Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Document 02013R1316-20180802

Texte consolidé: Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1316/2018-08-02

02013R1316 — GA — 02.08.2018 — 005.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1316/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 348 20.12.2013, lch. 129)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) No 275/2014 of 7 January 2014 (*)

  L 80

1

19.3.2014

►M2

RIALACHÁN (AE) 2015/1017 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Meitheamh 2015

  L 169

1

1.7.2015

►M3

RIALACHÁN (AE) 2017/1953 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017

  L 286

1

1.11.2017

►M4

RIALACHÁN (AE) 2017/2396 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2017

  L 345

34

27.12.2017

►M5

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2018/1046 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Iúil 2018

  L 193

1

30.7.2018



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1316/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



TEIDEAL I

FORÁLACHA COITEANNA



CAIBIDIL I

An tsaoráid um chónascadh na heorpa

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ("SCE") agus cinntear na coinníollacha, na modhanna agus na nósanna imeachta chun cabhair airgeadais ón Aontas a sholáthar do ghréasáin thras-Eorpacha d'fhonn tacaíocht a thabhairt do thionscadail leasa choitinn in earnálacha na mbonneagar iompair, fuinnimh agus teileachumarsáide agus chun leas a bhaint as na sineirgí a d'fhéadfadh bheith idir na hearnálacha sin. Bunaítear leis freisin an miondealú ar na hacmhainní a chuirfear ar fáil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

▼M3

(1) ciallaíonn “tionscadal leasa choitinn” tionscadal a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 nó Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

▼B

(2) ciallaíonn 'cuid trasteorann' san earnáil iompair an chuid lena n-áirithítear leanúnachas tionscadail leasa choitinn idir na nóid uirbeacha is neasa ar dhá thaobh den teorainn de dhá Bhallstát nó idir Ballstát agus tír chomharsanachta;

(3) ciallaíonn 'tír chomharsanachta' tír a thagann faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, faoin gComhpháirtíocht Straitéiseach, faoin mBeartas um Méadú, faoin Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó faoi Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa;

(4) ciallaíonn 'tríú tír' aon tír chomharsanachta agus aon tír eile lena bhféadfaidh an tAontas comhoibriú chun na cuspóirí a shaothraítear sa Rialachán seo a bhaint amach;

(5) ciallaíonn "oibreacha" ceannach, soláthar agus imscaradh comhpháirteanna, córas agus seirbhísí lena n-áirítear bogearraí, cur i gcrích gníomhaíochtaí forbartha agus tógála agus suiteála a bhaineann le tionscadal, glacadh le suiteálacha agus tionscadal a sheoladh;

(6) ciallaíonn "staidéir" gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun cur chun feidhme tionscadal a ullmhú, amhail staidéir ullmhúcháin, staidéir mhapála, staidéir féidearthachta, staidéir mheastóireachta, staidéir thástála agus bhailíochtaithe, lena n-áirítear staidéir i bhfoirm bogearraí, agus aon bhirt tacaíochta teicniúla eile, lena n-áirítear réamhghníomhaíocht chun tionscadal a shainmhíniú agus a fhorbairt agus chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhaoiniú, amhail taiscéalaíocht na suíomh lena mbaineann agus ullmhú an phacáiste airgeadais;

(7) ciallaíonn 'gníomhaíochtaí tacaíochta cláir' na bearta tionlacain uile is gá, ar leibhéal SCE, chun an clár a chur chun feidhme agus chun treoirlínte aonair a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a chur chun feidhme, amhail seirbhísí (go háirithe cúnamh teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear chun leas a bhaint as ionstraimí airgeadais), chomh maith le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, féidearthachta, comhordaithe, faireacháin, comhairliúcháin le geallsealbhóirí, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a bhfuil gá díreach leo chun SCE a bhainistiú agus a cuid cuspóirí a bhaint amach. Áirítear orthu sin go háirithe staidéir, cruinnithe, mapáil bonneagair, gníomhaíochtaí faisnéise, scaipeadh, gníomhaíochtaí cumarsáide agus ardú feasachta, caiteachas atá nasctha le uirlisí agus le gréasáin TF a dhíríonn ar mhalartuithe faisnéise faoi SCE a, in éineacht leis na speansais uile eile cúnaimh, idir theicniúil agus riaracháin, a thabhaíonn an Coimisiún agus a d'fhéadfadh a bheith de dhíth chun SCE a bhainistiú nó chun na treoirlínte aonair a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a chur chun feidhme. Áireoidh gníomhaíochtaí tacaíochta an chláir gníomhaíochtaí a éilítear chun na tionscadail leasa choitinn a ullmhú go háirithe i mBallstáit atá incháilithe le haghaidh maoinithe ón gCiste Comhtháthaithe, d'fhonn maoiniú a fháil faoin Rialachán seo nó ar an margadh airgeadais. Ina theannta sin, áireoidh gníomhaíochtaí tacaíochta na gclár costais na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin, mmás iomchuí, ar chuir an Coimisiún an cúram uirthi codanna sonracha de SCE a chur chun feidhme, a íoc;

(8) ciallaíonn 'gníomhaíocht' aon ghníomhaíocht a sainaithníodh bheith neamhspleách ó thaobh airgeadais de, ar bhonn teicniúil de agus a bhfuil tréimhse ama socraithe aige agus atá riachtanach chun tionscadal leasa choitinn a chur chun feidhme;

(9) beidh an bhrí chéanna le 'costais incháilithe' agus atá leo i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012

(10) ciallaíonn 'tairbhí' Ballstát, eagraíocht idirnáisiúnta, gnóthas poiblí nó príobháideach a roghnaítear chun cabhair airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo agus i gcomhréir leis na socruithe a bunaíodh sa chlár oibre ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 17;

(11) ciallaíonn "comhlacht cur chun feidhme" gnóthas poiblí nó príobháideach nó comhlacht a ainmníonn tairbhí, i gcás inar Ballstát nó eagraíocht idirnáisiúnta an tairbhí, chun an gníomhaíocht lena mbaineann a chur chun feidhme. Is é an tairbhí a dhéanfaidh cinneadh faoin ainmniúchán sin faoina fhreagracht féin agus, má éilíonn sé dámhachtain chonradh soláthair phoiblí, i gcomhréir le rialacha an Aontais agus leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le soláthar poiblí;

(12) ciallaíonn "gréasán cuimsitheach" an bonneagar iompair a shainaithnítear i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(13) ciallaíonn 'croíghréasán' an bonneagar iompair a shainaithnítear de réir Chaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(14) ciallaíonn 'conairí an chroíghréasáin' ionstraim chun cur chun feidhme comhordaithe an chroíghréasáin dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus a liostaítear i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seoa éascú;

(15) ciallaíonn 'scrogall' in earnáil an iompair bac fisiciúil, teicniúil nó feidhmíochta a dtarlaíonn cliseadh an chórais dá thoradh, cliseadh a mbíonn tionchar aige ar leanúnachas sreabha fadraoin nó trasteorann ar féidir iad a shárú trí bhonneagar nua a chruthú nó an bonneagar atá ann a uasghrádú go mór, a d'fhéadfadh feabhsuithe suntasacha a thabhairt agus a réiteodh na sriantachtaí scrogaill;

(16) ciallaíonn 'tosaíocht' aon chonair tosaíochta leictreachais, dorchla/chonaire tosaíochta gáis, aon réimse téamach tosaíochta a ainmnítear i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013;

(17) ciallaíonn "feidhmchláir theileamaitice" feidhmchláir a shainítear iad in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(18) ciallaíonn "bonneagar fuinnimh" an bonneagar a shainítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2012;

(19) ciallaíonn "sineirgí idir earnálacha" go bhfuil gníomhaíochtaí comhchosúla nó gníomhaíochtaí comhlántacha ar bun idhá earnáil ar a laghad as earnáil an iompair, earnáil na teileachumarsáide agus earnáil an fhuinnimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo lena bhféadfar barrfheabhas a bhaint as costais nó as torthaí trí acmhainní airgeadais, teicniúla nó daonna a chomhthiomsú;

(20) ciallaíonn 'gréasán iargúlta' gréasán iarnróid Bhallstáit, nó cuid de, mar a shainítear é i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

Déanfaidh SCE ullmhúchán agus cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a chumasú i gcomhthéacs an bheartais maidir le gréasáin thras-Eorpacha i réimsí, an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh. Go háirithe, tacóidh SCE le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn sin arb é is aidhm dóibh bonneagair agus seirbhísí nua a fhorbairt agus a thógáil nó na bonneagair agus na seirbhísí atá ann cheana a uasghrádú in earnáil an iompair, in earnáil na teileachumarsáide agus in earnáil an fhuinnimh. Tabharfar tosaíocht do bhearnaí atá le líonadh in earnáil an iompair. Tacóidh SCE le tionscadail lena mbaineann breisluach Eorpach agus buntáistí mór don tsochaí, ar tionscadail iad nach bhfuil maoiniú leordhóthanach á fháil acu ón margadh. Baineann na cuspóirí ginearálta seo a leanas le hearnáil an iompair, le hearnáil na teileachumarsáide agus le hearnáil an fhuinnimh a shainaithnítear i SCE:

(a) rannchuidiú le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, i gcomhréir leis an Straitéis Eoraip 2020, trí ghréasáin thras-Eorpacha nua-aimseartha agus ardfheidhmíochta a fhorbairt, a chuireann na sreabha tráchta a bhfuil súil leo amach anseo san áireamh, agus, ar an dóigh sin, dul chun sochair don Aontas ar fad i téarmaí feabhas a chur ar an iomaíochas sa mhargadh idirnáisiúntaagus i dtéarmaí an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh laistigh den mhargadh inmheánach agus timpeallacht a chruthú atá níos fabhraí d'infheistíocht phríobháideach, phoiblí nó phoiblí phríobháideach trí theaglaim d'ionstraimí airgeadais agus de thacaíocht dhíreach ón Aontas i gcás ina bhféadfadh tionscadail tairbhe a bhaint as an teaglaim sin d'ionstraimí agus trí thairbhe iomchuí a bhaint as sineirgíochtaí ar fud na n-earnálacha sin.

Déanfar baint amach an chuspóra sin a thomhas de réir mhéid na hinfheistíochta príobháidí, poiblí nó comhpháirtíochta poiblí príobháidí i dtionscadail leasa choitinn, agus go háirithe de réir mhéid na hinfheistíochta príobháideachaí i dtionscadail leasa choitinn a bhainfear amach trí mheán na n-ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo. Dírítear aird ar leith ar leas éifeachtach a bhaint as infheistíocht phoiblí;

(b) cur ar chumas an Aontais a spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear laghdú 20 % ar a laghad ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 agus méadú 20 % ar éifeachtúlacht fuinnimh agus sciar an fhuinnimh inathnuaite a mhéadú go 20 % faoi 2020, agus ar an gcaoi sin cuidiú le cuspóirí meántéarmacha agus fadtéarmacha an Aontais maidir le dícharbónú, agus dlúthpháirtíocht níos mó á háirithiú i measc Ballstát.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha earnálacha

1.  Gan dochar do na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3, cabhróidh SCE chun na cuspóirí sonracha earnálacha a leagtar amach i mír 2, mír 3 agus mír 4 den Rialachán seo:

2.  san earnáil iompair, tacú le tionscadail leasa choitinn mar a shainaithnítear iad in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus a fhéachann leis na cuspóirí a leagtar amach thíos a bhaint amach, mar a shonraítear tuilleadh iad faoi Airteagal 4 den Rialachán sin:

(a) deireadh a chur le scrogaill, idir-inoibritheacht an iarnróid a fheabhsú, bearnaí a líonadh sna naisc agus, go háirithe, codanna trasteorann a fheabhsú. Déanfar a mhéad a bhainfear amach an cuspóir sin a thomhas de réir

(i) líon na n-idirnasc trasteorann nua nó feabhsaithe;

(ii) líon na gciliméadar iarnróid a cuireadh in oiriúint don leithead ainmniúil caighdeánach Eorpach agus a feistíodh le ERTMS;

(iii) líon na mbac a bhainfear agus líon na mbealaí iompair i gcás gach modh iompair ar cuireadh lena n-acmhainn agus a fuair maoiniú ó SCE;

(iv) fhad ghréasán na n-uiscebhealaí intíre de réir aicme san Aontas,

(v) fhad an ghréasáin iarnróid san Aontas a ndearnadh uasghrádú air mar thoradh ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(b) córais iompair atá inbhuanaithe agus éifeachtúil san fhadtéarma a áirithiú, d'fhonn ullmhúchán a dhéanamh do na sreabha iompair as seo amach a bhfuil coinne leo agus d'fhonn dícharbónú gach modha iompair a chumasú trí thrasdul chuig teicneolaíochtaí iompair ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh, agus an tslándáil á hoptamú. Déanfar a mhéad a bhainfear amach an cuspóir sin a thomhas

(i) trí líon na bpointí soláthair do bhreoslaí malartacha le haghaidh feithiclí a úsáideann an croíghréasán TEN-T d'iompar de bhóthar san Aontas;

(ii) trí líon na gcalafort intíre agus muirí an chroíghréasáin TEN-T atá trealmhaithe le pointí soláthair do bhreoslaí malartacha san Aontas

(iii) trí an laghdú ar thaismigh ar an ngréasán bóithre san Aontas;

(c) comhtháthú agus idirnascadh modhanna iompair a bharrfheabhsú agus idir-inoibritheacht seirbhísí iompair a fheabhsú, agus inrochtaineacht na mbonneagar iompair a áirithiú. Déanfar a mhéad a bhainfar amach an cuspóir sin a thomhas:

(i) trí líon na n-ardán lóistíochta ilmhodúil lena n-áirítear calafoirt agus aerfoirt mhuirí agus intíre atá nasctha leis an ngréasán iarnróid,

(ii) trí líon na gcríochfort iarnróid feabhsaithe, agus líon na nasc feabhsaithe nó nua idir calafoirt trí mhótarbhealaí na farraige,

(iii) trí líon chiliméadair na n-uiscebhealaí intíre feistithe le RIS

(iv) trí leibhéal imscartha córas SESAR, VTMIS agus ITS don earnáil bhóithre.

Ní bheidh feidhm ag na táscairí dá dtagraítear sa mhír seo maidir le Ballstáit nach bhfuil gréasán iarnróid ná gréasán uiscebhealaí intíre acu.

Ní mheasfar gur critéir roghnúcháin ná critéir incháilitheachta iad na táscairí sin i ndáil le gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht ó SCE.

Leagtar síos i gCuid VI den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na céatadáin tháscacha a léiríonn cion na n-acmhainní buiséadacha foriomlána dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 5(1) a bheidh le leithdháileadh ar gach ceann de na trí chuspóir shonracha. Ní imeoidh an Coimisiún níos mó ná 5 faoin gcéad ó na céatadáin tháscacha sin;

3.  san earnáil fuinnimh, tacú le tionscadail leasa choitinn a mbeidh ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas acu:

(a) an t-iomaíochas a mhéadú trí chomhtháthú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus idir-inoibritheacht na ngréasán leictreachais agus gáis thar theorainneacha a chur chun cinn.Déanfar a mhéad a bhainfear amach an cuspóir sin a thomhas ex post de réir na nithe a leanas:

(i) líon na dtionscadal a idirnascfaidh gréasáin na mBallstát ar bhealach éifeachtúil agus lena gcuirfear deireadh le baic inmheánacha;

(ii) leithlisiú fuinnimh na mBallstát a laghdú nó a dhíothú;

(iii) an céatadán de chumhacht tarchurtha leictreachais trasteorann i gcomparáid le hacmhainn giniúna leictreachais suiteáilte sna Ballstáit ábhartha;

(iv) cóineasú praghsanna i margaí gáis agus/nó leictreachais na mBallstát lena mbaineann; agus

(v) an céatadán den bhuaic-éileamh is airde sa dá Bhallstát lena mbaineann a chumhdófar le hidirnaisc sreabh in-aisiompaithe gáis;

(b) cinnteacht soláthair fuinnimh an Aontais a fheabhsú;

Déanfar a mhéid a bhainfear amach an cuspóir sin a thomhas ex post de réir na nithe a leanas:

(i) líon na dtionscadal lena ligfear do na foinsí soláthair, do na chomhpháirtithe is soláthraithe agus do na bealaí éagsúlú;

(ii) líon na dtionscadal lena gcuirfear leis an acmhainn stórais;

(iii) seasmhacht an chórais, líon na n-uaireanta a gcuirtear isteach ar an soláthar agus an fad a mhaireann siad;

(iv) a mhéad a sheachnófar ciorruithe ar fhuinneamh in-athnuaite;

(v) idirnaisc na margaí leithliseacha le foinsí soláthair éagsúlaithe;

(vi) úsáid optamach na sócmhainní bonneagair fhuinnimh;

(c) rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus le cosaint an chomhshaoil, inter alia trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa ghréasán tarchuir, agus trí ghréasáin fuinnimh chliste a fhorbairt agus trí ghréasáin de dhé-ocsaíd charbóin a fhorbairt.

Déanfar a mhéad a bhainfear amach an cuspóir sin a thomhas ex post de réir na nithe a leanas:

(i) méid an leictreachais in-athnuaite a tharchuirfear ó lárionaid ghinte go lárionaid mhóra tomhaltais agus go láithreacha stórála;

(ii) a mhéid a a sheachnófar ciorruithe ar fhuinneamh in-athnuaite;

(iii) líon na dtionscadal eangaigh chliste a imscaradh a bhain leas ó SCE agus an fhreagairt ar éileamh a cumasaíodh leo;

(iv) méid na n-astaíochtaí CO2 ar cuireadh cosc leo de thoradh na dtionscadal a thairbhigh de SCE,

Ní mheasfar gur critéir roghnúcháin ná critéir incháilitheachta iad na táscairí dá dtagraítear sa mhír seo atá i bpointe b a úsáidtear chun baint amach na gcuspóirí a thomhas ex post i ndáil le gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht ó SCE.

Leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 na coinníollacha maidir le hincháilitheacht do chabhair airgeadais ón Aontas i gcás tionscadal leasa choitinn, agus leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin na critéir roghnúcháin i gcás tionscadal leasa choitinn.

▼M3

4.  In earnáil na teileachumarsáide, tacóidh an SCE le gníomhaíochtaí a fhéachann leis na cuspóirí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 a bhaint amach.

▼B

Airteagal 5

Buiséad

▼M4

1.  Tá an t-imchlúdach airgeadais chun SCE a chur chun feidhme don tréimhse 2014 go 2020 socraithe ag EUR 30 192 259 000 i bpraghsanna reatha. Leithdháilfear an méid sin mar a leanas:

(a) an earnáil iompair: EUR 24 050 582 000 , as a n-aistreofar EUR 11 305 500 000 ón gCiste Comhtháthaithe le caitheamh i gcomhréir leis an Rialachán seo go heisiach i mBallstáit a bheidh incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe;

(b) an earnáil teileachumarsáide: EUR 1 066 602 000 ;

(c) an earnáil fuinnimh: EUR 5 075 075 000 .

Tá na méideanna sin gan dochar don sásra solúbthachta a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle ( 2 ).

▼B

2.  Cumhdófar leis an imchlúdach airgeadais de chuid SCE speansais a bhaineann le:

(a) gníomhaíochtaí a rannchuideoidh le tionscadail leasa choitinn agus le gníomhaíochtaí tacaíochta cláir amhail dá bhforáiltear in Airteagal 7;

(b) gníomhaíochtaí tacaíochta cláir, arb iad na speansais chúnaimh theicniúil agus riaracháin iad a thabhaíonn an Coimisiún chun an tSaoráid a bhainistiú, lena n-áirítear na speansais is gá chun an t-aistriú idir SCE agus na bearta arna nglacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 a áirithiú, suas le 1 % den chlúdach airgeadais; déanfar na costais a bhaineann le gníomhaireacht fheidhmeach a áireamh faoin uasteorainn sin.

3.  Tar éis na meastóireachta meántéarma dá dtagraítear in Airteagal 27(1), féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún leithreasaí a aistriú idir earnáil an iompair, earnáil na teileachumarsáide agus earnáil an fhuinnimh an leithdháilte a leagtar amach i mír 1, cé is moite den suim EUR 11 305 500 000 milliún a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe chun tionscadail na hearnála iompair a mhaoiniú sna Ballstáit a bheidh incháilithe don Chiste Comhtháthaithe.

4.  Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúi do na blianta 2014-2020.



CAIBIDIL II

Cineálacha maoinithe agus forálacha airgeadais

Airteagal 6

Cineálacha cabhrach airgeadais

1.  Cuirfear SCE chun feidhme trí úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na foirmeacha cabhrach airgeadais dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe deontais, soláthairtí agus ionstraimí airgeadais.

2.  Chun críocha an Rialacháin seo, unófar leisna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 17 na cineálacha cabhrach airgeadais, i.e. deontais, soláthairtí agus ionstraimí airgeadais.

3.  Féadfaidh an Coimisiún a chur de chúram ar na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 58(1) agus in Airteagal 62 de Rialachán (AE, Euratom) Uimhir 966/2012, agus go háirithe ar Ghníomhaireacht Fheidhmiúcháin TEN-T, faoi réir anailíse costais is tairbhe, cuid de chur chun feidhme SCE, á hoiriúnú do bhainistiú optamach agus do cheanglais éifeachtacha na SCE in earnáil an iompair, in earnáil na teileachumarsáide agus in earnáil an fhuinnimh sna trí. féadfaidh an Coimisiún a chur de chúram ar na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 cuid de SCE a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Incháilitheacht agus coinníollacha maidir le cabhair airgeadais

▼M3

1.  Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena rannchuideofar le tionscadail leasa choitinn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014, mar aon le gníomhaíochtaí tacaíochta cláir, incháilithe do thacaíocht trí bhíthin cúnamh airgeadais ón Aontas, go háirithe i bhfoirm deontas, soláthair agus ionstraimí airgeadais.

▼B

2.  I réimse an iompair, is gníomhaíochtaí a rannchuideoidh le tionscadail leasa choitinn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir, agus iad sin amháin, a bheidh incháilithe do thacaíocht trí chabhair airgeadais an Aontais i bhfoirm soláthair agus ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo. Ní bheidh ach na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe chun cabhair airgeadais a fháil ón Aontas i bhfoirm deontas faoin Rialachán seo:

(a) gníomhaíochtaí lena gcuirfear an croíghréasán chun feidhme i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, lena n-áirítear imscaradh teicneolaíochtaí nua agus nuálaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán sin agus tionscadail agus tosaíochtaí comhrománacha a shainaithnítear i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b) gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme an gréasán cuimsitheach i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 nuair a rannchuideoidh na gníomhaíochtaí sin le naisc atá in easnamh a líonadh, le sreabha tráchta trasteorann a chumasú nó le baic a bhaint amach agus nuair a rannchuideoidh na gníomhaíochtaí sin freisin leis an gcroíghréasán a fhorbairt nó le croíchonairí gréasáin a idirnascadh nó nuair a rannchuideoidh siad le ERTMS a imscaradh ar príomh-bhealaí conairí/dorchlaí lastais iarnróid mar a shainítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimhir 913/2010, suas le huasteorainn 5 % den imchlúdach airgeadais le haghaidh iompair mar a shonraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo é;

(c) staidéir le haghaidh thionscadail leasa choitinn mar atá siad sainithe i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(d) staidéir le haghaidh tionscadal trasteorann tosaíochta mar atá sainithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 661/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(e) gníomhaíochtaí lena dtacófar le tionscadail leasa choitinn mar a shainítear i bpointe (a), i bpointe (e) agus i bpointe (e) d'Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(f) gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme bonneagar i nóid den chroíghréasán, lena n-áirítear nóid uirbeacha, mar a shainítear iad in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(g) gníomhaíochtaí lena dtacófar le feidhmchláir theileamaitice i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2012 [Treoirlínte TEN-T];

(h) gníomhaíochtaí lena dtacófar le seirbhísí iompair lastais i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(i) gníomhaíochtaí chun torann lastais iarnróid a laghdú, lena n-áirítear tríd an rothstoc atá ann cheana a iarfheistiú i gcomhar, inter alia, leis an tionscal iarnróid;

(j) gníomhaíochtaí tacaíochta cláir;

(k) gníomhaíochtaí lena gcuirfear chun feidhme bonneagar sábháilte agus slán i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(l) gníomhaíochtaí lena dtacaítear le mótarbhealaí na farraige i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

Ní bheidh gníomhaíochtaí a bhainfidh le hiompar agus a mbeidh cuid trasteorann nó cuid de chuid trasteorann i gceist leo incháilithe chun cabhair airgeadais a fháil ón Aontas ach amháin má bhíonn comhaontú i scríbhinn idir na Ballstáit lena mbaineann nó idir na Ballstáit agus na tríú tíortha lena mbaineann maidir le bailchríoch a chur ar na codanna trasteorann.

3.  San earnáil fuinnimh, tá na gníomhaíochtaí go léir a rannchuideoidh le tionscadail leasa choitinn agus a bhaineann leis na conairí tosaíochtaí agus leis na réimsí tosaíochtaí dá dtagraítear i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus atá i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimhir 347/2013, chomh maith le gníomhaíochtaí tacaíochta cláir, incháilithe do chabhair airgeadais ón Aontas i bhfoirm ionstraimí airgeadais, soláthairtí agus deontas faoin Rialachán seo.

Chun an leas is éifeachtúla is féidir a bhaint as buiséad an Aontais agus chun éifeacht iolraitheora na cabhrach airgeadais ón Aontas a fheabhsú, cuirfidh an Coimisiún cúnamh airgeadais ar fáil mar thosaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais nuair is iomchuí, faoi réir an ghlactha ar an margadh, agus an uasteorainn le haghaidh úsáid na n-ionstraimí airgeadais á hurramú i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus Airteagal 21(4).

▼M3

4.  In earnáil na teileachumarsáide, na gníomhaíochtaí ar fad lena gcuirfear chun feidhme tionscadail leasa choitinn agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 agus a chomhlíonfaidh na critéir incháilitheachta agus/nó na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán sin, beidh siad incháilithe le cabhair airgeadais ón Aontas a fháil faoin Rialachán seo mar a leanas:

(a) déanfar seirbhísí cineálacha, croí-ardáin seirbhíse agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir a mhaoiniú trí dheontais agus/nó soláthar;

(b) déanfar gníomhaíochtaí i réimse na ngréasán leathanbhanda a mhaoiniú trí ionstraimí airgeadais;

(c) déanfar gníomhaíochtaí chun nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla a mhaoiniú trí dheontais nó trí chineálacha cúnaimh airgeadais eile, gan ionstraimí airgeadais a áireamh.

▼B

5.  Ní bheidh gníomhaíochtaí a mbeidh sineirgí acu idir earnálacha a rannchuideoidh le tionscadail leasa choitinn a bheidh incháilithe faoi dhá Rialachán ar a laghad dá dtagraítear i bpointe(1) d'Airteagal 2incháilithe chun cabhair airgeadais a fháil faoin Rialachán seo chun críche glaonna ilearnála ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(7) ach amháin más féidir comhpháirteanna agus costais gníomhaíochta den sórt sin a scaradh go soiléir in aghaidh na hearnála de réir bhrí mhír 7(2), mhír 7(3) agus mhír 7(4).



CAIBIDIL III

Deontais

Airteagal 8

Cineálacha deontas agus costais incháilithe

1.  Féadfaidh deontais faoin Rialachán seo a bheith in aon cheann de na cineálacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 966/2012.

Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán seo a bhunófar na cineálacha deontas a fhéadfar a úsáid chun na gníomhaíochtaí lena mbaineann a chistiú.

2.  Gan dochar do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, féadfaidh caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí a thig as tionscadail a áirítear sa chéad chlár ilbhliantúil agus sna cláir oibre bhliantúla a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2014.

3.  Ní fhéadfaidh ach caiteachas a thabhófar i mBallstáit a bheith incháilithe, seachas i gcás ina mbeidh críoch tríú tíortha i gceist leis an dtionscadal leasa choitinn agus i gcás ina mbeidh an ghníomhaíocht sár-riachtanach chun cuspóirí an tionscadail lena mbaineann a bhaint amach.

4.  Féadfaidh costas trealaimh agus bonneagair a gcaithfear leis mar chaiteachas caipitil de chuid an tairbhí a bheith incháilithe ina iomláine.

5.  Féadfaidh caiteachas a bhaineann le staidéir chomhshaoil maidir le cosaint an chomhshaoil agus comhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais a bheith incháilithe.

6.  Costas nach mbeidh incháilithe a bheidh i gcaiteachas a bhaineann le ceannach talún, ach amháin i gcás cistí a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe san earnáil iompair i gcomhréir le Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe

7.  Áireofar cáin bhreisluacha ("CBL") sna costais incháilithe i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 126(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Maidir leis an suim EUR 11 305 500 000 a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe a bheidh le caitheamh sna Ballstáit a bheidh incháilithe cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe, is iad na rialacha incháilitheachta sin a bhaineann le CBL na rialacha sin is infheidhme maidir leis an gCiste Comhtháthaithe dá dtagraítear i Rialachán maidir le forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe.

8.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag rialacha a bhaineann le hincháilitheacht costas a thabhóidh tairbhithe maidir le costais a thabhóidh comhlachtaí cur chun feidhme.

Airteagal 9

Coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh

1.  Déanfaidh Ballstát amháin nó níos mó, nó, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhghnóthais nó gnóthais nó comhlachtaí, idir phoiblí agus phríobháideach, tograí a thíolacadh.

▼M3

1a.  I gcás ina bhfuil údar leo, i ngeall ar an ngá atá ann ualach míchuí riaracháin a sheachaint, go háirithe má bhíonn deontais ar luach íseal de réir bhrí Airteagal 185 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 i gceist, féadfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo toiliú le catagóir ar leith tograí faoi na cláir oibre arna nglacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo, gan na hiarrthóirí aonair a ainmniú. Leis an toiliú sin, cuirfear deireadh leis an ngá atá ann do na Ballstáit gach uile iarratas a fhormheas.

▼B

2.  Féadfaidh eintitis nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoin dlí náisiúnta is infheidhme na tograí a thíolacadh, ar choinníoll go mbeidh an cumas ag a n-ionadaithe oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh chucu féin thar a gceann agus go dtabharfaidh siad ráthaíocht go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ar ráthaíocht ía bheidh coibhéiseach leis an ráthaíocht a thairgeann daoine dlítheanacha.

3.  Ní bheidh tograí a thíolacfaidh daoine nádúrtha incháilithe.

4.  I gcás inar gá sin chun cuspóirí tionscadail áirithe leasa choitinn a bhaint amach agus i gcás ina bhfuil bonn cuí lena rannpháirtíocht, féadfaidh tríú tíortha agus eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha páirt a ghlacadh i ngníomhartha a rannchuideoidh le tionscadail leasa choitinn.

Ní fhéadfaidh siad cabhair airgeadais a fháil faoin Rialachán seo, seachas i gcás ina bhfuil sé sár-riachtanach chun cuspóirí tionscadail áirithe leasa choitinn a bhaint amach.

5.  Féadfar rialacha sonracha breise maidir le tograí a thíolacadh bheith i gcláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 17.

Airteagal 10

Rátaí maoinithe

1.  Seachas sna cásanna sin dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 966/2012, roghnófar tograí ar bhonn glaonna ar thograí a bhunófar ar na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán seo.

2.  San earnáil iompair, ní rachaidh cabhair airgeadais ón Aontas thar an méid seo a leanas:

(a) maidir le deontais le haghaidh staidéar, 50 % de na costais incháilithe;

(b) maidir le deontais le haghaidh oibreacha:

(i) i gcás gréasán iarnróid agus bóithre sna Ballstáit sin nach mbeidh gréasán iarnróid bunaithe ar a gcríoch nó i gcás Ballstáit, nó cuid de, a mbeidh gréasán leithliseach gan iompar lastais iarnróid fadraoin aige; 20 % de na costais incháilithe; féadfar an ráta maoinithe a mhéadú go 30 % do ghníomhaíochtaí lena dtabharfar aghaidh ar chaolaois tráchta agus go 40 % i gcomhair gníomhaíochtaí a bhainfidh le codanna trasteorann agus i gcomhair gníomhaíochtaí lena gcuirfear feabhas ar idir-inoibritheacht an iarnróid;

(ii) i gcás uiscebhealaí intíre: 20 % de na costais incháilithe; féadfar an ráta maoinithe a mhéadú go 40 % do ghníomhaíochtaí lena dtabharfar aghaidh ar chaolaois tráchta agus go íosmhéid de 40 % do ghníomhaíochtaí a bhainfidh le codanna trasteorann;

(iii) i gcás iompair intíre, naisc le hardáin lóistíochta ilmhódúla agus a bhforbairt lena n-áirítear naisc le calafoirt agus aerfoirt intíre agus mhuirí, chomh maith le calafoirt a fhorbairt: 20 % de na costais incháilithe;

(iv) gníomhaíochtaí chun torann lastais iarnróid a laghdú lena n-áirítear tríd an rothstoc atá ann cheana a iarfheistiú: 20 % den chostas incháilithe suas go comh-uasteorainn 1 % de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a);

(v) inrochtaineacht níos fearr ar bhonneagar iompair do dhaoine míchumasacha: 30 % de chostas incháilithe na n-oibreacha oiriúnaithe, nach mó ná 10 % de chostas incháilithe iomlán na n-oibreacha i gcás ar bith;

(vi) i gcás gníomhaíochtaí lena dtacófar le teicneolaíochtaí nua agus leis an nuáil i dtaca le gach modh iompair: 20 % den chostas incháilithe;

(vii) i gcás gníomhaíochtaí chun tacú le codanna bóithre trasteorann: 10 % den chostas incháilithe;

(c) maidir le deontais do chórais feidhmchlár teileamaitice agus seirbhísí bainistíochta tráchta:

(i) i gcás comhpháirteanna atá lonnaithe ar talamh de chuid ERTMS, SESAR, RIS agus VTMIS, 50 % den chostas incháilithe;

(ii) i gcás comhpháirteanna atá lonnaithe ar talamh de chuid ITS don earnáil bhóithre, 20 % den chostas incháilithe;

(iii) maidir le comhpháirteanna ERTMS ar bord: 50 % de na costais incháilithe;

(iv) maidir le comhpháirteanna ar bord de chuid SESAR, RIS, VTMIS agus ITS don earnáil bhóithre, 20 % den chostas incháilithe suas go comh-uasteorainn 5 % de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a);

(v) i gcás gníomhaíochtaí chun tacú le mótarbhealaí na farraige a fhorbairt: 30 % den chostas incháilithe;

Cruthóidh an Coimisiún na coinníollacha a chabhródh le forbairt na dtionscadal a bhaineann le huiscebhealaí na farraige i dteannta tríú tíortha.

(vi) i gcás córas feidhmchlár teileamaitice seachas iad sin a luaitear i bpointí (i) go (iv), seirbhísí iompair lastais agus limistéir pháirceála shábháilte feadh bhealaí an chroíghréasáin: 20 % den chostas incháilithe.

3.  San earnáil fuinnimh, ní rachaidh méid chabhair airgeadais an Aontais os cionn 50 % de chostas incháilithe staidéar agus/nó oibreacha. Féadfar rátaí cómhaoinithe a mhéadú go huasmhéid 75 %i gcomhair gníomhaíochtaí a bhunófar ar an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus lena soláthrófar leibhéal ard slándála soláthair réigiúnaigh nó leibhéal ard slándála soláthair ar fud an Aontais, lena neartófar dlúthpháirtíocht an Aontais nó a mbeidh réitigh atá thar a bheith nuálaíoch iontu.

4.  San earnáil teileachumarsáide, ní rachaidh cabhair airgeadais ón Aontas thar an méid seo a leanas:

(a) i gcás gníomhaíochtaí i réimse na seirbhísí cineálacha: 75 % den chostas incháilithe;

(b) i gcás gníomhaíochtaí cothrománacha lena n-áirítear mapáil bonneagair, nascadh agus cúnamh teicniúil, 75 % den chostas incháilithe.

Go hiondúil is trí sholáthar a dhéanfar ardáin chroísheirbhísí a chistiú. I gcásanna eisceachtúla, féadfar iad a chistiú le deontas a lena gcumhdófar suas le 100 % den chostas incháilithe, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe.

▼M3

Déanfar gníomhaíochtaí chun nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla a mhaoiniú trí bhíthin cúnamh airgeadais ón Aontas a chlúdóidh suas le 100 % de na costais incháilithe, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe.

▼B

5.  Féadfar na rátaí cómhaoinithe a mhéadú le suas le 10 gcéatadán thar na céatadáin a leagtar síos i míreanna 2, 3 agus 4 do ghníomhaíochtaí a mbeidh sineirgí acu idir ar a laghad dhá cheann de na hearnálacha a chumhdaítear le SCE. Níor cheart feidhm a bheith ag an méadú sin maidir leis na rátaí cómhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 11.

6.  Beidh méid na cabhrach airgeadais a bheidh le deonú do na gníomhaíochtaí a roghnófar modhnaithe ar bhonn anailíse costais is tairbhe ar gach tionscadal, ar bhonn infhaighteacht acmhainní buiséadacha an Aontais, agus ar bhonn an ghá atá ann le giaráil mhaoiniú an Aontais a uasmhéadú.

Airteagal 11

Glaonna sainiúla ar chistí a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe san earnáil iompair

1.  Maidir leis an suim EUR 11 305 500 000 a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe a bheidh le caitheamh go heisiach sna Ballstáit a bheidh incháilithe cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe, déanfar glaonna sainiúla le haghaidh tionscadal a mbeidh an croíghréasán á chur chun feidhme acu nó le haghaidh tionscadal agus tosaíochtaí cothrománacha a shainaithnítear i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a sheoladh go heisiach sna Ballstáit a bheidh incháilithe cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe.

2.  Beidh feidhm ag na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil iompair faoin Rialachán seo i ndáil le glaonna sainiúla den sórt sin. Go dtí an 31 Nollaig 2016, déanfar na leithdháiltí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe a urramú agus tionscadail a bheidh incháilithe don mhaoiniú á roghnú. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2017, déanfar acmhainní a aistriú chuig SCE nár gealladh le haghaidh tionscadail bhonneagair iompair a chur ar fáil do gach Ballstát a bheidh incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe, chun tionscadail bhonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.  Chun tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe a d'fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu chun tionscadail a dhearadh atá aibí go leor agus/nó atá leordhóthanach ó thaobh cáilíochta de, agus a bhfuil go leor breisluacha iontu don Aontas, tabharfar aire ar leith do ghníomhaíochtaí tacaíochta cláir faoi SCE a bhfuil mar aidhm acu an acmhainn institiúideach agus éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí a neartú maidir le tionscadail arna liostú i gCuid I den Iarscríbhinn a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Chun an méid is mó ionsúite is féidir de na cistí aistrithe i ngach Ballstát atá incháilithe cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún glaonna breise a eagrú.

4.  Ní fhéadfar leas a bhaint as an suim EUR 11 305 500 000 a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe a úsáid chun acmhainní buiséadacha a ghealladh d'ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo ach amháin amhail amhail ón 1 Eanáir 2017. Ón dáta sin, féadfar an suim EUR 11 305 500 000 a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe a úsáid chun acmhainní buiséadacha a ghealladh do thionscadail a bhfuil na heintitis ar cuireadh cúram orthu tar éis dul i gceanglais chonarthacha cheana féin ina leith.

5.  D'ainneoin Airteagal 10, agus i ndáil leis an méid EUR 11 305 500 000 a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe a bheidh le caitheamh go heisiach sna Ballstáit a bheidh incháilithe cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe, is iad na huasrátaí cistiúcháin na rátaí sin is infheidhme maidir leis an gCiste Comhtháthaithe amhail dá dtagraítear i Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe i gcás na nithe seo a leanas:

(a) gníomhaíochtaí maidir le deontais le haghaidh staidéar;

(b) gníomhaíochtaí maidir le deontais le haghaidh oibreacha:

(i) iarnróid agus uiscebhealaí intíre;

(ii) gníomhaíochtaí chun tacú le codanna bóithre trasteorann agus, i gcás na mBallstát sin nach bhfuil gréasán iarnróid acu, gréasán bóithre TEN-T;

(iii) i gcás iompair intíre, naisc le hardáin lóistíochta ilmhódúla agus a bhforbairt lena n-áirítear naisc le calafoirt agus aerfoirt intíre agus calafoirt agus aerfoirt mhuirí, lena n-áirítear saoráidí lena n-athraítear leithid go huathoibríoch, chomh maith le calafoirt a fhorbairt, lena n-áirítear cumais bhriste oighir, agus pointí lena ndéantar idirnascadh, agus aird ar leith á tabhairt ar naisc iarnróid, seachas i gcás Ballstát nach bhfuil gréasán iarnróid acu;

(c) gníomhaíochtaí maidir le deontais i gcomhair córas feidhmchlár teileamaitice agus seirbhísí bainistíochta tráchta:

(i) ERTMS, RIS, córas SESAR agus ITS don earnáil bhóithre (VTMIS),

(ii) córais feidhmchlár teileamaitice eile;

(iii) gníomhaíochtaí chun tacú le mhótarbhealaí na farraige a fhorbairt;

(d) gníomhaíochtaí i gcás deontas i gcomhair gníomhaíochtaí lena dtacófar le teicneolaíochtaí nua agus leis an nuáil i dtaca le gach modh iompair.

Airteagal 12

An deontas a chealú, a laghdú, a fhionraí agus a fhoirceannadh

1.  Ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe, cuirfidh an Coimisiún ar ceal, cabhair airgeadais a deonaíodh do staidéir nár cuireadh tús leo laistigh de bhliain ón dáta tosaigh a leagtar síos sna coinníollacha a bhfuil deonú na cabhrach faoina réir nó laistigh de dhá bhliain ón dáta sin i gcás gach gníomhaíochta eile a bheidh incháilithe le haghaidh cabhrach airgeadais faoin Rialachán seo.

2.  Féadfaidh an Coimisiún cabhair airgeadais a fhionraí, a laghdú, a ghnóthú nó a fhoirceannadh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 966/2012 nó tar éis meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an tionscadail, go háirithe i gcás moille suntasaí ar chur chun feidhme na gníomhaíochta.

3.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go n-aisíocfar an chabhair airgeadais a deonaíodh ina hiomláine nó i bpáirt, mura mbeidh an ghníomhaíocht ar deonaíodh an chabhair airgeadais di déanta ina hiomláine laistigh de dhá bhliain ón dáta críochnaithe a leagadh síos sna coinníollacha a mbeidh deonú na cabhrach faoina réir.

4.  Sula nglacfaidh an Coimisiún aon cheann de na cinntí dá bhforáiltear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, scrúdóidh sé an cás go cuimsitheach i gcomhar leis na comhlachtaí faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus rachaidh sé i gcomhairle leis na tairbhithe lena mbaineann ionas go mbeidh siad in ann a mbarúlacha a chur in iúl laistigh de thréimhse réasúnach. Tar éis na meastóireachta meántéarmaí, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le gach cinneadh a rinneadh i ndáil leis na cláir oibre a glacadh go bliantúil faoi Airteagal 17.



CAIBIDIL IV

Soláthar

Airteagal 13

Soláthar

1.  D'fhéadfadh nósanna imeachta don soláthar poiblí a dhéanfaidh an Coimisiún nó ceann amháin de na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) thar a cheann féin nó i gcomhar leis na Ballstáit a chur i gcrích:

(a) foráil a dhéanamh do choinníollacha sonracha, amhail ionad feidhmíochta na ngníomhaíochtaí arna dtabhairt chun críche, i gcás ina dtabharfaidh cuspóirí na ngníomhaíochtaí bonn cirt cuí le coinníollacha den sórt sin, agus ar choinníoll nach sáróidh na coinníollacha sin prionsabail soláthair phoiblí an Aontais agus prionsabail soláthair phoiblí náisiúnta;

(b) an deonú de chonarthaí éagsúla laistigh den nós imeachta céanna a údarú ("ilfhoinsiú").

2.  I gcás ina mbeidh bonn cirt cuí agus i gcás ina gceanglóidh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí é, féadfaidh feidhm a bheith ag mír 1 freisin maidir le nósanna imeachta don soláthar a dhéanfaidh tairbhithe na ndeontas.



CAIBIDIL V

Ionstraimí airgeadais

Airteagal 14

Cineálacha ionstraimí airgeadais

▼M3

1.  Féadfar ionstraimí airgeadais a bhunófar i gcomhréir le Teideal VIII de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a úsáid chun rochtain ar mhaoiniú a éascú d'eintitis a chuirfidh chun feidhme gníomhaíochtaí lena rannchuideofar le tionscadail leasa choitinn mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus chun a gcuspóirí a bhaint amach. Bunófar na hionstraimí airgeadais sin ar mheasúnuithe ex-ante ar lochtanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus ar riachtanais infheistíochta. Leagtar síos i gCuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo príomhthéarmaí, príomhchoinníollacha, agus príomhnósanna imeachta gach ionstraime airgeadais.

▼M2

2.  Ní rachaidh an méid iomlán a ranníocfar ó bhuiséad an Aontais leis na hionstraimí airgeadais thar 8,4 % den imchlúdach airgeadais foriomlán de chuid SCE dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

▼B

3.  Féadfar na hionstraimí airgeadais uile a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus an ionstraim um chomhroinnt riosca do bhannaí tionscadail uile a bunaíodh faoi Chinneadh 1639/2006/CE a chumasc le chéile, más infheidhme, agus faoi réir measúnaithe roimh ré, leis na hionstraimí sin a chruthófar faoin Rialachán seo.

Tá an cumasc ar na bannaí tionscadal faoi réir tuarascála eatramhaí a dhéanfar sa dara leath de 2013 mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus i gCinneadh 1639/2006/CE í. Tosóidh an Tionscnamh Bannaí Tionscadal de réir a chéile agus beidh uasteorainn 230 milliún EUR 230 000 000 milliún aige le linn na mblianta 2014 agus 2015. Beidh cur chun feidhme iomlán an tionscnaimh faoi réir measúnú neamhspleách iomláin a bheith déanta in 2015 mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus i gCinneadh 1639/2006/CE. I bhfianaise na meastóireachta sin, agus na roghanna go léir á gcur san áireamh, breithneoidh an Coimisiún an ndéanfaidh sé athruithe rialála iomchuí a mholadh, lena n-áirítear athruithe reachtacha, go háirithe mura mbeidh an glacadh sa mhargadh a tuaradh sásúil nó sa chás ina dtiocfaidh fáil ar dhóthain foinsí malartacha maoinithe d'fhiachas fadtéarmach.

4.  Féadfar na hionstraimí airgeadais seo a leanas a úsáid:

(a) ionstraimí cothromais, amhail cistí infheistíochta lena ndíreofar ar chaipiteal riosca a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena gcuideofar le tionscadail leasa choitinn;

(b) iasachtaí agus/nó ráthaíochtaí a éascaítear le hionstraimí roinnte riosca, lena n-áirítear sásra feabhsúcháin creidmheasa chun bannaí tionscadail a chosaint, lena dtugtar tacaíocht do thionscadail aonair nó do phunainn tionscadal, ar bannaí iad a eiseoidh institiúid airgeadais óna hacmhainní féin le rannchuidiú ó AE i ndáil le soláthar agus/nó leithdháileadh caipitil.

▼M4

5.  De mhaolú ar an dara agus ar an tríú fomhír d’Airteagal 140(6) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, is éard a bheidh in ioncam agus in aisíocaíochtaí ó na hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo agus ó na hionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 a rinneadh a mheascadh le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, is éard a bheidh san ioncam agus sna haisíocaíochtaí sin ioncam inmheánach sannta de réir bhrí Airteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/2017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 )

6.  De mhaolú ar an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 140(6), de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, is éard a bheidh in ioncam agus in aisíocaíochtaí ó Chiste Eorpach 2020 d’Fhuinneamh, d’Athrú Aeráide & do Bhonneagar (“Ciste Marguerite”), arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 680/2007, ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/2017.

▼B

Airteagal 15

Coinníollacha i ndáil le cabhair airgeadais a dheonú trí ionstraimí airgeadais

1.  Roghnófar gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht trí bhíthin ionstraimí airgeadais ar bhonn aibíochta agus déanfaidh siad iarracht éagsúlú earnálach a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4 mar aon le cothromhaíocht gheografach ar fud na mBallstát. Comhlíonfaidh siad na critéir seo a leanas:

(a) beidh breisluach Eorpach ag gabháil leo;

(b) beidh siad ag freagairt do chuspóirí Straitéis Eoraip 2020;

(c) déanfaidh siad éifeacht ghiarála a thíolacadh i ndáil le tacaíocht ón Aontas, i.e. díreofar leo ar infheistíocht fhoriomlán a ghríosú ar mó í ná an ranníocaíocht ón Aontas de réir na dtáscairí a shaineofar roimh ré.

2.  Féadfaidh an tAontas, aon Bhallstát agus infheisteoirí eile cabhair airgeadais a sholáthar sa bhreis ar na ranníocaíochtaí a gheofar le húsáid na n-ionstraimí airgeadais, ar chuntar go gcomhaontóidh an Coimisiún le haon athruithe a dhéanfar ar chritéir incháilitheachta na ngníomhaíochtaí agus/nó ar straitéis infheistíochta na hionstraime a fhéadfaidh a bheith riachtanach de thoradh na ranníocaíochta breise.

3.  Beidh sé mar aidhm ag na hionstraimí airgeadais éifeacht iolraitheach an chaiteachais ón Aontas a fheabhsú trí acmhainní breise a mhealladh ó infheisteoirí príobháideacha. Féadfar torthaí inghlactha a ghnóthachtáil leo chun cuspóirí comhpháirtithe eile nó infheisteoirí eile a bhaint amach, agus luach na n-acmhainní a chuirfear ar fáil ó bhuiséad an Aontais á chaomhnú.

4.  Féadfar ionstraimí airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a chumasc le deontais arna gcistiú ó bhuiséad an Aontais.

5.  Féadfaidh an Coimisiún coinníollacha breise a leagan síos sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 17 de réir riachtanais shainiúla na hearnála iompair, na hearnála teileachumarsáide agus na hearnála fuinnimh.

Airteagal 16

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha

Féadfaidh na hionstraimí airgeadais tacú le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha má bhíonn na gníomhaíochtaí sin riachtanach chun tionscadal leasa choitinn a chur chun feidhme.

▼M5



CAIBIDIL VA

Meascadh

Airteagal 16a

saoráidí measctha SCE

1.  I gcomhréir le hAirteagal 159 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) féadfar saoráidí measctha a bhunú faoin Rialachán seo le haghaidh earnáil amháin nó níos mó de na hearnálacha de chuid SCE. Beidh gach gníomhaíocht a rannchuidíonn le tionscadail leasa choitinn incháilithe le cúnamh airgeadais trí oibríochtaí measctha.

2.  Cuirfear saoráidí measctha SCE chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

3.  Ní rachaidh an méid iomlán a ranníocfar ó bhuiséad an Aontais le saoráidí measctha SCE thar 10 % de na himchlúdaigh airgeadais fhoriomlána de chuid SCE amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

Sa bhreis ar an tairseach a leagtar amach sa chéad fhomhír, san earnáil iompair ní rachaidh an méid iomlán a ranníocfar ó bhuiséad an Aontais le saoráidí measctha SCE thar EUR 500 000 000 .

Mura n-úsáidfear ina iomláine 10 % den chlúdach foriomlán airgeadais maidir le cur chun feidhme SCE dá dtagraítear in Airteagal 5(1) do shaoráidí measctha SCE agus/nó d’ionstraimí airgeadais, déanfar an tsuim a bheidh fágtha a chur ar fáil agus athdháilfear í don clúdach airgeadais.

4.  Ní úsáidfear an tsuim de EUR 11 305 500 000 a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1), chun acmhainní buiséadacha a ghealladh do shaoráidí measctha SCE.

5.  I gcás na tacaíochta a chuirfear ar fáil faoi shaoráid mheasctha SCE i bhfoirm deontas agus ionstraimí airgeadais, comhlíonfaidh sí an incháilitheacht agus na coinníollacha le haghaidh cúnamh airgeadais a leagtar amach in Airteagal 7. Beidh méid an chúnaimh airgeadais a bheidh le deonú do na hoibríochtaí measctha dá dtabharfar tacaíocht trí bhíthin saoráid mheasctha de chuid SCE modhnaithe ar bhonn anailís chostais agus tairbhe, infhaighteacht acmhainní buiséadacha an Aontais agus an ghá atá le giaráil chistiú an Aontais a uasmhéadú. Ní sháróidh aon deontas a bhronnfar na rátaí maoiniúcháin a leagtar síos in Airteagal 10.

6.  Féachfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), an bhféadfadh BEI ráthaíochtaí céadchaillteanais a chur ar fáil go córasach laistigh de shaoráidí measctha SCE chun breisíocht a cheadú agus a éascú, mar aon le rannpháirtíocht na gcomhinfheisteoirí príobháideacha in earnáil an iompair.

7.  Féadfaidh an tAontas, na Ballstáit agus infheisteoirí eile rannchuidiú le saoráidí measctha SCE, ar choinníoll go gcomhaontóidh an Coimisiún le sonraíochtaí na gcritéar incháilitheachta is infheidhme d’oibríochtaí measctha agus/nó do straitéis infheistíochta na saoráide measctha SCE, rud a d’fhéadfadh a bheith riachtanach i ngeall ar na ranníocaíochta breise agus d’fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus tionscadail leasa choitinn á gcur i gcrích. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní breise sin chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

8.  Roghnófar oibríochtaí measctha a fhaigheann tacaíocht trí bhíthin saoráid mheasctha de chuid SCE ar bhonn aibíochta agus déanfaidh siad iarracht éagsúlú earnálach a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4 mar aon le cothromaíocht gheografach ar fud na mBallstát. Maidir leis na hoibríochtaí measctha sin:

(a) beidh breisluach Eorpach ag gabháil leo;

(b) beidh siad ag freagairt do chuspóirí na Straitéise Eoraip 2020;

(c) beidh siad ina gcuidiú, i gcás inar féidir, le maolú a dhéanamh ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú dó.

9.  Cuirfear saoráidí measctha SCE ar fáil agus roghnófar na hoibríochtaí measctha ar bhonn na gcritéar roghnúcháin agus dámhachtana arna mbunadh sna cláir oibre ilbhliantúla agus bliantúla arna nglacadh de bhun Airteagal 17.

10.  Féadfaidh saoráid mheasctha de chuid SCE tacú le hoibríochtaí measctha i dtríú tíortha má bhíonn na gníomhaíochtaí sin riachtanach chun tionscadal leasa choitinn a chur chun feidhme.

▼B



CAIBIDIL VI

Cláreagrú, cur chun feidhme agus rialú

Airteagal 17

Cláir oibre ilbhliantúla agus/nó bhliantúla

1.  Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla in earnálacha an iompair, an fhuinnimh agus na teileachumarsáide. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Coimisiún cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla a ghlacadh lena gcumhdófar níos mó ná earnáil amháin. Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

2.  Déanfar an Coimisiún athbhreithniú ar na cláir oibre ilbhliantúla leath bealaigh tríd ar a laghad. Más gá, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gclár oibre ilbhliantúil trí bhíthin gnímh cur chun feidhme. Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

3.  Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre ilbhliantúla san earnáil iompair le haghaidh tionscadal leasa choitinn mar a liostaítear i gCuid I den Iarscríbhinn.

▼M5

Beidh méid an imchlúdaigh airgeadais laistigh de raon 80 % go 95 % de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1).

▼B

Níl na tionscnaimh a shonraítear i gCuid I den Iarscríbhinn ina gceangal ar na Ballstáit maidir lena gcinntí cláreagraithe. Is inniúlacht de chuid na mBallstát é an cinneadh chun na tionscnaimh sin a chur chun feidhme agus braitheann sé sin ar chumas maoinithe, agus ar a n-inmharthanacht shoch-eacnamaíoch i gcomhréir le Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

4.  Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre bhliantúla le haghaidh earnálacha an iompair, an fhuinnimh agus na teileachumarsáide do na tionscadail leasa choitinn sin nach bhfuil san áireamh sna cláir oibre ilbhliantúla.

▼M3

5.  Nuair a bheidh cláir oibre ilbhliantúla agus cláir oibre bhliantúla earnála á nglacadh ag an gCoimisiún, bunóidh sé na critéir roghnúcháin agus dhámhactana i gcomhréir leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 den Rialachán seo agus i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 283/2014. Agus na critéir dhámhachtana á leagan síos ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh na treoshuíomhanna ginearálta a leagtar síos i gCuid V d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

▼B

6.  San earnáil fuinnimh, sa chéad dá chlár oibre bhliantúla, tabharfar tosaíocht do thionscadail leasa choitinn agus do ghníomhartha gaolmhara lena ndíreofar ar leithlisiú fuinnimh a dhíothú agus ar scrogaill fuinnimh a dhíchur, agus ar an margadh inmheánach fuinnimh a thabhairt chun críche.

7.  Déanfar cláir oibre a chomhordú chun leas a bhaint as na sineirgí atá idir iompar, fuinneamh agus teileachumarsáid, go háirithe i réimsí amhail eangacha fuinnimh chliste, soghluaisteacht leictreachais, córais chliste agus inbhuanaithe iompair, comhchearta slí nó cúpláil bonneagair. Glacfaidh an Coimisiún iarrtas ilearnála amháin ar a laghad ar thograí le haghaidh gníomhartha a bheidh incháilithe faoi Airteagal 7(5), agus déanfar na suimeanna airgeadais a leithdháilfear ar gach earnáil a ualú de réir mar a bheidh baint ag gach earnáil le costais incháilithe na ngníomhartha a roghnófar i dtaca le maoiniú faoi SCE.

Airteagal 18

Cabhair airgeadais á deonú ag an Aontas

1.  Tar éis gach glaoch ar thograí bunaithe ar an gclár oibre ilbhliantúil nó bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17, cinnfidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25, méid na cabhrach airgeadais a dheonófar le haghaidh na dtionscadal nó na gcodanna de thionscadail a roghnófar. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha faoina ndéanfar iad a chur chun feidhme agus na modhanna trína ndéanfar iad a chur chun feidhme.

2.  Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir le haon chabhair airgeadais a bheidh le deonú.

Airteagal 19

Tráthchodanna bliantúla

Féadfaidh an Coimisiún ceangaltais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. Sa chás sin, geallfaidh sé na tráthchodanna bliantúla, agus cuirfidh sé dul chun cinn na ngníomhaíochtaí a gheobhaidh cabhair airgeadais san áireamh, a riachtanais mheasta agus an buiséad a bheidh ar fáil.

Cuirfidh an Coimisiún tráthchlár táscach chuig tairbhithe na ndeontas, chuig na Ballstáit lena mbaineann agus, más infheidhme i gcás ionstraimí airgeadais, chuig na hinstitiúidí airgeadais lena mbaineann, ar tráthchlár é a gcumhdófar leis gealltanas i dtaca leis na tráthchodanna bliantúla aonair.

Airteagal 20

Leithreasaí bliantúla a thabhairt ar aghaidh

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 966/2012, tabharfar ar aghaidh leithreasaí nár úsáideadh faoi dheireadh na bliana airgeadais ar lena haghaidh a cuireadh isteach iad.

Airteagal 21

Gníomhartha tarmligthe

1.  Faoi réir fhormheas an Bhallstáit/na mBallstát lena mbaineann ar formheas é amhail dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 172 CFAE, tabharfar an chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo, maidir le leasú a dhéanamh ar Chuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, chun go gcuirfear san áireamh tosaíochtaí airgeadais sna gréasáin thras-Eorpacha ar tosaíochtaí iad a bheidh ag athrú agus a bhaineann le tionscadail leasa choiteann mar a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 iad. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún Cuid I d'Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, áiritheoidh sé an méid seo a leanas:

(a) gur dóigh go ndéanfar na tionscadail leasa choitinn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a bhaint amach go hiomlán nó go páirteach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020;

(b) go gcomhlíonfar leis na modhnaithe na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán seo;

(c) maidir le Cuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, go gcuimseofar, i ngach roinn, tionscadail bhonneagair is ghá a chur isteach sa chlár ilbhliantúil oibre faoi Airteagal 17(3) den Rialachán seo, chun iad a bhaint amac,h gan ailíniú chonairí an chroíghréasaín a athrú.

2.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo le go leasófar na príomhthéarmaí, na príomhchoinníollacha agus na príomhnósanna imeachta a leagtar síos i gCuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo lena rialaítear rannchuidiú an Aontais le gach ionstraim airgeadais atá bunaithe faoin gCreat Fiachais nó faoin gCreat Cothromais a leagtar síos i gCuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le torthaí na tuarascála eatramhaí agus an mheasúnaithe iomláin neamhspleách a rinneadh ar threoirchéim Thionscnamh Bannaí Tionscadal Eoraip 2020 a bunaíodh faoi Cinneadh Uimh. 1639/2006/AE agus Rialachán Uimh. 680/2007agus le go gcuirfear athruithe i ndálaí an mhargaidh san áireamh d'fhonn barr feabhais a chur ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo.

Agus Cuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo á leasú aige sna cásanna a leagtar síos sa chéad fhomhír, áiritheoidh an Coimisiún i gcónaí an méid seo a leanas:

(a) déantar na leasuithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagadh síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, lena n-áirítear an measúnú ex ante dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 140(2) den Rialachán sin, agus

(b) tá na leasuithe teoranta don méid seo a leanas:

(i) leasú a dhéanamh ar thairseach an mhaoinithe fofhiachais dá dtagraítear in I.1(a) agus in I.1(b) de Chuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, chun go n-iarrfar éagsúlú earnálach agus cothromaíocht gheografach ar fud na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 15;

(ii) leasú a dhéanamh ar thairseach an mhaoinithe fiachais shinsearaigh dá dtagraítear in I.1(a) de Chuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, chun go n-iarrfar éagsúlú earnálach agus cothromaíocht gheografach ar fud na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 15;

(iii) comhcheangal le foinsí eile maoinithe dá dtagraítear in I.3 agus in II.3 de Chuid III d'Iarscríbhinn I;

(iv) roghnú na n-eintiteas a gcuirfear cúram orthu dá dtagraítear in I.4 agus in II.4 de Chuid III d'Iarscríbhinn I; agus

(v) praghsáil, comhroinnt riosca agus comhroinnt ioncaim dá dtagraítear in I.6 agus in II.6 de Chuid III d'Iarscríbhinn I.

3.  Maidir le hearnáil an iompair, agus faoi chuimsiú na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 agus na gcuspóirí sonracha earnála dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1), tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena sonrófar na tosaíochtaí maoinithe a bheidh le háireamh sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 17 le linn na tréimhse SCE do ghníomhaíochtaí a bheidh incháilithe faoi Airteagal 7(2). Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe faoin 22 Nollaig 2014.

▼M2

4.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an t-uasmhéid a leagtar amach in Airteagal 14(2) a ardú suas go 10 %, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) go bhfuil toradh dearfach ar an measúnú arna dhéanamh in 2015 ar threoirchéim an Tionscnaimh Bannaí Tionscadal; agus

(ii) go bhfuil roghnú na n-ionstraimí airgeadais níos airde ná 6,5 % i dtéarmaí gealltanas conarthach tionscadail.

▼B

5.  I gcás ina mbeidh gá le himeacht níos mó ná cúig phointe céatadáin ón leithdháileadh le haghaidh cuspóra ar leith iompair, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 le go leasófar na céatadáin tháscacha a leagtar amach i gCuid IV d'Iarscríbhinn I.

6.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 le go leasófar liosta na dtreoirlínte comhchoiteanna atá i gCuid V d'Iarscríbhinn I, ar treoirlínte iad a bheidh le cur san áireamh tráth a leagfar síos na critéir roghnúcháin agus dhámhactana ionas go mbeidh léiriú ar mheasúnú meántéarma an Rialacháin seo nó ar chonclúidí a bhaintear as a chur chun feidhme. Déanfar é sin ar bhealach atá comhoiriúnach leis na treoirlínte earnálacha faoi seach.

Airteagal 22

Freagracht ar na tairbhithe agus ar na Ballstáit

Laistigh dá freagrachtaí faoi seach agus gan dochar do na hoibleagáidí a bheidh ar na tairbhithe faoi na coinníollacha a mbeidh deontais faoina réir, déanfaidh na tairbhithe agus na Ballstáit gach iarracht na tionscadail leasa choitinn a gheobhaidh cabhair airgeadais ón Aontas, a dheonófar faoin Rialachán seo, a chur chun feidhme.

Beidh na Ballstáit i mbun faireacháin theicniúil agus i mbun rialaithe airgeadais ar na gníomhaíochtaí i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus dearbhóidh siad gur íocadh amach an caiteachas a tabhaíodh i leith tionscadal nó codanna de thionscadail agus go raibh an t-eisíoc sin i gcomhréir leis na rialacha ábhartha. Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh páirt a ghlacadh i seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go bliantúil, trí chóras idirghníomhach faisnéise geografaí agus teicniúla más ábhartha, faoin dul chun cinn a dhéanfar maidir le tionscadail leasa choitinn a chur chun feidhme agus maidir leis na hinfheistíochtaí a dhéanfar chuige sin, lena n-áirítear an méid tacaíochta a úsáideadh chun cuspóirí an athraithe aeráide a bhaint amach. Ar an mbonn sin foilseoidh an Coimisiún faisnéis faoi na tionscadail shonracha SCE, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta í ar a laghad uair gach bliain.

▼M5

Níl an deimhniú caiteachais dá dtagraítear sa dara fhomhír sen Airteagal seo éigeantach i gcás deontais a dheonaítear ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 283/2014.

▼M3

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas dá dtagraítear sa tríú mír den Airteagal seo maidir le deontais ná cineálacha eile cúnaimh airgeadais arna ndámhachtain de bhun phointe (c) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 283/2014.

▼B

Airteagal 23

Beartais agus dlí an Aontais a chomhlíonadh

Ní thabharfar maoiniú faoin Rialachán seo ach do ghníomhaíochtaí lena gcomhlíonfar dlí ábhartha an Aontais agus a bheidh i gcomhréir le beartais ábhartha an Aontais.

Airteagal 24

Leas airgeadais an Aontais a chosaint

1.  Glacfaidh an Coimisiún bearta cuí chun a áirithiú, i gcás ina gcuirfear gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo chun feidhme, go mbeidh leas airgeadais an Aontais á chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, agus, má thugtar mírialtachtaí faoi deara, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadaisz bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.  Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag Cúirt na nIniúchóirí, iniúchóireacht a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, gníomhaíochtaí na dtairbhithe deontas uile, le gach comhlacht cur chun feidhme, le gach conraitheoir agus le gach fochonraitheoir a mbeidh cistí faighte acu ón Aontas faoin Rialachán seo.

3.  Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle ( 7 ), d'fhonn a aimsiú an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach i gceist a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh faoi dheontas nó conradh a maoiníodh faoin Rialachán seo.

4.  Gan dochar do mhír 1, mír 2 agus mír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhaontuithe agus i gcinntí faoi dheontais agus i gconarthaí a leanfaidh ó chur chun feidhme an Rialacháin seo, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, do Chúirt na nIniúchóirí agus do OLAF na hiniúchóireachtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh, de réir a n-inniúlachtaí faoi seach.



TEIDEAL II

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Coistí

1.  Tabharfaidh Coiste Comhordúcháin SCE cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.  Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  Áiritheoidh an Coiste go ndéanfar forléargas cothrománach ar na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 17 chun áirithiú go bhfuil siad comhsheasmhach, agus áiritheoidh sé go ndéanfar na sineirgí idir na hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh a shainaithint, go mbainfear leas astu agus go ndéanfar measúnú orthu. Déanfaidh sé iarracht go háirithe na cláir oibre a chomhordú chun go mbeidh glaonna ilearnálacha ar thograí ann.

Airteagal 26

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.  Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 21 don Choimisiún ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 21 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh i dtaca le cúlghairm cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 21 i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle faoin ngníomh sin nó má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon, sula dtéann an tréimhse sin in éag, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 27

Measúnú

1.  Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017, ullmhóidhan Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tairbhithe lena mbaineann, tuarascáil mheasúnaithe a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ag an gCoimisiún maidir le cuspóirí na mbeart uile a bhaint amach (ar leibhéal na dtorthaí agus na n-iarmhairtí) agus maidir le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus leis an mbreisluach Eorpach a bheidh ag roinnt léi, ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a athnuachan, a leasú nó a fhionraí. Tabharfar aghaidh sa mheasúnú freisin ar an raon feidhme i ndáil le simpliú, le comhtháthú inmheánach agus seachtrach na mbeart, le hábharthacht leanúnach gach cuspóra, mar aon leis an méid a rannchuideoidh na bearta sin le tosaíochtaí an Aontais i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh, lena n-áirítear an éifeacht a bheidh acu ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Áireofar sa tuarascáil mheastóireachta measúnú ar an leibhéal airgeadais, teicniúil agus daonna a dhéanfaidh an Coimisiún ar bharainneachtaí scála agus bainistiú á dhéanamh aige ar SCE, agus, i gcás inarb iomchuí, ar líon iomlán na dtionscadal lena mbainfear leas as na sineirgí idir na hearnálacha. Déanfar scrúdú freisin, mar chuid den mheasúnú sin, ar an gcaoi inar féidir na hionstraimí airgeadais a dhéanamh níos éifeachtaí. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil mheastóireachta torthaí an mheasúnaithe ar thionchar fadtéarmach na mbeart a bhí ann roimhe sin.

2.  Cuirfear san áireamh i SCE an measúnú neamhspleách iomlán a bheidh le déanamh in 2015 ar Thionscnamh Bannaí Tionscadal Eoraip 2020. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit ábharthacht Thionscnamh Bannaí Tionscadal Eoraip 2020 a mheasúnú, agus a éifeachtacht ó thaobh méid na n-infheistíochtaí a mhéadú i dtionscadail tosaíochta agus ó thaobh éifeachtacht chaiteachas an Aontais a fheabhsú.

3.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex post i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na tairbhithe. Sa mheasúnú ex post, déanfar scrúdú ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an SCE agus a thionchar ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus ar a mhéid a chuidíonn an tsaoráid le tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh agus ar scála agus ar thorthaí na tacaíochta a úsáidfear chun cuspóirí an athraithe aeráide a bhaint amach.

4.  Tabharfar aird sna measúnaithe ar an dul chun cinn arna dhéanamh arna thomhasi ndáil le táscairí feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4.

5.  Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí sin in iúl do Parlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

6.  Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, le cúnamh ó na tairbhithe eile a d'fhéadfadh a bheith ann, dul i mbun meastóireachta ar na modhanna chun tionscadail a chur i gcrích agus ar thionchar a gcur chun feidhme, chun a mheas ar baineadh amach na cuspóirí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cosaint an chomhshaoil.

7.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Bhallstát a mbaineann tionscadal leasa choitinn leis, measúnú sonrach a sholáthar ar na gníomhaíochtaí agus ar na tionscadail nasctha arna maoiniú faoin Rialachán seo nó, nuair is iomchuí, an fhaisnéis agus an chabhair atá riachtanach chun tabhairt faoi mheasúnú ar na tionscadail sin a sholáthar dó.

Airteagal 28

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Áiritheoidh tairbhithe agus, nuair is iomchuí, na Ballstáit lena mbaineann go dtabharfar poiblíocht oiriúnach do chabhair a bhronnfar faoin Rialachán seo chun an pobal a chur ar an eolas faoi ról an Aontais i gcur chun feidhme na dtionscadal agus áiritheoidh siad go gcuirfear trédhearcacht i bhfeidhm ar an gcabhair sin.

2.  Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme maidir le tionscadail agus torthaí SCE. Na hacmhainní a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoi Airteagal 5(2), rannchuideoidh siad freisin le cumarsáid institiúideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, ar chuntar go mbaineann siad leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 29

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 leis seo mar a leanas:

Cuirfear téacs Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 913/2010. Mar sin beidh Rialachán athbhreithnithe na gConairí Lasta Iarnróid faoi réir fhorálacha Rialacháin (AE) Uimh. 913/2010.

Airteagal 30

Forálacha idirthréimhseacha

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas nó do leasú na dtionscadal lena mbaineann, lena n-áirítear a gcealú ina n-iomláine nó i bpáirt, go dtí go gcuirfear i gcrích iad, ná do leanúnachas nó do leasú na cabhrach airgeadais arna deonú ag an gCoimisiún de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialacháin (CE) Uimh. 67/2010, ná do leanúnachas nó do leasú aon reachtaíochta eile a bhaineann leis an gcabhair sin an 31 Nollaig 2013, a mbeidh feidhm aici dá éis sin i ndáil leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

Airteagal 31

Aisghairm

Gan dochar d'Airteagal 30 den Rialachán seo, déantar Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

CUID I

LIOSTA NA dTIONSCADAL RÉAMHSHAINITHE ATÁ SA CHROÍGHRÉASÁN SAN EARNÁIL IOMPAIR

1.    Tosaíochtaí Cothrománacha



Bainistíocht nuálaíoch agus seirbhísí nuálaíocha

Aerspás Eorpach Aonair -an córas SESAR

Bainistíocht nuálaíoch agus seirbhísí nuálaíocha

Córais feidhmchlár teileamaitice do bhóithre,d'iarnróid, d'uiscebhealaí intíre agus do shoithí

(ITS, ERTMS, RIS agus VTMIS)

Bainistíocht nuálaíoch agus seirbhísí nuálaíocha

Calafoirt mmuirí, mótarbhealaí farraige (MoS) agus aerfoirt an chroíghréasáin, bonneagar sábháilte agus slán

Teicneolaíochtaí nua agus nuáil

Teicneolaíochtaí nua agus nuáil i gcomhréir le pointí (a) go (d) d'Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013

2    Conairí an chroíghréasáin

Conair Mhuir Bhailt – Mhuir Aidriad

AILÍNIÚ:

Gdynia – Gdańsk – Katowice/Sławków

Gdańsk – Warszawa – Katowice

Katowice – Ostrava – Brno – Wien

Szczecin/Świnoujście – Poznań – Wrocław – Ostrava

Katowice – Žilina – Bratislava – Wien

Wien – Graz – Villach – Udine – Trieste

Udine – Venezia – Padova – Bologna – Ravenna

Graz – Maribor – Ljubljana – Koper/Trieste

CODANNA RÉAMHSHAINITHE LENA nÁIRÍTEAR TIONSCADAIL:



Gdynia – Katowice

Iarnród

Oibreacha

Gdynia, Gdańsk

Calafoirt

Idirnaisc chalafort, forbairt (tuilleadh) ar ardáin ilmhódacha

Warszawa- Katowice

Iarnród

Oibreacha

Wroclaw – Poznań – Szczecin/Świnoujście

Iarnród

Oibreacha

Świnoujście, Szczecin

Calafort

Idirnaisc chalafort

Bielsko Biala – Žilina

Bóthar

Oibreacha

Katowice - Ostrava - Brno - Wien agus Katowice - Žilina - Bratislava - Wien

Iarnród

Oibreacha, go háirithe codanna trasteorann PL-CZ, CZ-AT, PL-SK agus SK-AT, líne Brno-Přerov; (tuilleadh) forbartha ar ardáin ilmhódacha agus ar idirnaisc iarnróid-aerfoirt

Wien - Graz - Klagenfurt - Udine - Venezia - Ravenna

Iarnród

Líne nua a thógáil go páirteach (Bhuntollán Semmering agus Iarnróid Koralm), uasghrádú iarnród; oibreacha leanúnacha; forbairt (tuilleadh) ar ardáin ilmhódacha; an líne dhá-ráille atá ann cheana idir Udine - Cervignano agus Trieste a uasghrádú

Graz – Maribor – Pragersko

Iarnród

Staidéir agus oibreacha don dara ráille

Trieste, Venenezia, Ravenna, Koper

Calafoirt

Idirnaisc chalafort; forbairt (tuilleadh) ar ardáin ilmhódacha

An Mhuir Thuaidh - an Mhuir Bhailt

AILÍNIÚ:

Helsinki –Tallinn – Rīga

Ventspils – Rīga

Rīga – Kaunas

Klaipėda – Kaunas – Vilnius

Kaunas – Warszawa

Teorainn BY – Warszawa – Poznań – Frankfurt/Oder – Berlin – Hamburg

Berlin - Magdeburg – Braunschweig – Hannover

Hannover – Bremen – Bremerhaven/Wilhelmshaven

Hannover – Osnabrück – Hengelo – Almelo – Deventer – Utrecht

Utrecht – Amsterdam

Utrecht – Rotterdam – Antwerpen

Hannover – Köln – Antwerpen

CODANNA RÉAMHSHAINITHE LENA nÁIRÍTEAR TIONSCADAIL:



Helsinki - Tallinn

Calafoirt, uiscebhealaí na mara

Idirnaisc chalafort; (tuilleadh) forbartha ar ardáin ilmhódacha agus a n-idirnaisc, (cumas briste oighir) mótarbhealach na farraige

Tallinn - Rīga - Kaunas - Warszawa

Iarnród

staidéir (mhionsonraithe) le haghaidh líne tomhsaire UIC atá idir-inoibritheach ina hiomláine; tús a chur le hoibreacha ar líne nua faoi 2020; uasghrádú agus líne nua ar chríoch PL; iarnród - idirnaisc aerfort/calafort, críochfoirt iarnróid, MoS

Ventspils – Rīga

Iarnród

Uasghrádú, idirnaisc chalafort, Mótarbhealaí? na farraige

Klaipėda – Kaunas

Iarnród

Uasghrádú, idirnaisc chalafort, Mótarbhealach na farraige

Kaunas – Vilnius

Iarnród

Uasghrádú, idirnaisc aerfort, críochfoirt iarnróid

Conair Via Baltica

Bóthar

Oibreacha le haghaidh rann trasteorann (EE, LV, LT, PL)

Teorainn BY - Warszawa- Poznań –Teorainn DE

Iarnród

Oibreacha ar an líne atá ann cheana, staidéir ar iarnród ardluais

Teorainn PL - Berlin - Hannover - Amsterdam/Rotterdam

Iarnród

Staidéir agus uasghrádú ar roinnt codanna (Amstardam – Utrecht – Arnhem; Hannover - Beirlín)

Wilhelmshaven - Bremerhaven - Bremen

Iarnród

staidéir agus oibreacha

Berlin - Magdeburg – Hannover, Mittellandkanal, canálacha Iartharacha na Gearmáine, Rhine, Waal, Noordzeekanaal, IJssel, Twentekanaal

IWW

Staidéir, oibreacha chun inseoltacht a fheabhsú agus uiscebhealaí agus loic a uasghrádú

Loic Amsterdam & Amsterdam - Rijnkanaal

IWW

Staidéir ar loic ar bun faoi láthair; Calafort: idirnaisc (staidéir agus oibreacha, lena n-áirítear loc Beatrix a uasghrádú)

An Mheánmhuir

AILÍNIÚ:

Algeciras – Bobadilla – Madrid – Zaragoza – Tarragona

Sevilla – Bobadilla – Murcia

Cartagena – Murcia – Valencia – Tarragona

Tarragona – Barcelona – Perpignan – Marseille/Lyon – Torino – Novara – Milano – Verona – Padova – Venezia – Ravenna/Trieste/Koper – Ljubljana – Budapest

Ljubljana/Rijeka – Zagreb – Budapest – Teorainn UA

CODANNA RÉAMHSHAINITHE LENA nÁIRÍTEAR TIONSCADAIL:



Algeciras - Madrid

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair, oibreacha le seoladh roimh 2015, le cur i gcrích faoi 2020

Sevilla - Antequera - Granada - Almería - Cartagena - Murcia - Alicante - Valencia

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Madrid-Zaragoza-Barcelona

Iarnród

Uasghrádú na línte atá ann faoi láthair (leithead, taobhlaigh, ardáin)

Valencia - Tarragona - Barcelona

Iarnród

Tógáil idir 2014 - 2020

Barcelona

Calafort

Idirnaisc iarnród le calafoirt agus le haerfoirt

Barcelona - Perpignan

Iarnród

Cuid trasteorann, oibreacha ar bun faoi láthair, líne nua le cur i gcrích faoi 2015, an líne atá ann cheana a uasghrádú (leithead, taobhlaigh, ardáin)

Perpignan - Montpellier

Iarnród

Seach-chonair Nîmes - Montpellier le bheith i bhfeidhm in 2017, Montpellier - Perpignan in 2020

Lyon

Iarnród

Scrogaill Lyon a mhaolú: staidéir agus oibreacha

Lyon – Avignon – Marseille

Iarnród

Uasghrádú

Lyon - Torino

Iarnród

Cuid trasteorann, oibreacha buntolláin; staidéir agus bealaí rochtana oibreacha

Milano - Brescia

Iarnród

Uasghrádú i bpáirt, cuid d'iarnórd ardluais nua

Brescia - Venezia - Trieste

Iarnród

Oibreacha le tosú roimh 2014 ar roinnt codanna i sineirge le gníomhaíochtaí uasghrádaithe a ghabhtar de láimh i stráice forluí mar atá beartaithe do Chonair Mhuir Bhailt-Mhuir Aidriad

Milano – Cremona- Mantova – Porto Levante/Venezia – Ravenna/Trieste

IWW

Staidéir agus oibreacha

Cremona, Mantova, Venezia, Ravenna, Trieste

Calafoirt Intíre

Idirnaisc chalafort, (tuilleadh) forbartha ar ardáin ilmhódacha

Trieste - Divača

Iarnród

Staidéir agus uasghrádú i bpáirt ar bun faoi láthair; ní bheidh an chuid trasteorann le déanamh go dtí tar éis 2020

Koper - Divača - Ljubljana - Pragersko

Iarnród

Staidéir agus uasghrádú/líne atá nua i bpáirt

Rijeka – Zagreb – Budapest

Iarnród

Staidéir agus oibreacha (lena n-áirítear rian nua a thógáil mar aon le dara rian idir Rijeka agus teorainn HU)

Rijeka

Calafort

Uasghrádú agus forbairt an bhonneagair, forbairt ar ardáin ilmhódacha agus ar idirnaisc

Ljubljana- Zagreb

Iarnród

staidéir agus oibreacha

Nód Ljubljana

Iarnród

Nód iarnróid Liúibleána, ardán ilmhódach san áireamh; idirnasc iarnróid aerfoirt

Pragersko - Zalalövö

Iarnród

Cuid trasteorann: staidéir, tús a chur le hoibreacha roimh 2020

Lendava - Letenye

Bóthar

Uasghrádú trasteorann

Boba- Székesfehérvár

Iarnród

Uasghrádú

Budapest-Miskolc-teorainn UA

Iarnród

Uasghrádú

Vásárosnamény- Teorainn UA

Bóthar

Uasghrádú trasteorann

Oirthear/Meánmhuir Thiar

AILÍNIÚ:

Hamburg – Berlin

Rostock – Berlin – Dresden

Bremerhaven/Wilhelmshaven – Magdeburg – Dresden

Dresden – Ústí nad Labem – Mělník/Praha – Kolín

Kolín Pardubice – Brno – Wien/Bratislava – Budapest – Arad – Timișoara – Craiova – Vidin – Sofia

Sofia – Plovdiv – Burgas

Plovdiv Teorainn TR –

Sofia – Thessaloniki – Athina - Piraeus – Lemesos – Lefkosia

Athina – Patra/Igoumenitsa

CODANNA RÉAMHSHAINITHE LENA nÁIRÍTEAR TIONSCADAIL:



Dresden - Praha

Iarnród

Staidéir ar iarnród ardluais

Praha

Iarnród

Uasghrádú, seach-chonair lasta; nasc iarnróid aerfoirt

Praha – Břeclav

Iarnród

Uasghrádú

Hamburg – Dresden – Praha – Pardubice

IWW

Staidéir Elbe agus Vltava, oibreacha chun inseoltacht a fheabhsú agus a uasghrádú

Loic Děčín

IWW

Staidéir

Praha - Brno - Břeclav

Iarnród

Uasghrádú, lena n-áirítear nód iarnróid Brno agus ardán ilmhódach

Břeclav– Bratislava

Iarnród

Trasteorainn, uasghrádú

Bratislava – Hegyeshalom

Iarnród

Trasteorainn, uasghrádú

Mosonmagyaróvár – Teorainn SK

Bóthar

Uasghrádú trasteorann

Tata – Biatorbágy

Iarnród

Uasghrádú

Budapest – Arad – Timișoara – Calafat

Iarnród

Uasghrádú san Ungáir beagnach curtha i gcrích, i mbun uasghrádaithe sa Rómáin

Vidin - Sofia - Burgas/teorainn TR

Sofia - Thessaloniki - Athina//Piraeus

Iarnród

Staidéir agus oibreacha Vidin – Sóifia – Thessaloniki - Athina/; uasghrádú Sóifia – Burgas/teorainn TR

Vidin – Craiova

Bóthar

Uasghrádú trasteorann

Thessaloniki, Igoumenitsa

Calafort

Uasghrádú agus forbairt an bhonneagair, idirnaisc ilmhódacha

Athina//Piraeus/Heraklion – Lemesos

Calafort, Mótarbhealach na Farraige

Acmhainn calafort agus idirnaisc ilmhódacha

Lemesos – Lefkosia

Calafoirt, ardáin ilmhódacha

Uasghrádú ar na hidirnaisc mhódacha, lena n-áirítear Cuar Theas Lefkosia, staidéir agus oibreacha, córais bainistíochta tráchta

Lefkosia – Larnaca

Ardáin ilmhódacha

Idirnaisc ilmhódacha agus córais feidhmchlár teileamaitice

Patras

Calafort

Idirnaisc chalafort, (tuilleadh) forbartha ar ardáin ilmhódacha

Athina – Patras

Iarnród

Staidéir agus oibreacha, idirnaisc chalafort

Críoch Lochlann - Meánmhuir

AILÍNIÚ:

Hamina/Kotka – Helsinki – Turku/Naantali – Stockholm – Malmö

Olso – Göteborg – Malmö – Trelleborg

Malmö – København – Kolding/Lübeck – Hamburg – Hannover

Bremen – Hannover – Nürnberg

Rostock – Berlin – Leipzig – München

Nürnberg – München – Innsbruck – Verona – Bologna – Ancona/Firenze

Livorno/La Spezia – Firenze – Roma – Napoli – Bari – Taranto – Valletta

Napoli – Gioia Tauro – Palermo/Augusta – Valletta

CODANNA RÉAMHSHAINITHE LENA nÁIRÍTEAR TIONSCADAIL:



Hamina/Kotka – - Helsinki

Calafort, iarnród

Idirnaisc chalafort, uasghrádú iarnróid, cumas briste oighir

Helsinki

Iarnród

Idirnasc iarnróid aerfoirt

Teorainn RU - Helsinki

Iarnród

Oibreacha ar bun faoi láthair

Helsinki – Turku

Iarnród

Uasghrádú

Turku/Naantali - Stockholm

Calafoirt, mótarbhealach na farraige

Idirnaisc chalafort, cumas briste oighir

Stockholm - Malmö (An Triantán Nordach)

Iarnród

Oibreacha ar bun ar chodanna sonracha

Trelleborg - Malmö – Göteborg – Teorainn NO

Iarnród, calafort Mos

Oibreacha, ardáin ilmhódacha agus idirnaisc chúlchríche chalafoirt

Fehmarn

Iarnród

Staidéir ar bun, oibreacha tógála ar nasc seasta Chrios Fehmarn le tosú in 2015

København - Hamburg via Fehmarn: bealaí rochtana

Iarnród

Bealaí rochtana DK le cur i gcrích faoi 2020, bealaí rochtana DE le cur i gcrích in dhá chéim: leictriú riain amháin agus an nasc seasta mar aon leis an gceann dhá rian le críochnú seacht mbliana níos déanaí

Rostock

Calafoirt, mótarbhealach na farraige

Idirnaisc chalafort le hiarnród; báid farantóireachta astaíochtaí ísle; cumas briste oighir

Rostock - Berlin - Nürnberg

Iarnród

Staidéir agus uasghrádú

Hamburg/Bremen - Hannover

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair

Halle – Leipzig – Nürnberg

Iarnród

Oibreacha ar bun faoi láthair, le cur i gcrích faoi 2017

München - Wörgl

Iarnród

Rochtain ar Bhuntollán Brenner agus an chuid thrasteorann: staidéir

Buntollán Brenner

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Fortezza - Verona

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Napoli - Bari

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Napoli – Reggio Calabria

Iarnród

Uasghrádú

Verona – Bologna

Iarnród

Uasghrádú ar bun faoi láthair

Ancona, Napoli, Bari, La Spezia, Livorno

Calafoirt

Idirnaisc chalafort, (tuilleadh) forbartha ar ardáin ilmhódacha

Messina - Catania – Augusta/Palermo

Iarnród

Uasghrádú (na codanna atá fágtha)

Palermo/Taranto - Valletta/Marsaxlokk

Calafoirt, mótarbhealach na farraige

Idirnaisc chalafort

Valletta - Marsaxlokk

Calafort, aerfort

Uasghrádú ar na hidirnaisc mhódacha, lena n-áirítear Marsaxlokk-Luqa-Valletta

Bologna – Ancona

Iarnród

Uasghrádú

An Réin - na hAilp

AILÍNIÚ:

Genova – Milano – Lugano – Basel

Genova – Novara – Brig – Bern – Basel – Karlsruhe – Mannheim – Mainz – Koblenz – Köln

Köln – Düsseldorf – Duisburg – Nijmegen/Arnhem – Utrecht – Amsterdam

Nijmegen – Rotterdam – Vlissingen

Köln– Liège – Bruxelles/Brussel – Gent

Liège – Antwerpen – Gent – Zeebrugge

CODANNA RÉAMHSHAINITHE LENA nÁIRÍTEAR TIONSCADAIL:



Genova

Calafort

Idirnaisc chalafort

Genova - Milano/Novara – teorainn CH

Iarnród

Staidéir; tús a chur le hoibreacha roimh 2020

Basel – Antwerpen/Rotterdam - Amsterdam

IWW

Uasghrádú, oibreacha chun inseoltacht a fheabhsú

Karlsruhe - Basel

Iarnród

Oibreacha ar bun faoi láthair

Frankfurt - Mannheim

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair

Liège

Iarnród

Nasc calafoirt agus nasc iarnróid aerfoirt

Rotterdam – Zevenaar

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair, uasghrádú

Zevenaar - Emmerich - Oberhausen

Iarnród

Oibreacha ar bun faoi láthair

Zeebrugge – Gent – Antwerp - Teorainn DE

Iarnród

Uasghrádú

An t-Atlantach

AILÍNIÚ:

Algeciras – Bobadilla – Madrid

Sines / Lisboa – Madrid – Valladolid

Lisboa – Aveiro – Leixões/Porto

Aveiro – Valladolid – Vitoria – Bergara – Bilbao/Bordeaux – Paris – Le Havre/Metz – Mannheim/Strasbourg

CODANNA RÉAMHSHAINITHE LENA nÁIRÍTEAR TIONSCADAIL:



Iarnród Ardluais Sines/Lisboa - Madrid

Iarnród, calafoirt

Staidéir agus oibreacha ar bun faoi láthair, uasghrádú ar chalafoirt idirnaisc mhódacha Sines/Lisboa

Iarnród ardluais Porto - Lisboa

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair

Nasc iarnróid Aveiro – Salamanca – Medina del Campo

Iarnród

Trasteorainn: oibreacha ar bun faoi láthair

Nasc Iarnróid Bergara - San Sebastián - Bayonne

Iarnród

Críoch ionchais in ES faoi 2016, in FR faoi 2020

Bayonne - Bordeaux

Iarnród

Comhairliúchán poiblí leanúnach

Tours - Bordeaux

Iarnród

Oibreacha ar bun faoi láthair

Paris

Iarnród

Seach-chonair ardluais an deiscirt

Baudrecourt - Mannheim

Iarnród

Uasghrádú

Baudrecourt - Strasbourg

Iarnród

Oibreacha ar bun faoi láthair, le cur i gcrích faoi 2016

Le Havre - Paris

IWW

Uasghrádú

Le Havre - Paris

Iarnród

Staidéir, uasghrádú

Le Havre

Calafoirt, Iarnród

Staidéir agus oibreacha ar thoilleadh calafort, mótarbhealach na farraige agus idirnaisc

An Mhuir Thuaidh - an Mheánmhuir

AILÍNIÚ:

Béal Féirste – Baile Átha Cliath/Dublin - Corcaigh/Cork

Glasgow/Edinburgh – Liverpool/Manchester – Birmingham

Birmingham – Felixstowe/London /Southampton

London – Lille – Brussel/Bruxelles

Amsterdam – Rotterdam – Antwerp – Brussel/Bruxelles – Luxembourg

Luxembourg – Metz – Dijon – Macon – Lyon – Marseille

Luxembourg – Metz – Strasbourg – Basel

Antwerpen/Zeebrugge – Gent – Dunkerque/Lille – Paris

CODANNA RÉAMHSHAINITHE LENA nÁIRÍTEAR TIONSCADAIL:



Corcaigh/ - Baile Átha Cliath/Belfast

Iarnród

Staidéir agus oibreacha; Idirnascaire Bhaile Átha Cliath (DART)

Belfast

Calafort, idirnaisc ilmhódacha

Uasghrádú

Glasgow - Edinburgh

Iarnród

Uasghrádú

Manchester – Liverpool

Iarnród

Uasghrádú agus leictriú, lena n-áirítear Mol an Tuaiscirt

Birmingham – Reading – Southampton

Iarnród

Uasghrádú ar an líne lastais

Baile Átha Cliath, Corcaigh, Southampton

Calafoirt, iarnród

Staidéir agus oibreacha ar thoilleadh calafort, mótarbhealach/mótarbhealaí? na farraige agus idirnaisc

Dunkerque

Calafort

Ardáin ilmhódacha agus idirnaisc a fhorbairt a thuilleadh

Calais - Paris

Iarnród

Réamhstaidéir

Bruxelles/Brussel

Iarnród

Staidéir agus oibreacha (nasc Thuaidh-Theas do ghnáth-ghréasáin iarnróid agus do ghréasán iarnróid ardluais)

Felixstowe – Midlands

Iarnród, calafort, ardáin ilmhódacha

Uasghrádú iarnród, idirnaisc chalafort agus ardáin ilmhódacha

Maas, lena n-áirítear Maaswerken

IWW

Uasghrádú

Albertkanaal/ Canáil Bocholt-Herentals

IWW

Uasghrádú

Conair na Réine-na Sceilte: Volkeraklock agus Kreekaklock, Krammerlock agus Lock Hansweert

IWW

Loic: staidéir ar bun faoi láthair

Terneuzen

Muirí

Loic: staidéir ar bun faoi láthair; oibreacha

Terneuzen - Gent

IWW

Staidéir, uasghrádú

Zeebrugge

Calafort

Loic: staidéir, idirnaisc (staidéir agus oibreacha)

Antwerp

Muirí, calafort, iarnród

Loic: staidéir ar bun faoi láthair; calafort: idirnaisc (lena n-áirítear an dara rochtain iarnróid ar chalafort Antwerp)

Rotterdam - Antwerp

Iarnród

Uasghrádú ar an líne lastais

Canáil Seine Nord; Seine - Escaut

IWW

Staidéir agus oibreacha; uasghrádú, lena n-áirítear naisc trasteorann agus ilmhódacha

Dunkerque – Lille

IWW

Staidéir ar bun faoi láthair

Antwerpen, Bruxelles/Brussels, Charleroi

IWW

Uasghrádú

Uasghrádú uiscebhealaí in Wallonia

IWW

Staidéir, uasghrádú, naisc idirmhódacha

Brussel/Bruxelles - Luxembourg - Strasbourg

Iarnród

Oibreacha ar bun faoi láthair

Antwerp – Namur - teorainn LUX teorainn FR

Iarnród

Uasghrádú ar an líne lastais

Strasbourg - Mulhouse - Basel

Iarnród

Uasghrádú

Naisc Iarnróid Luxembourg - Dijon - Lyon (TGV Rhin - Rhône)

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Lyon

Iarnród

Seach-chonair an oirthir: staidéir agus oibreacha

Canáil Saône - Moselle/Rhin

IWW

Réamhstaidéir ar bun faoi láthair

Rhône

IWW

Uasghrádú

Calafort Marseille-Fos

Calafort

Idirnaisc agus críochfoirt ilmhódacha

Lyon - Avignon - Port de Marseille - Fos

Iarnród

Uasghrádú

An Réin – an Danóib

AILÍNIÚ:

Strasbourg – Stuttgart – München – Wels/Linz

Strasbourg – Mannheim – Frankfurt – Würzburg – Nürnberg – Regensburg – Passau – Wels/Linz

München/Nürnberg – Praha – Ostrava/Přerov – Žilina – Košice – teorainn UA

Wels/Linz – Wien – Bratislava – Budapest – Vukovar

Wien/Bratislava – Budapest – Arad – Brașov/Craiova – București – Constanța – Sulina

CODANNA RÉAMHSHAINITHE LENA nÁIRÍTEAR TIONSCADAIL:



Nasc iarnróid idir Strasbourg - Kehl Appenweier

Iarnród

Idirnaisc oibreacha Appenweier

Karlsruhe - Stuttgart - München

Iarnród

Staidéir agus oibreacha ar bun faoi láthair

Ostrava/ Přerov – Žilina – Košice – Teorainn UA

Iarnród

Uasghrádú, ardáin ilmhódacha

Zlín – Žilina

Bóthar

Cuid trasteorann den bhóthar

München – Praha

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Nürnberg – Praha

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

München - Mühldorf - Freilassing - Salzburg

Iarnród

Staidéir agus oibreacha ar bun faoi láthair

Salzburg - Wels

Iarnród

Staidéir

Nürnberg - Regensburg - Passau - Wels

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Nasc iarnróid idir Wels - Wien

Iarnród

Críoch ionchais faoi2017

Wien – Bratislava / Wien – Budapest / Bratislava – Budapest

Iarnród

Staidéir ar iarnród ardluais (lena n-áirítear ailíniú ar na naisc idir an trí chathair)

Budapest - Arad

Iarnród

Staidéir le haghaidh gréasán ardluais idir Budapest agus Arad

Komárom – Komárno

IWW

Staidéir agus oibreacha le haghaidh droichead trasteorann

Arad - Brașov - București - Constanta

Iarnród

Codanna ar leith a uasghrádú; staidéir ardluais

Main – Canáil-Main-Donau

IWW

Staidéir agus oibreacha ar chodanna áirithe agus ar scrogaill; calafoirt d'uiscebhealach intíre: idirnaisc ilmhódacha leis an iarnród

Slavonski Brod

Calafort

Staidéir agus oibreacha

Giurgiu, Galați

Calafort

Tuilleadh forbartha ar ardáin ilmhódacha agus idirnaisc leis an gcúlchríoch: staidéir agus oibreacha

Danube (Kehlheim - Constanța/Midia/Sulina)

IWW

Staidéir agus oibreacha ar roinnt codanna agus scrogall; calafoirt d'uiscebhealach intíre: idirnaisc ilmhódacha

Sava

IWW

Staidéir agus oibreacha ar roinnt codanna agus scrogall (lena n-áirítear droichead trasteorann)

Canáil București – Dunăre

IWW

Staidéir & oibreacha

Constanța

Calafort, mótarbhealach na farraige

Idirnaisc calafort, Mótarbhealach na farraige (lena n-áirítear seirbhísí briste oighir)

Craiova – Bucharest

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

3.    Codanna eile sa Chroíghréasán



Sofia go teorainn FYROM

Trasteorainn

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair

Sofia go teorainn na Seirbia

Trasteorainn

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair

Teorainn Timișoara – Serbia

Trasteorainn

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair

Wrocław – Praha

Trasteorainn

Iarnród

Staidéir

Nowa Sól – Hradec Králové

Trasteorainn

Bóthar

Oibreacha

Brno – Teorainn AT

Trasteorainn

Bóthar

Uasghrádú

Budapest – Zvolen

Trasteorainn

Bóthar

Uasghrádú

Budapest – Teorainn SRB

Trasteorainn

Iarnród

Staidéir

An Chonair Bhoitniach: Luleå – Oulu

Trasteorainn

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Teorainn Iași- Poblacht Moldova

Trasteorainn

Iarnród

Staidéir agus oibreacha ar bun faoi láthair

Teorainn Suceava-Ukraina

Trasteorainn

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Tograí Tosaíochta a sainíodh in Iarscríbhinn III de Chinneadh Uimh. 661/2010/AE (Iarnród Nua Ardluais Prague - Linz: Bealach lári trasna na bPiréiní, "Iron Rhine" (Rheidt-Antwerpen))

Trasteorainn

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair

Târgu Neamt–Ungheni

Trasteorainn

Bóthar

Uasghrádú

Marijampolė–Kybartai (Teorainn LT/RU)

Trasteorainn

Bóthar

Uasghrádú

Vilnius- Teorainn LT/BY

Trasteorainn

Bóthar

Uasghrádú

Ioannina – Kakavia (teorainn EL/AL)

Trasteorainn

Bóthar

Staidéir

Kleidi – Polikastro – Evzonoi (teorainn EL/FYROM)

Trasteorainn

Bóthar

Uasghrádú

Serres – Promahonas – teorainn EL/BG

Trasteorainn

Bóthar

Oibreacha ar bun faoi láthair

Alexandroupoli – teorainn Kipoi EL/TR

Trasteorainn

Bóthar

Staidéir agus oibreacha

Dubrovnik – teorainn HR/ME

Trasteorainn

Bóthar

Oibreacha

Kędzierzyn Koźle – Chałupki-granica

Trasteorainn

Iarnród

Oibreacha

A Coruña - Vigo - Palencia

Gijón - Palencia

Scrogall

Iarnród, Mótarbhealach na Farraige

Oibreacha ar bun faoi láthair (lena n-áirítear calafoirt agus ardáin ilmhódacha)

Frankfurt – Fulda – Erfurt – Berlin

Scrogall

Iarnród

Staidéir

Iarnród Egnatia

Scrogall

Iarnród

Staidéir ar bun faoi láthair

Sundsvall – Umeå – Luleå

Scrogall

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Zagreb – teorainn SR

Scrogall

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

A Coruña - Madrid (seirbhís ardluais do phaisinéirí)

Scrogall

Iarnród

Oibreacha ar bun faoi láthair

Stockholm – Gävle – Sundsvall

Croíghréasán eile

Iarnród

Oibreacha

Mjölby – Hallsberg – Gävle

Croíghréasán eile

Iarnród

Oibreacha

Teorainn Bothnia – Kiruna – NO

Croíghréasán eile

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Milford Haven – Swansea – Cardiff

Croíghréasán eile

Iarnród

Uasghrádú

Nasc iarnróid na Sionna Faing - Gabhal Luimní

Croíghréasán eile

Iarnród

Staidéir

Ardluas 2

Croíghréasán eile

Iarnród

Staidéir agus oibreacha le haghaidh líne ardluais London – Midlands

Teorainn UAU– Kraków – Katowice – Wrocław – Dresden

Croíghréasán eile

Iarnród

Oibreacha

Teorainn Riga – RU/BY

Croíghréasán eile

Iarnród

Uasghrádú

Teorainn Vilnius – BY

Croíghréasán eile

Iarnród

Uasghrádú, idirnasc aerfoirt

Kybartai – Kaunas

Croíghréasán eile

Iarnród

Uasghrádú

Teorainn Taillinn – Tartu – Koidula

Croíghréasán eile

Iarnród

Uasghrádú

Marseille – Toulon – Nice – Ventimiglia – Genova

Croíghréasán eile

Iarnród

Staidéir ardluais

Bordeaux – Toulouse

Croíghréasán eile

Iarnród

Staidéir ardluais

Heilsincí – Oulu

Croíghréasán eile

Iarnród

Codanna a uasghrádú

Bilbao – Pamplona – Zaragoza – Sagunto

Croíghréasán eile

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Brunsbüttel - Kiel (Canáil Nord-Ostsee)

Croíghréasán eile

IWW

Barrfheabhsú stádais loingseoireachta

Cardiff - Bristol - London

Croíghréasán eile

Iarnród

Uasghrádú, lena n-áirítear Crossrail

Alba-Iulia – Turda – Dej – Suceava – Pașcani – Iași

Croíghréasán eile

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

București - Buzău

Croíghréasán eile

Iarnród

Bonneagar iarnróid a fheabhsú agus a dheisiú, chomh maith leis na naisc leis an gcúlchríoch

Limistéar Ruhr - Münster - Osnabrück - Hamburg

Croíghréasán eile

Iarnród

Uasghrádú ar chuid Münster - Lünen (iarnród déraonach)

Nantes - Tours - Lyon

Croíghréasán eile

Iarnród

Staidéir agus oibreacha

Ploiești-Suceava

Croíghréasán eile

Iarnród

Staidéir

Heraklion

Croíghréasán eile

Aerfort,bonneagar/córais iompair chomhcheangailte

Staidéir agus oibreacha tógála, uasghrádú agus bonneagar forbartha, idirnaisc ilmhódacha

Huelva – Sevilla

Croíghréasán eile

Iarnród

Oibreacha ar bun faoi láthair

Fredericia-Frederikshavn

Croíghréasán eile

Iarnród

Uasghrádú, lena n-áirítear leictriú

Barcelona – Valencia – Livorno

Croíghréasán eile

Mótarbhealach na farraige

Uasghrádú

CUID II

LIOSTA NA gCONAIRÍ AGUS LIMISTÉAR TOSAÍOCHTA BONNEAGAIR SAN EARNÁIL FUINNIMH

1.    Conairí tosaíochta san earnáil leictreachais

(1) Eangach amach ón gcósta sna Mara Thuaidh ("NSOG"): eangach chomhtháite leictreachais amach ón gcósta a fhorbairt mar aon leis na hidirnascairí gaolmhara sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann, iMuir nIocht, i Muir Bhailt agus in uiscí comharsanacha chun leictreachas a iompar ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta go hionaid ídithe agus stórála agus chun malartú leictreachais trasteorann a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, Lucsamburg, an Ísiltír, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe;

(2) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa ("ITT leictreachas an Iarthair"): idirnaisc a fhorbairt idir Ballstáit an réigiúin agus le limistéar na Meánmhara lena n-áirítear leithinis na hIbéire, go háirithe chun leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú agus bonneagair inmheánacha eangacha a athneartú chun comhtháthú margaidh a chothú sa réigiún.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Ostair, an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire; an Iodáil; Lucsamburg; an Ísiltír; Málta; an Phoirtingéil; an Spáinn; an Ríocht Aontaithe;

(3) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár-Oirthear agus in Oir-Dheisceart na hEorpa ("Leictreachas NSI Thoir"): idirnaisc agus línte inmheánacha a ghabahnn faoi Thuaidh - faoi Dheas agus Soir-Siar chun an margadh inmheánach a chur i gcrích agus chun giniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Ostair, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Chipir, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin;

(4) Plean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach sa leictreachas ("Leictreachas PIMBF"): idirnaisc idir na Ballstáit sa réigiún Baltach agus bonneagair eangaí inmheánacha a threisiú dá réir, chun deireadh a chur le haonrú na Stát Baltach agus chun comhtháthú an mhargaidh a chothú, inter alia trí shaothrú chun comhtháthú fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach sa réigiún;

Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSualainn.

2.    Conairí tosaíochta gáis

(1) Idirnaisc gháis Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa ("Gás NSI Thiar"): bonneagar gáis le haghaidh sreabh gáis faoi Thuaidh-faoi Dheas in Iarthar na hEorpa chun bealaí soláthair a éagsúlú níos mó agus chun gur féidir inseachadacht ghearrthéarmach gáis a mhéadú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe, an Spáinn, an Ríocht Aontaithe;

(2) Idirnaisc gháis Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa ("Gás NSI Thoir"): bonneagar gáis le haghaidh nasc réigiúnach i réigiún Mhuir Bhailt, an Mhuir Aidriad agus an Mhuir Aeigéach, an Mheánmhuir Thoir agus an Mhuir Dhubh agus eatarthu, agus chun éagsúlú agus cinnteacht an tsoláthair gáis a fheabhsú;

Na Ballstáit lena mbaineann: an Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin;

(3) Conair Gháis an Deiscirt ("SGC"): bonneagar don tarchur gáis ó Imchuach Chaisp, ón Áise Láir, ón Meánoirthear agus ó Imchuach na Meánmhara Thoir go dtí an tAontas, chun éagsúlú an tsoláthair gáis a bhreisiú.

Na Ballstáit lena mbaineann: an Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, Poblacht na Seice, an Chipir, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin;

(4) Plean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach sa ghás ("Gás BEMIP"): bonneagar gáis chun deireadh a chur le haonrú na dtrí Stát Bhaltacha agus na Fionlainne agus chun deireadh a chur lena spleáchas ar sholáthraí aonair, bonneagair eangaí inmheánaí a atreisiú dá réir sin agus chun éagsúlú agus slándáil soláthairtí i réigiún Mhuir Bhailt a mhéadú;

Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSualainn.

3.    Réimsí téamacha tosaíochta

(1) Úsáid na n-eangach cliste: teicneolaíochtaí eangaí cliste a ghlacadh ar fud an Aontais chun iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí uile atá nasctha leis an ngréasán leictreachais a chomhtháthú go héifeachtúil, go háirithe giniúint méideanna móra leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó leithdháilte agus freagairt ar éileamh ó thomhaltóirí;

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát;

(2) Mórbhealaí leictreachais: na chéad mhórbhealaí leictreachais faoi 2020, d'fhonn córas mórbhealaí leictreachais a thógáil ar fud an Aontais atá in ann:

(a) freastal do ghiniúint barrachais ghaoithe atá ag méadú i gcónaí sa Mhuir Thuaidh agus i Muir Bhailt agus máguaird, agus giniúint in-athnuaite a mhéadú san Eoraip Thoir agus san Eoraip Theas agus san Afraic Thuaidh freisin;

(b) na moil nua ghiniúna a nascadh le móracmhainneacht stórála sna tíortha Nordacha, sna hAlpa agus i réigiúin eile le láithreacha mórthomhaltais, agus

(c) déileáil le soláthar leictreachais atá inathraitheach agus díláraithe níos mó agus níos mó agus le héileamh leictreachais solúbtha;.

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát;

(3) Gréasán dé-ocsaíd charbóin trasteorann: bonneagar iompair dé-ocsaíd charbóin idir na Ballstáit agus le tríú tíortha comharsanachta a fhorbairt ráite go mbeidh an dé-ocsaíd charbóin á gabháil agus á stóráil.

Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.

CUID III

TÉARMAÍ, COINNÍOLLACHA AGUS NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE hIONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Cuspóir agus réasúnaíocht

Is é an cuspóir atá leis na hionstraimí airgeadais faoi SCE rochtain thionscadal bonneagair a éascú ar mhaoiniú tionscadal agus corparáideach, trí chistiú ón Aontas a úsáid mar ghiaráil.

Cuideoidh na hionstraimí airgeadais le tionscadail leasa choitinn ag a bhfuil breisluach soiléir Eorpacha mhaoiniú, agus rannpháirtíocht níos fearr ón earnáil príobháideach a éascú maidir le maoiniú fadtéarmach ar thionscadail mar sin san earnáil iompair, san earnáil teileachumarsáide agus san earnáil fuinnimh, lena n-áirítear líonraí leathanbhanda.

Rachaidh na hionstraimí airgeadais chun sochair do thionscadail a mbeidh riachtanais i maoiniú fadtéarmach agus meántéarmach de dhíth orthu agus cuirfidh siad buntáistí níos fearr fós ar fáil ó thaobh an tionchair ar an margadh, éifeachtacht riaracháin agus úsáid acmhainní.

Soláthrófar leo bosca uirlisí comhtháite de chabhair airgeadais ón Aontas a bheidh dírithe ar an margadh do gheallsealbhóirí bonneagair, amhail airgeadaithe, údaráis phoiblí, bainisteoirí bonneagair, cuideachtaí tógála agus oibreoirí.

Is é a bheidh sna hionstraimí airgeadais:

(a) ionstraim le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí a éascófar le hionstraimí comhroinnte riosca, lena n-áirítear sásraí feabhsúcháin chun bannaí tionscadail a chosaint] ('Ionstraim Fiachais'); agus

(b) ionstraim le haghaidh cothromais ('Ionstraim Chothromais'),

a chuideoidh le srianta an mhargaidh a shárú trí phróifílí maoinithe agus/nó riosca na n-infheistíochtaí bonneagair a fheabhsú. Feabhsóidh sé sin, ar a thuras, le rochtain na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe eile ar iasachtaí, ar ráthaíochtaí, ar chothromas agus ar foirmeacha eile den mhaoiniú príobháideach.

Sula gcinnfear an leagan amach a bheidh ar na hIonstraimí Fiachais agus Cothromais, déanfaidh an Coimisiún measúnú ex-ante i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012

Cuirfidh meastóireachtaí ionstraimí airgeadais inchomparáide atá ann cheana leis an measúnú sin, i gcás inarb iomchuí.

I.    Ionstraim fiachais

1.    Forálacha ginearálta

Is é is aidhm don Ionstraim Fiachais cuidiú leis na heasnaimh i margadh an chaipitil fhiachais Eorpaigh a shárú trí chomhroinnt riosca a thairiscint chun fiachas a mhaoiniú. Soláthróidh na heintitis a gcuirfear cúram orthu nó feithiclí tiomanta infheistíochta maoiniú fiachais, mar fhofhiach nó mar fhiachas sinsearach nó ráthaíochtaí.

San Ionstraim Fiachais beidh ionstraim comhroinnte riosca le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí chomh maith leis an Tionscnamh Bannaí Tionscadal. Féadfaidh na tionscnóirí tionscadail, fairis sin, maoiniú cothromais a lorg faoin Ionstraim Chothromais.

a.   Ionstraim comhroinnte riosca maidir le hiasachtaí agus ráthaíochtaí

Ceapfar an ionstraim comhroinnte riosca le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí chun acmhainneacht bhreise riosca a chruthú sna heintitis a gcuirfear cúram orthu. Cuirfidh sé sin ar chumas na n-eintiteas a gcuirfear cúram orthu, fiachas sinsearach agus fofhiacha cistithe agus neamhchistithe a chur ar fáil do thionscadail agus do chorparáidí chun go mbeidh rochtain ag tionscnóirí ar mhaoiniú ó bhanc. Má tá an maoiniú fiach fo-ordaithe, rangófar é i dtánaiste don bhfiachas sinsearach é ach beidh sé chun tosaigh ar chothromas agus ar mhaoiniú ábhartha atá bainteach le cothromas.

Ní rachaidh an maoiniú fofhiachais neamhchistithe thar 30 % de shuim iomlán an fhiachais shinsearaigh a eiseofar.

Ní shárófar le maoiniú fiachais shinsearaigh faoin Ionstraim Fiachais 50 % de mhéid iomlán an mhaoinithe fiachais shinsearaigh fhoriomláin a chuirfidh an t-eintiteas a gcuirfear cúram air nó an sásra tiomanta infheistíochta ar fáil.

b.   Tionscnamh Bannaí Tionscadal

Beidh an ionstraim comhroinnte riosca i gcomhair bannaí tionscadail ceaptha mar mhaoiniú fofhiachais d'fhonn maoiniú a éascú do chuideachtaí tionscadail chun fiachas sinsearach a chruinniú i bhfoirm bannaí. Díreofar leis an ionstraim feabhsaithe creidmheasa seo ar chabhrú leis an bhfiachas sinsearach rátáil chreidmheasa ar ghrád infheistíochta a bhaint amach.

Rangófar é i rang faoin bhfiachas sinsearach ach os cionn cothromais agus aon mhaoinithe a bhaineann le cothromas.

Ní sháróidh an maoiniú fofhiachais 30 % de shuim iomlán an fhiachais shinsearaigh a eiseofar.

2.    Paraiméadair airgeadais agus giaráil

Socrófar na paraiméadair chomhroinnte riosca agus ioncaim ar bhealach ar féidir cuspóirí sonracha beartais a bhaint amach lena n-áirítear díriú ar chatagóirí áirithe tionscadal agus an cur chuige atá dírithe ar an margadh maidir leis an Ionstraim Fiachais a choimeád.

Beifear ag súil go mbeidh giaráil ionchasach na hIonstraime Fiachais - a shainítear mar an maoiniú iomlán (i. ranníocaíocht an Aontais móide ranníocaíochtaí ó fhoinsí eile airgeadais) a roinnfear ar ranníocaíocht an Aontais - ón réimse 6 go 15, ag brath ar chineál na n-oibríochtaí atá i gceist (leibhéal riosca, spriocthairbhithe, agus an maoiniú fiachais lena mbaineann).

3.    Comhcheangal le foinsí eile maoinithe

Féadfar cistiú ón Ionstraim Fiachais a chur le ranníocaíochtaí buiséadacha imfhálaithe eile a liostaítear thíos, faoi réir na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus an bhunúis ábhartha dhlí:

(a) codanna eile de SCE,

(b) ionstraimí eile, cláir agus línte buiséid i mbuiséad an Aontais;

(c) na Ballstáit, lena n-áirítear na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, ar mian leo acmhainní dílse nó acmhainní atá ar fáil ó chistí faoin mBeartas Comhtháthaithe a thabhairt, gan cineál na hionstraime a athrú.

4.    Cur chun feidhme

Na heintitis a gcuirfear cúram orthu

Roghnófar na heintitis a gcuirfear cúram orthu i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Féadfaidh an cur chun feidhme faoin modh neamhdhíreach bainistíochta bheith i bhfoirm sainorduithe díreacha chuig na heintitis a gcuirfear cúram orthu. Maidir le hionstraimí faoi shainorduithe díreacha, (i. sa mhodh neamhdhíreach bainistíochta), déanfaidh na heintitis a gcuirfear cúram orthu ranníocaíocht an Aontais chuig an Ionstraim Chothromais a bhainistiú agus beidh siad ina gcomhpháirtithe comhroinnte riosca.

Ina theannta sin, féadfar sásraí tiomanta infheistíochta a bheartú chun comhthiomsú na ranníocaíochtaí ó infheisteoirí éagsúla a cheadú. Féadfar ranníocaíocht an Aontais a fho-ordú maidir leis sin a bhaineann le hinfheisteoirí eile.

Dearadh agus cur chun feidhme

Beidh an dearadh ar aon dul leis na forálacha ginearálta d'ionstraimí airgeadais a leagtar amach i Rialachán(AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha níos mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime Fiachais, lena n-áirítear faireachán agus rialú uirthi, i gcomhaontú idir an Coimisiún agus eintiteas a gcuirfear cúram air faoi seach, agus na forálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn seo agus i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 á gcur san áireamh.

Cuntas muiníneach

Bunóidh an t-eintiteas a gcuirfear cúram air cuntas muiníneach ina gcoinneofar ranníocaíocht an Aontais agus na hioncaim a eascróidh as ranníocaíocht an Aontais.

5.    Ranníocaíocht an Aontais a úsáid

Déanfar ranníocaíocht an Aontais a úsáid:

(a) d'fhonn soláthar do riosca a dhéanamh;

(b) d'fhonn na táillí agus na costais atá comhaontaithe a chlúdach agus a bhaineann leis an Ionstraim Fiachais a bhunú agus a bhainistiú, lena n-áirítear measúnú ar a, méid sin agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir, a chinnteofar ar aon dul le Rialachán(AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus an cleachtas ar an margadh Ní shárófar 2 % agus 3 % faoi seach de ranníocaíocht an Aontais leis na táillí riaracháin agus na táillí bunaithe ar fheidhmíocht a bheidh le híoc, a úsáidfear go héifeachtach d'oibríochtaí aonair, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhaontaithe a bhunófar ar chostas idir an Coimisiún agus na heintitis a gcuirfear cúram orthu;

c. le haghaidh gníomhaíochtaí tacaíochta cláir a bhaineann go díreach leis sin.

6.    Praghsáil, comhroinnt riosca agus ioncaim

Beidh praghas ag gabháil leis na hIonstraimí Fiachais, a mhuirearófar ar an tairbhí, i gcomhréir le rialacha agus critéir ábhartha na n-eintiteas a gcuirfear cúram orthu nó na sásraí tiomanta infheistíochta agus ar aon dul leis na cleachtais mhargaidh is fearr.

Maidir le sainorduithe díreacha chuig na heintitis a gcuirfear cúram orthu, léireofar an patrún comhroinnte riosca i gcomhroinnt iomchuí idir an tAontas agus an t-eintiteas a gcuirfear cúram air maidir leis an aisíoc riosca a mhuirearóidh an t-eintiteas a gcuirfear cúram air ar na hiasachtaithe.

Maidir le sásraí tiomanta infheistíochta, léireofar an patrún comhroinnte riosca i gcomhroinnt iomchuí idir an tAontas agus infheisteoirí eile maidir leis an aisíoc riosca a mhuirearóidh an sásra tiomanta infheistíochta ar a iasachtaithe.

In ainneoin an phatrúin comhroinnte riosca a roghnófar, comhroinnfaidh an t-eintiteas a gcuirfear cúram air cuid den riosca a shaineofar, agus glacfaidh sé i gcónaí le tráinse iomlán an riosca fuílligh.

Ní sháróidh an riosca uasta a chumhdófar ag buiséad an Aontais 50 % den riosca ó phunann an spriocfhiachais faoin ionstraim fiachais. Beidh feidhm ag an uasteorainn uasta i ndáil le dul i riosca 50 % maidir leis an spriocmhéid a bhaineann le sásraí tiomanta infheistíochta.

7.    An nós imeachta iarratas agus formheasa

Beidh na hiarratais dírithe ar an eintiteas a gcuirfear cúram air nó ar an sásra tiomanta infheistíochta faoi seach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta caighdeánacha a bheidh acu maidir le hiarratais. Déanfaidh na heintitis a gcuirfear cúram orthu agus na sásraí tiomanta infheistíochta na tionscadail a fhormheas i gcomhréir leis na nósanna imeachta inmheánacha a bheidh acu.

8.    Ré na hIonstraime Fiachais

Déanfaidh an Coimisiún an tráinse deiridh de ranníocaíocht an Aontais chuig an ionstraim fiachais a ghealladh tráth faoin 31 Nollaig 2020. Maidir le formheas iarbhír an mhaoinithe fiachais a dhéanfaidh na heintitis a gcuirfear cúram orthu nó a dhéanfaidh na sásraí tiomanta infheistíochta, déanfar é a chinntiú faoin 31 Nollaig 2022.

9.    Dul in éag

Déanfar ranníocaíocht an Aontais a leithdháilfear ar an Ionstraim Fiachais a aisíoc isteach sa chuntas muiníneach ábhartha de réir mar a rachaidh an maoiniú fiachais in éag nó de réir mar a aisíocfar é. Coinneofar maoiniú leordhóthanach sa chuntas muiníneach chun táillí nó rioscaí a bhaineann leis an Ionstraim Fiachais a chlúdach go dtí go rachaidh siad in éag.

10.    Tuairisciú

Déanfaidh an Coimisiún agus an t-eintiteas a gcuirfear cúram air na modhanna maidir le tuairisciú ar chur chun feidhme na hIonstraime Fiachais a chomhaontú ar aon dul le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil, le tacaíocht ó na heintitis a gcuirfear cúram orthu, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle suas go dtí 2023 maidir le cur chun feidhme, dálaí an mhargaidh an tráth sin chun an ionstraim a úsáid, na tionscail nuashonraithe agus an plean do na tionscadail lena n-áirítear faisnéis maidir le tionscadail ag céimeanna éagsúla an nós imeachta, agus rúndacht agus faisnéis íogair ar an margadh á n-urramú i gcomhréir le hAirteagal 140(8) deRialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

11.    Faireachán, rialú agus meastóireacht

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na hIonstraime Fiachais, lena n-áirítear trí rialuithe ar an láthair de réir mar is iomchuí, agus déanfaidh sé fíorúchán agus rialuithe i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

12.    Gníomhaíochtaí Tacaíochta

Féadfar tacú leis an Ionstraim Fiachais a chur chun feidhme trí shraith beart tionlacain. Féadfar a áireamh orthu sin, i measc beart eile, cúnamh teicniúil agus airgeadais; bearta chun aird a tharraingt ar sholáthraithe caipitil; agus scéimeanna chun infheisteoirí príobháideacha a mhealladh.

Cuirfidh an Banc Eorpach Infheistíochta cúnamh teicniúil ar fáil, arna iarraidh sin don Choimisiún Eorpach nó do na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear struchtúrú airgeadais maidir le tionscadail leasa choitinn, lena n-áirítear iad sin lena gcuirfear chun feidhme conairí an chroíghréasáin amhail a liostaítear i gCuid I. Áireofar i gcúnamh teicniúil den sórt sin freisin tacaíocht do lucht riaracháin d'fhonn acmhainneacht iomchuí institiúideacha a fhorbairt.

II.    Ionstraim Chothromais

1.    Forálacha ginearálta

Is é a bheidh mar aidhm leis an Ionstraim Chothromais cuidiú leis na heasnaimh a shárú i margaí Eorpacha caipitil, trí infheistíochtaí cothromais agus cuasachothromais a chur ar fáil.

Beidh na huasmhéideanna maidir le ranníocaíocht an Aontais teoranta mar a leanas:

 33 % de mhéid an Chiste maidir leis an gcothromas spriocdhírithe; nó

 ní shárófar le comhinfheistíocht an Aontais i dtionscadal 30 % de chothromas iomlán cuideachta.

Féadfaidh na tionscnóirí tionscadail, fairis sin, maoiniú fiachais a lorg faoin Ionstraim Fiachais.

2.    Paraiméadair airgeadais agus giaráil

Socrófar na paraiméadair infheistíochta ar bhealach ar féidir cuspóirí sonracha beartais a bhaint amach, lena n-áirítear díriú ar chatagóirí áirithe tionscadal agus an cur chuige atá dírithe ar an margadh maidir leis an Ionstraim seo á choimeád.

Beifear ag súil go mbeidh giaráil ionchasach na hIonstraime Cothromais - a shainítear mar an gcistiú iomlán (i. ranníocaíocht an Aontais móide ranníocaíochtaí ó fhoinsí eile airgeadais) a roinnfear ar ranníocaíocht an Aontais - ón réimse 5 go 10 ar an meán, ag brath ar shonraíochtaí an mhargaidh.

3.    Comhcheangal le foinsí eile maoinithe

Féadfar cistiú ón Ionstraim Chothromais a chur le ranníocaíochtaí buiséadacha imfhálaithe eile a liostaítear thíos, faoi réir na rialacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus faoi réir an bhunúis ábhartha dhlí.

(a) codanna eile de SCE,

(b) ionstraimí eile, cláir agus línte buiséid i mbuiséad an Aontais; agus

(c) na Ballstáit, lena n-áirítear na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, ar mian leo acmhainní dílse nó acmhainní atá ar fáil ó chistí faoin mBeartas Comhtháthaithe a thabhairt, gan cineál na hionstraime a athrú.

4.    Cur chun feidhme

Na heintitis a gcuirfear cúram orthu

Roghnófar na heintitis a gcuirfear cúram orthu i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Féadfaidh an cur chun feidhme faoin modh díreach bainistíochta bheith i bhfoirm sainorduithe díreacha chuig na heintitis a gcuirfear cúram orthu, maidir leis an modh neamhdhíreach bainistíochta. Maidir le hionstraimí faoi shainorduithe díreacha, (i. modh neamhdhíreach bainistíochta), déanfaidh na heintitis a gcuirfear cúram orthu ranníocaíocht an Aontais chuig an Ionstraim Chothromais a bhainistiú.

Ina theannta sin, féadfar sásraí tiomanta infheistíochta a bheartú chun comhthiomsú na ranníocaíochtaí ó infheisteoirí éagsúla a cheadú. Féadfar ranníocaíocht an Aontais a fho-ordú do ranníocaíocht infheisteoirí eile.

I gcásanna a mbeidh bonn cirt cuí leo, d'fhonn cuspóirí sonracha maidir le beartas a bhaint amach, féadfaidh eintiteas a gcuirfear cúram air ranníocaíocht an Aontais a chur ar fáil do thionscadal áirithe mar chomhinfheistíocht.

Dearadh agus cur chun feidhme

Beidh an dearadh ar aon dul leis na forálacha ginearálta d'ionstraimí airgeadais a leagtar i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha níos mionsonraithe do chur chun feidhme na hIonstraime Cothromais, lena n-áirítear faireachán agus rialú uirthi, i gcomhaontú idir an Coimisiún agus eintiteas a gcuirfear cúram air faoi seach, agus na forálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn seo agus i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 á gcur san áireamh.

Cuntas muiníneach

Bunóidh an t-eintiteas a gcuirfear cúram air cuntas muiníneach ina gcoinneofar ranníocaíocht an Aontais agus na hioncaim a eascróidh as ranníocaíocht an Aontais.

5.    Ranníocaíocht an Aontais a úsáid

Déanfar ranníocaíocht an Aontais a úsáid:

(a) d'fhonn rannpháirtíochtaí cothromais a bhaint amach,

(b) d'fhonn na táillí agus na costais a chlúdach atá comhaontaithe agus a bhaineann leis an Ionstraim Chothromais a bhunú agus a bhainistiú, lena n-áirítear measúnú air sin, a chinnteofar ar aon dul le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus le cleachtas an mhargaidh, agus

(c) do ghníomhaíochtaí tacaíochta a bhaineann go díreach leis sin.

6.    Praghsáil, comhroinnt riosca agus comhroinnt ioncaim

Is éard a bheidh i gceist leis an aisíocaíocht chothromais, na comhábhair fhillte choitianta a leithdháilfear ar infheisteoirí cothromais agus beidh sé ag brath ar fheidhmíocht na n-infheistíochtaí bunúsacha.

7.    An nós imeachta iarratas agus formheasa

Beidh na hiarratais dírithe ar an eintiteas a gcuirfear cúram air nó ar an sásra tiomanta infheistíochta faoi seach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta caighdeánacha a bheidh acu maidir le hiarratais. Déanfaidh na heintitis a gcuirfear cúram orthu agus na sásraí tiomanta infheistíochta na tionscadail a fhormheas i gcomhréir leis na nósanna imeachta inmheánacha a bheidh acu.

8.    Ré na hIonstraime Cothromais

Déanfaidh an Coimisiún an tráinse deiridh de ranníocaíocht an Aontais chuig an Ionstraim Chothromais a ghealladh faoin 31 Nollaig 2020. Déanfar formheas iarbhír na n-infheistíochtaí cothromais ag na heintitis a gcuirfear cúram orthu nó ag na sásraí tiomanta infheistíochta a chinntiú faoin 31 Nollaig 2022.

9.    Dul in éag

Déanfar ranníocaíocht an Aontais a leithdháilfear ar an Ionstraim Chothromais a aisíoc isteach sa chuntas muiníneach ábhartha de réir mar a rachaidh infheistíochtaí amach nó de réir mar a bheidh siad aibí ar bhealach eile. Coinneofar maoiniú leordhóthanach sa chuntas muiníneach chun táillí nó rioscaí a bhaineann leis an Ionstraim Chothromais a chlúdach go dtí go rachaidh sé in éag.

10.    Tuairisciú

Déanfaidh an Coimisiún agus an t-eintiteas a gcuirfear cúram air na modhanna maidir le tuairisciú bliantúil ar chur chun feidhme na hIonstraime Cothromais a chomhaontú ar aon dul le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún tuairisciú bliantúil, le tacaíocht ó na heintitis a gcuirfear cúram orthu, maidir le cur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle suas go dtí 2023 i gcomhréir le hAirteagal 140(8) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

11.    Faireachán, rialú agus meastóireacht

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na hIonstraime Cothromais, lena n-áirítear trí rialuithe ar an láthair de réir mar is iomchuí, agus déanfaidh sé fíorúchán agus rialuithe i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom Uimh. 966/2012.

12.    Gníomhaíochtaí tacaíochta

Féadfar tacú leis an Ionstraim Chothromais a chur chun feidhme trí shraith beart tionlacain. Féadfar a áireamh orthu sin, i measc beart eile, cúnamh teicniúil agus airgeadais; bearta chun aird a tharraingt ar sholáthraithe caipitil; agus scéimeanna chun infheisteoirí príobháideacha a mhealladh.

CUID IV

NA CÉATADÁIN THÁSCACHA DO CHUSPÓIRÍ SONRACHA IOMPAIR

Dáilfearna hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1), seachas na hacmhainní a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí tacaíochta clár, ar na cuspóirí sonracha iompair mar a shainítear iad in Airteagal 4(2) mar a leanas:

(a) deireadh a chur le scrogaill, idir-inoibritheacht an iarnróid a fheabhsú, bearnaí a líonadh sna naisc agus, go háirithe, codanna trasteorann a fheabhsú - 80 %;

(b) córais iompair atá inbhuanaithe agus éifeachtúil san fhadtéarma a áirithiú, d'fhonn ullmhú do na sreabha iompair as seo amach a bhfuil coinne leo agus d'fhonn dícharbónú gach modh iompair a chumasú tríd an trasdul chuig teicneolaíochtaí iompair ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh, agus an tslándáil á barrfheabhsú ag an am céanna - 5 %;

(c) comhtháthú agus idirnascadh modhanna iompair a bharrfheabhsú agus idir-inoibritheacht seirbhísí iompair a fheabhsú, agus inrochtaineacht na mbonneagar iompair a áirithiú, agus comhpháirteanna ar bord de chuid ERTMS, RIS, VTMIS agus ITS don earnáil bhóithre á gcur san áireamh, dá dtagraítear i bpointe (v) d'Airteagal 10(2()b) - 15 %.

Déanfar an suim EUR 11 305 500 000 a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe a chaitheamh go hiomlán ar thionscadail lena gcuirfear an croíghréasán chun feidhme ná ar thionscadail ná ar thosaíochtaí cothrománacha a shainaithnítear i gCuid I den Iarscríbhinn seo.

CUID V

LIOSTA NA dTREOIRLÍNTE COMHCHOITEANNA A BHEIDH LE CUR SAN ÁIREAMH TRÁTH A LEAGFAR SÍOS NA CRITÉIR DHÁMHACTANA

Tráth a leagfar síos na critéir dhámhactana i gcomhréir le hAirteagal 17(5), cuirfear na treoirlínte ginearálta a leanas san áireamh ar a laghad:

(a) aibíocht na gníomhaíochta maidir le forbairt an tionscadail;

(b) a fhónta a bheidh an plean cur chun feidhme a bheartaítear;

(c) éifeacht spreagtha maidir le tacaíocht an Aontais ar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach;

(d) an gá le constaicí airgeadais a shárú, amhail easpa airgeadais mhargaidh;

(e) nuair is infheidhme, an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta, tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus inrochtaineacht;

(f) an gné trasteorann, nuair is infheidhme.

▼M1

PART VI

TRANSPORT FUNDING PRIORITIES FOR THE PURPOSE OF THE MULTIANNUAL AND ANNUAL WORK PROGRAMMES

1.    Funding priorities for the multiannual work programmes

1.1. Funding priorities for the objective of bridging missing links, removing bottlenecks, enhancing rail interoperability, and, in particular, improving cross-border sections:

i) Pre-identified projects on the Corridors of the Core Network (railways, inland waterways, roads, maritime and inland ports).

ii) Pre-identified projects on the other sections of the Core Network (railways, inland waterways, roads, maritime and inland ports).

iii) Rail interoperability.

iv) Deployment of ERTMS.

1.2. Funding priorities for the objective of ensuring sustainable and efficient transport systems in the long run, with a view to preparing for expected future transport flows, as well as enabling all modes of transport to be decarbonised through transition to innovative low-carbon and energy-efficient transport technologies, while optimising safety:

i) Deployment of new technologies and innovation in all transport modes, with a focus on decarbonisation, safety and innovative technologies for the promotion of sustainability, operation, management, accessibility, multimodality and efficiency of the network.

ii) Safe and Secure infrastructure, including safe and secure parkings on the road Core Network.

1.3. Funding priorities for the objective of optimising the integration and interconnection of transport modes and enhancing the interoperability of transport services, while ensuring the accessibility of transport infrastructures:

i) Single European Sky – SESAR.

ii) River Information Services.

iii) Intelligent Transport Services for road.

iv) Vessel Traffic Monitoring and Information Systems.

v) Motorways of the Sea.

vi) Actions implementing transport infrastructure in nodes of the Core Network, including urban nodes.

vii) Connections to and development of multimodal logistics platforms.

1.4. Programme support actions

2.    Funding priorities for the annual work programmes

2.1. Funding priorities for the objective of removing bottlenecks, enhancing rail interoperability, bridging missing links and, in particular, improving cross-border sections:

i) Railways, inland waterways and roads projects on the Core Network including connections to inland and maritime ports and airports, as well as development of ports.

ii) Projects on the Comprehensive Network (railways, inland waterways, roads, maritime and inland ports).

iii) Projects to connect the trans-European transport network with infrastructure networks of the neighbouring countries, in particular related to cross-border sections (railways, inland waterways, roads, maritime and inland ports).

2.2. Funding priorities for the objective of ensuring sustainable and efficient transport systems in the long run, with a view to preparing for expected future transport flows, as well as enabling all modes of transport to be decarbonised through transition to innovative low-carbon and energy-efficient transport technologies, while optimising safety:

i) Deployment of new technologies and innovation, other than those covered by the multiannual Work Programme.

ii) Freight Transport Services.

iii) Actions to reduce rail freight noise, including by retrofitting of existing rolling stock.

2.3. Funding priorities for the objective of optimising the integration and interconnection of transport modes and enhancing the interoperability of transport services, while ensuring the accessibility of transport infrastructures:

i) Telematic applications systems other than those covered by the multiannual Work Programme.

ii) Actions for better accessibility to transport infrastructure for disabled persons.

iii) Actions implementing transport infrastructure in nodes of the Core Network, including urban nodes.

iv) Connections to and development of multimodal logistics platforms.

2.4. CEF Financial instruments:

i) Contribution to the financial instruments, as defined in article 14 and Part III of the CEF annex.

ii) Programme support actions for innovative financial instruments.

▼B




IARSCRÍBHINN II




"IARSCRÍBHINN



LIOSTA DE NA CONAIRÍ LASTA TOSAIGH

 

Na Ballstáit

Na Príomhbhealaí (1)

Bunú na gconairí lasta:

"an Réin- na hAilp"

NL, BE, DE, IT

Zeebrugge-Antwerp/Amsterdam/Vlissingen ((+))/Rotterdam-Duisburg-[Basel]-Milan- Genoa

Faoin 10 Samhain 2013

"An Mhuir Thuaidh - an Mheánmhuir"

NL, BE, LU, FR, UK ((+))

Glasgow (1)/Edinbourgh (1)/Southampton (1)/Felixstowe (1)-London ((+))/Dunkerque ((+))/Lille ((+))/Liège ((+))/Paris ((+))/Amsterdam ((+))-Rotterdam-Zeebrugge ((+))/Antwerrp-Luxembourg-Metz-Dijon-Lyon/[Basel]-Marseille ((+))

Faoin 10 Samhain 2013

"Críoch Lochlann -Meánmhuir"

SE, DK, DE, AT, IT

Stockholm/[Oslo] ((+))/Trelleborg ((+))-Malmö-København-Hamburg-Innsbruck-Verona-La Spezia ((+))/Livorno ((+))/Ancona ((+))/Taranto ((+))/Augusta ((+))/ Palermo

Faoin 10 Samhain 2015

"An t-Atlantach"

PT, ES, FR, DE ((+))

Sines-Lisboa/Leixões

—  Madrid-Medina del Campo/ Bilbao/San Sebastian-Irun- Bordeaux-Paris/Le Havre/Metz – Strasbourg ((+))/Mannheim ((+))

Sines-Elvas/Algeciras

Faoin 10 Samhain 2013

"Conair Mhuir Bhailt – Mhuir Aidriad"

PL, CZ, SK, AT, IT, SI

Swinoujscie ((+))/Gdynia-Katowice-Ostrava/Žilina-Bratislava/WienKlagenfurt-Udine-Venice/ Trieste/ /Bologna/Ravenna

Graz-Maribor-Ljubljana-Koper/Trieste

Faoin 10 Samhain 2015

"An Mheánmhuir"

ES, FR, IT, SI, HU, HR ((+))

Almería-Valencia/Algeciras/Madrid-Zaragoza/Barcelona-Marseille-Lyon-Turin-Milan-Verona-Padua/Venice-Trieste/Koper- Ljubljana-Budapest

Ljubljana ((+))/Rijeka ((+))-Zagreb ((+))-Budapest-Zahony (an teorainn idir an Ungáir agus an Úcráin)

Faoin 10 Samhain 2013

"Oirthear-An Mheánmhuir Thoir"

CZ, AT, SK, HU, RO, BG, EL, DE (1)

—  BucureștConstanta

Bremerhaven (1)/Wilhelmshaven (1)/Rostock (1)/Hamburg (1)-Prague-Vienna/Bratislava-Budapest

—  Vidin-Sofia-Burgas (1)/Svilengrad (1) (an teorainn idir an Bhulgáir agus an Tuirc)/ Promachonas-Thessaloniki-Athína-Patras (1)

Faoin 10 Samhain 2013

"An Mhuir Thuaidh - an Mhuir Bhailt" ((°))

DE, NL, BE, PL, LT, LV (1), EE (1)

Wilhelmshaven ((+))/Bremerhaven/Hamburg ((+))/ Amsterdam ((+))/Rotterdam/Antwerp-Aachen/Berlin-Warsaw-Terespol (an teorainn idir an Pholainn agus an Bhealarúis)/Kaunas-Riga (1)-Tallinn (1)

Faoin 10 Samhain 2015

"An Réin – an Danóib" ((‡))

FR, DE, AT, SK, HU, RO, CZ

Strasbourg-Mannheim-Frankfurt-Nürnberg-Wels

Strasbourg-Stuttgart-München-Salzburg-Wels-Wien-Bratislava-Budapest-Arad-Brașov/Craiova-București-Constanța

Čierna agus Tisou (an teorainn idir an tSlóvaic agus an Úcráin)-Košice-Žilina-Horní Lideč-Prague-München/Nürnberg

Faoin 10 Samhain 2020

(1)   Ciallaíonn "/" bealaí malartacha. I gcomhréir le treoirlínte TEN-T, ba cheart go gcríochnófaí conairí an Atlantaigh agus na Meánmhara amach anseo trí ais lasta Sines/Algeciras-Madrid-Paris ina dtrasnaítear lár na bPiréiní trí thollán iseal-ingearchló.

(+)  Bealaí atá marcáilte le+, cuirfear san áireamh iad sna conairí faoi seach 3 bliana ar a dhéanaí tar éis an dáta a mbunófar iad mar a leagtar amach sa tábla seo é. Coigeartófar na struchtúir atá ann faoi láthair a shainítear faoi Airteagal 8 agus Airteagal 13(1) den Rialachán seo agus beidh Ballstáit bhreise agus bainisteoirí bonneagair sna conairí faoi seach rannpháirteach. Bunófar na cuimsithe seo ar staidéar ar an margadh agus cuirfear san áireamh leo an ghné maidir leis an iompar atá ann faoi láthair i ndáil le paisinéirí agus lastas ar aon dul le hAirteagal14(3).

(*1)   Bealaí atá marcáilte le*, cuirfear san áireamh iad sna conairí faoi seach 5 bliana ar a dhéanaí tar éis an dáta a mbunófar iad mar a leagtar amach sa tábla seo é. Coigeartófar na struchtúir atá ann faoi láthair a shainítear faoi Airteagal 8 agus Airteagal 13(1) agus beidh Ballstáit bhreise agus bainisteoirí bonneagair sna conairí faoi seach rannpháirteach. Bunófar na cuimsithe seo ar staidéar ar an margadh agus cuirfear san áireamh leo an ghné maidir leis an iompar atá ann faoi láthair i ndáil le paisinéirí agus lastas ar aon dul le hAirteagal14(3).

(°)  Go dtí go mbeidh líne iarnróid Mhuir Bhailt ann maidir le leithead rianta ainmniúil 1 435  mm, cuirfear sonraíochtaí na gcóras éagsúil maidir le leithead rianta san áireamh chun an chonair seo a bhunú agus a oibriú.

(‡)  Bunófar cruthú na conaire seo ar staidéar ar an margadh agus cuirfear san áireamh leis an ghné maidir leis an iompar atá ann faoi láthair i ndáil le paisinéirí agus lastas ar aon dul le hAirteagal 14(3) den Rialachán seo. Bunófar an chuid seo Čierna agus Tisou (an teorainn idir an tSlóvaic agus an Úcráin)-Košice-Žilina-Horní Lideč-Prague faoin 10 Samhain 2013."



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch 14).

( 2 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

( 3 ) Cinneadh Uimh. 661/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le treoirlínte Aontais le haghaidh an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (IO L 204, 5.8.2010, lch. 1)

( 4 ) Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169 1.7.2015, lch. 1).

( 5 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, Ich. 1).

( 6 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch.1).

( 7 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireacht a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

Haut