Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M028

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
    TEIDEAL V - FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    CAIBIDIL 2 - FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    ROINN 1 - FORÁLACHA COITEANNA
    Airteagal 28 (sean-Airteagal 14 CAE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_28/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/32


    Airteagal 28

    (sean-Airteagal 14 CAE)

    1.   Nuair a éileoidh an staid idirnáisiúnta gníomhaíocht oibríochtúil ag an Aontas, glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá. Leagfar síos iontu na cuspóirí atá leo, a raon feidhme, na hacmhainní a chuirfear ar fáil don Aontas, a ré más gá, agus na coinníollacha maidir lena gcur chun feidhme.

    Má tharlaíonn athrú sna himthosca a bhfuil éifeacht shuntasach aige ar cheist atá ina ábhar do chinneadh, déanfaidh an Chomhairle prionsabail agus cuspóirí an chinnidh sin a athbhreithniú agus glacfaidh sí na cinntí is gá.

    2.   Beidh na cinntí dá dtagraítear i mír 1 ina gceangal ar na Ballstáit sna seasaimh a ghlacfaidh siad agus i seoladh a ngníomhaíochta.

    3   Aon uair a bheartaítear seasamh náisiúnta a ghlacadh nó gníomhaíocht náisiúnta a dhéanamh de bhun cinneadh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Ballstát i dtrácht faisnéis ar fáil in am ionas gur féidir, más gá, comhairle a ghlacadh roimh ré i dtionól na Comhairle. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid eolas a chur ar fáil roimh ré maidir le bearta nach mbeidh iontu ach trasuí náisiúnta ar chinntí na Comhairle.

    4.   I gcás géar-riachtanas a bhaineann le hathruithe ar an staid agus mura mbeidh an t-athbhreithniú déanta ar an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ar bhonn práinne, ag féachaint do chuspóirí ginearálta an chinnidh sin. Cuirfidh an Ballstát i dtrácht an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi aon bheart den sórt sin.

    5.   I gcás mórdheacrachtaí maidir le cinneadh dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun feidhme, cuirfidh Ballstát na deacrachtaí os comhair na Comhairle a dhéanfaidh iad a phlé agus réitigh iomchuí a lorg. Ní féidir leis na réitigh sin bheith bunoscionn le cuspóirí an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 ná a éifeachtúlacht a dhochrú.


    Top