuil aon bhearta ginearálta comhchosúla agus/ná aon tacaíocht ghinearálta chomhchosúil beartaithe sa rialachán nua maidir le forbairt tuaithe don chlárthréimhse 2014-2020.
C. Leader
I gcreat reachtach na forbartha tuaithe don chlárthréimhse 2014-2020, maidir leis an gCróit, socrófar ranníocaíocht íosta CETFT leis an gclár forbartha tuaithe do Leader ar leibhéal is ionann, ar an meán, agus an leathchuid ar a laghad den chéatadán den bhuiséad a bheidh infheidme maidir leis na Ballstáit eile, má shocraítear ceanglas den sórt sin.
D. Comhlánuithe ar íocaíochtaí díreacha
1. |
Féadfar tacaíocht a dheonú d'fheirmeoirí atá incháilithe le haghaidh íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha nó cabhair dhíreach náisiúnta chomhlántach faoi Airteagal 132 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle. |
2. |
Ní mó an tacaíocht a dheonófar d'fheirmeoir i dtaca leis na blianta 2014, 2015, 2016 ná an méid a leanas:
|
3. |
Ní mó ranníocaíocht an Aontais leis an tacaíocht a dheonófar faoin bhforoinn D seo sa Chróit maidir leis na blianta 2014, 2015 agus 2016 ná 20 % dá chionroinnt bhliantúil iomlán CETFT. |
4. |
Ní mó ráta rannchuidithe an Aontais maidir leis na comhlánuithe ar íocaíochtaí díreacha ná 80 %. |
E. Ionstraim um chúnamh réamhaontachais - Forbairt tuaithe
1. |
Féadfaidh an Chróit leanúint de chonarthaí a dhéanamh nó de thiomantais a ghabháil uirthi féin faoi chlár IPARD faoi Rialachán (CE) Uimh. 718/2007 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2007 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 lena mbunaítear ionstraim um chúnamh réamhaontachais (IPA) go dtí go dtosaíonn sí ar chonarthaí a dhéanamh nó ar thiomantais a ghabháil uirthi féin faoin Rialachán ábhartha maidir le forbairt tuaithe (1). Cuirfidh an Chróit in iúl don Choimisiún an dáta ar a gcuirfidh sí tús le conarthaí a dhéanamh nó le tiomantais a ghabháil uirthi féin faoin Rialachán ábhartha um fhorbairt tuaithe. |
2. |
Glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun na críche sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun na críche sin, déanfaidh an Coiste IPA dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún. |
F. Meastóireacht ex-post IPARD
I gcreat reachtach na forbartha tuaithe don chlárthréimhse 2014 -2020, maidir le cur chun feidhme chlár IPARD don Chróit, féadfaidh go mbeidh caiteachas a bhaineann leis an meastóireacht ex-post ar chlár IPARD dá bhforáiltear in Airteagal 191 de Rialachán (CE) Uimh. 718/2007 ón gCoimisiún incháilithe faoi chúnamh teicniúil.
G. Nuachóiriú gabháltas talmhaíochta
I gcreat reachtach na forbartha tuaithe don chlárthréimhse 2014-2020, maidir leis an gCróit, is é an déine uasta a bheidh ann do chúnamh chun gabháltais talmhaíochta a nuachóiriú 75% de mhéid na hinfheistíochta incháilithe le haghaidh chur chun feidhme Threoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le cosaint uiscí ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (2), laistigh d'uastréimhse ceithre bliana ó dháta an aontachais de bhun Airteagal 3(2) agus Airteagal 5(1) den Treoir sin.
H. Caighdeáin a urramú
I gcreat reachtach na forbartha tuaithe don chlárthréimhse 2014-2020, maidir leis an gCróit, déanfar na ceanglais reachtúla bhainistíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle, ar ceanglais iad atá infheidhme sa chlárthréimhse sin, a urramú i gcomhréir leis an gclár ama seo a leanas: beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear in bPointe A d'Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2014; beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i bPointe B d'Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2016; agus beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i bPointe C d'Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2018.
IARSCRÍBHINN VII
Tiomantais shonracha a ghlac Poblacht na Cróite uirthi féin le linn na caibidlíochta aontachais (dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 36(1) den Ionstraim Aontachais)
1. |
Leanúint de chur chun feidhme éifeachtach a Straitéise agus a Plean Gníomhaíochta maidir le hAthchóiriú Breithiúnach a áirithiú. |
2. |
Leanúint de neamhspleáchas, de chuntasacht, de neamhchlaontacht agus de ghairmiúlacht na breithiúnachta a láidriú. |
3. |
Leanúint d'éifeachtúlacht na breithiúnachta a fheabhsú. |
4. |
Leanúint de láimhseáil cásanna a bhaineann le coireanna cogaidh intíre a fheabhsú. |
5. |
Leanúint de theist mharthanach a áirithiú maidir le torthaí substaintiúla a bheidh bunaithe ar imscrúdú, ionchúiseamh agus rialaithe cúirte atá éifeachtúil, éifeachtach agus neamhchlaonta, maidir le cásanna a bhaineann leis an gcoiriúlacht eagraithe agus leis an éilliú ar gach leibhéal lena n-áirítear an t-éilliú ar ardleibhéal, agus in earnálacha leochaileacha amhail soláthar poiblí. |
6. |
Leanúint dá teist a fheabhsú maidir le bearta coisctheacha neartaithe i ndáil leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus na coinbhleachta leasa. |
7. |
Leanúint de chosaint mionlach a láidriú, lena n-airítear tríd an nGníomh Bunreachtúil um Chearta Mionlach Náisiúnta (CARNM) a chur chun feidhme go héifeachtach. |
8. |
Leanúint d'aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna gan réiteach maidir le filleadh dídeanaithe. |
9. |
Leanúint de chosaint chearta an duine a fheabhsú. |
10. |
Leanúint de bheith ag comhoibriú go hiomlán leis an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv. |
IARSCRÍBHINN VIII
Tiomantais a ghlac Poblacht na Cróite uirthi féin maidir le hathstruchtúrú thionscal longthógála na Cróite (dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 36(1) den Ionstraim Aontachais)
Is iad seo a leanas na cuideachtaí longthógála atá le hathstruchtúrú (dá ngairtear "na cuideachtaí" anseo feasta):
— |
Brodograđevna industrija 3 MAJ dioničko društvo, Rijeka (dá ngairtear "3. MAJ" anseo feasta) |
— |
BRODOTROGIR d.d., Trogir (dá ngairtear "Brodotrogir" anseo feasta) |
— |
BRODOGRAĐEVNA INDUSTRIJA SPLIT, dioničko društvo, Split (dá ngairtear "Brodosplit" anseo feasta) |
— |
BRODOSPLIT-BRODOGRADILIŠTE SPECIJALNIH OBJEKATA društvo s ograničenom odgovornošću, Split (dá ngairtear "BSO" anseo feasta) |
— |
BRODOGRADILIŠTE KRALJEVICA dioničko društvo za izgradnju i popravak brodova, Kraljevica (dá ngairtear "Kraljevica" anseo feasta). |
Chomhaontaigh an Chróit athstruchtúrú na gcuideachtaí sin a dhéanamh trína bpríobháidiú ar bhonn próisis iomaíoch tairisceana. Thíolaic na tairgeoirí pleananna athstruchtúrúcháin do na cuideachtaí sin agus ghlac Gníomhaireacht Iomaíochta na Cróite agus an Coimisiún leo. Ionchorprófar na pleananna athstruchtúrúcháin sna conarthaí príobháidithe faoi seach atá le tabhairt chun críche idir an Chróit agus ceannaitheoirí na gcuideachtaí.
Sonraítear sna pleananna athstruchtúrúcháin arna dtíolacadh do gach ceann de na cuideachtaí sin na príomhchoinníollacha seo a leanas atá le hurramú sa phróiseas athstruchtúrúcháin:
— |
Ní mór gach cúnamh Stáit a fuair na cuideachtaí sin ón 1 Márta 2006 a áireamh mar chúnamh athstruchtúrúcháin. Soláthróidh na cuideachtaí ranníocaíocht leis an bplean athstruchtúrúcháin óna gcuid acmhainní féin agus caithfidh gur fíor-ranníocaíocht í atá saor ó chúnamh Stáit agus arb ionann í agus 40 % de na costais athstruchtúrúcháin iomlána. |
— |
Laghdófar cumas foriomlán táirgeachta na gcuideachtaí i gcomparáid le leibhéil an 1 Meitheamh 2011 ó 471 324 olltonnáiste cúitithe (CGT) go dtí 372 346 CGT. Laghdóidh na cuideachtaí a gcumas táirgeachta tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an connradh príobháidithe a shíniú. Cuirfear laghdú an chumais chun feidhme trí shlipeanna a dhúnadh go buan, trí shlipeanna a ainmniú le haghaidh táirgeachta míleata amháin de réir bhrí Airteagal 346 CFAE agus/nó trí laghdú a dhéanamh ar an achar dromchla. Is iad na CGTanna na haonaid tomhaiste aschuir arna ríomh de réir na rialacha ECFE is infheidhme. |
— |
Beidh táirgeacht bhliantúil iomlán na gcuideachtaí teoranta do 323 600 CGT go ceann tréimhse deich mbliana, dar tús an 1 Eanáir 2011. Beidh aschur na gcuideachtaí teoranta do na leibhéil seo a leanas (1):
Féadfaidh go gcomhaontóidh na cuideachtaí athbhreithniú a dhéanamh ar a dteorainneacha táirgeachta aonair. Ar bhonn comhaontuithe ceangailteacha, féadfaidh siad an chuid sin dá gcuóta táirgeachta aonair (a shloinntear in CGTanna) a ghéilleann siad dá chéile a shuí go sainráite. Urramófar teorainn bhliantúil táirgeachta fhoriomlán 323 600 CGT. |
— |
Sonraítear roinnt beart eile sna pleananna athstruchtúrúcháin freisin ar bearta iad a chuirfidh gach cuideachta chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh inmharthanacht fhadtéarmach ann arís. |
Comhlíonfar na príomhchoinníollacha sa phróiseas athstruchtúrúcháin a liostaítear thuas má dhéantar aon athrú ar na pleananna sin ina dhiaidh sin agus cuirfear aon athrú den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin le go nglacfar leis.
Ní bhfaighidh na cuideachtaí aon chúnamh nua tarrthála nó athstruchtúrúcháin go ceann 10 mbliana ar a laghad ó dháta sínithe an chonartha príobháidithe. Ar aontachas na Cróite, ordóidh an Coimisiún don Chróit aon chúnamh tarrthála nó athstruchtúrúcháin a deonaíodh de shárú ar an bhforáil seo a ghnóthú mar aon le hús iolraithe.
Déanfar na pleananna athstruchtúrúcháin ar ghlac Gníomhaireacht Iomaíochta na Cróite agus an Coimisiún leo a ionchorprú sna conarthaí príobháidithe faoi seach a bheidh le tabhairt chun críche idir an Chróit agus ceannaitheoirí na gcuideachtaí. Cuirfear na conarthaí príobháidithe faoi bhráid an Choimisiúin le go nglacfar leo agus síneofar iad roimh aontachas na Cróite.
Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na bpleananna athstruchtúrúcháin agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo maidir le leibhéal an chúnaimh Stáit, maidir lena ranníocaíocht féin, maidir leis na laghduithe ar chumas, maidir le teorannú na táirgeachta agus maidir leis na bearta a ghlacfar chun a áirithiú go mbeidh inmharthanacht ann arís.
Déanfar an faireachán sin go bliantúil le linn na tréimhse athstruchtúrúcháin. Déanfaidh an Chróit na socruithe faireacháin go léir a chomhlíonadh go hiomlán. Déanfar an méid seo a leanas go háirithe:
— |
Cuirfidh an Chróit tuarascáil ar fáil don Choimisiún gach sé mhí maidir le hathstruchtúrú na gcuideachtaí is tairbhithe, tráth nach déanaí ná an 15 Eanáir agus an 15 Iúil gach bliain go dtí deireadh na tréimhse athstruchtúrúcháin. |
— |
Sna tuarascálacha sin, beidh an fhaisnéis uile a bheidh riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas athstruchtúrúcháin, ar a ranníocaíocht féin, ar an laghdú ar chumas, ar an teorainn le táirgeacht agus ar na bearta a ghlacfar chun a áirithiú go mbeidh inmharthanacht ann arís. |
— |
Tíolacfaidh an Chróit tuarascálacha ar aschur bliantúil na gcuideachtaí a bheidh á n-athstruchtúrú tráth nach déanaí ná an 15 Iúil gach bliain go dtí deireadh na bliana 2020. |
— |
Cuirfidh an Chróit d'oibleagáid ar na cuideachtaí na sonraí ábhartha uile a nochtadh a d'fhéadfaí a mheas, i gcúinsí eile, gur sonraí rúnda iad. Áiritheoidh an Coimisiún nach nochtfar an fhaisnéis rúnda a bhaineann le cuideachta ar leith. |
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh aon tráth údarás a thabhairt do shaineolaí neamhspleách chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an fhaireacháin nó aon taighde riachtanach a dhéanamh agus tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Comhoibreoidh an Chróit go hiomlán leis an saineolaí neamhspleách a cheapfaidh an Coimisiún agus áiritheoidh sí go mbeidh rochtain iomlán ag an saineolaí sin ar an bhfaisnéis uile a bheidh uaidh chun na cúraimí a chuirfidh an Coimisiún air a chomhlíonadh.
Ar aontachas na Cróite, ordóidh an Coimisiún don Chróit aon chúnamh tarrthála nó athstruchtúrúcháin a deonaíodh ón 1 Márta 2006 do chuideachta ar leith a ghnóthú mar aon le hús iolraithe, más rud é:
— |
nár síníodh an conradh príobháidithe don chuideachta sin fós nó nach n-ionchorpraítear ann na coinníollacha a leagtar amach sa phlean athstruchtúrúcháin a ghlac Gníomhaireacht Iomaíochta na Cróite agus an Coimisiún, nó |
— |
nár sholáthair an chuideachta fíor-ranníocaíocht atá saor ó chúnamh Stáit óna hacmhainní féin arb ionann í agus 40 % de na costais athstruchtúrúcháin, nó |
— |
nár cuireadh an laghdú ar an gcumas foriomlán táirgeachta i bhfeidhm laistigh de dhá mhí dhéag ón gconradh príobháidithe a shíniú. Sa chás sin, ní cheanglófar an cúnamh a ghnóthú ach amháin ó na cuideachtaí sin nach mbeidh na laghduithe cumais seo a leanas bainte amach acu:
|
— |
gur sáraíodh an teorainn fhoriomlán táirgeachta do na cuideachtaí (i.e. 323 600 CGT) in aon bhliain féilire ar leith idir 2011 agus 2020. Sa chás sin, ceanglófar an cúnamh a ghnóthú ó na cuideachtaí sin a sháraigh a gcuid teorainneacha táirgeachta aonair (más infheidhme, arna leasú le comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí le cuideachta longthógála eile). |
(1) Ríomhtar táirgeadh bliantúil cuideachta ar leith mar a leanas: Is é an tús atá le táirgeadh loinge an dáta pleanáilte chun cruach a ghearradh agus is é an deireadh atá leis an táirgeadh an dáta a thuartar go seachadfar an long mar a leagtar amach sa chonradh a rinneadh leis an gceannaitheoir (nó an dáta a thuartar go seachadfar an long neamhchríochnaithe nuair atá tógáil na loinge roinnte idir dhá chuideachta). Cionroinntear líon na CGTanna a fhreagraíonn do long go líneach leis na blianta féilire a chumhdaíonn an tréimhse táirgthe. Ríomhtar aschur iomlán cuideachta i mbliain ar leith trí líon na CGTanna a táirgeadh le linn na bliana sin a shuimiú
IARSCRÍBHINN IX
Tiomantais a ghlac Poblacht na Cróite uirthi féin maidir le hathstruchtúrú earnáil na cruach (dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 36(1) den Ionstraim Aontachais)
I litir dár dáta an 23 Bealtaine 2011, thug an Chróit le fios don Choimisiún go raibh aitheantas fiachais faighte aici ón táirgeoir cruach CMC Sisak d.o.o. arb ionann é agus an cúnamh athstruchtúrúcháin a fuair an chuideachta sin le linn na tréimhse ón 1 Márta 2002 go dtí an 28 Feabhra 2007 móide ús iolraithe (1). Is é méid an chúnaimh Stáit a fuarthas, gan ús iolraithe, HRK 19 117 572,36.
Ar aontachas na Cróite, más rud é nár aisíoc CMC Sisak d.o.o. suim iomlán an chúnaimh sin móide ús iolraithe, ordóidh an Coimisiún don Chróit aon chúnamh tarrthála agus athstruchtúrúcháin a deonaíodh don chuideachta sin ón 1 Márta 2006 a ghnóthú mar aon le hús iolraithe.
(1) Le ríomh i gcomhréir le hAirteagail 9 go 11 de Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 93 de Chonradh CE (IO L 140, 30.4.2004, lch.1) a chur i bhfeidhm, arna leasú an uair dheireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1125/2009 ón gCoimisiún (IO L 308 24.11.2009, lch.5).
PRÓTACAL
maidir le socruithe áirithe a bhaineann le haonaid mhéid shannta a eisíodh faoi Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide a d'fhéadfaí a aistriú chuig Poblacht na Cróite ar bhonn aonuairemaille leis an gcúiteamh gaolmhar
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur comhaontaíodh, i bhfianaise na n-imthosca sonracha stairiúla a chuaigh i bhfeidhm ar an gCróit, toilteanas a chur in iúl i ndáil le cúnamh a thabhairt don Chróit trí Aonaid Méid Shannta a eisíodh faoi Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide ("Prótacal Kyoto") a aistriú ar bhonn aonuaire,
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH nach ndéanfaí aon aistriú den sórt sin ach an t-aon uair amháin, nach ndéanfaí fasach leis agus go léireofaí leis cineál uathúil agus eisceachtúil staid na Cróite,
AG CUR IN IÚL GO LÁIDIR DÓIBH go mbeadh ar an gCróit aon aistriú den s sin a chúiteamh trí choigeartú a dhéanamh ar a hoibleagáidí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarracht Ballstát a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi chomhair ghealltanais an Chomhphobail maidir leis an laghdú ar astú gás ceaptha teasa suas go dtí (1) d'fhonn sláine comhshaoil a áirithiú trí mhéadú ar an méid iomlán astuithe a cheadaítear don Aontas agus don Chróit go dtí 2020 a sheachaint,
TAR ÉIS COMHAONTÚ A DHÉANAMH AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS:
CUID I
AISTRIÚ
Airteagal 1
Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le bearta a bhaineann le líon Aonad Méid Shannta (AMSanna) a eisíodh faoi Phrótacal Kyoto a d’fhéadfaí a aistriú chuig an gCróit.
Airteagal 2
Ní dhéanfar aon aistriú ach amháin sa chás go mbeidh an Chróit tar éis a hachomharc i gcoinne chinneadh bhrainse forfheidhmithe an Choiste Comhlíonta de Phrótacal Kyoto a tharraingt siar i gcomhréir le haon rialacha ábhartha agus le haon teorainneacha ama ábhartha lena rialaítear tarraingt siar achomharc roimh thús Chomhdháil UNFCC in Durban (28 Samhain -9 Nollaig 2011).
Beidh aon aistriú faoi réir an choinníll go gcinnfidh Foireann Saineolaithe Athbhreithniúcháin UNFCC, tar éis na tréimhse fíoraithe suas, nach bhfuil a cuid tiomantas faoi Airteagal 3 de Phrótacal Kyoto comhlíonta ag an gCróit.
Ní dhéanfar aon aistriú ach amháin sa chás go mbeidh gach iarracht réasúnta déanta ag an gCróit d'fhonn a tiomantais faoi Airteagal 3 de Phrótacal Kyoto a chomhlíonadh, lena n-áirítear a tiomantais faoi úsáid iomlán a bhaint as aonaid aschurtha ó úsáid talún, faoi úsáid talún a athrú agus faoin bhforaoiseacht.
Airteagal 3
Glacfar aon chinneadh a dhéanfar maidir le AMSanna a aistriú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdaither dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstát ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (2) Tabharfaidh an Coiste um Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 9 de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kyoto (3). Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní ghlacfar aon chinneadh den sórt sin i gcás nach mbeidh aon tuairim tugtha.
Déanfar na AMSanna a bheidh le haistriú a tharraingt as an méid AMSanna dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh 2006/944/CE an 14 Nollaig 2006 ón gCoimisiún lena gcinntear leibhéil na n-astaíochtaí a chionroinntear ar an gComhphobal agus ar gach ceann dá chuid Ballstát faoi Phrótacal Kyoto de bhun Chinneadh 2002/358/CE ón gComhairle (4).
Ní mó aon aistriú ná méid iomlán 7 000 000 AMSanna.
CUID II
CÚITEAMH
Airteagal 4
Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir leis an gcúiteamh a bheidh le soláthar ag an gCróit i gcás ina n-aistreofar AMSanna i gcomhréir le forálacha Chuid I.
Airteagal 5
1. Déanfaidh an Chróit cúiteamh aon AMSanna a aistreofar chuici trí choigeartú a dhéanamh de bhun an Airteagail seo ar a hoibleagáidí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Déanfar, go háirithe, an méid coibhéiseach i dtonnaí dé-ocsáide carbóin a bheidh coibhéiseach le haon AMSanna a aistreofar, de bhun an Airteagail seo, a dhealú ó chionroinnt bhliantúil astaíochtaí na Cróite, a luaithe a chinnfear iad de bhun Airteagal 3(2) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2. Foilseoidh an Coimisiún na figiúirí do chionroinnt bhliantúil na Cróite a bheidh mar thoradh ar an dealú a dhéanfar i gcomhréir le mír 1.
(1) IO L 49, 19.2.2004, lch. 1.
(2) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(3) IO L 49, 19.2.2004, lch. 1.
(4) IO L 358, 16.12.2006, lch. 87. Cinneadh mar a leasaítear le Cinneadh 2010/778/AE ón gCoimisiún (IO L 332, 16.12.2010, lch 41).
AN IONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH
I. TÉACS NA hIONSTRAIME CRÍOCHNAITHÍ
1. |
Tá na Lánchumhachtaigh: ÓNA SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA BULGÁIRE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE, ÓNA SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE, Ó UACHTARÁN NA hÉIREANN, Ó UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ, ÓNA SHOILSE RÍ NA SPÁINNE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, POBLACHT NA CRÓITE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE, ÓNA MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE, Ó UACHTARÁN MHÁLTA, ÓNA SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, Ó UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, Ó UACHTARÁN NA RÓMÁINE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE, Ó RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE, ÓNA SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, Ag teacht le chéile dóibh sa Bhruiséil, an naoú lá de mhí na Nollag an bhliain dhá mhíle agus a haon déag ar shíniú an Chonartha idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Cróite, i dtaobh aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach Tar éis a thabhairt dá n-aire gur tarraingíodh na téacsanna seo a leanas suas agus gur glacadh iad sa Chomhdháil idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na Cróite i dtaobh aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach:
|
2. |
Tá na hArdpháirtithe Conarthacha tar éis teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le sraith oiriúnuithe is gá de thoradh an aontachais ar ghníomhartha a ghlac na hinstitiúidí agus iarrann siad ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún na hoiriúnuithe sin, a chríochnófar agus a thabharfar cothrom le dáta de réir mar is gá d'fhonn éabhlóid dhlí an Aontais a chur san áireamh, a ghlacadh roimh an aontachas i gcomhréir le hAirteagal 50 den Ionstraim Aontachais, dá dtagraítear in Airteagal 3(4) den Chonradh Aontachais. |
3. |
Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin gach faisnéis is gá maidir le cur i bhfeidhm na hIonstraime Aontachais a chur in iúl don Choimisiún agus dá chéile. I gcás inar gá, soláthrófar an fhaisnéis sin in am trátha roimh dháta an aontachais chun gur féidir an Ionstraim Aontachais a chur i bhfeidhm go hiomlán ó dháta an aontachais, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh. Sa chomhthéacs seo, tá sé rí-thábhachtach go ndéanfaí, faoi Airteagal 47 den Ionstraim Aontachais, na bearta arna nglacadh ag Poblacht na Cróite a chur in iúl go luath. Féadfaidh an Coimisiún a chur in iúl do Phoblacht na Cróite an tráth faoinar iomchuí leis faisnéis shonrach a fháil nó a sheoladh. Faoi cheann lá seo an tsínithe, soláthraíodh liosta do na hArdpháirtithe Conarthacha ina leagtar amach na hoibleagáidí faisnéise i réimse na tréidliachta. |
4. |
Thug na Lánchumhachtaigh dá n-aire na Dearbhuithe seo a leanas a rinneadh agus atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo:
|
5. |
Thug na Lánchumhachtaigh dá n-aire an Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cróite maidir le nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe a ghlacadh agus le haghaidh beart eile atá le déanamh i rith na tréimhse roimh an aontachas agus atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo. |
Съставено в Брюксел на девети декември две хиляди и единадесета година.
Hecho en Bruselas, el nueve de diciembre de dos mil once.
V Bruselu dne devátého prosince dva tisíce jedenáct.
Udfærdiget i Bruxelles den niende december to tusind og elleve.
Geschehen zu Brüssel am neunten Dezember zweitausendelf.
Kahe tuhande üheteistkümnenda aasta detsembrikuu üheksandal päeval Brüsselis.
'Εγινε στις Βρυξέλλες, στις εννέα Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες έντεκα.
Done at Brussels on the ninth day of December in the year two thousand and eleven.
Fait à Bruxelles, le neuf décembre deux mille onze.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an naoú lá de mhí na Nollag an bhliain dhá mhíle agus a haon déag.
Sastavljeno u Bruxellesu dana devetog prosinca godine dvije tisuće jedanaeste.
Fatto a Bruxelles, addì nove dicembre duemilaundici.
Briselē, divtūkstoš vienpadsmitā gada devītajā decembrī.
Priimta du tūkstančiai vienuoliktų metų gruodžio devintą dieną Briuselyje.
Kelt Brüsszelben, a kétezer-tizenegyedik év december havának kilencedik napján.
Magħmul fi Brussell, fid-disa jum ta' Diċembru tas-sena elfejn u ħdax.
Gedaan te Brussel, de negende december tweeduizend elf.
Sporządzono w Brukseli dnia dziewiątego grudnia roku dwa tysiące jedenastego.
Feito em Bruxelas, em nove de Dezembro de dois mil e onze.
Întocmit la Bruxelles la nouă decembrie două mii unsprezece.
V Bruseli dňa deviateho decembra dvetisícjedenásť.
V Bruslju, dne devetega decembra leta dva tisoč enajst.
Tehty Brysselissä yhdeksäntenä päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattayksitoista.
Som skedde i Bryssel den nionde december tjugohundraelva.
Voor Zijne Majesteit de Koning der Belgen
Pour Sa Majesté le Roi des Belges
Für Seine Majestät den König der Belgier
Deze handtekening verbindt eveneens de Vlaamse Gemeenschap, de Franse Gemeenschap, de Duitstalige Gemeenschap, het Vlaamse Gewest, het Waalse Gewest en het Brussels Hoofdstedelijk Gewest.
Cette signature engage également la Communauté française, la Communauté flamande, la Communauté germanophone, la Région wallonne, la Région flamande et la Région de Bruxelles-Capitale.
Diese Unterschrift bindet zugleich die Deutschsprachige Gemeinschaft, die Flämische Gemeinschaft, die Französische Gemeinschaft, die Wallonische Region, die Flämische Region und die Region Brüssel-Hauptstadt.
За Република България
Za prezidenta České republiky
For Hendes Majestæt Danmarks Dronning
Für den Präsidenten der Bundesrepublik Deutschland
Eesti Vabariigi Presidendi nimel
Thar ceann Uachtarán na hÉireann
For the President of Ireland
Για τον Πρόεδρο της Ελληνικής Δημοκρατίας
Por Su Majestad el Rey de España
Pour le Président de la République française
Za Republiku Hrvatsku
Per il Presidente della Repubblica italiana
Για τον Πρόεδρο της Κυπριακής Δημοκρατίας
Latvijas Republikas Valsts prezidenta vārdā –
Lietuvos Respublikos Prezidentės vardu
Pour Son Altesse Royale le Grand-Duc de Luxembourg
A Magyar Köztársaság Elnöke részéről
Għall-President ta' Malta
Voor Hare Majesteit de Koningin der Nederlanden
Für den Bundespräsidenten der Republik Österreich
Za Prezydenta Rzeczypospolitej Polskiej
Pelo Presidente da República Portuguesa
Pentru Președintele României
Za predsednika Republike Slovenije
Za prezidenta Slovenskej republiky
Suomen Tasavallan Presidentin puolesta
För Republiken Finlands President
För Konungariket Sveriges regering
For Her Majesty the Queen of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland
II. DEARBHUITHE
A. DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH Ó NA BALLSTÁIT LÁITHREACHA
Dearbhú Comhpháirteach maidir le forálacha de chuid acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán
Tuigtear i leith na nósanna imeachta comhaontaithe lena ndéanfaidh Poblacht na Cróite forálacha uile acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán amach anseo – mar a áireofar iad sa Chonradh i dtaobh aontachas na Cróite leis an Aontas ("Conradh Aontachais na Cróite") - go bhfuil siad gan dochar don chinneadh a bheidh le déanamh ag an gComhairle le haghaidh chur i bhfeidhm iomlán fhorálacha acquis Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus na Rómáine agus nach bhfuil aon impleachtaí ag roinnt leo don chinneadh sin.
Déanfar an cinneadh ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm iomlán fhorálacha acquis Schengen sa Bhulgáir agus sa Rómáin ar bhonn an nós imeachta a leagtar síos i ndáil leis sin sa Chonradh i dtaobh aontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas agus de réir na gConclúidí ón gComhairle an 9 Meitheamh 2011 maidir leis an bpróiseas meastóireachta ar staid ullmhachta na Bulgáire agus na Rómáine chun forálacha uile acquis Schengen a chur chun feidhme a thabhairt chun críche.
Ni dhéantar oibleagáid dhlíthiúil in aon chomhthéacs eile seachas comhthéacs Chonradh Aontachais na Cróite a chruthú leis na nósanna imeachta comhaontaithe lena ndéanfaidh an Chróit forálacha uile acquis Schengen – mar a áireofar iad i gConradh Aontachais na Cróite– a chur i bhfeidhm go hiomlán amach anseo.
B. DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH Ó BHALLSTÁIT LÁITHREACHA ÉAGSÚLA
Dearbhú Comhpháirteach ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus ó Phoblacht na hOstaire maidir le saorghluaiseacht oibrithe: An Chróit
Maidir le foclaíocht mhír 12 de na bearta idirthréimhseacha maidir le saorghluaiseacht oibrithe faoi Threoir 96/71/CE in Iarscríbhinn V, Roinn 2, a ghabhann leis an Ionstraim Aontachais, tuigtear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus do Phoblacht na hOstaire i gcomhaontú leis an gCoimisiún go gciallaíonn sí go bhféadfaidh ‧réigiúin áirithe‧ an chríoch náisiúnta iomlán a chuimsiú freisin, i gcás inarb iomchuí.
C. DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH Ó NA BALLSTÁIT LÁITHREACHA AGUS Ó PHOBLACHT NA CRÓITE
Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta
Aontóidh Poblacht na Cróite don Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) amhail ón dáta a dtiocfaidh an Creat Comhair Airgeadais Ilbhliantúil nua i bhfeidhm tar éis di aontú don Aontas agus ranníocfaidh sí leis amhail ón 1 Eanáir den dara bliain féilire tar éis dháta a haontachais.
D. DEARBHÚ Ó PHOBLACHT NA CRÓITE
Dearbhú ó Phoblacht na Cróite maidir leis an socrú idirthréimhseach chun margadh thalamh talmhaíochta na Cróite a léirscaoileadh
Ag féachaint don socrú idirthréimhseach i ndáil le fáil thalamh talmhaíochta i bPoblacht na Cróite ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha ó AE/LEE, mar a fhoráiltear dó in Iarscríbhinn V den Ionstraim Aontachais,
Ag féachaint don fhoráil lena n-ordaítear go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh, ar Phoblacht na Cróite é sin a iarraidh, i dtaobh an idirthréimhse seacht mbliana a shíneadh ar feadh tréimhse trí bliana, ar an gcoinníoll go bhfuil go leor fianaise ann, ar dhul in éag don idirthréimhse seacht mbliana, go mbeidh suaitheadh tromchúiseach, nó baol suaithe thromchúisigh ar mhargadh thalamh talmhaíochta Phoblacht na Cróite,
Dearbhaíonn Poblacht na Cróite, más rud é go gceadófar an síneadh thuasluaite ar an idirthréimhse, go ndéanfaidh sí a dícheall na céimeanna is gá a thógáil chun fáil thalamh talmhaíochta sna ceantair shonraithe a léirscaoileadh roimh dhul in éag don tréimhse sheasta trí bliana.
III. MALARTÚ LITREACHA
idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cróite maidir le nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe a ghlacadh agus le haghaidh beart eile atá le déanamh i rith na tréimhse roimh an aontachas
A Chara,
Tá sé d'onóir agam tagairt don cheist maidir le nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe a ghlacadh agus le haghaidh beart eile atá le déanamh i rith na tréimhse roimh aontachas do thíre leis an Aontas Eorpach a tógadh faoi chuimsiú chaibidlíocht an aontachais.
Deimhním leis seo go dtig leis an Aontas Eorpach nós imeachta den sórt sin a chomhaontú, sna téarmaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an litir seo, a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm i ndáil le Poblacht na Cróite amhail ón dáta a ndearbhóidh an Chomhdháil Aontachais go mbeidh an chaibidlíocht aontachais tugtha i gcrích go críochnaitheach.
Bheinn faoi chomaoin agat ach a dheimhniú go bhfuil do Rialtas i gcomhaontú le hinneachar na litreach seo.
Is mise le mórmheas,
IARSCRÍBHINN
Nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe a ghlacadh agus le haghaidh beart eile atá le déanamh i rith na tréimhse roimh an aontachas
I.
1. |
D'fhonn a áirithiú go mbeidh faisnéis leormhaith ar fáil ag Poblacht na Cróite cuirfear an Chróit ar an eolas faoi aon togra, cumarsáid, moladh nó tionscnamh a bhfuil sé beartaithe gurb é a thiocfadh as nó aisti ionstraimí dlíthiúla ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ionstraimí dlíthiúla ón gComhairle nó ionstraimí dlíthiúla ón Comhairle Eorpach a ghlacadh, tar éis é a sheoladh chuig an gComhairle nó chuig an gComhairle Eorpach. |
2. |
Cuirfear comhairliúchán ar siúl de bhun iarratais réasúnaithe ón gCróit ina leagfar amach go sainráite a leasanna mar chomhalta todhchaí den Aontas agus ina gcuirfidh sé a bharúlacha in iúl. |
3. |
De ghnáth, ní bheidh cinntí riaracháin ina siocair le comhairliúchán. |
4. |
Cuirfear comhairliúchán ar siúl i gCoiste Eatramhach ar a mbeidh ionadaithe ón Aontas agus ón gCróit. Seachas agóid réasúnaithe ón Aontas nó ón gCróit, féadfar comhairliúchán a chur ar siúl i bhfoirm malartaithe teachtaireachtaí trí mheáin leictreonacha, go háirithe maidir le cúrsaí comhbheartais eachtraigh agus slándála. |
5. |
Ar thaobh an Aontais, is iad a bheidh ina gcomhaltaí den Choiste Eatramhach, comhaltaí Choiste na mBuanionadaithe nó daoine a bheidh ainmnithe acu chuige sin. Nuair is iomchuí, féadfaidh sé gurb iad comhaltaí den Choiste Eatramhaich a bheidh ina gcomhaltaí den Choiste Polaitiúil agus Slándála. Déanfar ionadaíocht leordhóthanach ar an gCoimisiún. |
6. |
Beidh rúnaíocht de chúnamh ag an gCoiste Eatramhach, arb éard é rúnaíocht na Comhdhála Aontachais, a choimeádfar ar bun chuige sin. |
7. |
Cuirfear comhairliúchán ar siúl a luaithe a bheidh an réamhobair arna seoladh ar leibhéal an Aontais d'fhonn go nglacfaí na hionstraimí a luaitear i mír 1 tar éis treoirlínte comhchoiteanna a sholáthar chun gur féidir an comhairliúchán sin a shocrú go fóinteach. |
8. |
Má tá deacrachtaí tromchúiseacha ann fós i ndiaidh an chomhairliúcháin, féadfar an cheist a thógáil ar leibhéal aireachta arna iarraidh ar an gCróit é sin a iarraidh. |
9. |
Beidh feidhm ag na forálacha sin thuas, mutatis mutandis, maidir le cinntí Bhord Gobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. |
10. |
Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos sna míreanna thuas freisin maidir le haon chinneadh a ghlacfaidh an Chróit agus a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do na tiomantais a leanann óna stádas mar chomhalta todhchaí den Aontas. |
II.
11. |
Glacfaidh an tAontas agus an Chróit na bearta is gá chun a áirithiú go dtarlóidh aontachas na Cróite leis na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin agus na prótacail dá dtagraítear in Airteagal 3(4), in Airteagal 6(2) agus in Airteagal 6(5) den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe, dá ngairtear "an Ionstraim Aontachais" anseo feasta, i gcomhthráth le teacht i bhfeidhm an Chonartha Aontachais a mhéad is féidir. |
12. |
I dtaca leis na prótacail, dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 6(2) den Ionstraim Aontachais, a chaibidil leis na páirtithe comhchonarthacha, beidh ionadaithe na Cróite comhlachaithe san obair mar bhreathnadóirí in éineacht le hionadaithe na mBallstát láithreach. |
13. |
Féadfaidh comhaontuithe áirithe neamhfhabhair a thug an tAontas i gcrích agus a fhanfaidh i bhfeidhm tar éis dháta an aontachais, a bheith ina n-ábhar oiriúnuithe nó coigeartuithe chun aird a thabhairt ar mhéadú an Aontais. Déanfaidh an Aontas na hoiriúnuithe nó na coigeartuithe sin a chaibidil i gcomhlachas le hionadaithe na Cróite i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 12. |
III.
14. |
Tarraingeoidh na hinstitiúidí suas i dtráth cuí na téacsanna dá dtagraítear in Airteagal 52 den Ionstraim Aontachais. Chuige sin, déanfaidh an Chróit aistriúcháin de na téacsanna sin a sholáthar go tráthúil do na hinstitiúidí. |
A Chara,
Is mian liom a chur in iúl duit go bhfuarthas do litir atá mar a leanas:
"Tá sé d'onóir agam tagairt don cheist maidir le nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe agus bearta eile a ghlacadh i rith na tréimhse roimh aontachas do thíre leis an Aontas Eorpach a tógadh faoi chuimsiú chaibidlíocht an aontachais.
Deimhním leis seo go dtig leis an Aontas Eorpach nós imeachta den sórt sin a chomhaontú, sna téarmaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an litir seo, a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm i ndáil le Poblacht na Cróite amhail ón dáta a ndearbhóidh an Chomhdháil Aontachais go mbeidh an chaibidlíocht aontachais tugtha i gcrích go críochnaitheach.
Bheinn faoi chomaoin agat ach a dheimhniú go bhfuil do Rialtas i gcomhaontú le hinneachar na litreach seo.".
Tá sé d'onóir agam a dheimhniú go bhfuil mo Rialtas i gcomhaontú le hinneachar na litreach sin.
Is mise le mórmheas,