Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M043

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
    TEIDEAL V - FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    CAIBIDIL 2 - FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    ROINN 2 - FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA
    Airteagal 43

    IO C 202, 7.6.2016, p. 39–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_43/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/39


    Airteagal 43

    1.   Beidh san áireamh ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), a bhféadfaidh an tAontas úsáid a bhaint as meáin shibhialta agus mhíleata lena linn, oibríochtaí comhpháirteacha dí-armála, cúraimí daonnúla agus tarrthála, cúraimí comhairle agus cúnaimh míleata, cúraimí a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus cúraimí síochánaíochta, cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíocht géarchéime, lena n-áirítear an tsíocháin a dhéanamh agus an cobhsú iarchoinbhleachta. Féadfaidh na cúraimí sin uile rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, go fiú trí thacú le tríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar a gcríocha.

    2.   Glacfaidh an Chomhairle cinntí maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 lena saineofar a gcuspóirí agus a raon feidhme agus na coinníollacha ginearálta lena gcur chun feidhme. Áiritheoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ag gníomhú dó faoi údarás na Comhairle agus i ndlúth-thadhall buan leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, go ndéanfar comhordú ar ghnéithe sibhialta agus míleata na gcúraimí sin.


    Top