Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1905

    Rún (AE) 2023/1905 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021

    IO L 242, 29.9.2023, p. 360–364 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1905/oj

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 242/360


    RÚN (AE) 2023/1905 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

    an 10 Bealtaine 2023

    ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint do cinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ENISA (Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2021,

    ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0115/2023),

    A.

    de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gurbh ionann buiséad deiridh ENISA (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 23 473 060 lena n-áirítear ranníocaíocht EUR 640 000 ó na húdaráis Heilléanacha ar chíos an fhoirgnimh oifige, arb ionann é agus méadú 8,26 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

    B.

    de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), sa tuarascáil uaithi maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuair an Chúirt dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta;

    Bainistiú buiséid agus airgeadais

    1.

    ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2021 ná go ndearnadh ráta leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana reatha 99,51 % a chur chun feidhme ar an mbuiséad, arb ionann é agus méadú 2,16 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é an ráta forghníomhaithe don bhliain reatha le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 77,40 % (rud a fhágann nár baineadh amach sprioc bheartaithe na Gníomhaireachta de 85 %), arb ionann é agus laghdú 8,77 % i gcomparáid le 2020;

    Feidhmíocht

    2.

    ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun measúnú a dhéanamh ar a gníomhaíochtaí agus ar na torthaí a baineadh amach i ndáil le cuspóirí an chláir oibre, amhail breisluach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus Ballstáit maidir le tacaíocht a thabhairt do cheapadh beartas agus do chur chun feidhme beartas, agus an cumas rannchuidiú le cibear-athléimneacht an Aontais trí fhaisnéis agus eolas tráthúil agus éifeachtach a sholáthar; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na KPInna agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; á mholadh, áfach, go dtabharfadh an Ghníomhaireacht dá haire na KPIanna nár baineadh amach go fóill nó atá ag titim ar gcúl;

    3.

    ag tabhairt dá haire go raibh scrúdú á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar an bhféidearthacht rannchuidiú, trí bhíthin seirbhísí comhroinnte, i gcur chun feidhme an Rialacháin Cibearshlándála atá ar na bacáin le haghaidh institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, i gcomhar leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire (CERT) don Aontas agus le líonra Gníomhaireachtaí AE; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    Beartas foirne

    4.

    ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 90,79 % an 31 Nollaig 2021, go raibh ceapacháin déanta i gcás 69 ngníomhaire shealadacha as 76 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 69 bpost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 27 ngníomhaire ar conradh agus 10 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2021;

    5.

    á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an easpa cothromaíochta inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, eadhon, 5 fhear (71 %) agus 2 bhean (29 %); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, ar fir iad 24 as 28 (86 %) acu; ag cur sonrú thairis sin sa chothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann iomlán na Gníomhaireachta, ar fir iad 57 as 106 (54 %) acu; á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit cothromaíocht inscne a urramú agus comhaltaí den bhainistíocht shinsearach nó den bhord bainistíochta á n-ainmniú agus á gceapadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta nithiúla chun cothromaíocht inscne a fheabhsú;

    6.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh a chosc, lena n-áirítear leathanach tiomnaithe inlín, oiliúint bhliantúil shonrach, comhairleoirí rúnda, agus go bhfuil meabhrán tuisceana curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun comhairleoirí rúnda a roinnt leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop);

    7.

    ag tabhairt dá haire go raibh an Ghníomhaireacht ag brath go mór ar a seirbhísí a sholáthar trí ghníomhairí eatramhacha a thacaigh leis an ualach riaracháin ó lá go lá, ós rud é go raibh gá le tacaíocht mhéadaithe freisin tar éis atheagrúcháin agus ullmhúcháin an fhoirgnimh nua, rud a chuir brú breise ar an bhfoireann airgeadais agus soláthair; ag tabhairt dá haire agus is mór aici, thairis sin, go bhfuil laghdú tagtha ar fhoireann eatramhach mar thoradh ar bheartas earcaíochta athbhreithnithe na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil ón gCúirt gurb é is cúis leis an méadú ar líon na foirne in 2021 gur éirigh leis an nGníomhaireacht roinnt folúntas fadtéarmach a líonadh; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an chibearshlándáil agus na hearnálacha teicneolaíochta faisnéise cumarsáide an-iomaíoch maidir le lucht saothair oilte tiomanta a aimsiú;

    8.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a bheith acu ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan; á mheabhrú don Ghníomhaireacht beartas foirne agus cultúr oibre a fhorbairt tuilleadh chun freagra níos éifeachtúla a thabhairt ar an aiseolas a fhaightear i suirbhéanna foirne;

    Soláthar

    9.

    ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht 58 nós imeachta soláthair phoiblí san iomlán i gcrích in 2021, lena n-áirítear 2 i gcomhpháirt le Cedefop;

    10.

    ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di ó thuarascáil na Cúirte go ndéanann an Ghníomhaireacht conarthaí ar luach íseal a dhámhachtain go córasach gan an cinneadh ábhartha dámhachtana a bheith formheasta agus sínithe ag an oifigeach údarúcháin, rud nach bhfuil ag teacht le pointí 30,3 go 30.4 d’Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis an Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); ag cur sonrú sa fhreagra ón nGníomhaireacht go bhfuil na bearta is gá déanta aici cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    11.

    ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt, chun cinneadh a dhéanamh maidir le seirbhís ar leith a sheachfhoinsiú nó í a sholáthar go hinmheánach, gur fhorbair agus go n-úsáideann an Ghníomhaireacht modheolaíocht anailíse costais is tairbhe agus go bhfuil easnaimh ag an modheolaíocht sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibiachtúlacht an phróisis cinnteoireachta agus a d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht a nochtadh do rioscaí airgeadais; ag cur sonrú sa fhreagra ón nGníomhaireacht go bhfuil na bearta is gá déanta aici cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    12.

    ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón gCúirt, maidir leis an nGníomhaireacht in dhá nós imeachta soláthair a úsáideadh, mar chritéar dámhachtana, acmhainneacht theicniúil na cuideachta, a bhaineann go soiléir leis an meastóireacht ar an tairgeoir, seachas leis an tairiscint, agus go mbaineann forluí den sórt sin idir critéir roghnúcháin agus dámhachtana an bonn ón deimhneacht dhlíthiúil agus go nochtar an Ghníomhaireacht do rioscaí clú agus dlíthiúla; ag cur sonrú sa fhreagra ón nGníomhaireacht go bhfuil na bearta is gá déanta aici cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    13.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá sé do gach nós imeachta soláthair, iomaíocht chóir a áirithiú idir tairgeoirí agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme na huirlisí teicneolachta faisnéise (TF) ríomhsholáthair a d’fhorbair an Coimisiún; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus ar na teimpléid sna treoirlínte soláthair. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don bharúil ón gCúirt maidir leis na laigí sa soláthar poiblí atá ag méadú agus atá fós ar an bhfoinse is mó d’íocaíochtaí neamhrialta i bhformhór na ngníomhaireachtaí;

    Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

    14.

    ag cur sonrú i mbearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus ag tabhairt dá haire go bhfuil CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus a ndearbhú tiomantais agus a ndearbhuithe leasa á bhfoilsiú ar a suíomh gréasáin;

    15.

    ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú, idir 2019 agus 2021, ar thrí chás ina bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith ann i ndáil le ball sinsearach foirne a chuaigh i mbun post nua in áit eile, agus i gcás amháin a d’athbhreithnigh an Chúirt nach ndeachaigh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an gcomhchoiste, de shárú ar Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne; ag cur sonrú ó fhreagra na Gníomhaireachta go mbeidh an Ghníomhaireacht comhdhéanta go foirmiúil de chomhchoiste chun an creat dlíthiúil is infheidhme a chomhlíonadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    16.

    á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

    Rialú inmheánach

    17.

    ag tabhairt dá haire gur eisíodh trí mholadh an-tábhachtacha agus ceithre mholadh thábhachtacha i dtuarascáil iniúchóireachta na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) maidir le bainistiú acmhainní daonna agus eitic in 2019; ag tabhairt dá haire, cé gur chuir IAS deireadh le ceithre mholadh, gur fhan trí mholadh thábhachtacha ar oscailt ag deireadh 2021 agus nár cuireadh chun feidhme go hiomlán iad laistigh den tréimhse ama a socraíodh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    18.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh in 2021 ar chlárú pleanála straitéisí agus ar bhainistiú feidhmíochta agus gur eisigh sé a tuarascáil iniúchóireachta chríochnaitheach i mí Aibreáin 2022, le trí mholadh thábhachtacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    19.

    ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht beartas feidhmeanna íogaire in 2021, a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2022;

    20.

    ag tabhairt dá haire go léirítear leis an measúnú ar rialuithe inmheánacha in 2021 go dtugtar dearbhú réasúnach le rialuithe inmheánacha go bhfuil gá le beartais, próisis, cúraimí agus iompraíochtaí na gníomhaireachta, nuair a chuirtear le chéile iad, go n-éascaíonn siad a hoibriú éifeachtach agus éifeachtúil, go gcabhraíonn siad le cáilíocht an tuairiscithe inmheánaigh agus sheachtraigh a áirithiú, agus chun cuidiú le comhlíonadh a rialachán a áirithiú agus go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe, áfach, i bprionsabail áirithe, lena n-áirítear mionchoigeartú ar tháscairí chreat rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta, creat bainistithe riosca fiontair a bhunú, rialachas TF agus creat beartais agus nós imeachta bunúsach a athbhreithniú, athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas earcaíochta na Gníomhaireachta, chomh maith le plean leanúnachais gnó na Gníomhaireachta a thabhairt cothrom le dáta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    21.

    ag tabhairt dá haire go ndearnadh beartas coinbhleachtaí leasa agus a straitéis frithchalaoise na Gníomhaireachta a nuashonrú agus a ghlacadh in 2021;

    22.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go gceanglófaí ar chórais bhainistíochta agus rialaithe éifeachtacha cásanna féideartha de choinbhleachtaí leasa, rialuithe ex-ante/ex-post a bheith in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla a sheachaint, agus mainneachtain saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

    An t-aistriú digiteach agus glas

    23.

    ag tabhairt dá haire na cúraimí a shanntar don Ghníomhaireacht i ndáil leis an nGníomh um Chibearshlándáil, atá dírithe ar ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála a chur chun cinn ar fud an Aontais, lena n-áirítear tacú go gníomhach leis na Ballstáit, agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun cibearshlándáil a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtacaíonn an Ghníomhaireacht le comhaid bheartais nua a fhorbairt amhail slándáil líonra agus faisnéise, athléimneacht dhigiteach oibríochtúil, ríomhaitheantas, ríomh-fhíordheimhniú agus seirbhísí iontaoibhe, an cód um chumarsáid leictreonach Eorpach, 5G, tiachóga digiteacha, an intleacht shaorga agus CÓD Líonra maidir leis an gcibearshlándáil; á chur in iúl gur geal léi go mbeadh an Ghníomhaireacht i gceannas ar mheastóireacht a dhéanamh i dtaobh an bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint le táirge faoin nGníomh um Chibear-Athléimneacht atá beartaithe; á chur i bhfios go láidir gur gá foireann leormhaith a áirithiú lena léirítear cúraimí méadaithe na Gníomhaireachta;

    24.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas cibearshlándála i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, agus, go háirithe, go gcuireann sí an cur chuige ‘cosaint dhomhain’ i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Ghníomhaireacht tús in 2021 leis an athbhreithniú ar a beartas TF agus a creat nós imeachta, lena n-áirítear a beartas slándála faisnéise; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuirtear oiliúint ar chosaint sonraí agus cúrsaí feasachta cibearshlándála ar fáil go bliantúil do gach ball foirne;

    25.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint;

    26.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil córas bainistithe comhshaoil á fhorbairt ag an nGníomhaireacht a bhfuil sé beartaithe leis go mbeadh deimhniú Scéim an Aontais Eorpaigh um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) mar thoradh air; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna údaráis na Gréige comhaontú léasa a thabhairt i gcrích thar ceann na Gníomhaireachta d’fhoirgneamh a ceanncheathrú san Aithin, ar comhaontú é a bheidh ag feidhmiú go hiomlán ón 1 Iúil 2021, agus go gcuirfidh sé sin ar chumas na Gníomhaireachta sraith níos leithne de bhearta glasa a chur chun feidhme;

    Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

    27.

    ag tabhairt dá haire, ó thús phaindéim COVID-19 agus le linn 2021, go ndearna an Ghníomhaireacht roghanna buana teilea-oibre a thabhairt isteach agus a chothabháil agus, ag an am céanna, go ndearna sí spreagadh, éifeachtúlacht agus forbairt na bhfostaithe a chothabháil agus a fheabhsú; á chur in iúl gur mór aici, go háirithe, gur seoladh nuashonruithe laethúla chuig gach ball foirne trí bhosca ríomhphoist feidhmiúil ainmnithe, inar sonraíodh líon na gcásanna agus na forbairtí is déanaí ar domhan, chun an fhoireann a choinneáil ar an eolas maidir le forbairtí; á mholadh don Ghníomhaireacht na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe agus cúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos éifeachtaí ná iad féin a dhéanamh go pearsanta amach anseo;

    Barúlacha eile

    28.

    ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht a straitéis idirnáisiúnta i mí na Samhna 2021, agus gur chuir sé sin ar chumas na Gníomhaireachta oibriú le líon roghnaitheach tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe maidir le hoibriú i dtreo socruithe comhair leis an Úcráin, le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT);

    29.

    á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá cuid sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus slándáil), agus a comhar, a malartuithe dea-chleachtais agus a pléití maidir le réimsí comhleasa le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

    30.

    ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

    (1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 84.

    (2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


    Top