Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1857

    Rún (AE) 2023/1857 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021

    IO L 242, 29.9.2023, p. 226–231 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1857/oj

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 242/226


    RÚN (AE) 2023/1857 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA

    an 10 Bealtaine 2023

    ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

    ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2021,

    ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

    ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2023),

    A.

    de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 30 044 194, a léiríonn laghdú 1,82 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go maoinítear an Ghníomhaireacht le ranníocaíocht ón Aontas agus le hioncam sannta seachtrach le haghaidh tionscadail shonracha;

    B.

    de bhrí go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta;

    Bainistíocht buiséid agus airgeadais

    1.

    ag tabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 96,78 % ann mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021, arbh ionann é agus méadú 5,09 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é 72,26 % an ráta forghníomhaithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arbh ionann é agus laghdú 1,93 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ráta forfheidhmithe carntha 22,25 % a bhí ann i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa chéad dá bhliain (2020 agus 2021) de chur chun feidhme na gceithre thionscadal ilbhliantúla idirnáisiúnta maidir le comhar i bhforfheidhmiú an dlí (cistí Cúnaimh Sheachtraigh an Aontais), ar tionscadail leantacha iad;

    2.

    ag tabhairt dá haire gur glacadh leasú buiséadach lenar laghdaíodh buiséad na Gníomhaireachta do 2021 de EUR 800 000, a cuireadh ar ais go dtí an Coimisiún; á aithint gur thug an Ghníomhaireacht míniú a deir gur chuir an phaindéim isteach go mór ar an bhféidearthacht go n-eagrófaí oiliúint ar an láthair i bhforfheidhmiú an dlí sna chéad ráithí de 2021, ionas go raibh tearc-chaiteachas suntasach mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, go ndearna an Ghníomhaireacht a gníomhaíochtaí a chur in oiriúint agus a aistriú go héifeachtach don fhoghlaim ar líne, trínar coimircíodh cur chun feidhme a clár oiliúna;

    3.

    á chur in iúl gur geal léi agus gur mór aici go raibh ráta forfheidhmithe 100 % ann in 2021 i gcás cistí C8 (a tugadh ar aghaidh ó 2020 go 2021); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur mhór an tsuim, EUR 2 411 091, a tugadh ar aghaidh mar chistí ó 2021 go 2022, arbh ionann í agus 24 % de bhuiséad foriomlán na Gníomhaireachta do 2021;

    Feidhmíocht

    4.

    ag tabhairt dá haire gur chuir géarchéim COVID-19 isteach ar ráta cur chun feidhme chlár oibre na Gníomhaireachta, maidir le gníomhaíochtaí ar an láthair den chuid is mó; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur baineadh amach nó gur sáraíodh formhór na spriocanna a leagadh amach; ag tabhairt dá haire gur mór aici, maidir le ráta sástachta na gcustaiméirí in 2021, gur dhearbhaigh 97 % de na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna na Gníomhaireachta go raibh siad sásta nó an-sásta;

    5.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún meastóireacht cúig bliana ar an nGníomhaireacht in 2021; á chur in iúl gur geal léi conclúidí dearfacha foriomlána na tuarascála meastóireachta agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht na moltaí atá sa tuarascáil mheastóireachta a chur chun feidhme;

    6.

    ag tabhairt dá haire gur mór aici, in ainneoin thionchar ráig COVID-19, gur méadaíodh ar fhor-rochtain na Gníomhaireachta i gcónaí agus gur tháinig méadú 17 % ar líon na rannpháirtithe oiliúna i gcomparáid le 2020; ag moladh, thairis sin, thorthaí sármhaithe na Gníomhaireachta i réimse na ríomhfhoghlama, agus eagrú Chomhdháil Taighde & Eolaíochta ar líne CEPOL, a mheall breis agus 500 rannpháirtí in earrach 2021; ag tabhairt dá haire gur cuireadh Clár Malartaithe CEPOL siar go dtí lár Lúnasa, agus go ndearnadh 57 % de na malartuithe a bhí beartaithe a thabhairt i gcrích in 2021;

    7.

    á thabhairt faoi deara gur thug an Ghníomhaireacht an dara Measúnú ar Riachtanais Straitéiseacha Oiliúna AE (EU-STNA) chun críche, lenar sainaithníodh tosaíochtaí oiliúna d’oifigigh forfheidhmithe an dlí don tréimhse 2022-2025; á chur in iúl gur geal léi seoladh Lárionad nua Eolais CEPOL maidir le Comhar, Malartú Faisnéise agus Idir-inoibritheacht i bhForfheidhmiú an Dlí (CKC INT);

    8.

    á thabhairt chun suntais go bhfuil gá leis an oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí ar leibhéal an Aontais chun na bagairtí ar shlándáil an Aontais a léiriú i gcomhréir le sainordú na Gníomhaireachta; á athdhearbhú a thábhachtaí atá oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí maidir le straitéisí chun an ciníochas agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus chun próifíliú ciníoch agus eitneach agus foréigean a chosc; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le hoiliúint speisialaithe lena ndírítear ar chontúirtí agus ar úsáid iomchuí theicneolaíochtaí IS ag údaráis phóilíneachta chun sábháilteacht agus slándáil na saoránach a chinntiú;

    9.

    á chur in iúl gur geal léi bunú an Ghrúpa Saineolaithe um Chearta Bunúsacha chun feabhas a chur ar straitéis oiliúna na Gníomhaireachta sa réimse sin agus bunú an Ghrúpa Saineolaithe um Fheabhsú Comhair idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit, a bhfuil mar aidhm leis feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht comhair; ag cur sonrú sa mholadh ón nGrúpa Saineolaithe um Chearta Bunúsacha go gcuirfí cearta bunúsacha mar shaincheist thrasearnálach leis na gníomhaíochtaí oiliúna a thairgtear, i gcás inarb infheidhme, sna Ballstáit agus i dtríú tíortha araon agus béim ar leith á leagan ar chearta bunúsacha agus ar chosc ar an gcoireacht;

    10.

    ag tabhairt dá haire, in 2021, gur chuir an Ghníomhaireacht tús le cur chun feidhme na gceithre thionscadal ilbhliantúla idirnáisiúnta lena dtugtar cúnamh do thríú tíortha le fothú a n-acmhainneachta i réimsí beartais ábhartha i bhforfheidhmiú an dlí;

    11.

    á chur in iúl gur geal léi an comhar le lárionaid agus moil speisialaithe maidir le heolas cibearchoireachta amhail Ionad Cibearchoireachta na hEorpa, an Grúpa Eorpach Oiliúna agus Oideachais maidir leis an gCibearchoireacht, an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach agus Interpol, trí bhíthin Acadamh Cibearchoireachta CEPOL, chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais oiliúna atá ag dul i méid i réimse na cibearchoireachta;

    12.

    á thabhairt chun suntais na socruithe oibre atá ag an nGníomhaireacht le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, leis an gCoimisiún, agus an chaibidlíocht atá ar siúl leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann;

    13.

    ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach bhfuil socruithe oibre ag an nGníomhaireacht le hArd-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim (AS TAXUD) sa Choimisiún, rud a chuireann cosc ar an nGníomhaireacht spriocphobal a gníomhaíochtaí a leathnú chun oifigigh chustaim agus theorann a áireamh; ag moladh don Ghníomhaireacht a áirithiú go mbeidh socruithe oibre i bhfeidhm leis na príomhchomhlachtaí uile;

    14.

    ag moladh don Ghníomhaireacht a modhanna oiliúna a chur in oiriúint dá spriocphobal ar bhealach níos fearr; ag tathant ar an nGníomhaireacht torthaí mheastóireacht an Choimisiúin a leanúint agus an oiliúint a chuirtear ar oifigigh forfheidhmithe an dlí a choigeartú, ar oifigigh iad a fhreagraíonn níos fearr d’oiliúint phraiticiúil (freachnaimh chomhpháirteacha, ionsamhlúcháin, cleachtaí boird) ná d’oiliúint theoiriciúil (fíorúil) sa seomra ranga;

    Beartas foirne

    15.

    ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2021, go raibh 91 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 30 gníomhaire shealadacha ceaptha as 33 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post údaraithe le 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 58 ngníomhaire ar conradh (a raibh 20 acu le haghaidh gnáthghníomhaíochtaí agus 38 acu le haghaidh tionscadail fothaithe acmhainneachta arna maoiniú go seachtrach) agus seachtar saineolaithe náisiúnta ar iasacht (seisear arna maoiniú le buiséad na Gníomhaireachta agus duine amháin arna mhaoiniú faoi Thionscadal Oiliúna Frithsceimhlitheoireachta 2) ag obair don Ghníomhaireacht in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, an 31 Nollaig 2021, go raibh 19 mball foirne eatramhacha fostaithe agus cúraimí orthu a bhain leis an mbunghnó amhail ríomhfhoghlaim, TFC, agus tacaíocht dlí agus bhainistíochta;

    16.

    á chur i bhfios go láidir nach bhfuil méadú tagtha fós ar líon na foirne ó leathnaíodh obair na Gníomhaireachta go suntasach le teacht i bhfeidhm a sainordaithe reatha; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur mhol an Coimisiún don Ghníomhaireacht gan poist nua a iarraidh as seo go ceann roinnt blianta, in ainneoin gur gá tuilleadh ball foirne a bheith ann; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, in éagmais acmhainní daonna breise, go bhfuil leas á bhaint ag an nGníomhaireacht as gníomhairí ar conradh i gcomhair roinnt cúraimí a dhéanfadh gníomhairí sealadacha de ghnáth; ag tathant ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh atá aige maidir le grádú post chun go mbeidh na poist sin ina léiriú ar ualach oibre agus freagrachtaí na foirne;

    17.

    ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go raibh ráta ard athraithe foirne 11,8 % i gcónaí ann in 2021; á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí atá a ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, lena n-áirítear trí agallamh struchtúrtha imeachta nua a thionscnamh; á thabhairt chun suntais gur léirigh na torthaí ó agallaimh den sórt sin gurb é an t-ualach mór oibre agus grádú íseal na bpost is mó is cúis leis an ráta ard athraithe foirne; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, go raibh deacrachtaí ag an nGníomhaireacht leis an bpróiseas earcaíochta, mar thoradh ar líon íseal iarratas chomh maith le líon ard iarrthóirí a n-éiríonn leo agus a dhiúltaíonn do na tairiscintí fostaíochta; á thabhairt chun suntais gur deacair don Ghníomhaireacht laghdú ar an ráta athraithe foirne, earcaíocht a dhéanamh ar an bhfoireann a theastaíonn chun a sainordú a chur chun feidhme go barrmhaith agus a bheith tarraingteach d’iarrthóirí ar ardoilte mar gheall ar an gcomhéifeacht coigeartaithe tuarastail a chuirtear i bhfeidhm ar na tuarastail a thairgtear i gcás poist sa Ghníomhaireacht agus gur rud an-diúltach é; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhéifeacht coigeartaithe chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na réaltachtaí eacnamaíocha a bhaineann le hathlonnú chuig cathair óstach na Gníomhaireachta agus cónaí inti; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht saoráidí breise a chur ar fáil amhail rochtain ar scoileanna idirnáisiúnta, ar chúram leanaí agus ar chúram sláinte chun go mbeidh sé níos tarraingtí a bheith ag obair don Ghníomhaireacht;

    18.

    ag tabhairt dá haire gur mór aici go ndearna an Ghníomhaireacht modúil éagsúla de SYSPER a chur chun feidhme agus go bhfuil sé beartaithe aici leanúint de, agus méadú ar úsáid na modúl níos bunúsaí agus na modúl roghnach;

    19.

    á chur in iúl gur geal léi an briseadh síos de réir inscne atá tuairiscithe ag an nGníomhaireacht do 2021, nuair a bhí 3 fhear agus 3 bhean i bhfeidhmeanna bainistíochta (1 bhainisteoir sinsearach agus 5 mheánbhainisteoir), agus 16 fhear (59 %) agus 11 bhean (41 %) ar an mbord bainistíochta, agus 39 bhfear (45 %) agus 48 mbean (55 %) mar chuid d’fhoireann na Gníomhaíochta ar an iomlán; ag moladh na Gníomhaireachta as an gcothromaíocht inscne a baineadh amach in 2021; á chur in iúl, áfach, gur cúis bhuartha di an easpa cothromaíochta geografaí agus nach bhfostaíonn an Ghníomhaireacht aon bhall foirne ón gCipir, ón tSeicia, ón Danmhairg, ón bhFrainc, ó Éirinn, ó Lucsamburg, ó Mhálta agus ón tSlóivéin; ag tathant ar an nGníomhaireacht breithniú a dhéanamh le barrthosaíocht ar an gcothromaíocht gheografach ina nósanna imeachta earcaíochta agus aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

    20.

    á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí oiliúna in 2021 maidir le hábhair amhail eitic agus ionracas, meas agus dínit, cosc ar chiapadh agus dea-bhail; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh beartas na Gníomhaireachta in 2021 maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; á chur in iúl, thairis sin, gur geal léi go ndearnadh an nós imeachta neamhfhoirmiúil maidir le comhairleoirí iontaoibhe a chur i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire gur fhreagair an Ghníomhaireacht nár tuairiscíodh aon chás ciaptha in 2021;

    Soláthar

    21.

    ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur ardaigh an Chúirt barúlacha nua maidir le soláthar na Gníomhaireachta gach bliain ón mbliain airgeadais 2019 i leith; ag cur sonrú sna barúlacha ón gCúirt a bhaineann le nósanna imeachta na Gníomhaireachta maidir le bainistiú conarthaí agus soláthar poiblí do 2021; ag tabhairt dá haire go háirithe go ndearna an Ghníomhaireacht íocaíochtaí in 2021 a bhain le gníomhaíochtaí a tharla i dtíortha áirithe lasmuigh den Aontas; ag tabhairt dá haire nach raibh na gníomhaíochtaí sin san áireamh i raon feidhme an chreatchonartha ar ar bunaíodh na híocaíochtaí gaolmhara a rinneadh; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid maidir leis an nGníomhaireacht a bheith ag gníomhú sa chás sin, gur sáraíodh Airteagal 172 den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl gurb oth léi go raibh na híocaíochtaí gaolmhara, arbh ionann iad agus EUR 76 590, neamhrialta, de réir thátal na Cúirte; ag tabhairt dá haire gur chinn an Ghníomhaireacht eisceacht a dhéanamh lena gcumhdaítear riachtanais ghnó phráinneacha amháin i dtíortha lasmuigh den Aontas, de bhrí gur cláraíodh an cinneadh sin i gclárlann eisceachtaí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bhain an Ghníomhaireacht leas as an nós imeachta eisceachta arís agus arís eile chun leanúnachas gnó agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú go dtí go ndearnadh nós imeachta oscailte a chur i gcrích a raibh mar thoradh air gur síníodh creatchonradh nua, nach raibh aon teorainn leis, i mí Eanáir 2022;

    22.

    ag tabhairt dá haire, in 2021, nach raibh ach post gníomhaire shealadaigh amháin agus post gníomhaire ar conradh amháin le haghaidh nósanna imeachta a bhaineann le soláthar, agus go raibh beirt ghníomhairí eile ar conradh ag obair ar thionscadail arna maoiniú go seachtrach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag baint leas as gníomhairí eatramhacha chun cabhrú leis an ualach oibre; á thabhairt chun suntais gur cúis mhór bhuartha di, go dtí mí na Samhna 2022, gur ghrád AST-5 a bhí ag an oifigeach soláthair a raibh an grád ab airde aige agus gurbh é AST-3 an grád earcaíochta a bhí aige, ar grád é a mheasann an Ghníomhaireacht a bheith ró-íseal, nuair a chuirtear san áireamh na freagrachtaí a shanntar don phost sin; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh grádú neamhleor na bpost sin tionchar a imirt ar cháilíocht na nósanna imeachta soláthair phoiblí atá idir lámha ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin go práinneach;

    Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

    23.

    ag tabhairt dá haire gur mór aici na bearta atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht cheana agus na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun aici chun trédhearcacht a áirithiú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go bhfoilsítear na dearbhuithe leasa agus CVanna fhormhór chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na bainistíochta sinsearaí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go bhfágann formáid na dearbhuithe gur féidir liosta a thabhairt de na leasanna gairmiúla, airgeadais, pearsanta agus eile a bhféadfadh baint a bheith acu le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire nach bhfoilsítear na dearbhuithe maidir le coinbhleachtaí leasa agus rúndacht i gcás na saineolaithe a fhaigheann luach saothair ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht fuílleach sin na ndoiciméad a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin a luaithe is féidir; á chur in iúl gur geal léi go gcomhlánaítear an liosta bliantúil de chonarthaí saineolaithe arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta le faisnéis faoi na dearbhuithe maidir le coinbhleachtaí leasa agus rúndacht arna ndéanamh ag na saineolaithe;

    Rialú inmheánach

    24.

    ag tabhairt dá haire, maidir le measúnú na Gníomhaireachta ar a córas rialaithe inmheánaigh agus a chonclúid, go bhfuil sé éifeachtach, gur ann dó agus go bhfuil sé ag feidhmiú go maith agus nach bhfuil ach mionfheabhsuithe de dhíth air; á iarraidh ar an nGníomhaireacht barúlacha na Cúirte agus na moltaí gaolmhara a ionchorprú go sainráite ina measúnú;

    25.

    ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, go bhfuil neart laigí i gcóras rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta, go háirithe maidir le nósanna imeachta soláthair agus bainistiú gealltanas buiséadach; ag tabhairt dá haire, maidir le soláthar, gur thug an Chúirt barúil i gcás amháin d’easpa deilighte idir critéir roghnúcháin agus critéir dhámhachtana lenar cuireadh prionsabal na trédhearcachta i mbaol agus gur nochtadh an Ghníomhaireacht do rioscaí clú agus rioscaí dlíthiúla; ag tabhairt dá haire, i gcás eile, gur thug an Chúirt cinneadh maidir le mainneachtain na Gníomhaireachta faireachán a dhéanamh ar íocaíochtaí atá fós gan íoc, rud a léiríonn go bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfaidh sí a hoibleagáidí airgeadais i leith tríú páirtithe a chomhlíonadh gcás srianta buiséid; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus an dul chun cinn atá déanta aici i leith na n-ábhar sin;

    26.

    á mheabhrú gur thug an Chúirt laigí faoi deara i dtimpeallacht rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta seachas na laigí sin a bhaineann le soláthar maidir le bainistiú gealltanas buiséadach, agus á chur in iúl gur geal leis go ndearna an Ghníomhaireacht bearta nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar na hearráidí sin, lena n-áirítear oiliúint rialta ar bhainistiú conartha do bhainisteoirí tionscadal agus do bhaill foirne ábhartha eile chun feasacht a mhéadú agus líon na gcásanna sin a laghdú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta aici i leith an ábhair sin;

    27.

    ag tabhairt dá haire gur thionscain an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar ‘Bainistíocht acmhainní daonna agus eitic in CEPOL’; ag tabhairt dá haire gur conclúid dhearfach a bhí ag IAS sa tuarascáil iniúchóireachta deiridh agus gur sainaithníodh réimsí a bhfuil gá le feabhas a chur ar orthu ó thaobh nósanna imeachta earcaíochta, nósanna imeachta um measúnú agus nósanna imeachta athaicmithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí IAS a chur chun feidhme;

    28.

    ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go bhfuil easnaimh sa Ghníomhaireacht maidir le rialú inmheánach i ndáil leis an easpa rialuithe foirmiúla ar an teicneolaíocht (e.g. beartas cúltaca TFC) agus ar an gcreat nós imeachta le haghaidh bainistiú doiciméad; á iarraidh ar an nGníomhaireacht córas ARES an Choimisiúin a chur chun feidhme, lena n-áirítear le cabhair ó ghníomhaireacht eile más gá, mar a córas bainistithe doiciméad;

    Digitiú agus an t-aistriú glas

    29.

    ag tabhairt dá haire nach bhfuil beartas foirmiúil ag an nGníomhaireacht maidir leis an gcibearshlándáil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-oibríonn an Ghníomhaireacht le CERT-EU agus le comhpháirtithe eile chun an chibearshlándáil agus cosaint taifead digiteach a mhéadú; á aithint go bhfuil srianta ann don Ghníomhaireacht sa réimse sin i bhfianaise a laghad foirne atá aici amhail de réir an phlean bunaíochta;

    30.

    ag moladh na Gníomhaireachta as an ardán LEEd a fheabhsú tuilleadh le roinnt forbairtí teicniúla, go háirithe i bhfianaise an chibirionsaithe ar an ardán agus múchadh an ardáin ina dhiaidh ag deireadh 2020; á chur in iúl gur geal léi athbhunú tapa an ardáin LEEd agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí sármhaithe ar líne sa chéad ráithe de 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht go raibh leibhéal réasúnta ard digitithe bainte amach aici agus gur próisis gan pháipéar atá aici anois;

    31.

    ag moladh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); ag moladh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cláir oiliúna ar an gcibearshlándáil, ar cláir iad a nuashonraítear go rialta, a thairiscint don fhoireann uile sa Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt ar bhealach níos tapa, é a sholáthar roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta aici;

    32.

    á chur in iúl gur geal léi gur seoladh punann foghlama nua lena dtacaítear le forbairt scileanna pearsanta agus gnó i mí Eanáir 2021, a bhfuil 500 modúl nua ríomhfhoghlama aici agus ag a raibh 1 000 suíochán deonaithe le haghaidh úsáideoirí LEEd, agus gur leathnaíodh an ceadúnas tuilleadh go 2 000 suíochán amhail ó mhí Dheireadh Fómhair 2022;

    33.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an nGníomhaireacht a tionchar ar an gcomhshaol a laghdú; á chur in iúl gur geal léi go háirithe rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta lenar cheart d’fhoireann agus do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna roghanna eile taistil seachas taisteal d’aer a úsáid i gcás aistir ghearra; ag moladh na Gníomhaireachta as aisíocaíocht a thairiscint dá foireann as na costais a bhaineann le hiompar poiblí a úsáid;

    Leanúnachas gnó feadh ghéarchéim COVID-19

    34.

    ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht go raibh tionchar tromchúiseach ag paindéim COVID-19 ar a gníomhaíochtaí ar an láthair in 2021; ag tabhairt dá haire go háirithe gur cuireadh siar go 2022 cur chun feidhme roinnt de na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe le haghaidh 2021, gur cealaíodh roinnt gníomhaíochtaí eile gan iad a atheagrú, go ndearnadh gníomhaíochtaí a tharraingt siar i gcásanna áirithe agus gur athraíodh gníomhaíochtaí ar an láthair go gníomhaíochtaí ar líne; ag moladh na Gníomhaireachta as a athléimní atá sí agus as a freagairt maidir le hacmhainní a ath-leithdháileadh chun a áirithiú go ndéanfar cuspóirí a bhaint amach;

    35.

    ag moladh gur áirithíodh leanúnachas gnó na Gníomhaireachta agus sábháilteacht a foirne, in ainneoin ráta réasúnta ard athraithe foirne, trí bearta amhail leathnú ar an teilea-oibriú agus socruithe fleisc-ama, ríomhshreabhadh oibre, earcú foirne eatramhacha agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus leanúint de na socruithe sóisialta;

    Barúlacha eile

    36.

    ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach bhfuil spás oifige leordhóthanach agus áit i gcomhair gníomhaíochtaí oibríochtúla ag an nGníomhaireacht agus gur saincheist leanúnach í, agus go bhfuil an Ghníomhaireacht ag feidhmiú ó thrí láthair éagsúla; á chur in iúl gur saoth léi gur cuireadh i leataobh an plean tosaigh a bhí ag rialtas na hUngáire le haghaidh ionad coiteann i gcomhair eagraíochtaí idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire gur leanadh de na pléití a bhí ag stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta le húdaráis na hUngáire le linn 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí maidir lena háitreabh agus faoin dul chun cinn atá déanta sna pléití leis an mBallstát óstach; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh tascfhórsa inmheánach chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna maidir leis an mbealach is fearr chun an spás atá ar fáil faoi láthair a úsáid;

    37.

    á mheabhrú go bhfuil an Ghníomhaireacht le trédhearcacht iomlán agus lánurraim iomlán do chearta bunúsacha a áirithiú ina gníomhaíochtaí uile, lena n-áirítear iad siúd atá acu le tríú tíortha;

    38.

    á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí agus faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an nGníomhaireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid níos fearr a bhaint as na meáin agus as na meáin shóisialta;

    39.

    ag tagairt, i gcás barúlacha eile de chineál trasearnálach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (2) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

    (1)   IO C 216, 31.5.2022, lch. 1.

    (2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.


    Top