Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1860

    Rún (AE) 2023/1860 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2021

    IO L 242, 29.9.2023, p. 235–239 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1860/oj

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 242/235


    RÚN (AE) 2023/1860 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

    an 10 Bealtaine 2023

    ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2021

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021,

    ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

    ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2023),

    A.

    de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachais (1), gurbh é EUR 203 802 000 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn méadú de 11,34 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go n-eascraíonn EUR 38 900 000 de bhuiséad na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais agus gur ioncam ó tháillí agus muirir atá in EUR 109 791 000 de (2);

    B.

    de bhrí go bhfuil sé luaite ag an gCúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (‘an tuarascáil ón gCúirt’), gur soláthraíodh dearbhú réasúnach di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta iontaofa agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

    Bainistiú buiséid agus airgeadais

    1.

    á thabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme buiséid de leithreasuithe faoi chomhair gealltanais na bliana reatha de 96,31 % mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021, arb ionann é agus laghdú 2,31 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire thairis sin gurbh é 87,34 % an ráta forghníomhaithe maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 5,30 % i gcomparáid le 2020;

    2.

    ag tabhairt dá haire gur chríochnaigh an Ghníomhaireacht an bhliain le barrachas táillí agus muirear de EUR 11,2 milliún; ag tabhairt dá haire go gcuirtear an barrachas ‘táillí agus muirear’ leis an mbarrachas carntha, lena méadaítear é ó EUR 60,9 milliún go EUR 72,1 milliún;

    3.

    ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar ráta na leithreasuithe cealaithe i ndáil le gealltanais a tugadh anonn go dtí 2021 go 1,55 % (5,46 % in 2020), atá faoi bhun na huasteorann 5 % a shocraigh an Coimisiún;

    Feidhmíocht

    4.

    á thabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as bearta áirithe in 2021 chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a chuirtear ar fáil lena gníomhaíochtaí agus le bearta eile chun feabhas a chur ar a bainistiú buiséid, trí mheascán de 130 cuspóir agus 60 eochairtháscaire feidhmíochta (KPInna) in 11 phríomhréimse oibríochta agus 9 dtionscadal nó tionscnamh eile de chineál cothrománach; ag tabhairt dá haire, in ainneoin éifeachtaí leanúnacha ghéarchéim COVID-19, go raibh dea-fheidhmíocht ag an nGníomhaireacht, le ráta cur chun feidhme 84 % dá Clár Oibre Bliantúil 2021 agus 76 % de KPInna ar an mbóthar ceart; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na KPInna agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; á mholadh, áfach, go dtabharfadh an Ghníomhaireacht dá haire na táscairí nár baineadh amach go fóill nó atá ag titim ar gcúl, go háirithe próiseáil thráthúil tuarascálacha tarluithe agus ráta dúnta gníomhaíochta ceartaithí na dtorthaí iniúchóireachta;

    5.

    ag moladh na príomhéachtaí atá bainte amach ag an nGníomhaireacht agus an dul chun cinn atá déanta aici in 2021 i réimsí atá ag teacht chun cinn agus atá nasctha le réitigh ghlasa agus leis an digitiú; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur chuir an Ghníomhaireacht dlús lena hiarrachtaí eitlíocht ghlan a bhaint amach trí chlár eitlíochta inbhuanaithe EASA – 2021 le gníomhaíochtaí éagsúla amhail glacadh Breoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe (SAF), Eitlíocht faoi thiomáint hidrigine & hibrideach agus céim phíolótach an Chláir um Lipéadú Comhshaoil a thabhairt chun críche; ag tabhairt dá haire aschur breise na Gníomhaireachta óna Clár Dróin amhail foilsiú an chéad phacáiste rialála de chuid an U-Spáis, agus ó thionscadail éagsúla maidir le hoibríochtaí Bainistithe Aerthráchta a chuíchóiriú trí cheadúnú ATCO agus trealamh talún a aontú; á mholadh gur formheasadh leagan modhnaithe den Boeing 737 Max a thabhairt ar ais chun seirbhíse; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí breise na Gníomhaireachta i réimse an taighde agus na nuálaíochta trí chláir Fís Eorpach, Eitlíochta Ghlan agus SESAR a thabhairt isteach in 2021; ag moladh freisin feabhsú sábháilteachta leanúnach na Gníomhaireachta agus a tiomantas chun tacú leis an nuálaíocht tríd an bplean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta le príomhthionscadail in 2021 amhail glacadh tuairime maidir le hOibríochtaí Uile-Aimsire; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach ar líon na n-iarratas ar fhormheas eagraíochtaí in 2021 mar thoradh ar Brexit;

    6.

    á iarraidh go gcuirfí cistiú agus dreasachtaí leordhóthanacha ar fáil chun tuilleadh taighde agus forbartha a dhéanamh ar Bhreoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe (SAF) ionas go mbeidh siad níos éifeachtúla agus níos inacmhainne agus chun a margadh a fheabhsú agus a oscailt;

    7.

    á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun féachaint ar réimsí le haghaidh comhar breise le Gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nuair is féidir, agus cineál na ngníomhaíochtaí á gcur san áireamh, chun forluí a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí nithiúla a rinneadh leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Bia, leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna, leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá sineirgí a fhorbairt, comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí Eorpacha eile a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú (acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil, etc.);

    8.

    ag aithint na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun a bheith níos éifeachtúla agus chun acmhainní a shaoradh, lena n-áirítear foireann cháilithe; ag moladh na Gníomhaireachta sa chomhthéacs sin as úsáid a bhaint as saineolas na nÚdarás Náisiúnta Eitlíochta, trí 26 chomhaontú comhpháirtíochta agus dhá chreatchonradh le hEintitis Cháilithe, agus ar an gcaoi sin seachfhoinsiú 63 000 uair oibre a éascú in 2021;

    9.

    ag moladh don ghníomhaireacht a bheith rannpháirteach, agus a saineolas agus a hacmhainní leormhaithe á n-úsáid aici, sa Treoirthionscadal maidir le ‘Comhlacht Eorpach um chaighdeáin scairdbhreosla agus deimhniú sábháilteachta’ faoi bhuiséad 2023 an Aontais;

    10.

    ag moladh iarrachtaí na Gníomhaireachta tacú le teicneolaíochtaí, oibríochtaí agus samhlacha gnó nua a chomhtháthú i gcóras eitlíochta na hEorpa trína clár taighde agus nuálaíochta;

    11.

    á chur in iúl gur geal léi dul chun cinn an Chláir Mhíleata (2020 – dáta oscailte) agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an nGníomhaireacht laistigh den tsoghluaisteacht mhíleata Eorpach; á iarraidh go dtiocfaidh méadú tapa agus substaintiúil ar líne bhuiséid AE don tsoghluaisteacht mhíleata chun go mbeidh sé in ann freagairt do na dúshláin san earnáil;

    12.

    á iarraidh go mbeadh tuilleadh sineirge ann idir riachtanais shibhialta agus mhíleata faoin bPlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata trí phróisis a shimpliú agus trí rialacha a ailíniú; á chur i bhfáth go bhféadfadh sé sin raon feidhme a chur ar fáil don Ghníomhaireacht chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do stáit agus d’iomaíochas tionscail, mar shampla trí rialacha comhchoiteanna a cheapadh agus trí aerárthaí stáit a dheimhniú;

    Beartas foirne

    13.

    ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 92,94 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 632 ghníomhaire sealadach as 680 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 680 post údaraithe in 2020); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 91 ghníomhaire ar conradh agus 18 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2021; á thabhairt dá haire go bhfuil laghdú tagtha ar leibhéil foirne na Gníomhaireachta i gcomparáid le 2019 mar gheall ar impleachtaí airgeadais a bhaineann le COVID-19 a thug ar an nGníomhaireacht infheistíochtaí a bhaineann le foireann a laghdú, agus ag an am céanna tús áite a thabhairt do shoghluaisteacht inmheánach agus do chomhroinnt acmhainní; á chur in iúl gur geal léi bearta tuairiscithe na Gníomhaireachta chun ráta ard láimhdeachais foirne a chosc, arb ionann é agus 0,84 % in 2021;

    14.

    ag tabhairt dá haire cothromaíocht inscne laistigh de chomhaltaí ardbhainistíochta na Gníomhaireachta, ar fir iad triúr as cúigear (60 %); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne i mbord bainistíochta na Gníomhaireachta, ar fir iad 63 as 82 (77 %); á thabhairt dá haire thairis sin an chothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann iomlán na Gníomhaireachta, ar fir iad 643 as 959 acu (67 %); ag iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar leibhéal na foirne trí ghníomhaíochtaí nithiúla a mheallann iarratais ó mhná ar phoist a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil; á thabhairt dá haire go bhfuil faireachán leanúnach á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar fhorbairtí maidir le cothromaíocht inscne agus go bhfuil ionadaíocht na mban i bpoist bhainistíochta (ó Bhainisteoir Rannóige go Stiúrthóir) méadaithe ó 16,9 % go 21,25 % in 2021 agus, ó mhí Eanáir 2020, gur mná iad 2 as na 4 stiúrthóir sa Ghníomhaireacht;

    15.

    ag tabhairt dá haire meastachán na Gníomhaireachta maidir le méadú atá le teacht ar líon na ndaoine a rachaidh ar scor; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin bunú cláir bainistithe inniúlachta agus pleanála straitéisí don fhórsa saothair a chuideoidh leis an nGníomhaireacht measúnú a dhéanamh, inter alia, ar na háiteanna a bhfuil gá le hinfheistíochtaí acmhainní seachtracha; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí an chláir sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur ghlac an Ghníomhaireacht cás foirne meántéarma chun príomhréimsí inniúlachta a threisiú agus forbairt foirne a chothú trí dheiseanna gairme gairmiúla a thairiscint go hinmheánach ar fud réimsí éagsúla inniúlachta do thart ar 80 ball foirne le linn 2021;

    16.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach AD a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoir ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a thairiscint d’fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, cothromaíocht gheografach a fheabhsú chun ionadaíocht iomchuí a áirithiú ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé deiseanna oiliúna éagsúla a chur ar fáil d’fhoireann uile na Gníomhaireachta; á mholadh gur cheart an suirbhé ar fhostaíocht foirne a dhéanamh gach bliain seachas gach trí bliana;

    Soláthar

    17.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 33 nós imeachta ardluacha agus meánluacha, 90 nós imeachta ar luach íseal agus 48 gconradh saineolaithe, agus 600 conradh sonracha faoi chreatchonarthaí, a bhainistiú agus/nó a thabhairt i gcrích in 2021; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme straitéise comhdhlúite soláthair do sheirbhísí bainistithe saoráidí teicniúla trí roinnt cineálacha conarthaí a chuachadh chun bainistiú conarthaí a fheabhsú agus seirbhísí seachfhoinsithe a lárú;

    18.

    á thabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar bharúlacha ón údarás um urscaoileadh do 2020, go ndearna an Ghníomhaireacht bearta chun feabhas a chur ar a cleachtais soláthair arb é is aidhm dóibh iomaíocht chóir agus luach ar airgead a uasmhéadú, trédhearcacht a mhéadú, agus an gá atá le heisceachtaí a laghdú, lena n-áirítear trí oiliúint múscailte feasachta dá gníomhaithe airgeadais; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir leis an réiteach ríomhshonrasctha; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá réitigh dhigiteacha a optamú agus a nuachóiriú chun na próisis soláthair a chuíchóiriú tuilleadh agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis na forbairtí ina leith sin;

    Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

    19.

    ag tabhairt dá haire bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi nach raibh aon chásanna coinbhleachta leasa ann in 2021; á thabhairt dá haire thairis sin go bhféadfaí dul i ngleic le haon chásanna féideartha sa Ghníomhaireacht le bearta maolaithe; á aithint go bhfoilsítear na CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí boird agus bainisteoirí sinsearacha ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht a bheith rannpháirteach sa chomhaontú idirinstitiúideach nuabhunaithe maidir le clár trédhearcachta éigeantach d’ionadaithe leasa, arna shíniú ag an gCoimisiún, ag an gComhairle agus ag an bParlaimint;

    20.

    ag cur sonrú sa bharúil a rinne an Chúirt Iniúchóirí maidir le neamhchomhlíonadh Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne a bhaineann le coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an nGníomhaireacht gníomhaíocht cheartaitheach a chur i gcrích agus an riosca coinbhleachtaí leasa a chumhdach; ag tabhairt dá haire freagra na Gníomhaireachta ina luaitear go ndearnadh meastóireacht chríochnúil;

    21.

    á thabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht nuashonrú ar a beartas maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a chosc trí ‘Cód Iompair d’fhoireann EASA’ (CoC) a ghlacadh, lena n-áirítear ceanglas go gcomhlánódh baill foirne uile na Gníomhaireachta dearbhú coinbhleachta leasa, rialacha maidir le bronntanais agus fáilteachas, agus oiliúint éigeantach maidir leis an gCód Iompair agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis d’fhoireann uile na Gníomhaireachta;

    22.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go bhfuil gá le córais éifeachtacha bainistithe agus rialaithe chun cásanna coinbhleachta leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, rialuithe ex-ante/ex-post atá in easnamh, bainistiú neamhleor ar ghealltanais bhuiséadacha agus dhlíthiúla, agus mainneachtainí saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí a sheachaint;

    23.

    á thabhairt dá haire, i bhfianaise a theicniúla atá sé, go reáchtálann an Ghníomhaireacht idirphléití oscailte le geallsealbhóirí eitlíochta, agus go gcuirtear a ndearcthaí san áireamh agus cinntí á ndéanamh maidir le nósanna imeachta um cheapadh rialacha agus um dheimhniú; á thabhairt dá haire thairis sin go léirítear ar leathanach na n-ócáidí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta na ceardlanna teicniúla uile a bhíonn á n-eagrú ag an nGníomhaireacht lena geallsealbhóirí eitlíochta;

    Rialú inmheánach

    24.

    á thabhairt dá haire go n-áirítear i gcaighdeáin rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta creat ina bhfuil cúig chomhpháirt rialaithe inmheánacha, 17 bprionsabal agus an caighdeán cáilíochta idirnáisiúnta (ISO 9001:2015); á thabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh iniúchadh faireachais in 2021 as a d’eascair an chonclúid go gcomhlíonann córas rialaithe inmheánach na Gníomhaireachta a caighdeáin bhainistíochta go hiomlán;

    25.

    á thabhairt dá haire go bhfuil an chuid is mó de na gníomhaíochtaí curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht a d’eascair as iniúchadh na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach maidir le deimhniú agus leibhéal rannpháirtíochta eagraíochtaí in 2021; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht na gníomhaíochtaí atá fágtha a chur chun feidhme;

    26.

    á tabhairt dá haire go ndearna an inniúlacht iniúchóireachta inmheánaí trí iniúchadh dearbhaithe in 2021 chun a mheas ar comhlíonadh na rialacháin ábhartha, an raibh cuspóirí próisis á gcomhlíonadh, agus an ndearnadh na príomhrioscaí a mhaolú go cuí laistigh den Ghníomhaireacht, faoi seach; á thabhairt dá haire go ndearnadh roinnt moltaí chun feabhas breise a chur ar an timpeallacht rialaithe nó ar éifeachtúlacht fhoriomlán na bpróiseas; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá fágtha i ndáil le hiniúchtaí leantacha 2021 a thabhairt chun críche;

    An digitiú agus an t-aistriú glas

    27.

    ag moladh na Gníomhaireachta as a pailéad leathan beart arb é is aidhm dóibh a lorg comhshaoil a laghdú; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, na teicneolaíochtaí lena ndéantar foirgneamh inbhuanaithe na Gníomhaireachta a fheistiú agus lena gcabhraítear le húsáid fuinnimh agus tomhaltais uisce a bharrfheabhsú, bainistiú fuinnimh a áireamh mar sheirbhís i sonraíochtaí tairisceana, ceannach 100 % d’fhuinneamh in-athnuaite agus bearta eile lena ndreasaítear a foirne úsáid a bhaint as an traein nó iompar poiblí, chomh maith le laghdú ar thaisteal gnó; ag moladh na Gníomhaireachta freisin as a scéim fritháirimh maidir le tomhaltas leictreachais agus taisteal gnó ar thraein;

    28.

    á mholadh go ndéanfaí roinnt Comhpháirtíochtaí Eorpacha a fhormheas chun dlús a chur leis an aistriú glas agus digiteach, lena n-áirítear maidir le Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, d’fhonn dlús a chur le claochlú digiteach BAT i gcomhréir le Máistirphlean BAT Eorpach; á mheabhrú, ina leith sin, a thábhachtaí atá Aerspás Eorpach Aonair 2+ chun comhchuibhiú, idir-inoibritheacht agus éifeachtúlacht fheabhsaithe a bhaint amach;

    29.

    á thabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht dá clár um chlaochlú corparáideach, ‘Destination: Future-proof’[Ceann scríbe: Slán i bhfad na haimsire] le príomhchuspóirí a bhaineann le bealaí oibre a nuachóiriú agus le príomhphróisis a shimpliú, lena n-áirítear na príomhghníomhaíochtaí amhail ceapadh rialacha, aeracmhainneacht tosaigh agus formheasanna eagraíochta; ag moladh, sa chomhthéacs sin, an dul chun cinn atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir le seirbhísí digiteacha a chur ar fáil do gheallsealbhóirí seachtracha trí réitigh a ullmhú atá réidh le himlonnú don tuairisciú ar tharluithe (ECCAIRS2), ar an rochtain ar rialacha EASA (ríomhrialacha), ar FlexTool chun díolúintí agus maoluithe a bhailiú, ar láithreáin chomhoibríocha agus ar stór dróin; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hardán TF lárnach digiteach nua a thógáil i gcomhréir leis an treochlár digitithe (CORAL) agus an sprioc a leagadh síos (65 %) i ndáil leis sin a shárú; ag iarraidh ar an nGníomhaireacht beartas cibearshlándála a chur i bhfeidhm agus treochlár slándála faisnéise a chur chun feidhme;

    30.

    ag moladh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí a áirithiú; ag spreagadh na Gníomhaireachta freisin cláir oiliúna atá cothrom le dáta go córasach a bhaineann leis an gcibearshlándáil a chur ar fáil dá foireann uile, lena n-áirítear bainistiú, ós rud é gur príomhghné é sin i gcreat éifeachtach cibearshlándála;

    Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

    31.

    ag tabhairt dá haire cur chuige coimeádach na Gníomhaireachta sa dara bliain den phaindéim maidir le pleanáil caiteachais, lena n-áirítear moilliú ar earcaíocht sheachtrach; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur bainistíodh an t-ualach oibre atá ag dul i méid trí mhodhanna oibre nua a ghiaráil (e.g. cianobair agus córas oibre hibrideach laethúil) agus trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscnaimh éifeachtúlachta agus digitithe chun an brú ar acmhainní atá ann cheana a laghdú; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun cruinnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla a eagrú ar bhealach níos fearr go cianda ná iad a dhéanamh go pearsanta amach anseo;

    32.

    á thabhairt dá haire, mar gheall ar éifeachtaí phaindéim COVID-19, gur dhírigh an Ghníomhaireacht ar an bpobal taistil a chosaint agus ar iarmhairt sábháilteachta a shainaithint agus a mhaolú; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoin tionscadal um Fhilleadh ar Gnáthoibríochtaí (RNO) trí Fheasacháin Faisnéise Sábháilteachta agus ábhar treorach a fhoilsiú, agus gníomhaíochtaí eile lena soláthraítear bearta solúbthachta agus faoiseamh rialála, lena dtugtar aghaidh ar rioscaí sláinte agus ar rioscaí atá ag teacht chun cinn agus trí chomhar a fhorbairt le stáit chomhpháirtíochta;

    33.

    á mholadh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht faireachán leanúnach ar shábháilteacht eitlíochta, lena n-áirítear tuirse na foirne cábáin mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena mbunaítear an Ghníomhaireacht;

    Barúlacha eile

    34.

    ag moladh na Gníomhaireachta as a rath i dtaca le EASA light a chur ar fáil, limistéar ar a suíomh gréasáin ina gcuirtear inneachar ar fáil do lucht féachana nach saineolaithe iad; ag moladh don Ghníomhaireacht an tairiscint sin a fhorbairt, i bhfianaise aiseolais ar inúsáidteacht; ag moladh na Gníomhaireacht freisin as a méadracht fheabhsaithe maidir le húsáid EASA Pro, limistéar ar a suíomh gréasáin a chuireann faisnéis mhionsonraithe ar fáil do gheallsealbhóirí gairmiúla; á chur in iúl gur geal léi gur neartaigh an Ghníomhaireacht a naisc leis an saol acadúil in 2021 le bunú Coiste Eolaíoch ag grúpáil saineolaithe ar féidir leo comhairle a thabhairt maidir le forbairtí i réimsí ábhartha;

    35.

    á chur i bhfáth nach mór d’institiúidí uile AE an rialáil airgeadais agus na hardchaighdeáin bhainistíochta a urramú;

    36.

    ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

    (1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 81.

    (2)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 80.

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

    (4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


    Top