EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017SC0359

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus

SWD/2017/0359 final - 2017/0288 (COD)

An Bhruiséil,8.11.2017

SWD(2017) 359 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

a ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus

{COM(2017) 647 final}

{SWD(2017) 358 final}


Bileog Achoimre Feidhmiúcháin

Measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir le rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Is iad seo a leanas na príomhfhadhbanna: 1) tá constaicí roimh oibreoirí sna margaí náisiúnta i dtaobh a gcuid seirbhísí cóiste idiruirbeacha a fhorbairt agus 2) cion íseal na modhanna inbhuanaithe iompair paisinéirí. Bíonn ar shaoránaigh cur suas le heaspa nascachta chomh maith le breis timpistí, básanna, astaíochtaí agus plódaithe ar na bóithre de bharr úsáid níos mó a bheith á baint as an gcarr.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is iad na cuspóirí ginearálta atá le baint amach soghluaisteacht agus nascacht idiruirbeach a dhéanamh níos éasca do mhuintir na hEorpa agus cion na modhanna iompair inbhuanaithe a mhéadú.

Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (prionsabal na coimhdeachta)?

Tá meascán rialacha ann ar fud an Aontais maidir le rochtain ar mhargaí náisiúnta na seirbhísí cóiste agus bus agus cuireann sé sin srian le cumas iompróirí seirbhísí a fhorbairt ina líonraí cóiste uile-Eorpacha. Ní féidir leis na Ballstáit ina naonar comhleanúnachas agus comhordú na rialacha maidir le rochtain aonfhoirmeach ar an margadh a thabhairt isteach ná a áirithiú.

B. Réitigh

Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth?

Rogha 1:rochtain oscailte ar mhargadh na seirbhísí tráthrialta agus an deis údarú a dhiúltú dá gcuirfí as d’inmharthanacht conartha seirbhíse poiblí.

Rogha 2: rochtain oscailte ar an margadh idiruirbeach i seirbhísí tráthrialta thar achair 100 km nó níos mó. Féadfar údarú a dhiúltú má chuirtear as d’inmharthanacht conartha seirbhíse poiblí uirbí.

Rogha 3:: rochtain oscailte ar an margadh idiruirbeach i seirbhísí tráthrialta gan aon phróiseas údaraithe i gcomhair seirbhísí fad-achair.

Rogha 4: rialáil bhog lena gcothaítear rochtain cóir agus neamh-idirdhealaitheach ar chríochfoirt.

Rogha 5: rialacha maidir le rochtain chomhionann, lena gceanglaítear rochtain chóir agus neamh-idirdhealaitheach ar chríochfoirt.

Is meascán de roghanna 2 agus 5 atá sa rogha thosaíochta.

Cad iad na tuairimí éagsúla atá ag na páirtithe leasmhara? Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo

Ar an iomlán, tacaíonn na páirtithe leasmhara le comhchreat AE a bhunú ach bhí tuairimí measctha ag na húdaráis náisiúnta. Cuireadh tuairimí measctha in iúl freisin maidir leis an gceist a bhaineann le rochtain ar mhargaí náisiúnta i gcomhair seirbhísí tráthrialta a ráthú gan idirdhealú agus deireadh a chur leis an gceanglas foirm thurais a bheith ag seirbhísí ócáideacha (Rogha 1, Rogha 2, agus Rogha 3 go príomha). Comhaontaíodh go forleathan gur cheart an nós imeachta údaraithe a choinneáil (Rogha 1 agus Rogha 2 go príomha) agus gur cheart sainmhíniú ar chríochfoirt chóistí a cheapadh (Rogha 4 agus Rogha 5 go príomha). Thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara freisin le ceanglais chomhchoiteanna a sholáthar chun a áirithiú go bhfuil rochtain chóir ann ar chríochfoirt chóiste.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?

EUR 183 mhilliún de ghlanchoigilteas carnach i gcostais astaíochtaí CO2 agus glanchoigilteas carnach de EUR 590 milliún i gcostais aerthruaillithe; 85,000 post nua in 2030; laghdú ar tháillí, minicíocht mhéadaithe seirbhísí agus fáil níos fearr ar sheirbhísí; coigilteas do ghnólachtaí agus d’údaráis riaracháin sa réimse EUR 1,560 milliún; tuairim is 11 % de mhéadú in 2030 ar ghníomhaíocht chóiste i gcomparáid leis an mbonnlíne agus méadú de bheagnach aon phointe céatadáin i dtaca leis an gcion módach; feabhas ar an nascacht i gcás grúpaí sóisialta atá faoi mhíbhuntáiste, feabhas arb ionann é agus méadú 62 billiún ar an líon ciliméadar paisinéara in 2030 i gcomparáid leis an mbonnlíne; agus cuidiú le laghdú EUR 2.8 billiún a dhéanamh ar chostais timpistí.

Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?

- Tionchar atá diúltach ach teoranta ar mhodhanna eile iompair agus laghdú measta 4.8 % ar ghníomhaíocht iompair d’iarnród in 2030 i gcoibhneas leis an mbonnlíne de bharr feidhmíocht seirbhísí cóiste a bheith feabhsaithe.

- Tionchar diúltach ar roinnt conarthaí seirbhíse poiblí agus caillteanas tuairim is 1.4 % ar ioncam iarnróid na gconarthaí seirbhíse poiblí

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

Níltear ag súil go mbeidh aon tionchair faoi leith ag formhór na mbeart ar FBManna ach táthar ag súil go gcuirfear níos mó deiseanna ar fáil mar thoradh ar spreagadh níos mó ar an margadh.

An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?

Chuirfeadh na roghanna tosaíochta costais bhreise ar údaráis náisiúnta i ndáil le forfheidhmiú na rialacha ar chríochfoirt (ach bheadh na costais sin i bhfad níos ísle ná an coigilteas i gcás gnólachtaí).

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?

Méadú ar thaisteal idiruirbeach. Feabhas ar shoghluaisteacht daoine nach mbeadh sé ar a nacmhainn taisteal murach é. Laghdú ar na tionchair dhiúltacha a bhíonn ag iompar idiruirbeach paisinéirí, amhail astaíochtaí, timpistí agus básanna, plódú ar na bóithre, chomh maith le feabhas ar an éifeachtúlacht a bhaineann le húsáid acmhainní iompair.

Comhréireacht?

Ní théann na roghanna tosaíochta thar a bhfuil riachtanach chun an fhadhb bhunaidh a réiteach agus cuspóirí an togra a bhaint amach.

D. Iarobair

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha.

Top