Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023BP1814

    Rún (AE) 2023/1814 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa

    IO L 242, 29.9.2023, p. 3–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/res/2023/1814/oj

    29.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 242/3


    RÚN (AE) 2023/1814 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

    an 10 Bealtaine 2023

    ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa

    Tá Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn I – Parlaimint na hEorpa,

    ag féachaint do Riail 100 agus Riail 104(3) agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

    ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0086/2023),

    A.

    de bhrí gur luaigh oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa (an ‘Parlaimint’) ina dheimhniú ar na cuntais chríochnaitheacha, a dhearbhú réasúnach go léiríonn na cuntais, i ngach gné ábhartha, an staid airgeadais, torthaí na n-oibríochtaí agus sreabhadh airgid na Parlaiminte go cothrom;

    B.

    de bhrí, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta, gur seoladh 145 cheist chuig riarachán na Parlaiminte agus go ndearna Coiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte 145 freagraí i scríbhinn orthu agus gur phléigh sé go poiblí iad an 1 Nollaig 2022, i láthair an Leas-Uachtaráin atá freagrach as an mbuiséad, an tArd-Rúnaí, stiúrthóir an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (‘an tÚdarás’) agus an t-iniúchóir inmheánach;

    C.

    de bhrí go bhfuil deis ann i gcónaí feabhas a chur ar bhainistiú an airgeadais phoiblí ó thaobh na cáilíochta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta de, tá gá le grinnscrúdú chun a áirithiú go mbeidh na ceannairí polaitiúla agus lucht riaracháin na Parlaiminte freagrach do shaoránaigh an Aontais;

    D.

    de bhrí go bhfuil muinín as sláine agus as an smacht reachta na Parlaiminte ríthábhachtach d’fheidhmiú an daonlathais Eorpaigh;

    E.

    de bhrí go bhfuil sláine na Parlaiminte ríthábhachtach chun a áirithiú nach mbeidh tionchar ag leasanna príobháideacha agus seachtracha ar phróisis dhaonlathacha agus go ndéanfar cearta na saoránach a urramú go hiomlán;

    F.

    de bhrí gur luaigh Parlaimint na hEorpa, ina rún an 16 Meán Fómhair 2021, a thábhachtaí atá sé trédhearcacht agus sláine a neartú in institiúidí an Aontais trí chomhlacht eitice neamhspleách de chuid an Aontais a chur ar bun;

    G.

    de bhrí gur leag Parlaimint na hEorpa béim, ina rún an 15 Nollaig 2022,maidir le hamhras faoi éilliú ó Chatar agus an gá níos leithne atá le trédhearcacht agus cuntasacht in institiúidí an Aontais,

    Bainistiú buiséadach agus airgeadais na Parlaiminte

    1.

    ag tabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe críochnaitheacha na Parlaiminte do 2021 agus EUR 2 063 521 135, nó 19,4 % de cheannteideal 7 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (1) a cuireadh i leataobh do chaiteachas riaracháin 2021 institiúidí an Aontais ina n-iomláine, arb ionann é agus méadú 1,2 % i gcomparáid le buiséad 2020 (EUR 2 038 745 000);

    2.

    ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 215 332 108 an t-ioncam iomlán a iontráladh sna cuntais amhail ón 31 Nollaig 2021 (i gcomparáid le EUR 203 449 523 in 2020), lena n-áirítear EUR 37 150 961 d’ioncam sannta (i gcomparáid le EUR 33 567 305 in 2020);

    3.

    ag cur béim ar an bhfíoras gurbh ionann cúig chaibidil agus 75,8 % de na gealltanais iomlána: Caibidil 10 (Comhaltaí na hinstitiúide), Caibidil 12 (Oifigigh agus baill foirne shealadacha), Caibidil 20 (Foirgnimh agus costais ghaolmhara), Caibidil 21 (Próiseáil sonraí, trealamh agus maoin shochorraithe), agus Caibidil 42 (Caiteachas a bhaineann le cúnamh parlaiminteach), lena léirítear ardleibhéal dolúbthachta do chuid mhór de chaiteachas na Parlaiminte;

    4.

    ag tabhairt dá haire gur dúnadh cuntais na Parlaiminte don bhliain airgeadais 2021 ar bhonn na bhfigiúirí seo a leanas:

    (a)

    Leithreasuithe atá ar fáil (EUR)

    leithreasuithe le haghaidh 2021:

    2 063 521 135

    leithreasuithe arna dtabhairt anonn go neamh-uathoibríoch ón mbliain airgeadais 2020:

    74 900 000

    leithreasuithe arna dtabhairt anonn go huathoibríoch ón mbliain airgeadais 2020:

    356 517 980

    leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta le haghaidh 2021:

    37 150 961

    leithreasuithe arna dtabhairt anonn a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta ó 2020:

    39 313 649

    Iomlán:

    2 571 403 726

    (b)

    Úsáid na leithreasuithe sa bhliain airgeadais 2021 (EUR)

    gealltanais:

    2 435 954 496

    íocaíochtaí a rinneadh:

    2 077 518 430

    leithreasuithe arna dtabhairt anonn go huathoibríoch, lena n-áirítear iad siúd a thagann as ioncam sannta:

    419 702 461

    leithreasuithe arna dtabhairt anonn go neamh-uathoibríoch:

    22 007 230

    leithreasuithe a cuireadh ar ceal:

    52 175 603

    (c)

    Fáltais bhuiséadacha (EUR)

    faighte in 2021:

    215 332 108

    (d)

    Clár comhardaithe iomlán amhail an 31 Nollaig 2021 (EUR)

    1 720 527 780

    5.

    á chur i bhfios gur gealladh 98,5 % de na leithreasuithe a cuireadh isteach i mbuiséad na Parlaiminte, arbh ionann é agus EUR 2 033 160 247, agus go raibh ráta cealaithe 0,6 % ann; ag tabhairt dá haire agus í buíoch dá réir gur baineadh amach, mar a baineadh amach sna blianta roimhe sin, leibhéal an-ard ó thaobh chur chun feidhme an bhuiséid de; ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 1 649 796 méid iomlán na n-íocaíochtaí, a raibh ráta forghníomhaithe leithreasaithe íocaíochta 81, 1 % mar thoradh orthu (EUR 1 590 035 012 agus 81,5 % faoi seach in 2020);

    6.

    ag tabhairt dá haire gur fhormheas Coiste um Bhuiséad na Parlaiminte ocht n-aistriú déag (‘aistrithe C’) i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 49 den Rialachán Airgeadais, sa bhliain airgeadais 2021, arbh ionann iad agus EUR 106 753 497 nó 5,2 % de na leithreasuithe deiridh; á thabhairt dá haire gur údaraigh an tUachtarán, ina dhiaidh sin, ocht n-aistriú (‘aistrithe P’) arbh ionann iad agus EUR 26 464 877 nó 1,3 % de bhuiséad 2021;

    7.

    ag tabhairt faoi deara leibhéal níos airde aistrithe in 2021 mar gheall ar choigilteas buiséadach a d’eascair as géarchéim COVID-19 i gcomparáid leis na blianta roimh an bpaindéim, nuair a shroich méid iomlán na n-aistrithe C agus P le chéile 5 % in 2019, 3,2 % in 2018 agus 4,0 % in 2017; á mheabhrú nach raibh gnáthghníomhaíochtaí taistil indéanta ach le linn codanna den bhliain, agus dá bhrí sin nár úsáideadh línte buiséid ábhartha na Parlaiminte ina n-iomláine agus gur ath-imscaradh iad chun críocha eile;

    8.

    ag tabhairt faoi deara gurbh iad gnáthchostais taistil (EUR 20 041 000), speansais le haghaidh misin foirne (EUR 18 460 000), eagrú agus fáiltiú grúpaí cuairteoirí (EUR 16 517 980), agus cúnamh parlaiminteach (EUR 11 418 251) na línte buiséid ba tearcúsáidte, mar gheall ar phaindéim COVID-19, a rinne foráil d’aistrithe buiséadacha in 2021; á thabhairt faoi deara gurbh ionann na hítimí friothálacha is mó, i.e. a ranníocann níos mó ná EUR 5 000 000, agus EUR 79 152 282 in aistrithe C agus P le chéile;

    9.

    ag tabhairt dá haire gur leithdháileadh an barrachas a ghin paindéim COVID-19, trí aistrithe buiséadacha C agus P in 2021, go príomha chun beartas tógála na Parlaiminte a mhaoiniú, eadhon ‘íocaíochtaí léasa’ le EUR 33 559 035 chun leanúint den infheistíocht i dtionscadal tógála Adenauer II agus treisíodh ‘fáil maoine dochorraithe’ le EUR 22 007 230, lenar ceadaíodh foirgneamh Trèves II a fháil, arbh ionann é le chéile agus 52,1 % de na haistrithe C in 2021; á thabhairt dá haire gur tugadh aghaidh le haistrithe tábhachtacha eile ar riachtanais gan choinne a d’eascair as paindéim COVID-19, e.g. bearta sláinte agus coisctheacha, trealamh teicniúil agus caiteachas ar ateangaireacht chun tacú leis an teilea-obair agus le cruinnithe hibrideacha; á thabhairt dá haire go raibh baint ag aistrithe breise leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus le hinfheistíochtaí i ngnéithe éagsúla de sheirbhísí TF;

    Tuairimí na Cúirte Iniúchóirí ar iontaofacht chuntais 2021 agus ar dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin

    10.

    á mheabhrú go ndéanann an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) measúnú sonrach ar an gcaiteachas riaracháin mar ghrúpa aonair beartas d’institiúidí uile an Aontais; á thabhairt chun suntais go n-áirítear le caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna (tuarastail, liúntais agus pinsin), arb ionann iad agus 68 % den iomlán, agus ar chatagóirí eile, amhail foirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise;

    11.

    ag tabhairt dá haire gurbh ionann ceannteideal 7 ‘riarachán poiblí Eorpach’ an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil agus EUR 10.7 billiún nó 5,9 % de bhuiséad an Aontais in 2021, arbh ionann an Pharlaimint agus EUR 2.1 billiún nó 19,4 % de; á thabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt sampla de 60 idirbheart den cheannteideal sin faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus gur chinn sí go raibh earráidí i 15 cinn (25 %), as a ndearna an Chúirt 5 earráid a chainníochtú agus gur mheas sí ar an mbonn sin go bhfuil leibhéal earráide chaiteachas an Aontais ar riarachán in 2021 faoi bhun na tairsí ábharthachta; á athdhearbhú gur mhol sí don Chúirt a sampla d’idirbhearta a scrúdaíodh a leathnú chun tionscnamh sciar ard na n-idirbheart ina bhfuil earráidí a chinneadh, cé go bhfuil siad faoi bhun na tairsí ábharthachta;

    12.

    ag tabhairt dá haire go gcuirtear torthaí sonracha maidir leis an bParlaimint i láthair i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte maidir le cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2021, eadhon earráidí in dhá íocaíocht: (i) ró-íocaíocht bheag do sheirbhísí TF arb é cur i bhfeidhm mícheart téarmaí conartha is cúis léi, agus (ii) íocaíocht amháin ón bParlaimint le ceann dá grúpaí polaitiúla; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go gceadaítear leis na rialacha inmheánacha soláthair, arna nglacadh ag an mBiúró, agus treoirlínte na Parlaiminte maidir lena gcur i bhfeidhm, nósanna imeachta soláthair idirbheartaithe a úsáid le haghaidh conarthaí ardluacha, de bhrí go sonraítear sa Rialachán Airgeadais úsáid nósanna imeachta soláthair oscailte nó srianta; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur chinn an Chúirt gur mhainnigh an grúpa polaitiúil cloí go hiomlán leis na rialacha inmheánacha sin, mar gheall ar, de réir an ghrúpa lena mbaineann, a dheacra atá sé tairgeoir a aimsiú ar féidir leis na critéir an-sonrach a úsáideadh chun an conradh a dhámhachtain a chomhlíonadh; á thabhairt chun suntais gur thuairiscigh an Chúirt easnaimh roimhe seo in idirbhearta a bhaineann le soláthar ag grúpaí polaitiúla;

    13.

    ag tabhairt faoi deara gurb é seasamh riarachán na Parlaiminte nach bhfuil feidhm ag úsáid nósanna imeachta soláthair idirbheartaithe le haghaidh conarthaí ardluacha, i.e. conarthaí a dámhadh i nósanna imeachta a bhfuil luach na dtairseach bainte amach acu dá dtagraítear in Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais, ach amháin maidir le bainistíocht dhíreach, agus bainistiú á dhéanamh ag grúpaí polaitiúla ar na cistí a leithdháiltear orthu i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta indírí i gcur i bhfeidhm loighciúil Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl gur geal léi, áfach, gur ghlac an Pharlaimint leis an moladh ón gCúirt athbhreithniú a dhéanamh ar a treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le soláthar poiblí ag na grúpaí polaitiúla chun iad a ailíniú níos fearr leis an Rialachán Airgeadais; ag moladh do riarachán na Parlaiminte aird a thabhairt ar shainiúlacht theicniúil roinnt nósanna imeachta soláthair nach bhfuil ach líon teoranta tairgeoirí a bhfuil ard-saineolas acu in ann freagra a thabhairt ina leith; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí tuarascáil a thabhairt don Choiste um Rialú Buiséadach nuair a bheidh an t-athbhreithniú sin le déanamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil rún daingean ag lucht riaracháin na Parlaiminte leanúint de thacaíocht a thabhairt do na grúpaí polaitiúla maidir leis na leithreasuithe atá le húsáid i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme;

    14.

    ag tabhairt dá haire, go háirithe, go ndearna an Chúirt scrúdú breise ar íocaíocht EUR 74.9 milliún a bhain le ceannach fhoirgneamh Scholl ar Rue Wiertz, ar maoiníodh a cheannach ó chistí nár úsáideadh le linn ghéarchéim COVID-19 agus a tugadh anonn ó 2020; ag tabhairt dá haire, agus tairiscintí á lorg aici, gur bhain an Pharlaimint úsáid as critéir dhámhachtana lena ndearnadh 50 % de phointí a ualú do phraghas agus do cháilíocht an fhoirgnimh atá beartaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Pharlaimint dhá thairiscint agus gur bhronn sí an conradh ar an tairgeoir a mhol foirgneamh Scholl, atá i bhfad níos gaire do phríomhshuíomh na Parlaiminte ach 30 % níos daoire in aghaidh an mhéadair chearnaigh ná an foirgneamh a mhol an tairgeoir eile; ag tabhairt dá haire gur mheas an Chúirt go ndearna critéir dhámhachtana na Parlaiminte laghdú suntasach ar thábhacht an phraghais mar bhonn don chinneadh ceannaigh, rud a fhágann nach dócha go bhféadfaí glacadh le haon tairiscint eile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé machaire comhréidh a ráthú do na tairgeoirí uile chun a dhearbhú go bhfuil soláthar rialta ann, agus chun riosca a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh clú de a sheachaint; á thabhairt faoi deara go gcuireann ceannach fhoirgneamh Scholl ar chumas na Parlaiminte slándáil a hionaid lárnaigh a neartú, nasc díreach le foirgnimh eile de chuid na Parlaiminte a choinneáil, agus na hinfheistíochtaí a rinneadh go dtí seo san fhoirgneamh sin a chaomhnú;

    15.

    ag tabhairt dá haire an fhreagairt a thug an Pharlaimint ar thuairim na Cúirte go raibh ról tábhachtach ag critéar an achair sna critéir cháilíochta (is é sin fachtóir ualaithe 20/50 pointe cáilíochta), agus go bhfuair an fhéidearthacht idirnascadh leis na foirgnimh lárnacha fachtóir ualaithe breise (4/50 pointe cáilíochta), rud a d’fhág go measann an Pharlaimint gurb é foirgneamh Scholl ar Rue Wiertz an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch d’ainneoin na difríochta suntasaí praghais; ag tabhairt dá haire go ndearna an Biúró anailís ar éadáil fhoirgneamh Scholl i gcoinne fhoirceannadh an chonartha cearta úsáide agus, sa chiall sin, gur mheas sé go sábhálfaí méid suntasach airgeadais, eadhon na híocaíochtaí conarthacha atá fágtha (EUR 24 000 000) agus na hinfheistíochtaí a rinne an Pharlaimint cheana (EUR 15 300 000);

    An tuarascáil bhliantúil ón iniúchóir inmheánach

    16.

    ag tabhairt dá haire, ag an gcruinniú idir an coiste freagrach agus an t-iniúchóir inmheánach a tionóladh an 1 Nollaig 2022, gur thíolaic an t-iniúchóir inmheánach a thuarascáil bhliantúil agus gur thug sé tuairisc ar na hiniúchtaí dearbhaithe agus ar na seirbhísí comhairliúcháin a rinne sé agus gur thuairiscigh sé ar thoradh staid reatha na himeartha, inar cumhdaíodh na hábhair seo a leanas in 2021:

    iniúchadh ar an liúntas cúnaimh pharlaimintigh (Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais (DG FINS));

    an t-iniúchadh dara céim ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (DG FINS) a ullmhú;

    an cúram comhairliúcháin maidir le bunú fondúireachtaí don chreat rialachais sonraí (an Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil (DG ITEC));

    iniúchadh ar mhisin foirne (Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra, (DG PERS));

    iniúchadh ar an bpróiseas soláthair in (an Ard-Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Lóistíocht (DG INLO));

    athbhreithniú ar chreat bainistíochta riosca na Parlaiminte;

    obair leantach ar ghníomhaíochtaí oscailte ó thuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí – céimeanna 1 agus 2 de 2021;

    17.

    á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí seo a leanas ar tháinig an t-iniúchóir inmheánach ar chomhaontú fúthu leis na hArd-Stiúrthóireachtaí atá freagrach, mar thoradh ar na cúraimí dearbhaithe, agus go dtacaíonn sí leo:

    maidir leis an iniúchadh ar an liúntas cúnaimh pharlaimintigh, aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le hurramú na n-uasteorainneacha a leagtar síos le Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IMMS) maidir le táillí gníomhaire a íoc; moilleanna ar thíolacadh ráiteas cuntas ag an ngníomhaire íocaíochta a laghdú maidir leis na méideanna a d’íoc an Pharlaimint leo agus maidir leis na rialuithe gaolmhara ina leith a bheith á gcomhlánú ag DG FINS, agus an méadú athfhillteach riaráistí a thabhairt chun rialtachta; soiléiriú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe den IMMS agus ar an treoir inmheánach ghaolmhar nach dtacaíonn go comhsheasmhach le bainistiú éifeachtúil agus éifeachtach an chúnaimh pharlaimintigh a chaitear ar chúntóirí parlaiminteacha áitiúla;

    maidir leis an dara céim den iniúchadh ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, á chur in iúl gur díol sásaimh di gur shínigh iniúchóir inmheánach na Parlaiminte agus Údarás na Parlaiminte Meabhrán Tuisceana, go luath in Eanáir 2022, ina leagtar amach na módúlachtaí do na gníomhaíochtaí iniúchóireachta a d’fhéadfadh an t-iniúchóir inmheánach a roghnú a dhéanamh, mar chuid dá iniúchtaí nó dá hiniúchtaí lena gcumhdaítear cur chun feidhme bhuiséad na Parlaiminte, maidir leis na córais bhainistíochta agus rialaithe a chuireann an tÚdarás i bhfeidhm maidir leis na próisis chun Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha a chlárú, a rialú agus, i gcás inar gá, smachtbhannaí a fhorchur orthu;

    maidir leis an cúram comhairliúcháin ar chreat rialachais sonraí, arbh é an cuspóir a bhí leis tacú le DG ITEC ina n-iarrachtaí cumais a fhorbairt a chuireann ar chumas na Parlaiminte a áirithiú go bhfuil sonraí ardcháilíochta ann ar feadh shaolré iomlán na sonraí, na sé mholadh shonracha a cuireadh chun cinn ina dtugtar aghaidh ar thionscadail a bhaineann le sonraí a áireamh i bpunann na Parlaiminte don tréimhse 2022-2024, fardal institiúideach sonraí a bhunú, comhfhreagraithe sonraí áitiúla a chruthú, comhlacht idir-DG a ainmniú le haghaidh cinntí a bhaineann le sonraí, formhaoirseacht ag comhlacht, agus scrúdú a dhéanamh ar shineirgí féideartha le beartais a bhaineann le sonraí agus ceanglais comhlíonta eile;

    18.

    ag tabhairt dá haire na cúraim dearbhaithe atá díreach críochnaithe, agus atá ag leanúint an phróisis cumarsáide dá bhforáiltear i gCairt an Iniúchóra Inmheánaigh faoi láthair;

    maidir le misin foirne a iniúchadh, an fócas ar mheastóireacht ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe i réimse mhisin na gcatagóirí foirne uile, lena n-áirítear cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (CPCanna), agus ar chomhlíonadh oibriú na gcóras sin le forálacha ábhartha na Rialachán Foirne, an chreata rialála inmheánaigh lena mbaineann, agus an Rialacháin Airgeadais;

    maidir leis an iniúchadh ar an bpróiseas soláthair in DG INLO, an fócas ar mheastóireacht éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe i réimse an tsoláthair, ar chomhlíonadh na nósanna imeachta soláthair leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis an gcreat rialála inmheánach ábhartha, agus ar iontaofacht na faisnéise bainistíochta agus an taifeadta;

    maidir leis an athbhreithniú ar chreat bainistíochta riosca na Parlaiminte, an fócas ar athbhreithniú a dhéanamh ar aibíocht an chreata sin, arb é an toradh a bhí air measúnú ar an staid mar atá faoi láthair agus bealaí chun cinn a shainaithint chun a éifeachtúlacht agus a éifeachtacht a fheabhsú;

    19.

    ag tabhairt dá haire gur dúnadh 47 de na 99 ngníomhaíocht oscailte mar thoradh ar phróiseas leantach 2021 agus go raibh na dátaí dlite maidir le cur chun feidhme a comhaontaíodh imithe in éag; á chur i bhfáth gur moladh roinnt den 52 ghníomhaíocht a bhí fágtha roinnt blianta ó shin ach go bhfuil siad fós gan chur chun feidhme agus á thabhairt chun suntais go dtugann 23 díobh aghaidh ar riosca suntasach; ag dréim leis go ndéanfaidh na hard-stiúrthóireachtaí éagsúla a áirithiú go ndúnfar na gníomhaíochtaí sin atá fágtha gan a thuilleadh moille agus go gcuirfear na gníomhaíochtaí comhaontaithe chun feidhme i gcomhréir leis na dátaí dlite a leagtar síos sa tuarascáil bhliantúil ón iniúchóir inmheánach; ag iarraidh ar an Ardrúnaí tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh dhá uair sa bhliain maidir le stádas na ngníomhaíochtaí atá fágtha;

    20.

    á aithint, i gcomhréir le hAirteagal 118(9) den Rialachán Airgeadais, ‘[nach mbeidh] rochtain ag an bpobal ar thuarascálacha agus cinntí an iniúchóra inmheánaigh, ná ar thuarascáil institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann, go dtí go mbailíochtóidh an t-iniúchóir inmheánach na gníomhaíochtaí a rinneadh chun iad a chur chun feidhme’; ag tabhairt dá haire, sa chleachtas, nach bhfuil rochtain ar na tuarascálacha agus ar na torthaí go dtí go mbeidh na moltaí uile curtha chun feidhme, rud a chiallaíonn moill de facto ar rochtain a fháil orthu, agus nach bhféadfaidh rochtain a bheith ag Feisirí, ar bhonn riachtanais eolais, ach amháin i gcomhréir le rialacha an Bhiúró maidir le rochtain ar dhoiciméid rúnda; á iarraidh ar an mBiúró a áirithiú go mbeidh rochtain láithreach agus iomlán ag na Feisirí ar an tuarascáil iniúchóireachta inmheánaí ar a laghad i bhfianaise an nós imeachta um urscaoileadh ar bhealach níos gasta; á iarraidh ar an mBiúró freisin gach tuarascáil ar an iniúchóireacht inmheánach a chur ar fáil don phobal aon bhliain amháin tar éis a cur i gcrích, a luaithe a bheidh na gníomhaíochtaí a rinneadh chun moladh na bliana roimhe sin a chur chun feidhme bailíochtaithe ag an iniúchóir inmheánach; á mheabhrú, thairis sin, nach gá na moltaí uile a chur chun feidhme ina n-iomláine chun moltaí a bhailíochtú; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí tuairisc a thabhairt a mhinice is gá don Choiste um Rialú Buiséadach maidir leis na gníomhaíochtaí iniúchóireachta bliantúla a dhéantar;

    21.

    ag tabhairt dá haire an t-athrú ar cheann na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach amhail ón 1 Márta 2021; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go raibh tionchar diúltach ag athnuachan tuairim is leath na foirne iniúchóireachta agus 16 mhí ar fholúntais sa bhreis ar an méid a bhí beartaithe mar gheall ar dheacrachtaí maidir le hiarrthóirí oiriúnacha a shainaithint in ainneoin na tacaíochta leanúnaí ó riarachán na Parlaiminte, go raibh tionchar diúltach aige sin ar an ngníomhaíocht iniúchóireachta, go háirithe ar an réimse TF; á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne an t-iniúchóir inmheánach chun an post atá fágtha mar Iniúchóir na gcórais faisnéise speisialaithe a chomhlíonadh le hiarrthóir ag a bhfuil cúlra láidir ábhartha agus na bearta a rinneadh idir an dá linn ó thaobh fothú acmhainneachta agus oiliúint speisialaithe bhreise de; á mheabhrú do riarachán na Parlaiminte a thábhachtaí atá sé pleanáil a dhéanamh d’fholúntais le haga tionscanta leordhóthanach i seirbhísí bunriachtanacha amhail an t-aonad iniúchóireachta inmheánaí;

    22.

    á chur in iúl gur geal léi gur dheimhnigh measúnóir seachtrach in 2021 go bhfuil an tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí “i gcomhréir go ginearálta le Caighdeáin agus Cód Eitice Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha” a chomhfhreagraíonn don leibhéal comhréireachta is airde leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta do Chleachtas Gairmiúil na hIniúchóireachta Inmheánaí, mar a tharla in 2016;

    Obair leantach ó riarachán na Parlaiminte agus ón mBiúró ar rún urscaoilte roimhe sin

    23.

    ag tabhairt dá haire na freagraí i scríbhinn ar rún maidir le hurscaoileadh 2020 a cuireadh ar fáil do Choiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte an 26 Meán Fómhair 2022, agus ar chur i láthair an Ard-Rúnaí an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena dtugtar aghaidh ar na ceisteanna agus iarrataí éagsúla a ardaíodh sa rún ón bParlaimint, agus an malartú tuairimí leis na Feisirí ina dhiaidh sin;

    24.

    á mheabhrú gurb é comhdhéanamh an Bhiúró Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, na 14 Leas-Uachtarán agus an cúigear Caestóirí (comhaltaí nach bhfuil vóta acu) atá tofa go daonlathach ag an bParlaimint; á mheabhrú, a luaithe a iarrann an Cruinniú Iomlánach go ndéanfadh an Pharlaimint rialacha nó bearta éagsúla a chur chun feidhme, gur cheart don Bhiúró na rialacha nó na bearta sin atá beartaithe a phlé agus vótáil orthu, de bhun Riail 25 de na Rialacha Nós Imeachta agus de bhun Iarscríbhinn V a ghabhann leo agus de bhun Airteagal 6 agus Airteagal 262 den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl gur oth léi nach léirítear go maith i gcónaí líon suntasach éileamh nithiúil arna nglacadh ag an Seisiún Iomlánach i rúin urscaoilte sna pléití le linn chruinnithe an Bhiúró in ainneoin go bhfuil comhaltaí an Bhiúró agus an tArd-Rúnaí araon ar an eolas faoi na rúin maidir le hurscaoileadh agus go bhfuil sé d’acmhainn acu tograí a thíolacadh faoi Riail 25 thuasluaite; á mheabhrú a thábhachtaí atá feidhmiú an ghrinnscrúdaithe dhaonlathaigh a dhéantar tríd an nós imeachta um urscaoileadh agus gur cheart don Pharlaimint a bheith ina heiseamláir d’institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais; á thabhairt chun suntais, le linn phaindéim COVID-19, go raibh ar phlé an Bhiúró díriú, den chuid is mó, ar shláine na bhFeisirí agus na foirne a chosaint, agus leanúnachas gnó á áirithiú ag an am céanna;

    25.

    á mheabhrú, i bhfianaise Riail 25 de na Rialacha Nós Imeachta, go bhfuil an Biúró freagrach as cinntí a dhéanamh maidir le cúrsaí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin a bhaineann le heagrú inmheánach agus Feisirí na Parlaiminte; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur minic nach n-urramaíonn cinntí an Bhiúró an toil a chuir an Seisiún Iomlánach in iúl i rúin maidir le hurscaoileadh; á athdhearbhú a thábhachtaí atá an nós imeachta um urscaoileadh a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais agus sna Rialacha Nós Imeachta agus á éileamh go ndéanfaí rúin a dhéanann difear d’fheidhmiú na Parlaiminte a chur san áireamh go críochnúil agus go ndéanfar obair leantach orthu ar bhealach dlisteanach agus trédhearcach; ag tabhairt dá haire go ndéantar cláir oibre agus miontuairiscí chruinnithe an Bhiúró agus cinntí a fhoilsiú ar shuíomh idirlín na Parlaiminte; á iarraidh an athuair ar an Ard-Rúnaí sraith nithiúil tograí a dhéanamh chun trédhearcacht chinnteoireacht an Bhiúró a fheabhsú tuilleadh; á mholadh gur cheart an Coiste um Rialú Buiséadach a chur ar an eolas go córasach aon uair a phléifidh an Biúró togra a eascraíonn as rún urscaoilte;

    26.

    á chur in iúl gur geal léi an togra ón Ard-Rúnaí chun cur ar chumas an Bhiúró dréachtchinntí a phlé maidir le hábhair thábhachtacha agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige; á iarraidh ar an mBiúró agus ar na Caestóirí an cleachtas sin a chur chun feidhme;

    Bearta a bhaineann le paindéim COVID-19

    27.

    ag tabhairt dá haire gur léiríodh in 2021 na dúshláin leanúnacha a d’eascair as paindéim COVID-19, lenar ceanglaíodh an chuid is mó de na bearta gan fasach agus urghnách a tugadh isteach in 2020 a choinneáil ar bun, agus i gcás inar gá, a oiriúnú chun an riosca do na Feisirí agus don fhoireann a íoslaghdú, agus á áirithiú ag an am céanna go mbeadh an Pharlaimint in ann leanúint ar aghaidh lena croíghníomhaíochtaí; á thabhairt dá haire go meastar barrachas buiséadach foriomlán EUR 95 804 765 a bheith ginte ag paindéim COVID-19 agus, ag an am céanna, gur theastaigh línte buiséid eile a threisiú le EUR 26 230 480 ar an iomlán, rud a d’fhág go raibh glanchoigilt EUR 69 574 285 ann;

    28.

    ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur leanadh de chórais teilea-oibre, cianvótáil agus cruinnithe hibrideacha a chur i bhfeidhm ar mhórscála le linn 2021; á thabhairt dá haire gur cuireadh deireadh de réir a chéile leis an oibleagáid a bhí ar fhormhór na foirne, lena n-áirítear CPPanna, teilea-obair a dhéanamh 100 % amhail ó mhí an Mheithimh 2021 agus gur chinn an tArd-Rúnaí, an 16 Iúil 2021, raon feidhme na teilea-oibre a bhí ann cheana a leathnú; ag tabhairt dá haire, i mí Mheán Fómhair 2021, gur cuireadh deireadh le roinnt de na srianta ar ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, e.g. maidir le toscaireachtaí nó maidir le fáilte a chur roimh chuairteoirí aonair, agus gur tháinig rialacha nua teilea-oibre d’fhoireann na Parlaiminte i bhfeidhm;

    29.

    á chur in iúl gur geal léi conclúidí na Cúirte ina Tuarascáil Speisialta 18/2022 maidir le ‘institiúidí an Aontais agus COVID-19’ inar léirigh na hinstitiúidí a ndearnadh iniúchadh orthu, lena n-áirítear an Pharlaimint, a n-athléimneacht i bhfianaise phaindéim COVID-19 agus go raibh a bhfreagairt gasta agus solúbtha agus gur baineadh tairbhe as infheistíochtaí a rinneadh roimhe seo sa digitiú; ag tabhairt chun suntais na moltaí ón gCúirt, go háirithe an t-athbhreithniú ar phleananna leanúnachais gnó agus an measúnú ar oiriúnacht na mbealaí nua oibre sa timpeallacht iar-COVID-19;

    30.

    ag tabhairt dá haire go raibh aistrithe suntasacha laistigh de bhuiséad na Parlaiminte mar thoradh ar thionchar leanúnach phaindéim COVID-19 in 2021, agus go raibh barrachas buiséadach ar fáil i réimsí amhail speansais taistil, eagrú agus fáiltiú grúpaí cuairteoirí, oibriú ionaid cuairteoirí na Parlaiminte, oiliúint i bpearsa, agus tomhaltas fuinnimh níos ísle; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur chruthaigh an phaindéim riachtanais bhuiséadacha bhreise i réimsí eile, go háirithe sláinte agus cosc, chomh maith le trealamh teicniúil agus lóistíocht le haghaidh cruinnithe agus vótaí hibrideacha ilteangacha; á thabhairt faoi deara gur aistríodh cuid mhór den choigilteas a rinneadh le blianta beaga anuas chuig an mbeartas tógála;

    31.

    ag tabhairt chun suntais go raibh tionchar ollmhór ag paindéim COVID-19 ar an mbliain 2021 agus gur ghá formhór na mbeart urghnách a tugadh isteach in 2020 a choinneáil agus a oiriúnú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, i gcásanna áirithe, go raibh dálaí oibre modhnaithe i seirbhísí sonracha mar thoradh ar roinnt de na bearta a tugadh isteach chun leathadh breise phaindéim COVID-19 a chosc, amhail siopaí cóipeála agus aonaid phriontála laistigh den Pharlaimint, a raibh tionchar diúltach acu ar roinnt baill foirne, mar shampla go raibh ar an bhfoireann sa siopa cóipeála sa Bhruiséil oibriú ina n-aonar ar feadh tréimhse fada fiú tar éis deireadh a bheith curtha leis na bearta sábháilteachta; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte athmheastóireacht réamhghníomhach a dhéanamh ar dhálaí oibre i gcásanna comhchosúla a d’fhéadfadh a bheith ann;

    32.

    ag tabhairt chun suntais, in 2021, gur forchuireadh go leor dúshlán ar obair na Parlaiminte, agus gurb é an ceann is mó an éiginnteacht maidir le héabhlóid phaindéim COVID-19; ag moladh an róil lárnaigh a bhí ag seirbhísí leighis na Parlaiminte ar thús cadhnaíochta sa fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus ag aithint an ualaigh ollmhór oibre a bhí i gceist, lena n-áirítear cóireáil, tástáil agus vacsaíniú foirne, tacaíocht shíceolaíoch a chur ar fáil agus comhairle a thabhairt maidir le bearta maolaithe; ag tabhairt dá haire, ar bhonn eisceachtúil, gur ghá an tseiceáil leighis bhliantúil ar bhaill foirne a chur ar ceal agus gur iarradh ar an bhfoireann dul faoi scrúdú leighis bliantúil go seachtrach, faoi na coinníollacha céanna leis na coinníollacha a thairgeann an Pharlaimint de ghnáth, i gcomhréir le hAirteagal 59(6) de na Rialacháin Foirne, agus á chur in iúl gur geal léi gur fhág dul chun cinn na staide paindéime gur féidir dul i mbun scrúduithe leighis bliantúla arís ar bhaill foirne; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh, i mí Dheireadh Fómhair 2021, an tAonad um Bainistiú Géarchéimeanna Leighis agus Ullmhacht dóibh (MPCMU) ina bhfuil baill foirne ó na seirbhísí leighis sa Bhruiséil agus i Lucsamburg agus é mar chuspóir leis sin feabhas a chur ar acmhainneacht freagartha na Parlaiminte le haghaidh géarchéimeanna amach anseo;

    33.

    ag tabhairt dá haire gurbh é costas iomlán na n-ionad tástála EUR 5 415 789 sa Bhruiséil, EUR 302 288 i Lucsamburg agus EUR 39 370 in Strasbourg; á chur in iúl gur geal léi gur sholáthair na húdaráis sláinte poiblí na vacsaíní agus gach ábhar eile saor in aisce d’fheachtas vacsaínithe na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 230 502 costas iomlán an ionaid vacsaínithe sa Bhruiséil in 2021, lena n-áirítear treisiú de sheisear altraí eatramhacha agus oiriúnú uirlis TF atá ann cheana do na gnéithe riaracháin (EUR 45 655 agus EUR 184 847 faoi seach); ag moladh obair na seirbhíse leighis, fhoireann na saotharlainne ar conradh agus na n-oibrithe deonacha in ionaid tástála agus vacsaínithe na Parlaiminte sa Bhruiséil; ag tabhairt dá haire gurb iad na húdaráis náisiúnta a d’eagraigh na feachtais vacsaínithe in Strasbourg agus i Lucsamburg araon, agus nár thabhaigh an Pharlaimint aon chostas dá bhrí sin;

    34.

    á mheabhrú go ndearnadh foráil in Airteagal 4 de chinneadh an Uachtaráin an 1 Meitheamh 2021 maidir le bearta slándála chun leathadh phaindéim COVID-19 a theorannú do sheiceálacha teochta ar aon duine ag dul isteach i bhfoirgnimh na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire, chun na críche sin, gur cheannaigh an Pharlaimint samhlacha éagsúla brathadóirí teochta coirp ar mhéid iomlán EUR 595 459 (EUR 382 515 in 2020 agus EUR 212 944 in 2021); á thabhairt faoi deara nár úsáideadh 40 aonad braite teochta a ceannaíodh in 2021 mar chuid den trealamh agus a suiteáladh sna brathadóirí miotail amhail ón 14 Márta 2022 agus go bhfuil 4 cheamara á stóráil anois; á thabhairt chun suntais gur minic i rith an tsamhraidh gur diúltaíodh rochtain do dhaoine mar gheall ar an teocht ard lasmuigh, rud nár bhain ar chor ar bith le hiad a bheith buailte ag fiabhras; á mheabhrú nár tugadh isteach aon fhoráil chun cosc a chur ar dhaoine ar diúltaíodh cead isteach dóibh gan iarracht a dhéanamh arís tamall ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire nach ndearna an Pharlaimint aon sonraí íogaire a láimhseáil ná a bhailiú faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); á thabhairt faoi deara, gan aon ghá a bheith ann aon sonraí íogaire a stóráil, nach bhfuil aon fhaisnéis ann maidir le líon na ndaoine ar diúltaíodh rochtain ar áitreabh na Parlaiminte dóibh le linn thréimhse bailíochta an bhirt; á chur in iúl gur oth léi an chonclúid nach féidir, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na seiceálacha teochta coirp ná ceannach an trealaimh; á mheabhrú gurb ann don phrionsabal lena bhforáiltear gur cheart go bhféadfaí i gcónaí, in aon úsáid a bhaintear as airgead poiblí, seiceáil a dhéanamh ar rialtacht an chaiteachais agus ar éifeachtacht a úsáide;

    35.

    ag tabhairt dá haire nach raibh gá le laghdú ar fhoireann ghlantacháin sa Bhruiséil toisc go raibh na foirgnimh fós ar oscailt agus gur cúitíodh an méadú ar riachtanais ghlantacháin in Strasbourg agus i Lucsamburg as an laghdú ar ghníomhaíocht agus, dá bhrí sin, nár thabhaigh na soláthraithe glantacháin aon chaillteanais i rith na bliana; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021 agus tús 2022, gur sheol an dá chonraitheoir glantacháin sa Bhruiséil suirbhé sástachta i measc a bhfostaithe mar a iarradh i rún urscaoilte 2020; ag tabhairt dá haire gur chomhlánaigh na fostaithe an ceistneoir gan ainm agus go bhfuarthas agus gur stóráladh na freagraí ar ardán slán; á chur i bhfios go láidir, i gcás an chéad chonraitheora, go léiríonn an anailís ar na torthaí go bhfuil os cionn 90 % den fhoireann spreagtha chun feidhmiú go maith, go bhfaigheann siad treoir mhaith óna mbainistíocht agus go mbraitheann siad mar chuid d’fhoireann atá aontaithe go maith; ag tabhairt dá haire, amhail ón 9 Samhain 2022, go soláthraíonn dhá sholáthraí seirbhíse nua gach seirbhís glantacháin in áitreabh na Parlaiminte sa Bhruiséil; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an conraitheoir nua faoi réir oibleagáidí níos déine lena n-áirithítear dálaí oibre cothroma; á mheabhrú go bhfuil gealltanas tugtha ag an gconraitheoir nua gach fostaí a bhí fostaithe ag an iarchonraitheoir a ghlacadh ar láimh ar feadh naoi mí ar a laghad agus á iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go gcloífear leis an ngealltanas sin;

    36.

    ag meabhrú go raibh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar fhoireann lónadóireachta na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi na bearta dlúthpháirtíochta a cuireadh chun feidhme ó Aibreán 2020 go Nollaig 2021, eadhon ‘béilí carthanais’ agus táille leanúnachais gnó a sholáthar sna trí ionad oibre, a chabhraigh ar a laghad chun 37 bpost a chosaint don fhoireann lónadóireachta; ag moladh gurbh í an Pharlaimint an chéad institiúid de chuid an Aontais a sheol clár deonaithe bia, agus gurb í an t-aon institiúid í a rinne gníomhaíocht chun fostaíocht a shábháil le linn ghéarchéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh 20 post nua ó thosaigh na gníomhaíochtaí lónadóireachta uile arís i mí an Mhárta 2022; ag tabhairt dá haire gurb iad soláthraithe seirbhíse seachtracha a dhéanann seirbhísí lónadóireachta agus glantacháin mar gheall ar a gcineál sonrach nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le hinmheánú; á chur i bhfáth go mbeadh gá le hearcú ollmhór fostaithe chun seirbhísí bunriachtanacha amhail lónadóireacht agus glanadh a inmheánú agus go mbeadh méadú suntasach ar chostais mar thoradh air sin; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil sí den tuairim nár cheart do chomhlachtaí rialaithe inmheánú na seirbhísí sin a chur san áireamh;

    Ateangairí

    37.

    á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag Feisirí, faoi Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, labhairt sa teanga oifigiúil is rogha leo, léiriú ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa, rud a fhágann go bhfuil institiúidí an Aontais níos inrochtana agus níos trédhearcaí do shaoránaigh uile an Aontais; á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta ag oifigigh agus ag saor-teangairí na Parlaiminte le linn na paindéime chun an ceart sin a bhaint amach, agus an Pharlaimint a choimeád ag feidhmiú mar bhaile dhaonlathas na hEorpa; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar díreach ag cáilíocht na hateangaireachta a chuirtear ar fáil ar an teachtaireacht a chuirtear in iúl do shaoránaigh an Aontais;

    38.

    ag tabhairt dá haire gur thug riarachán na Parlaiminte coimircí isteach amhail teorainn ar uaireanta ateangaireachta seachtainiúla mar gheall ar an iarracht bhreise is gá chun ateangaireacht a chur ar fáil do chianchainteoirí agus go raibh ateangairí lasmuigh den seomra cruinnithe ar feadh tréimhse fhada (i.e. seomraí ceangailte, moil sna Ballstáit, etc.); á chur in iúl gur geal léi gur fhág roinnt gníomhaíochtaí a d’fhormheas an Biúró in 2020 agus 2021, ón mbonneagar teicniúil go dtí ateangaireacht chianda a threisiú, go raibh acmhainneachtaí ateangaireachta in ann méadú de réir a chéile go 70 % den acmhainneacht réamh-COVID-19 ó mhí na Samhna 2020 go dtí mí Aibreáin 2021, agus go 90 % i mí Eanáir 2022;

    39.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di na fadhbanna éisteachta tuairiscithe a d’eascair ón gcian-ateangaireacht ar feadh tréimhsí fada ama le córais fuaime ar chaighdeán íseal; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur thuairiscigh 63,5 % de na freagróirí (127 as 200) fadhbanna éisteachta i suirbhé ar chian-ateangaireacht chomhuaineach a rinne toscaireacht na nAteangairí Foirne ag tús 2021 agus luaigh 54 % de na freagróirí (702 as 1 602) i suirbhé a rinneadh i measc foirne agus saor-teangairí i mí na Bealtaine 2022 go raibh tionchar, ag obair faoi na coinníollacha a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19, ar a sláinte agus ar a bhfolláine; ag tabhairt chun suntais go bhfuil seirbhísí leighis na Parlaiminte ag déanamh obair leantach ar na saincheisteanna sláinte a thuairiscíonn ateangairí agus go bhfuil gníomhaíochtaí spriocdhírithe curtha i bhfeidhm ag an riarachán chun cáilíocht fhónta a fheabhsú; á mheabhrú go bhfuil dualgas cúraim dlite d’institiúidí an Aontais dá bhfostaithe, nach mór a chur san áireamh agus bearta coisctheacha á gcur chun feidhme;

    40.

    ag tabhairt dá haire gur thángthas ar chinneadh i gComhdháil na nUachtarán an 2 Meitheamh 2022 go gceadófaí eisceachtaí le haghaidh cian-idirghabhálacha i gcruinnithe coiste agus ag tabhairt faoi deara gurb iad leagan amach teicniúil agus comhlíonadh na gcian-idirghabhálacha na príomhdhúshláin is gá a shárú a bhaineann le fuaim ardcháilíochta a bhaint amach i gcruinnithe hibrideacha na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi, i measc bearta eile agus feachtais múscailte feasachta, gur dáileadh os cionn 1 700 micreafón gairmiúil ardcháilíochta agus 1 342 fearas cinn ar na Feisirí, agus gur eisigh na Caestóirí fógraí 50/2020 agus 12/2021 le treoirlínte do chianchainteoirí; ag tabhairt faoi deara go bhfuil micreafóin ardcháilíochta á dtairiscint ag lucht riaracháin na Parlaiminte, ar bhonn píolótach, do chainteoirí seachtracha a bheidh ag idirghabháil go cianda, amhail achainígh; á chur in iúl gur oth léi go mbeidh na hiarrachtaí agus an buiséad a leithdháilfear iomarcach má leantar d’idirghabhálacha cianda ó Fheisirí agus ó chainteoirí eile gan an trealamh iomchuí, a cheadú; á chur in iúl gur geal léi an feachtas chun feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le cáilíocht fuaime le haghaidh idirghabhálacha cianda agus á iarraidh go ndéanfar tuilleadh seiceálacha teicniúla roimh gach idirghabháil

    41.

    ag tabhairt dá haire go bhfuarthas seirbhísí ardán Interactio in 2021 trí chreatchonradh a bhí ar fáil nach dtagraíonn faoi láthair do chaighdeán ISO maidir le hateangaireacht chomhdhála; ag tabhairt dá haire go luann an tArd-Rúnaí ina fhreagraí scríofa do Choiste um Rialú Buiséadach na Parlaiminte go gcomhlíonann ardán Interactio ceanglais cháilíochta fuaime ISO;

    42.

    Ag tabhairt dá haire go raibh stailc ag ateangairí na Parlaiminte ó mhí an Mheithimh go dtí mí Dheireadh Fómhair 2022 agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar dhálaí oibre, go príomha cáilíocht fuaime níos fearr agus teorainn a chur le líon agus fad uaireanta ateangaireachta na gcainteoirí cianda mar a rinneadh le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur oth léi go ndeachaigh riarachán na Parlaiminte, le linn stailc na n-ateangairí, i muinín seirbhísí ateangaireachta seachtracha, le costas iomlán EUR 47 324, toisc gur chuir an cinneadh sin caighdeán cáilíochta ateangaireachta na Parlaiminte i mbaol, go ndearna sé damáiste dá híomhá agus níos tábhachtaí fós gur chuir sé bac ar cheart oibrithe dul ar stailc; á chur i bhfáth nár cheart seirbhísí ateangaireachta cianda seachtracha a sholáthar go ginearálta ag cruinnithe lárnacha de chomhlachtaí parlaiminteacha; á chur in iúl gur geal léi na socruithe oibre eatramhacha le haghaidh cruinnithe le rannpháirtíocht chianda arna gcomhaontú idir an ceardchumann, ionadaithe na n-ateangairí agus riarachán na Parlaiminte an 17 Deireadh Fómhair 2022 agus ag tabhairt dá haire go ndéanfar caibidlíocht maidir le dálaí oibre na n-ateangairí chun machnamh a dhéanamh ar mhodhanna oibre na Parlaiminte tar éis na paindéime; á chur i bhfáth gur cheart d’Ard-Stiúrthóireacht LINC a riachtanais maidir le hacmhainneacht ateangaireachta amach anseo a phleanáil agus féachaint i dtreo ateangairí nua a earcú go tráthúil;

    Baill foirne, cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (CPCanna) agus cúntóirí áitiúla, oiliúnaithe

    Foireann

    43.

    ag tabhairt dá haire go raibh 877 bpost as 6 621 post (13,2 %) folamh ag deireadh 2021; ag aithint na ndeacrachtaí ginearálta a bhíonn ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear an Pharlaimint, maidir le tallann a mhealladh agus a choinneáil, a bhfuil tionchar aige ar éagsúlacht agus ar dháileadh geografach an lucht saothair; ag tabhairt dá haire, in 2021, gur reáchtáil AS PERS dhá shuirbhé chun na príomhchúiseanna le hiarratas a dhéanamh ar phost sa Pharlaimint a fháil amach agus gur tharraing na torthaí aird ar thuarastail, ach freisin ar thábhacht poist agus ar dhálaí oibre solúbtha; ag tabhairt dá haire tuairim riarachán na Parlaiminte maidir le moille na gcomórtas a dhéanann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ach ag meabhrú an phróisis claochlaithe atá ann faoi láthair arb é is aidhm dó fad na gcomórtas a ghiorrú, iad a dhéanamh níos éifeachtúla agus díriú níos fearr ar shainphróifílí agus oibiachtúlacht agus cóir chomhionann a choinneáil i gcroílár an phróisis ag an am céanna; ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Pharlaimint ar chomórtais inmheánacha a reáchtáil in 2021 agus gur cúis bhuartha di go bhféadfadh idirdhealú idir catagóirí gairmiúla a bheith mar thoradh ar nósanna imeachta meara earcaíochta;

    44.

    á iarraidh go ndéanfaí machnamh domhain ar na bealaí nua oibre a d’fhéadfadh riachtanais riarachán na Parlaiminte a thabhairt chun réitigh (lena n-áirítear comhtháthú foirne, cumarsáid inmheánach, agus ionduchtú nuatheachtaithe) agus ionchais agus sásamh a foirne á gcur san áireamh, rud a mbeadh tionchar dearfach aige ar a bhfeidhmíocht chomh maith le tarraingteacht na Parlaiminte mar fhostóir; ag tabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá fíor-idirphlé sóisialta le hionadaithe na foirne maidir le pointí ríthábhachtacha amhail timpeallacht oibre sholúbtha, sláinte agus leas agus oiliúint agus deiseanna gairme; ag tarraingt aird freisin ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le ciapadh i ndáil leis na cineálacha nua oibre sin; ag tabhairt faoi deara go bhfuil láithreacht fhisiciúil ríthábhachtach d’idirghníomhú éifeachtúil na ngníomhaithe uile i bpróisis pharlaiminteacha; á mholadh go mbunófaí comhchoiste a chuideoidh le DG PERS faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach agus ar chomhlíonadh treoirlínte soiléire maidir leis an teilea-obair agus an ceart chun dícheangail is féidir a oiriúnú do riachtanais na seirbhísí éagsúla; á chur i bhfáth, i bhfianaise rialacha aonfhoirmeacha a eascraíonn as na Rialacháin Foirne, gur cheart don Pharlaimint rialacha teilea-oibre a ailíniú le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais a thug isteach an deis teilea-obair a dhéanamh lasmuigh de na trí ionad oibre, rud a mhéadódh tarraingteacht na Parlaiminte mar fhostóir freisin;

    45.

    á mheabhrú nach leor na leibhéil foirne i rúnaíochtaí coistí na Parlaiminte ag deireadh 2020 mar gheall, inter alia, ar an ualach oibre méadaithe, ar na modhanna oibre a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar chruthú coistí sealadacha nua; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh 66 phost eagraghraim nua (12 don Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha (DG EXPO) agus 54 phost don Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha (DG IPOL) sa phlean bunaíochta, tar éis buiséad 2022 a ghlacadh, d’fhonn an tacaíocht a thugtar do choistí parlaiminteacha a threisiú go pras; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, faoi láthair, nach bhfuil sé beartaithe ach 8 mball foirne breise a chur san áireamh sa ghlanmhéadú foirne (lena n-áirítear poist eagraghraim agus gníomhairí conartha), fiú ós rud é gur tháinig laghdú 23 ar líon na ngníomhairí conartha idir Eanáir agus Samhain 2022; á mheabhrú don Ardrúnaí an tiomantas d’athneartú iarbhír na hacmhainne acmhainní daonna in DG EXPO agus in DG IPOL, lena n-áirítear leibhéal leordhóthanach gníomhairí conartha; á chur i bhfios gur cheart na hacmhainní go léir atá ar fáil i gcoistí, i ranna beartais, i seirbhísí cothrománacha agus i seirbhísí tacaíochta a shannadh do chur chun feidhme chumhachtaí agus nósanna imeachta reachtacha, buiséadacha agus rialaithe na Parlaiminte; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh de réir leibhéal gníomhaíochta na gcoistí sna réimsí sin agus ní hamháin ar líon na dtuarascálacha reachtacha;

    46.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cinneadh ón mBiúró an 21 Samhain 2022, bunaithe ar thogra ón Ardrúnaí, maidir le Forálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme lena dtugtar éifeacht d’Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne; á áitiú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht gheografach chóir a bhaint amach i measc fhoireann na Parlaiminte ar choinníoll go bhfuil na bearta “oiriúnach”, mar a cheanglaítear le hAirteagal 27, agus á chur i bhfáth nach mór do chomórtais prionsabail bhunúsacha a chumhdaítear sna Rialacháin Foirne agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha a urramú, amhail prionsabail an chomhionannais, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta; á mheabhrú thairis sin go luaitear in Airteagal 27 “nach mór údar maith a thabhairt maidir leis na bearta iomchuí sin agus nach mbunófar critéir earcaíochta choíche orthu cé is moite de chritéir a bheidh bunaithe ar thuillteanas”; á iarraidh go ndéanfaí na Forálacha Ginearálta Cur Chun Feidhme sin a tharchur láithreach chuig Seirbhís Dlí na Parlaiminte le haghaidh measúnú comhlíontachta;

    47.

    ag tabhairt dá haire go mbeadh ‘tionscadal Straitéis II do Ghníomhairí ar Conradh’, arb é is aidhm dó tacú le hArd-Stiúrthóireachtaí agus measúnú á dhéanamh ar cibé acu feidhmeanna arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhíse seachtracha a inmheánú, níos buntáistí don Pharlaimint; ag tabhairt dá haire gur thug AS PERS tacaíocht chun nósanna imeachta inmheánaithe a sheoladh do AS INLO, AS ITEC agus do Ard-Stiúrthóireacht na Slándála agus na Sábháilteachta (AS SAFE); á athdhearbhú gur beart inghlactha é gníomhairí ar conradh a earcú nuair atá bonn cirt leis, ach á áitiú gur cheart don fhoireann bhuan príomhchúraimí a chomhlíonadh;

    48.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di na deacrachtaí ar leith a bhaineann le hiarrthóirí a aimsiú atá toilteanach obair a dhéanamh don Pharlaimint i Lucsamburg, go príomha mar gheall ar an gcostas ard maireachtála agus praghas méadaitheach na tithíochta agus tuarastal á fháil acu atá oiriúnaithe do dhálaí maireachtála sa Bhruiséil; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte iarraidh a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb sheanbhunaithe thromchúiseach an innéacsaithe tuarastail i Lucsamburg trí ghníomh tarmligthe a ghlacadh chun an fhoráil ábhartha de na Rialacháin Foirne a cheartú;

    49.

    ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá córais bainistithe eolais chun caillteanas fios gnó i riarachán na Parlaiminte a sheachaint; á aithint go bhféadfadh an tsoghluaisteacht cabhrú le baill foirne scileanna nua a fháil ach á chreidiúint freisin gur cheart do riarachán na Parlaiminte spreagadh a thabhairt do bhaill foirne agus iad a thionlacan chun bogadh go deonach idir seirbhísí éagsúla ionas gurb í an scéim shoghluaisteachta shainordaitheach an rogha dheireanach, ós rud é, i gcásanna áirithe, go bhféadfadh an oibleagáid sin a bheith ina cúis le baill foirne a bheith ag fágáil na Parlaiminte; á chur i bhfios go bhféadfadh dúshláin ar leith a bheith ag baint le beartas soghluaisteachta sainordaitheach do bhaill foirne atá ag obair in AS IPOL mar gheall ar an saineolas sonrach a bailíodh; á iarraidh go ndéanfar athchóiriú iomlán ar an mbeartas soghluaisteachta agus tuairimí agus taithí na n-ionadaithe foirne á gcur san áireamh;

    50.

    á mheabhrú gur fhormheas an Biúró spriocanna nua agus níos uaillmhianaí an 13 Eanáir 2020 maidir le cothromaíocht inscne ar leibhéil ardbhainistíochta agus meánbhainistíochta riarachán na Parlaiminte a bheidh le baint amach faoi 2024, spriocanna a fhágann gur cheart go líonfadh mná 50 % de na poist mar chinn aonaid, 50 % de na poist mar stiúrthóirí agus 40 % de na poist mar ard-stiúrthóirí; á mheabhrú go ndearna an Biúró plean gníomhaíochta inscne do na blianta 2021-2022 a fhorbairt agus a fhormheas ina dhiaidh sin an 6 Iúil 2020, arb é is aidhm dó cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú, chomh maith leis an inscne a phríomhshruthú go cuimsitheach i ngníomhaíochtaí uile na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi gur mná iad 42,7 % de na cinn aonaid agus 50 % de stiúrthóirí, agus go bhfuil méadú tagtha ar líon na mban atá i bpoist ard-stiúrthóireachta ó 15,4 % go 28 % ó 2021 i leith; ag tabhairt dá haire gur earcaigh an Pharlaimint 536 bean (50,3 %) agus 530 fear (49,7 %) in 2021 i ngach catagóir foirne le chéile; ag cur suntas sna deacrachtaí a bhaineann le cothromaíocht inscne shásúil a bhaint amach i seirbhísí sonracha áirithe, amhail AS SAFE inar fir iad 81 % de na baill foirne agus mná iad 19 % díobh; á iarraidh ar an riarachán go ndéanfaí measúnú ar threochlár 2021-2022 bunaithe ar na táscairí roghnaithe faireacháin ar dhul chun cinn i gcomhthéacs an urscaoilte atá le teacht;

    51.

    á chur in iúl gur geal léi an treochlár éagsúlachta a ghlac an Biúró i mí na Samhna 2021 ina leagtar síos spriocanna i réimse an chomhionannais deiseanna amhail comhdhlúthú ról agus sainordú an Ghrúpa um Rochtain agus Cuimsiú chun feabhas a chur ar chomhordú agus ar chomhar in ullmhú agus i gcur chun feidhme bheartais míchumais na Parlaiminte agus i gcur i láthair tograí nithiúla; á chur in iúl gur geal léi gurb í an Pharlaimint an chéad institiúid a d’eagraigh nósanna imeachta roghnúcháin (Gníomhaíochtaí Dearfacha) d’oiliúnaithe agus do ghníomhairí ar conradh atá faoi mhíchumas;

    52.

    á mheabhrú, de réir Airteagal 9 de na Rialacháin Foirne, go ndéanann an Coiste Foirne ionadaíocht ar leasanna na foirne i leith a n-institiúide agus go gcoinníonn sé teagmháil leanúnach leo; á chur i bhfios gur minic a bhíonn tionchar suntasach ag cinntí a dhéanann comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte ar an bhfoireann agus, dá bhrí sin, á athdhearbhú go bhfuil sé riachtanach go gcloisfear ionadaithe foirne nuair a phléitear ábhair ghinearálta a dhéanann difear do bheartas foirne na Parlaiminte;

    53.

    ag meabhrú mholadh na Parlaiminte don Choimisiún i rún uaithi an 18 Aibreán 2018‘athbhreithniú a dhéanamh ar a nós imeachta riaracháin maidir le hoifigigh shinsearacha a cheapadh d’fhonn a áirithiú go hiomlán go roghnófar na hiarrthóirí is fearr faoi chuimsiú na trédhearcachta agus na gcomhdheiseanna is mó is féidir, agus, ar an gcaoi sin, sampla a leagan síos freisin d’institiúidí Eorpacha eile’; á mheabhrú gur próiseas trédhearcach a bhí i nós imeachta ceapacháin an Ardrúnaí, inar caitheadh le hiarrthóirí ar bhealach cóir agus cothrom agus na ceanglais incháilitheachta uile is gá á gcomhlíonadh ag an am céanna; ag tabhairt chun suntais gur le tromlach mór den Bhiúró a rinneadh an cinneadh maidir le roghnú an iarrthóra ar éirigh leis;

    Cúntóirí Parlaiminte Creidiúnaithe (APAnna)

    54.

    ag athdhearbhú a tuairime gur féidir leis an gcaidreamh oibre ar leith idir Comhaltaí agus APAnna cás a chuimsiú ina gcinneann an dá pháirtí an conradh a fhoirceannadh trí chomhaontú frithpháirteach níos luaithe ná mar a bhíothas ag súil leis ach gan iontaoibh a chailleadh; ag tathant ar an mBiúró dul i gcomhairle le seirbhís dlí na Parlaiminte agus le AS PERS maidir le féidearthacht an chonartha a fhoirceannadh trí chomhaontú frithpháirteach roimh a dháta éaga agus an toradh a chur in iúl don Choiste um Rialú Buiséadach;

    55.

    á athdhearbhú gur cheart ordú misin a eisiúint do APAnna a thionlacann Feisirí chuig na páirtseisiúin in Strasbourg agus gur cheart iad a aisíoc i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme;

    56.

    á éileamh an athuair go bhfaighidh APAnna an liúntas cothaithe céanna agus a fhaigheann oifigigh agus baill foirne reachtúla eile dá misin chun freastal ar na páirtseisiúin in Strasbourg, agus é á chur san áireamh nach bhfuil aon athrú tagtha ar an imchlúdach liúntais pharlaimintigh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, mar thoradh ar an staid reatha, atá níos measa de bharr an mhéadaithe charntha ar phraghsanna le blianta beaga anuas, go bhfuil APAnna i staid airgeadais níos measa ós rud é go mbíonn orthu taisteal go Strasbourg chun a gcuid oibre a dhéanamh ar an mbealach céanna le hoifigigh na Parlaiminte agus baill foirne reachtúla eile; á chur in iúl nach dtuigeann sí an chúis leis an gcóir idirdhealaitheach sin maidir leis na misin chuig Strasbourg, i bhfianaise go ndéantar speansais arna dtabhú ag APAnna, agus iad ag tabhairt faoi mhisin lasmuigh de thrí ionad oibre na Parlaiminte, a aisíoc, mutatis mutandis, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le misin oifigeach; ag tabhairt chun suntais, dá ndéanfaí an liúntas cothaithe laethúil a ailíniú le liúntas cothaithe laethúil na foirne reachtúla, go gcuirfí deireadh freisin le rogha na dtrí mhéid éagsúla liúntas, atá ann gan údar maith; ag athdhearbhú, dá bhrí sin, a hiarrata ar an mBiúró a chinneadh an 2 Deireadh Fómhair 2017 a mhodhnú d’fhonn ailíniú den sórt sin a chur chun feidhme;

    57.

    ag tabhairt dá haire, leis na rialacha is infheidhme arna nglacadh ag an mBiúró agus ag Comhdháil na nUachtarán, go gcuirtear toirmeasc faoi láthair ar APAnna a bheith ag tionlacan Feisirí ar thoscaireachtaí oifigiúla na Parlaiminte agus ar mhisin coiste; á chur i bhfios go bhfuil an tacaíocht theicniúil a chuireann APAnna ar fáil le linn misean ríthábhachtach do na Feisirí rannpháirteacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb é an toradh atá ar an staid sin i gcleachtas go ndéanann na Feisirí taisteal APAnna a mhaoiniú leis an liúntas caiteachais ghinearálta (LCG) agus go gcuirtear oibleagáid ar APAnna a saoire bhliantúil a úsáid; ag tathant ar an mBiúró agus ar Chomhdháil na nUachtarán na rialacha reatha a athrú chun ligean do APAnna, faoi choinníollacha áirithe atá fós le cinneadh agus aird á tabhairt ar theorainneacha lóistíochta na misean, chun na Feisirí a thionlacan ar thoscaireachtaí agus misin oifigiúla na Parlaiminte, mar a athdhearbhaíodh le roinnt rún urscaoilte;

    58.

    á chur in iúl gur geal léi gur thug an t-athbhreithniú deireanach a rinne an Biúró ar na rialacha do ghrúpaí cuairteoirí isteach an deis d’Fheisirí gairmithe a ainmniú chun an fhreagracht airgeadais a bheith orthu, as ar lean laghdú 28 % ar líon APAnna a bhí ag gníomhú mar cheannairí grúpaí cuairteoirí; á áitiú, dá bhrí sin, don Bhiúró nach n-ainmneofaí APAnna mar cheannairí grúpaí toisc go bhféadfadh an leibhéal freagrachta airgeadais sin dochar a dhéanamh do na nósanna imeachta iniúchóireachta iomchuí nó, mar rogha malartach air sin, á iarraidh go mbeadh deighilt ann idir róil cheann an ghrúpa agus róil an duine ag a bhfuil freagracht airgeadais, rud a fhágfaidh gur faoi chomhalta amháin den ghrúpa urraithe nó faoi ghairmí amháin, amhail gníomhairí íocaíochta nó gníomhaireachtaí taistil, a bheidh sé an fhreagracht airgeadais a ghlacadh;

    59.

    á mheabhrú go bhféadfadh Feisirí tréimhse oiliúna a thairiscint do náisiúnaigh tríú tíortha, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh oiliúnaithe ceanglais víosa na tíre ainmniúcháin; ag tabhairt dá haire nach mór d’oibrithe tríú tíortha a thagann chun na Beilge ar thréimhse oiliúna sa Bhruiséil a mhaireann níos faide ná 90 lá iarratas a dhéanamh ar réamhúdarú leis an tseirbhís phoiblí réigiúnach inniúil, i.e. Geilleagar agus Fostaíocht na Bruiséile; á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur aontaigh seirbhís inniúil na Parlaiminte leis an tseirbhís Bheilgeach sin go gcuirfeadh oifig ábhartha an Fheisire sainchomhad an iarrthóra isteach, rud a chiallaíonn, i dtéarmaí praiticiúla, go gceanglaítear ar APA ó oifig an Fheisire a sonraí pearsanta féin a sholáthar do na húdaráis phoiblí chun gníomhú mar phointe teagmhála do na húdaráis phoiblí maidir le hiarratas ar víosa an oiliúnaí tríú tír; á mheabhrú nach féidir leis an bParlaimint APAnna a chur i staid a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá gcearta mar bhaill foirne reachtúil agus á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte teacht ar réiteach difriúil nach gcuirfidh príobháideacht agus slándáil dhlíthiúil APAnna i mbaol ná nach mbeidh baol do shlándáil na Parlaiminte ag gabháil leis;

    60.

    ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte cúrsaí oiliúna a sceidealú do APAnna de réir a n-ualaigh oibre, atá nasctha go díreach leis an bhféilire parlaiminteach agus le láithreacht ghinearálta na bhFeisirí sa Pharlaimint, chun réiteach a dhéanamh idir feidhmiú a ndualgas agus an oiliúint ghairmiúil a bhfuil siad ina dteideal faoi Airteagal 11 de bhearta cur chun feidhme Theideal VII de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh;

    Oiliúnaithe

    61.

    ag cur suntas i gclár earcaíochta agus forbartha Schuman a sheol riarachán na Parlaiminte den chéad uair le linn thréimhse oiliúna mhí an Mhárta 2021; á chur in iúl gur oth léi gur theip ar riarachán na Parlaiminte dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne maidir leis an tionscnamh sin ag céim luath agus ag cur suntas sa tuairim dhiúltach a cuireadh in iúl i rún uaithi an 18 Deireadh Fómhair 2021, lena gcuirtear in amhras oibiachtúlacht agus cothroime an chláir sin; á chur in iúl gur eol di na deacrachtaí a bhíonn ag riarachán na Parlaiminte ó thaobh tallann a earcú agus a choinneáil don institiúid, go háirithe gairmithe óga; á áitiú go mbeidh an earcaíocht bunaithe ar phrionsabail bhunriachtanacha trédhearcachta, oibiachtúlachta agus cothroime sheirbhís phoiblí an Aontais; á chur i bhfáth nach mór do nósanna imeachta earcaíochta a bheith bunaithe ar fhiúntas, a bheith iomaíoch, cothrom agus trédhearcach, agus á iarraidh ar an Ard-Rúnaí ról a thabhairt do Choiste Foirne agus do Choiste APAnna araon in athbhreithniú ar an gclár sin chun teacht ar chomhaontú maidir leis an tsamhail atá le leanúint amach anseo;

    62.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil an laghdú d’oiliúnaithe i gceaintíní na Parlaiminte, arb ionann é agus EUR 1, bunaithe ar lascainí roimhe sin atá, dá réir sin, bunaithe ar na conarthaí a síníodh agus ar na praghsanna a bhí ann ag an am; á chreidiúint nach bhfuil sa laghdú sin ach laghdú siombalach agus fíor-easnamhach faoi láthair agus ag iarraidh, dá bhrí sin, ar riarachán na Parlaiminte a mheas an bhféadfaí nuashonrú uathoibríoch a thabhairt isteach, ar bhonn na n-athruithe ar phraghsanna bia;

    Trédhearcacht agus eitic

    63.

    á chur i bhfáth gur prionsabail bhunriachtanacha eitice iad an trédhearcacht, an chuntasacht agus an tsláine laistigh d’institiúidí an Aontais agus go háirithe an Pharlaimint mar theach dhaonlathas na hEorpa; á mheabhrú go bhféadfadh rialacha eitice laga agus easpa forfheidhmithe díobh sláine na hinstitiúide a chur i mbaol agus nach mór iompar mí-eiticiúil a chosc, a ghéarleanúint agus a cháineadh ós rud é go ndéanann sé dochar suntasach d’inchreidteacht agus do dhlisteanacht na Parlaiminte agus an Aontais ina iomláine agus gur bagairt thromchúiseach é ar an daonlathas agus ar mhuinín an phobail; ag meabhrú rún ón bParlaimint an 15 Nollaig 2022 maidir le hamhras faoi éilliú ó Chatar agus an gá níos leithne le trédhearcacht agus cuntasacht in institiúidí an Aontais; ag meabhrú chonclúidí agus mholtaí na Cúirte Iniúchóirí ina Tuarascáil Speisialta 13/2019 maidir le creataí eiticiúla institiúidí an Aontais, agus rún ón bParlaimint an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le trédhearcacht agus sláine a neartú in institiúidí an Aontais ina n-iarrtar go gcruthófaí comhlacht eitice neamhspleách agus idirinstitiúideach a mbeidh ról coisctheach, comhlíonta agus comhairleach aige; ag tathant ar an gCoimisiún a thogra lena mbunaítear an ról sin a thabhairt chun críche agus a thíolacadh; á mheabhrú gur gá comhlacht Eitice Aontais den sórt sin a chur ar bun faoi dheireadh an téarma reatha;

    64.

    ag tabhairt chun suntais gur gá muinín i gcinnteoireacht an Aontais a threisiú trí thrédhearcacht, eitic agus dea-iompar sa Pharlaimint a neartú; á iarraidh go ndéanfar athchóiriú críochnúil ar chreat eiticiúil na Parlaiminte lena gcomhtháthaítear na ceachtanna a foghlaimíodh agus lena neartaítear na rialacha reatha chun a áirithiú go mbeidh díspreagadh níos láidre ann chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhagairtí agus ar chur isteach atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, cibé an ndéanann siad difear d’Fheisirí nó don fhoireann; á chur i bhfáth gur ionsaí ollmhór ar an daonlathas iad gníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna gcistiú ag an mbrústocaireacht íoctha agus gur cheart tabhairt futhú le neamhfhulaingt agus le haireachas mhéadaithe; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí athbhreithniú ar na Rialacha Nós Imeachta agus ar Chód Iompair na bhFeisirí, agus go ndéanfaí uasghrádú agus athchóiriú práinneach ar Choiste Comhairleach reatha Pharlaimint na hEorpa maidir le hIompar na bhFeisirí le rannpháirtíocht saineolaithe neamhspleácha, arna roghnú ar bhonn a n-inniúlachta, a dtaithí, a neamhspleáchais agus a gcáilíochtaí gairmiúla, chun é a dhéanamh níos infheicthe agus níos suntasaí, chun a ról a chomhdhlúthú agus chun a chumhachtaí a neartú chun a áirithiú go ngníomhóidh na Feisirí gan aon tionchar míchuí ó ionadaithe leasa trí rialáil dhian a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí íoctha le linn an tsainordaithe, ar bhronntanais nó ar chuirí taistil, ar ionchais fostaíochta a bheidh ann amach anseo, agus ar úsáid mhíchuí faisnéise nó teagmhálacha; ag moladh oiliúint frithéillithe agus trédhearcachta d’Fheisirí, do APAnna agus do bhaill foirne;

    65.

    ag tabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil gá le rialacha níos déine, trédhearcacht fheabhsaithe, agus faireachán ar fho-ioncam na bhFeisirí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gCód Iompair chun an t-údar imní ar leith sin a chur san áireamh;

    66.

    ag leagan béim ar na sáruithe a rinneadh le déanaí ar thrédhearcacht agus ar éilliú i ndáil le ENRanna ‘Fight Impunity’ agus ‘No Peace Without Justice’ agus á chur in iúl gur oth léi gur eagraigh Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) comhdháil dhá lá i mí an Mheithimh 2022 in éineacht leis na heagraíochtaí sin, in ainneoin nár cláraíodh iad sa Chlár Trédhearcachta;

    67.

    á mheabhrú, de réir Rialacha na Parlaiminte maidir le hÉisteachtaí Poiblí arna nglacadh ag an mBiúró (3), nach bhféadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe sainleasa mar chainteoirí ag imeachtaí na Parlaiminte, lena n-áirítear cruinnithe coiste, ach amháin má tá siad cláraithe sa Chlár Trédhearcachta agus má tá rúnaíocht an choiste nó comhlacht rialaithe na Parlaiminte a eagraíonn éisteacht freagrach as comhlíonadh na hoibleagáide sin a áirithiú; á iarraidh go ndéanfaidh rúnaíochtaí na gcoistí seiceálacha trédhearcachta éigeantacha ar an riarachán agus ar na rialuithe comhfhreagracha;

    68.

    ag tathant ar an riarachán na modhanna a chur ar bun chun rialacha agus ionstraimí inmheánacha a neartú chun coinbhleachtaí leasa a chosc, amhail an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) agus an Fóram um Sholáthar Poiblí (PPF), go háirithe maidir le himeachtaí agus staidéir arna gcoimisiúnú ag comhlachtaí na Parlaiminte, agus clárú sa Chlár Trédhearcachta a dhéanamh éigeantach d’eintitis sheachtracha atá rannpháirteach i bhfoirm ar bith;

    69.

    á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le rochtain ar áitreabh na Parlaiminte do gheallsealbhóirí; á mholadh go n-úsáidfear réitigh dhigiteacha chun uimhir aitheantais na ngeallsealbhóirí a chomhtháthú agus a rianú sa Chlár Trédhearcachta i ngníomhaíochtaí uile na Parlaiminte lena mbaineann eintitis sheachtracha, amhail an uimhir chlárúcháin a iarraidh chun cuairteoirí a chreidiúnú agus chun imeachtaí a eagrú;

    70.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar cháilíocht na n-iontrálacha sa Chlár Trédhearcachta le blianta beaga anuas agus ag moladh ról na comhrúnaíochta san fheabhsú sin, in ainneoin acmhainní teoranta; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil cáilíocht fhoriomlán na n-iontrálacha sásúil fós; á iarraidh go ndéanfaí na hacmhainní uile is gá a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha inmheánacha a bhaineann leis an gClár Trédhearcachta a fhorfheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí leormhaithe a fhorchur; á iarraidh go ndéanfaí an Clár Trédhearcachta a atreisiú, ar cheart dó a bheith éigeantach i ndáiríre agus go ndéanfaí raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a leathnú chun ionadaithe ó thríú tíortha a áireamh;

    71.

    á mheabhrú a thábhachtaí atá sé ionadaíocht leasa thrédhearcach eiticiúil ar leibhéal an Aontais a áirithiú agus a chur chun cinn agus gur bunaíodh clár trédhearcachta chun a áirithiú go mbeidh institiúidí an Aontais oscailte agus trédhearcach ina n-idirphlé le hionadaithe leasa agus leis an tsochaí shibhialta; á mheabhrú gur ann do na hoibleagáidí trédhearcachta a eascraíonn as Riail 11 de na Rialacha Nós Imeachta agus á iarraidh ar an bParlaimint Feisirí agus baill foirne a spreagadh go gníomhach gan aon chruinnithe a thionól nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí brústocaireachta le heagraíochtaí nach bhfuil cláraithe sa Chlár Trédhearcachta; á mheabhrú gur cheart faisnéis agus fógraí meabhrúcháin maidir leis an oibleagáid cruinnithe le hionadaithe leasa a fhoilsiú a sheoladh chuig gach Feisire go tráthrialta; á iarraidh ar Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla na Parlaiminte athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacha Nós Imeachta chun an oibleagáid cruinnithe le hionadaithe leasa a fhoilsiú a leathnú chuig na Feisirí uile atá ag obair ar thuarascálacha, tuairimí nó rúin; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh nuashonrú ar bhonneagar na Parlaiminte chun a chur ar chumas na bhFeisirí cruinnithe sceidealta le hionadaithe sainleasa a fhoilsiú agus go bhfuil sé nasctha anois leis an gClár Trédhearcachta agus leis an bhFaireachlann Reachtach araon; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte an bonneagar a leathnú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte chun a fhágáil gur féidir le APAnna agus comhairleoirí beartais a gcruinnithe le hionadaithe leasmhara a fhoilsiú go deonach; á iarraidh ar sheirbhísí parlaiminteacha stór ar líne soláimhsithe a chruthú chun faisnéis maidir le cruinnithe brústocaireachta a fhoilsiú i bhformáid sonraí oscailte;

    72.

    á iarraidh ar an riarachán éilimh an Choiste um Rialú Buiséadach a chur san áireamh i ndáil le trédhearcacht agus eitic i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta ‘Sláine, Neamhspleáchas agus Cuntasacht a Neartú – Na chéad chéimeanna’, arna bhformheas ag an mBiúró an 8 Feabhra 2023, agus leis na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte barúlacha an Ombudsman agus moltaí amach anseo i gcás SI/1/2023/MIK maidir leis an bpróiseas athchóirithe a chur i gcuntas freisin chun creat eitice agus trédhearcachta na Parlaiminte a fheabhsú tuilleadh; ag tathant ar an bParlaimint gach iarraidh a dhéantar sna Rúin ón bParlaimint a chur chun feidhme go pras, lena n-áirítear neartú na sásraí rialaithe inmheánaigh agus faireacháin, mar aon le hailíniú na rialacha inmheánacha maidir le sceithireacht le caighdeáin na treorach de chuid an Aontais;

    73.

    á mheabhrú, go háirithe, gur gá gach ceann de na 15 bheart a chur chun feidhme gan mhoill chun srian a chur leis an éilliú agus chun feabhas a chur ar shláine, cuntasacht agus trédhearcacht a glacadh ina rún an 15 Nollaig 2022 maidir le hamhras faoi éilliú ó Chatar agus an gá níos leithne le trédhearcacht agus cuntasacht sna hinstitiúidí Eorpacha, chomh maith leis na hiarrataí soiléire a rinneadh i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2023 maidir le hobair leantach a dhéanamh ar bhearta arna n-iarraidh ag an bParlaimint chun sláine na n-institiúidí Eorpacha a neartú;

    74.

    ag tabhairt dá haire nach leor na treoirlínte atá ann faoi láthair do chomhaontú idirinstitiúideach 2021 chun geallsealbhóirí a chlárú; á chur i bhfáth gur gá réamh-seiceáil chríochnúil a dhéanamh laistigh den chlárú sa chlár trédhearcachta chun na foinsí cistiúcháin uile a nochtadh; ag tabhairt dá haire nach mór cistiú ó chistí an Aontais a bheith inrianaithe ón bhfaighteoir díreach chuig an tairbhí deiridh nuair a chuirtear cistí ar aghaidh i slabhra; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le clárú sa chlár trédhearcachta chun gach ciste isteach agus amach a nochtadh, lena n-áirítear aistriú cistí ó ENR amháin go ceann eile agus ó gheallsealbhóir amháin go ceann eile;

    75.

    ag tabhairt faoi deara, i gcásanna áirithe, gur úsáideadh obair ENRanna agus geallsealbhóirí chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a mhaoiniú agus chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht na Parlaiminte thar ceann tríú páirtithe; á chur i bhfios gur braitheadh na cásanna sin a bhuí leis na bearta rialaithe agus slándála atá i bhfeidhm, cé go bhfuil scóip shuntasach ann chun feabhas a chur orthu;

    76.

    á athdhearbhú nach mór rochtain ionadaithe leasmhara ar institiúidí an Aontais agus ar a gcláir chistiúcháin a fhíorú roimh ré agus a sheiceáil le go bhféadfaí iad a áireamh sa Chóras Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES);

    77.

    á iarraidh go gcuirfear toirmeasc ar ghrúpaí cairdis le tríú tíortha i gcás ina bhfuil toscaireacht oifigiúil de chuid na Parlaiminte ann cheana féin; á mheabhrú nach mór Riail 35 de na Rialacha Nós Imeachta a urramú chun aon mhearbhall maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla na Parlaiminte le tríú tíortha a sheachaint; á mholadh go gceadódh an Pharlaimint, ar bhonn cás ar chás, grúpaí cairdis do ghníomhaíochtaí a bhaineann le fo-réigiúin áirithe, nó le mionlaigh áitiúla nach bhfuil toscaireacht oifigiúil ann dóibh;

    78.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí imscrúdú ar dhá chás de sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair in 2021, ar chinn an tUachtarán pionós iomardaithe a fhorchur ar na Feisirí lena mbaineann i mí Iúil 2021 maidir le ceann acu; ag tabhairt dá haire gur fhíoraigh riarachán na Parlaiminte cás amháin de choinbhleacht leasa fhéideartha faoi na bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa mar gheall ar earcú gaol teaghlaigh arna shainaithint in 2021, rud a d’fhág, ina dhiaidh sin, gur tionscnaíodh nós imeachta aisghabhála in 2022 maidir leis an gcaiteachas um chúnamh parlaiminteach a mí-úsáideadh;

    79.

    á chur i bhfios, in ainneoin gur taifeadadh 25 shárú ar a laghad ar an gCód Iompair le haon bhliain déag anuas, nár fhorchuir Uachtaráin na Parlaiminte smachtbhanna airgeadais riamh ar Fheisire; á iarraidh ar an Uachtarán breithniú a dhéanamh ar smachtbhannaí airgeadais a fhorchur i gcás ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an Cód Iompair sáraithe ag na Feisirí chun a áirithiú go mbeidh éifeacht dhíspreagthach ag na smachtbhannaí iarbhír;

    80.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú ar 18 gcás in 2021 agus gur imscrúdaigh Oifig an Ionchúisitheora Eorpaigh (OIPE) 3 chás a raibh baint ag an bParlaimint leo maidir le saincheisteanna a bhaineann le teidlíochtaí airgeadais agus sóisialta na bhFeisirí, le maoiniú struchtúr polaitiúil; ag tabhairt dá haire, as 18 imscrúdú de chuid OLAF, go raibh tuarascáil ina raibh moltaí airgeadais mar thoradh ar 4 cinn díobh, go raibh tuarascáil chríochnaitheach ina raibh moltaí araíonachta mar thoradh ar 1 díobh, gur cinneadh an cás a dhíbhe mar thoradh ar 5 díobh, agus go bhfuil 8 gcinn fós ar siúl in 2022; ag tabhairt dá haire freisin go ndearna OLAF imscrúdú ar 5 chás a bhain le foireann na Parlaiminte, ar dúnadh 2 chás díobh in 2021 gan aon mholadh agus nár tugadh 3 chás i gcrích; ag tabhairt dá haire nár tugadh aon cheann d’imscrúduithe OIPE i gcrích in 2021; ag iarraidh ar an riarachán cibé an ndearnadh na moltaí a rinne OLAF a chur chun feidhme go hiomlán agus na méideanna atá i mbaol a aisghabháil (go háirithe an EUR 1 837 000 a fuarthas a bheith íoctha go neamhrialta), chomh maith le hachoimre a chur ar fáil, gan aon sonraí íogaire, ar thíopeolaíocht na gcásanna a imscrúdaíodh chun bheith in ann teacht ar chonclúidí agus feabhsuithe a dhéanamh;

    81.

    ag tabhairt dá haire nach bhfuil rochtain faoi láthair, in imthosca ar bith, ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ar oifigí, ríomhairí agus cuntais ríomhphoist na bhFeisirí, fiú agus imscrúdú á dhéanamh ar chásanna a bhaineann le Feisirí atá bunaithe ar amhras a bhfuil údar maith leis; á chur i bhfios go láidir gur gá nós imeachta leormhaith a bheith ann chun rochtain a thabhairt ar OLAF i gcásanna amhras a bhfuil bunús leis i gcoinne Feisirí aonair; á iarraidh ar an mBiúró nós imeachta den sórt sin a chur ar bun chomh maith le hinniúlacht OLAF a aithint agus a áirithiú chun sáruithe féideartha ag Feisirí ar an gCód Iompair a imscrúdú;

    82.

    á athdhearbhú go bhforáiltear le hAirteagal 4 den Chód Iompair go ndéanfar dearbhuithe leasanna airgeadais na bhFeisirí a sholáthar ar bhealach mionsonraithe chun gur féidir aon choinbhleacht leasa a fhéideartha le gníomhaíocht pharlaiminteach a bhrath; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, nach n-áirítear i roinnt mhaith dearbhuithe ach tuairiscí poist doiléire nó cineálacha agus, dá bhrí sin, á iarraidh an athuair ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar fhormáid na ndearbhuithe chun tuilleadh sonraí a éileamh; á iarraidh ar an Uachtarán treoir a thabhairt do na seirbhísí seiceálacha críochnúla a dhéanamh go córasach ar na dearbhuithe;

    83.

    ag tabhairt dá haire nár cuireadh ach fógra amháin maidir le fostaíocht iar-shainordaithe faoi bhráid na Parlaiminte as an 459 bhFeisire den 8ú téarma parlaiminteach nár atoghadh in 2019; ag tabhairt dá haire, in 2021, as na 203 oifigeach a d’fhág an tseirbhís, gur iarr 54 duine cead chun gníomhaíocht a dhéanamh tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil; á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Bhiúró (4)rialacha níos láidre a bhunú chun doirse imrothlacha d’Fheisirí agus d’oifigigh a rialáil d’iar-Fheisirí agus d’iaroifigigh, trí thréimhse mharana a thabhairt isteach d’iar-Fheisirí nach nglacfaidh páirt i ngníomhaíochtaí brústocaireachta nó ionadaíochta le Parlaimint na hEorpa, laistigh de na 6 mhí tar éis dheireadh a sainordaithe; á chur in iúl gur geal léi freisin an cinneadh soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le rochtain a fháil ar áitribh na Parlaiminte, na cinn rochtana laethúla a chur in ionad suaitheantais rochtana buana iar-Fheisirí, agus a áirithiú go ndéanfar iar-Fheisirí agus foireann na Parlaiminte a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí brústocaireachta a shainaithint le suaitheantas sonrach; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa a áirithiú go mbeidh na rialacha nua sin éifeachtach, go ndéanfar dlúthfhaireachán orthu agus go bhforfheidhmeofar iad; á chreidiúint nár cheart aon Liúntas Caiteachais Ghinearálta a íoc le hiar-Fheisirí agus á iarraidh, dá bhrí sin, go scriosfaí fomhír 4 d’Airteagal 42 de Bhearta Cur Chun Feidhme Reacht na bhFeisirí;

    84.

    á mheas gur príomhionstraim le haghaidh trédhearcachta agus cuntasachta i leith shaoránaigh an Aontais í vótáil le glaoch rolla; á iarraidh go ndéanfaí vótaí uathoibríocha le glaoch rolla a thabhairt isteach in aon vótáil chríochnaitheach seachas i gcás ballóidí rúnda, agus go méadófaí an líon vótaí le glaoch rolla a d’fhéadfadh grúpa polaitiúil a iarraidh in aghaidh an pháirtseisiúin i Riail 190(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nó comhaid reachtacha a dhíolmhú ón teorainn sin;

    85.

    ag cur suntas sa tionscadal leanúnach chun taifid vótála iomlánacha a chur ar fáil i spás tiomnaithe ina mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar dhoiciméid shoiléire atá soléite agus á chreidiúint gur cheart don Pharlaimint dul níos faide agus suíomh gréasáin comhleanúnach a chruthú ina mbeadh an iliomad suíomhanna gréasáin idirnasctha ar fad a bhaineann leis an obair reachtach, i.e. Faireachlann Reachtach, próifílí na bhFeisirí, suíomh gréasáin an tseisiúin iomlánaigh, etc. ar mhaithe le trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte gach leasú agus gach taifead vótála le glaoch rolla a chur ar fáil ar leibhéal an choiste agus iad a áireamh sa leagan amach nua;

    86.

    ag tabhairt dá haire gur láimhseáil an tOmbudsman 16 chás a bhain leis an bParlaimint in 2021, dá ndearna an tÚdarás 2 mholadh agus go raibh na moltaí sin curtha chun feidhme iad ag an Údarás, ar iarradh air trédhearcacht a mhéadú ar a shuíomh gréasáin, agus ag riarachán na Parlaiminte, ar iarradh air iarrthóirí ar thréimhsí oiliúna a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir leis an bhféidearthacht cúnamh speisialta a iarraidh;

    87.

    á iarraidh ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Iompair trí shrianta ar na Feisirí a fhostaíonn ní hamháin baill teaghlaigh dhíreacha, ach baill teaghlaigh indíreacha freisin, a áireamh;

    Ciapadh agus sceithireacht

    88.

    á chur in iúl gur oth léi gur osclaíodh sé chás ciaptha i gcoinne Feisirí in 2021 agus go raibh ceithre chás ar feitheamh ó 2020; ag tabhairt dá haire nár aimsíodh aon chiapadh sna ceithre chás a dúnadh in 2021; ag tabhairt dá haire gur tháinig gearán ciaptha nua amháin ó bhall foirne in 2021 agus ag tabhairt dá haire go raibh cás amháin fós ar siúl agus gur dúnadh trí chás; á chur in iúl gurb oth léi gur leathnaíodh an t-imscrúdú ar roinnt cásanna ciaptha thar níos mó ná bliain agus go ndearna sé dochar neamhriachtanach d’Fheisirí, don fhoireann agus do APAnna; á mheabhrú do riarachán na Parlaiminte go bhfuil freagracht dhlíthiúil uirthi cásanna a thugtar os a comhair a imscrúdú le críochnúlacht chuí, luas agus discréid; á iarraidh ar an mBiúró teorainneacha ama a fhorordú chun gearáin chiaptha a láimhseáil;

    89.

    á chur i bhfáth go sonraítear sa Chód Iompair Iomchuí d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu, go n-iompróidh na Feisirí iad féin le dínit, cúirtéis agus meas agus gan dochar ná idirdhealú i leith gach duine atá ag obair i bParlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi beartas na Parlaiminte maidir le neamhfhulaingt ar chiapadh agus na feachtais múscailte feasachta a cuireadh i gcrích; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, nach raibh an oiliúint maidir le meas agus dínit san ionad oibre curtha i gcrích ach ag 245 Fheisire reatha (36,3 %) an 28 Deireadh Fómhair 2022; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint roinnt uaireanta cúrsaí oiliúna éigeantacha frithchiaptha a chur chun feidhme do na Feisirí go léir agus á mholadh go ndéanfaí iad a leathnú chuig baill foirne, lena n-áirítear daoine i róil bhainistíochta sna hArd-Stiúrthóireachtaí éagsúla agus sna grúpaí polaitiúla éagsúla; á chur in iúl gur geal léi an díospóireacht bheartais maidir le beartais frithchiaptha a rinneadh ag cruinniú an Bhiúró an 21 Samhain 2022 agus á iarraidh ar an mBiúró seasamh deiridh ar an ábhar a chur in iúl; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá idirghabháil luath, mar aon le gníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta agus ag cur suntas sa tionscnamh atá déanta ag an riarachán idirghabhálaithe inmheánacha a chur ar bun mar chéim i dtreo coinbhleachtaí a réiteach go luath, ar cheart go n-áireofaí leis freisin faisnéis a chur ar fáil don dá pháirtí maidir lena gcearta;

    90.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil an ‘coiste comhairleach maidir le ciapadh agus a chosc san ionad oibre’ comhdhéanta de thriúr comhaltaí arna n-ainmniú ag an Údarás Ceapacháin (lena n-áirítear an cathaoirleach), beirt chomhaltaí den Choiste Foirne agus sainchomhairleoir amháin ón tseirbhís leighis; ag tabhairt dá haire go bhfuil an ‘Coiste Comhairleach a dhéileálann le gearáin faoi chiapadh a bhaineann le Comhaltaí’ comhdhéanta de thriúr Caestóirí (lena n-áirítear an cathaoirleach), cathaoirleach an chéad choiste, beirt chomhaltaí den choiste APA, comhalta amháin den choiste foirne (do chásanna a bhaineann le comhalta foirne amháin), agus beirt sainchomhairleoirí, eadhon ó na seirbhísí dlí agus leighis faoi seach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa saineolaithe neamhspleácha ar shaincheisteanna ciaptha sa dá choiste, chomh maith le heaspa na seirbhíse dlí sa chéad chás; á mheabhrú go bhfuil an vóta réitigh ag cathaoirleach an choiste sin agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith mar thoradh ar phost an Fheisire; á iarraidh ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar chomhdhéanamh an dá choiste chomhairleacha chun an saineolas neamhspleách ábhartha a chur san áireamh, coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus oiliúint éigeantach a éileamh maidir le ciapadh a chosc agus comhdheiseanna dá gcomhaltaí uile; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú iomlán ar fheidhmiú na gcoistí comhairleacha le cúnamh ó speisialtóirí maidir le cosc a chur ar chiapadh, ar speisialtóirí a roghnaítear dá n-inniúlacht, dá dtaithí, dá neamhspleáchas agus dá gcáilíochtaí gairmiúla, chun go mbeidh rialacha nós imeachta soiléire, éifeachtacha agus stóinsithe ag an bParlaimint agus ag an am céanna chun agaí freagartha leormhaithe agus na coimircí nós imeachta, faisnéis, comhairleoireacht agus bearta cosanta is gá a áirithiú do gach páirtí de réir mar is iomchuí;

    91.

    ag tabhairt dá haire go raibh cás amháin de sceithireacht ann in 2021 agus go ndeachaigh an sceithire i dteagmháil le OLAF sula ndearna sé teagmháil leis an bpointe teagmhála; á iarraidh ar an Ardrúnaí soiléiriú a dhéanamh ar shonraí frithráiteacha arna soláthar maidir le líon na gcásanna sceithireachta a tuairiscíodh in 2021 agus 2022 faoi seach; á mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar an riarachán cásanna calaoise líomhnaithe a thuairisciú láithreach do OLAF; ag tabhairt dá haire go bhfuair riarachán na Parlaiminte roinnt líomhaintí anaithnide maidir le calaois agus mí-iompar a ndearnadh obair leantach orthu go hinmheánach nó ag OLAF, agus á iarraidh ar riarachán na Parlaiminte achoimre a thabhairt ar chineál na gcásanna féideartha a osclaíodh agus ar na bearta a rinne an riarachán;

    92.

    á mheabhrú go bhfuil pointe teagmhála sceithire eolais ag an bParlaimint laistigh de chomh-aireacht an Ard-Rúnaí ar féidir neamhrialtachtaí a thuairisciú dó agus a sholáthraíonn comhairle agus a éascaíonn cur i bhfeidhm Airteagal 22c de na Rialacháin Foirne agus na bhforálacha cur chun feidhme ábhartha; á iarraidh ar an riarachán feachtas feasachta a sheoladh go práinneach maidir leis an bpointe teagmhála sin a bheith ann; ag iarraidh ar an mBiúró seiceálacha cúlra ábhartha agus oiliúint a éileamh do phointí teagmhála sceithirí eolais;

    93.

    á athdhearbhú go bhfuil APAnna i staid an-leochaileach ó thaobh calaois a thuairisciú agus cosaint do sceithirí a iarraidh mar gheall ar a staid shonrach fostaíochta; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Ard-Rúnaí na rialacha inmheánacha maidir le sceithireacht a glacadh an 4 Nollaig 2015 agus atá sna Rialacháin Foirne a oiriúnú go hiomlán chun iad a ailíniú le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chomh maith le cosaint threisithe a sholáthar do sceithirí ar APAnna iad agus do bhaill foirne, lena n-áirítear trí bhealaí slána tuairiscithe a bhunú, sar an gcaoi chéanna le híospartaigh ciaptha, go háirithe maidir le bearta sealadacha le linn an imscrúdaithe riaracháin, gach beart cosanta iomchuí eile agus gach cúnamh chun caingean dlí a ghlacadh i leith damáiste a fulaingíodh; á iarraidh ar an bParlaimint feasacht a ardú, nuair is féidir, i measc na forine parlaimintí maidir leis an gcosaint atá ar fáil dóibh mar sceithirí; á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí oiliúint sceithireachta éigeantach ar na Feisirí agus ar aon bhall foirne uachtarach, laistigh den riarachán agus de ghrúpaí polaitiúla araon, a gheobhadh tuarascálacha sceithireachta féideartha (6);

    Cumarsáid agus comhar idirinstitiúideach

    Cumarsáid

    94.

    ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá a straitéis chumarsáide chun teagmháil a dhéanamh le saoránaigh an Aontais trí shraith éagsúil tionscadal agus gníomhaíochtaí ilchainéil in ainneoin na ndúshlán a tháinig chun cinn in 2021; ag cur suntas i meánfhás 69 % ar chainéil meán sóisialta na Parlaiminte idir 2020 agus 2021 agus meánfhás 11 % ar líon na leantóirí in 2021; ag tabhairt dá haire, tar éis cinneadh ón Uachtarán i mí an Mheithimh 2021, go ndearnadh saoráidí cuairteoirí a athoscailt go páirteach agus go raibh siad in ann freastal ar 337 984 cuairteoir ar an iomlán go dtí deireadh na bliana agus gealltanais bhuiséadacha de EUR 15 982 020 do 2021 a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gur leanadh d’oibreacha Ionad Cuairteoirí Zweig mar a bhí beartaithe in 2021 agus gur tionscnaíodh é i mí na Samhna 2022, agus á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí breithniú ar an méid ama a infheistíonn grúpaí cuairteoirí chun bogadh ó fhoirgneamh Zweig go foirgneamh Spaak, lena n-áirítear seiceálacha slándála agus sainaitheantais, rud a d’fhéadfadh líon na ngrúpaí is féidir a fháil ar bhonn laethúil a laghdú; ag tabhairt dá haire go raibh Áras Stair na hEorpa, an Parlamentarium agus Europa Experiences fós dúnta nó á n-oibriú ar acmhainneacht laghdaithe do chodanna de 2021; á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí an Cruinniú Eorpach um an Óige a reáchtáil ar deireadh in 2021 i bhformáid hibrideach agus go raibh rath air agus 10 000 duine óg ag glacadh páirte ann, cé gur oth léi easpa ullmhúcháin áirithe do na seiceálacha slándála a chuir moill ar rochtain ar áitreabh na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gur reáchtáladh na chéad eagráin de ghradam Lucht Féachana LUX, le 6 000 vótálaí, agus Duais Daphne Caruana Galizia don iriseoireacht, a tharraing os cionn 200 iarratas ó gach cearn den Aontas;

    95.

    ag tabhairt dá haire go raibh ceithre oifig idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLOnna) i Maidrid, sa Róimh, sa Bhratasláiv agus i Ságrab feistithe le saoráidí VoxBox in 2021 faoi chuimsiú treoirthionscadal agus go bhfuil sé beartaithe trealamh closamhairc éadrom agus soláimhsithe a shuiteáil in 14 as 24 EPLOnna a roghnaíodh faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2022; á mheabhrú go ndearna an Pharlaimint uasghrádú freisin ar shaoráidí closamhairc in Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i gcomhthéacs cianseisiúin iomlánacha; ag dréim le hathbhreithniú ar straitéis chumarsáide EPLOnna ionas go gcuideoidh an infheistíocht a dhéantar go mór le teagmháil a dhéanamh le saoránaigh an Aontais agus ag iarraidh ar Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa fógra tráthúil a thabhairt do na Feisirí maidir lena n-imscríobh ar fhéilire na ngníomhaíochtaí chun comhordú agus láithreacht níos fearr na bhFeisirí a áirithiú;

    96.

    á chur i bhfios go láidir gur cosúil go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an ualach oibre in Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa maidir le cúraimí buana nua a ghlacadh, agus á iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha daonna, teicniúla agus airgeadais ag Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa chun a misin a chomhlíonadh;

    97.

    ag tabhairt dá haire gur fhormheas an Biúró, i mí na Bealtaine 2018, uasghrádú ar iar-Info-Point sa Bhruiséil agus go bhfuil sé mar aidhm ag an Mol Faisnéise nua geallsealbhóirí, iolraitheoirí, comhpháirtithe agus sainghrúpaí leasmhara a mhealladh; ag tabhairt dá haire go raibh costas iomlán de thart ar EUR 8 400 000 ar an Mol Faisnéise, lena n-áirítear thart ar EUR 6,6 milliún le haghaidh oibreacha athchóirithe agus EUR 1,8 milliún le haghaidh gníomhaíochtaí cumarsáide, agus gur chuir sé fáilte roimh 20 000 cuairteoir ó d’oscail sé a dhoirse i lár mhí Iúil 2022; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach bhfuil Feisirí ar an eolas faoi na saoráidí sin agus á iarraidh go mbeadh feachtas faisnéise níos fearr ann chun a gcuid gníomhaíochtaí agus na húsáidí a d’fhéadfaí a bhaint astu a phoibliú;

    98.

    á chur in iúl gur geal léi an clár uaillmhianach Europe Experience a bhfuil sé mar aidhm leis an tAontas a thabhairt gar dá shaoránaigh; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú beag ar líon domhanda na gcuairteoirí ar ionaid Europe Experience ó 124 352 in 2020 go 135 835 in 2021, in ainneoin na ndúshlán a d’eascair as paindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, ar an gcaoi chéanna, gur spreag srianta taistil in 2020 agus 2021 moilleanna ar nósanna imeachta maidir le conarthaí tógála (eadhon i mBaile Átha Cliath, Prág, Maidrid, Búcairist, Liospóin, an Bhratasláiv, Ríge agus Vilnius) gan tionchar diúltach ar íocaíochtaí cíosa toisc go spreagtar iad mar thoradh ar an obair fheistithe a bheith curtha i gcrích; ag tabhairt dá haire go raibh sé shaoráid dhíláraithe oibríochtúla do chuairteoirí ann in 2021 (Beirlín, Cóbanhávan, Heilsincí, Liúibleána, Taillinn agus Parlamentarium Simone Veil in Strasbourg), agus gur sheol Stiúrthóireacht Cumarsáide na Parlaiminte cur i bhfeidhm cúig thaispeántas nua ar mhórscála (Páras, an Róimh, Stócólm, Prág agus Vársá), agus gur chríochnaigh sí dearadh trí thionscadal nua eile (Vín, Baile Átha Cliath agus Lucsamburg) agus go ndearna AS INLO sraith staidéar indéantachta i seacht bpríomhchathair eile; ag tabhairt dá haire go mbeidh formhór shaoráidí Europa Experience oscailte don phobal in 2024, ach á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an tionscadal sin ag brath ar na hionchais i margadh eastáit réadaigh atá ag athrú go tapa;

    99.

    ag tabhairt dá haire gur ceapadh na ceolchoirmeacha ceoil chlasaicigh i nGairdín na Saoránach ag am lóin chun tacú le ceoltóirí clasaiceacha le linn ghéarchéim COVID-19 agus chun an luach a chuireann Parlaimint na hEorpa ar oidhreacht cheoil na hEorpa a léiriú; ag tabhairt dá haire gur tionóladh 40 ceolchoirm in 2021 le 4 106 duine i láthair, le buiséad EUR 51 925; á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán leis an tionscnamh seo le linn phaindéim urghnách COVID-19 in 2020 agus 2021 ach á cheistiú cén fáth gur úsáid an Pharlaimint airgead na gcáiníocóirí chun athchóiriú a dhéanamh ar Ghairdín agus Teach na Saoránach, ar spás poiblí é atá faoi uinéireacht Stát na Beilge;

    Ilteangachas

    100.

    á mheabhrú go bhfuil an tAontas, agus, dá bhrí sin, an Pharlaimint freisin, tiomanta go dlíthiúil faisnéis agus cumarsáid inrochtana a chur ar fáil faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas; á iarraidh dá bhrí sin ar riarachán na Parlaiminte tionscnaimh shonracha a fhorbairt chun inrochtaineacht níos mó agus níos fearr ar a cuid doiciméad agus díospóireachtaí a áirithiú, agus béim ar leith á leagan ar an díospóireacht faoi Staid an Aontais chomh maith leis na díospóireachtaí sa seisiún iomlánach faoi ‘Is í Seo an Eoraip’, ag tógáil ar shamplaí amhail an ateangaireacht sa Teanga Chomharthaíochta Idirnáisiúnta ar asléamha seachtainiúla choláiste an Choimisiúin; ag athdhearbhú a hiarrata seanbhunaithe ar an Ard-Rúnaí anailís a dhéanamh ar indéantacht na hateangaireachta comharthaíochta idirnáisiúnta do na díospóireachtaí uile sa suí iomlánach agus an iarraidh sin a chur chun feidhme gan mhoill; á chreidiúint, thairis sin, go gcuirfeadh atarchur na seisiún iomlánach sna teangacha comharthaíochta a úsáidtear i ngach Ballstát le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i bpróiseas daonlathach an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil uirlis á forbairt ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin atá in ann díospóireachtaí ilteangacha parlaiminte a thras-scríobh agus a aistriú go huathoibríoch i bhfíor-am, ionas go mbeidh rochtain chomhionann ag gach saoránach ar fhaisnéis ina dteanga féin; ag iarraidh go ndéanfaí nuashonrú ar an tionscadal agus anailís ar a chur chun feidhme agus ar an gcostas iomlán;

    Comhar idirnáisiúnta

    101.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm ag oifigigh na Parlaiminte i láthair ag toscaireachtaí an Aontais nó i gcomhlachtaí eile caidreamh na Parlaiminte le heagraíochtaí idirnáisiúnta a neartú; á athdhearbhú, áfach, gur cúis imní di an cinneadh ón mBiúró an 11 Feabhra 2019 maidir le tacaíocht pharlaiminteach do Mhisean an Aontais Eorpaigh do ASEAN in Iacárta, do Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an Aontas Afracach in Addis Ababa agus do Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac; ag tabhairt dá haire nár imscaradh aon fhoireann in 2020, agus gur tugadh beirt oifigeach ar iasacht chuig Nua-Eabhrac agus duine amháin chuig Addis Ababa in 2022; ag meabhrú do riarachán na Parlaiminte a tiomantas táscairí intomhaiste a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht bhliantúil; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil aonad curtha ar bun ag riarachán na Parlaiminte atá i gceannas ar an gcaidreamh le ASEAN agus go bhfuil sé molta aige an chuid is mó dá fhoireann a imscaradh in Iacárta, agus nach bhfuil ach comhaltaí sinsearacha foirne roghnaithe ag an riarachán don dá cheann scríbe eile; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí próisis cheapacháin thrédhearcacha na foirne lena mbaineann agus an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas;

    102.

    á chur in iúl gur cúis imní di gur chinn ochtar Feisirí, ar a dtionscnamh féin, breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin i dtríú tíortha inar chinn an Pharlaimint gan toscaireacht breathnóireachta toghcháin a sheoladh nó nár tugadh cuireadh di; ag tabhairt dá haire, i ngach ceann de na hocht gcás, go raibh na Feisirí ag sárú Forálacha Cur Chun Feidhme Ghrúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus nach bhféadfaidís, agus nár roghnaíodh iad chun páirt a ghlacadh i dtoscaireacht oifigiúil Breathnóireachta Toghcháin go dtí deireadh 2021; á iarraidh gur cheart smachtbhannaí a fhorchur ar Fheisirí a bhfuil baint acu le misin breathnóireachta toghcháin neamhoifigiúla ar feadh ré an tsainordaithe;

    Digitiú agus cibearshlándáil

    103.

    á chur in iúl gur geal léi go gcuireann an Tairseach le haghaidh Síniú Digiteach ar chumas na bhFeisirí doiciméid a shíniú go digiteach, lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht, inrianaitheacht agus trédhearcacht na nósanna imeachta, agus á chur in iúl gur oth léi, murab ionann agus an Tairseach le haghaidh Síniú Digiteach, gur nós imeachta as dáta a bhfuil ualach trom ag baint leis gurb ea leasuithe ón suí iomlánach a shíniú de lámh agus iad a sheoladh i bhfoirm scanta; á iarraidh ar an mBiúró na bearta is gá a dhéanamh chun an deis a thabhairt do na Feisirí leasuithe iomlánacha a shíniú go digiteach amach anseo; á iarraidh go leathnófar an Tairseach le haghaidh Síniú Digiteach chuig gach doiciméad sínithe;

    104.

    ag tabhairt dá haire go ndearnadh cinneadh an 10 Bealtaine 2021 HERMES a chur ar fionraí, ar bogearra bainistithe agus cartlannaithe doiciméad é, mar gheall ar shraith easnamh, go príomha ós rud é nárbh fhéidir é a oiriúnú do shreabhadh oibre na Parlaiminte agus do mhórfhadbanna teicniúla eile; ag tabhairt dá haire go raibh costas seachtrach EUR 7 500 000 ar chodanna cúil agus tosaigh chóras HERMES go dtí seo agus costas inmheánach EUR 1 700 000 arb ionann é agus thart ar EUR 9 200 000 ar an iomlán, arna thuairisciú mar shócmhainn faoi thógáil; ag tabhairt dá haire go bhfuil an chuid cúil de chóras HERMES fós in úsáid mar chóras le haghaidh bainistiú doiciméad agus taifead agus le haghaidh feidhmeanna eile freisin;

    105.

    ag tabhairt dá haire, in 2021, gurbh ionann costas foriomlán na réiteach teicniúil chun seisiúin chianvótála a cheadú agus EUR 1 275 500, lena n-áirítear síneadh a chur leis na hiarratais iomlánacha (EUR 120 000), forbairt an fheidhmchláir EPvote (EUR 233 500), tacaíocht TF do na Feisirí (EUR 529 200), chun an córas ríomh-vótála (EUR 250 000) agus seirbhísí ad hoc a chur in úsáid chun go mbeadh na Feisirí in ann páirt a ghlacadh ó Óifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EUR 142 800); ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá na córais TF uile lena n-áirithítear cianfheidhmiú cuí na Parlaiminte, á chur i bhfios, áfach, go mbeidh gá le hinfheistíocht chun na nuálaíochtaí uile a chuirfear chun feidhme a choinneáil ar bun i bhfianaise na n-úsáidí a bhainfear astu amach anseo;

    106.

    ag tabhairt dá haire, go minic, nach féidir Bonneagar Deisce Fíorúla (VDI) na Parlaiminte a shroicheadh ag buaicuaireanta logála isteach ar maidin; á iarraidh ar na seirbhísí a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ag Bonneagar Deisce Fíorúla chun gur féidir logáil isteach go tapa fiú ag buaicuaireanta;

    107.

    á chur in iúl gur geal léi infheistíocht na Parlaiminte i neartú a cibearshlándála, lena n-áirítear Stiúrthóireacht thiomnaithe a chruthú in DG ITEC agus méadú suntasach ar na hacmhainní gaolmhara arb é is aidhm dóibh cosaint chórais faisnéise na Parlaiminte a mhéadú i bhfianaise bagairtí agus ionsaithe bogearraí éirice atá ag dul i méid; ag tathant ar an bParlaimint a cuid iarrachtaí a choinneáil agus a cuid infheistíochtaí sa chibearshlándáil a mhéadú; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go ndéanfar baill foirne ardcháilithe a earcú agus a choinneáil san earnáil an-straitéiseach sin; á mholadh go ndéanfaí cláir oiliúna ar an gcibearshlándáil arna nuashonrú go rialta a thairiscint d’fhoireann uile na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi leathnú raon na seirbhísí digiteacha a chuirtear ar fáil tríd an ríomhthairseach as a n-eascraíonn méadú 67 % ar líon na n-idirbheart, ar méadú suntasach é i gcomparáid le 2020, agus le baint amach ráta úsáide 85 % den ríomhthairseach ag na Feisirí le haghaidh a gcostais taistil agus chothaithe; ag moladh na mbeart sonrach a rinneadh chun nósanna imeachta riaracháin a éascú agus maorlathas a laghdú a mhéid a bhaineann leis na seirbhísí do na Feisirí, lena n-áirítear digitiú méadaithe na ríomhthairseach;

    108.

    ag tabhairt dá haire gur foráladh le hatheagrú DG SAFE go gcruthófaí an Stiúrthóireacht nua maidir le Teicneolaíocht, Slándáil agus Faisnéis arb é is aidhm di cosaint a áirithiú do gach catagóir faisnéise a láimhseálann an Pharlaimint; ag tabhairt dá haire, nuair a cruthaíodh an t-aonad sonrach atá freagrach as innealtóireacht slándála, nach raibh post an chinn aonaid le feiceáil amhlaidh i gcairt eagrúcháin na Parlaiminte; ag iarraidh ar an Ardrúnaí an cás sin a leigheas go pras chun na hacmhainní riachtanacha a sholáthar don phríomh-Stiúrthóireacht nua chun a freagrachtaí a chomhlíonadh;

    Beartas tógála, lóistíocht agus slándáil

    Beartas tógála

    109.

    ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe le ‘Straitéis Foirgneamh na Parlaiminte tar éis 2019’ creat a chur ar fáil do chinntí a dhéanfar amach anseo agus rannchuidiú le punann réadmhaoine na Parlaiminte a chomhdhlúthú agus, ag an am céanna, saoráidí a oiriúnú d’fhorbairt na bpatrún cruinnithe, dul ar an leibhéal áitiúil agus níos gaire do na saoránaigh trí shaoráidí Europa Experience, slándáil a fheabhsú d’fhoirgnimh na Parlaiminte, agus idirnascadh foirgneamh lárnach a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil riarachán na Parlaiminte ag obair faoi láthair ar chur chuige cuimsitheach chun beartas tógála fadtéarmach na Parlaiminte a shainiú agus tionchar na géarchéime fuinnimh, praghas ardaithe an amhábhair, na n-oibleagáidí comhshaoil agus na modhanna oibre nua a tugadh isteach sa Pharlaimint á gcur san áireamh; ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le foirgnimh nua a fháil nó a thógáil amach anseo; ag tabhairt dá haire gur glacadh straitéis chomhtháite bainistithe saoráidí an 8 Márta 2021 lena ndírítear ar ar shaolré phunann foirgneamh na Parlaiminte a bhainistiú;

    110.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di fadhbanna struchtúracha i bhfoirgneamh Treves I; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá leis an bhfoirgneamh a uasghrádú go dtí na noirm fuinnimh agus chomhshaoil is déanaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bearta práinneacha chun réitigh a fháil ar chóras téimh éagobhsaí, easpa aerchóiriúcháin agus leithris do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, drochdhíonadh fuaime, chomh maith leis an bhfadhb séarachais;

    111.

    ag tabhairt dá haire gur ceannaíodh foirgneamh Treves II, a d’fhormheas an Biúró, an 18 Deireadh Fómhair 2021, arna cheannach agus é mar rún idirnascacht fhoirgnimh láir na Parlaiminte sa Bhruiséil a cheadú, agus ag tabhairt dá haire go mbeidh sé ar fáil don Pharlaimint amhail ón 1 Eanáir 2025; ag tabhairt rabhaidh go léirítear leis an teastas feidhmíochta fuinnimh tomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil atá coibhéiseach le haicme E, agus go dtéann an t-athchóiriú deireanach ar an bhfoirgneamh siar go 2000; á iarraidh ar an mBiúró na hathchóirithe is gá a fhormheas chun feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ós rud é go bhfuil an foirgneamh á úsáid ag Parlaimint na hEorpa;

    112.

    ag tabhairt dá haire an comórtas ailtireachta maidir le dearadh athnuachan fhoirgneamh Spaak inar chuir na hiomaitheoirí a dtograí isteach i mí Eanáir 2021, rinne an giúiré anailís ar na 15 iontráil agus rangaigh siad na cúig bhuaiteoir i mí Feabhra 2021 agus d’fhormhuinigh an Biúró na cúig bhuaiteoir a mhol an giúiré ag an gcruinniú a bhí aige an 6 Iúil 2022; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór na bearta is gá a dhéanamh chun an foirgneamh a athchóiriú toisc go bhfuil sé ag dul in olcas chun slándáil agus folláine na foirne a áirithiú gan impleachtaí buiséadacha míréasúnta; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí faisnéis chuí ar fáil agus go rachfaí i gcomhairle le coistí ábhartha na Parlaiminte maidir leis na chéad chéimeanna eile atá le glacadh sna pleananna athchóirithe, chomh maith le pleananna maidir le foirgnimh nua a cheannach;

    113.

    ag tabhairt dá haire an cinneadh d’aon toil ón mBiúró an 23 Deireadh Fómhair 2019 cruthú IDEA Lab a fhormheas agus é mar aidhm réitigh nuálacha nua a thástáil i gcomhthéacs oifigí agus bainistiú saoráidí; ag tabhairt dá haire nach raibh cinneadh an Bhiúró bunaithe ar aon mheastachán costais sonrach agus á chur in iúl gur geal léi an fógra ón Ardrúnaí nua go mbeidh ráiteas airgeadais maidir leis na costais mheasta ag gabháil le gach togra le haghaidh cinnidh, agus gur cheart caiteachas a chur san áireamh go trédhearcach; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh saotharlann bhuan don nuálaíocht mar aon le líne bhuiséid ar leith a bhunú ach á mheas gur gá go bhfanfaidh na costais réasúnta agus inchosanta; ag tabhairt dá haire go raibh costas EUR 2 000/m2 ar oibreacha foirgníochta a bhí ag teastáil chun coincheap na hailtireachta nuálacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear an trealamh teicniúil agus na costais suiteála, i dteannta na n-oibreacha athchóirithe “caighdeánacha”, a mheastar a rachaidh chun tairbhe d’obair athchóirithe ina dhiaidh sin i gcás leathadh amach níos mó; ag tabhairt dá haire gurb ionann na hoibreacha tógála go dtí seo agus EUR 663 265 chun coincheap na hailtireachta a chur chun feidhme agus chosain trealamh TF EUR 108 104;

    114.

    á chur i bhfios go bhfuil an ‘IDEA Lab’ ceaptha a bheith ar fáil do na Feisirí; á iarraidh go gcuirfí na Feisirí ar an eolas ina leith sin faoi nuálaíochtaí agus réitigh tástála atá le tabhairt isteach sa todhchaí agus iad siúd nach bhfuil á saothrú tuilleadh agus cúiseanna gan na nuálaíochtaí agus na réitigh sin a shaothrú; ag ceistiú na réasúnaíochta atá taobh thiar de roghnú na soláthraithe agus roinnt de na nuálaíochtaí teicniúla atá le tástáil agus á chur in iúl gur oth léi go mbeadh cuid de na nuálaíochtaí róchostasach ó thaobh scála de in ainneoin a spéise; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh réiteach nuálaíoch ailtireachta ar cheann de thosaíochtaí IDEA Lab chun úsáid níos fearr a bhaint as an spás ina bhfuil na cithfholcadáin nach n-úsáidtear in oifigí na bhFeisirí; ag iarraidh ar mheitheal an Bhiúró um fhoirgnimh agus ar riarachán na Parlaiminte níos mó trédhearcachta a áirithiú maidir leis an mbuiséad do IDEA Lab agus liosta na réiteach nuálach, a gcostas agus an t-aiseolas a tháirgtear a chur faoi bhráid an Choiste um Rialú Buiséadach go rialta, chomh maith leis an gcoigilteas a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí chun feidhme iad;

    115.

    ag tabhairt dá haire gurbh é 83 líon iomlán na ngadaíocht tuairiscithe in oifigí na bhFeisirí agus in oifigí foirne in 2021, sin laghdú 58,2 % i gcomparáid le 2020, arbh fhiú EUR 190 791 luach iomlán na n-earraí goidte; á chur in iúl gur geal léi gur shainaithin seirbhísí freagracha na Parlaiminte déantóir dhá ghadaíocht suntasach, ceann amháin a bhain le 101 ríomhaire hibrideacha agus 26 iPad agus an ceann eile a bhain le 15 ríomhaire hibrideacha, agus go bhfuil an cás ar feitheamh in imeachtaí breithiúnacha na Beilge;

    116.

    á chur in iúl gur geal léi gur dheimhnigh údarás náisiúnta na Beilge (ONE - Office de la Naissance et de l’Enfance) naíolann Wayenberg ag deireadh 2021; á chur in iúl gur oth léi na saincheisteanna a tháinig chun cinn leis an soláthraí seirbhíse in 2021, lena n-áirítear dúnadh ranna agus athruithe tobanna comhleanúnacha ar phrótacal inmheánach COVID-19, agus á chur in iúl gur geal léi an t-aistriú dearfach chuig soláthraí nua amhail ón 1 Feabhra 2022 chomh maith leis an mbeart chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chonartha nua;

    117.

    ag tabhairt dá haire gur tugadh Sciathán Thoir fhoirgneamh Adenauer i Lucsamburg chun críche in 2020 gur cuireadh deireadh le hathlonnú oifigí ar scála mór ó fhoirgneamh Schuman in 2022; ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús le hoibreacha chun an Sciathán Thiar a thógáil in 2020 agus go bhfuil beagnach gach ceann de na spásanna oifige leithdháilte ar fhoireann na parlaiminte; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach n-úsáidtear an infheistíocht is mó agus is costasaí i bhfoirgnimh le blianta beaga anuas mar gheall ar ráta áitíochta an-íseal de na foirgnimh;

    Ceaintíní

    118.

    ag tabhairt dá haire go ndearna an tArd-Rúnaí cinneadh an 22 Márta 2021 deireadh a chur leis an gCoiste Maoirseachta um Cheaintíní, Cafeterias agus an Siopa Foirne (CORECA) bunaithe ar an bhfíoras go bhfuil na gníomhaíochtaí uile san earnáil in áitreabh na Parlaiminte tar éis oibriú faoi chonarthaí lamháltais ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, ar conarthaí iad a fheidhmíonn gan aon rannpháirtíocht dhíreach ó bhuiséad na Parlaiminte; á chreidiúint, áfach, gur pointe teagmhála úsáideach a bhí in CORECA idir seirbhísí inniúla na Parlaiminte agus an Coiste Foirne maidir leis an tairiscint bia agus na seirbhísí lónadóireachta, agus go mbeadh sé úsáideach, mar shampla, ról a thabhairt don fhoireann agus aiseolas a fháil uathu maidir leis an oiriúnú a rinneadh le déanaí ar an tairiscint bia i roinnt ionad; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Ardrúnaí CORECA nó pointe teagmhála comhchosúil a athbhunú chun ról a thabhairt d’ionadaithe foirne;

    119.

    ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn ceaintín na Parlaiminte ar urlár -1 fhoirgneamh Spinelli, anuas ar an an meath ar cháilíocht an bhia a chuireann sé ar fáil, plódaithe go minic ag buaicuaireanta, rud a fhágann scuainí fada agus amanna feithimh; á chur in iúl gur oth léi freisin gur laghdaigh Astrid Lulling Lounge a gcuireann sí ar fáil agus nach bhfuil ach béile te amháin ar fáil ar bhonn; á iarraidh ar an mBiúró machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le rogha bia níos éagsúla agus ar an bhféidearthacht roinnt srianta rochtana a fhorchur ar na ceaintíní i bpríomhfhoirgnimh na Parlaiminte;

    120.

    á mheabhrú go bhforáiltear le sonraíochtaí teicniúla na gconarthaí lamháltais don oibleagáid réiteach a thairiscint chun freagairt d’éadulaingtí bia arna iarraidh sin roimh ré; á chur i bhfios nach bhfuil formhór mór na gcliant go hiomlán ar an eolas go bhfuil coinníollacht den sórt sin ann agus, i gcás ar bith, nach leor í don tseirbhís a sholáthraítear i bParlaimint na hEorpa; á iarraidh go mbeadh tuilleadh cumarsáide agus faisnéise dírí ann maidir le sonraíochtaí ailléirgin sna béilí a mholtar; ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh rogha béile úr amháin ar a laghad saor ó ghlútan ar fáil gach lá i gceaintíní agus caifitéirí na Parlaiminte chomh maith le roghanna lena gcuirtear srianta cothaithe eile san áireamh go soiléir;

    Slándáil

    121.

    ag tabhairt dá haire gur ullmhaíodh inmheánú na seirbhísí slándála ginearálta i Lucsamburg le linn 2021 trí na nósanna imeachta earcaíochta go léir a eagrú agus obair leantach a dhéanamh orthu agus oiliúint ionduchtúcháin a chur ar fáil do 115 ghníomhaire; ag tabhairt dá haire gur tháinig an t-inmheánú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfágann tairiscint post i ngrúpa feidhme I agus an tuarastal gaolmhar go bhfuil sé deacair foireann speisialaithe a mhealladh agus a earcú ó na Ballstáit uile i réimse na slándála; á athdhearbhú gur cúis bhuarthadi go háirithe an staid i Lucsamburg, áit a bhfuil an pá sin níos ísle ná an pá íosta idirghairmiúil, lena gcuirtear iallach ar an bParlaimint dul i muinín cúitimh shóisialta; á athdhearbhú, dá bhrí sin, gur cheart don Pharlaimint an fíorphráinn a bhaineann le comhéifeacht cheartúcháin a chruthú do Lucsamburg a chur in iúl don Choimisiún;

    122.

    ag tabhairt chun suntais tionscadal Integrated Physical Access Control System (iPACS) [an Chórais Chomhtháite um Rialú ar Rochtain Fhisiciúil] arb é is aidhm dó córas rialaithe rochtana fisiciúla atá láidir, éifeachtúil agus nuálach a chur ar fáil don Pharlaimint; ag tabhairt dá haire go raibh moill ar chur chun feidhme an tionscadail in 2020 mar gheall ar eisiamh féideartha faoi Airteagal 136(1)(c) den Rialachán Airgeadais ón gconraitheoir roghnaithe; ag tabhairt dá haire, agus í buíoch dá réir, an comhar idir AS SAFE agus AS INLO lenar féidir an obair theicniúil go léir a atosú ó mhí an Mheithimh 2021 ar aghaidh agus foirgnimh uile na Parlaiminte a chomhtháthú sa chóras; á chur in iúl gur geal léi dáileadh suaitheantas rochtana an-slán agus neamh-dhúblach ar gach Feisire, APAnna agus soláthraithe seachtracha;

    123.

    a chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an córas aslonnaithe i bhfoirgnimh na Parlaiminte bunaithe den chuid is mó ar shaorálaithe slándála, agus á chur i bhfios go láidir na deacrachtaí a bhaineann lena n-earcú i bhfoirgnimh ina bhfuil níos lú foirne riaracháin ann agus ag cur san áireamh gur féidir le saorálaithe a bheith ar mhodh teilea-oibre freisin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a bheith ag brath ar oibrithe deonacha oilte atá in ann daoine atá i láthair i bhfoirgneamh na Parlaiminte a threorú agus tacú leo le linn ionsamhlúcháin aslonnaithe agus fíoréigeandálaí;

    124.

    á iarraidh ar na seirbhísí slándála a rialaíonn rochtain ar fhoirgnimh na Parlaiminte teacht ar réiteach réasúnach do ghrianghrafadóirí seachtracha a oibríonn in áitreabh na Parlaiminte ar bhonn laethúil agus a bhfuil orthu cuid mhór trealaimh ghairmiúil a iompar tríd an rialú slándála gach uair, mar shampla trí chead a thabhairt dóibh an rochtain shonrach a úsáid don phreas;

    125.

    a chur i bhfios go n-éilítear le rochtain ar fhoirgnimh na Parlaiminte ag an deireadh seachtaine go mbeadh tinreamh sínithe ar chlár páipéir agus, bunaithe ar fhadhbanna a bhí ann roimhe seo leis an modh sin, á mholadh go láidir go gcuirfí córas níos iontaofa agus níos éifeachtaí i bhfeidhm;

    Lorg comhshaoil oibríochtaí agus soghluaisteacht na Parlaiminte

    126.

    ag tabhairt dá haire an anailísiú ar bhearnaí maidir le feidhmíocht chomhshaoil reatha na Parlaiminte a rinne Aonad EMAS an 14 Nollaig 2021; ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte tuarascáil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá dírithe ar na bearnaí a dhúnadh chun na spriocanna uile a bhaint amach in am arna roghnú ag Meitheal an Bhiúró um Fhoirgnimh, um Iompar agus um an Pharlaimint Ghlas;

    127.

    ag tabhairt dá haire, agus í buíoch dá réir, go bhfuil astaíochtaí in 2021 níos ísle ná mar a bhí in 2019, le 2 501 tona CO2; á chur in iúl gur geal léi gur dócha go gcoinneofar roinnt cleachtas a forbraíodh nó a leathnaíodh in 2020 agus in 2021 chun leanúnachas gnó a áirithiú agus a bhí tairbheach d’fheidhmíocht chomhshaoil na Parlaiminte amach anseo, go háirithe bearta a bhaineann leis an digitiú agus leis an teilea-obair, a chabhraigh leis an tomhaltas páipéir a laghdú (11,8 kg/FTE in 2021 i gcomparáid le 28,1 kg/FTE in 2019), iompar doiciméadachta idir na trí áit oibre (49 tona CO2 i gcomparáid le 72 tona in 2019) agus na hastaíochtaí CO2 a eascraíonn as comaitéireacht agus taisteal;

    128.

    á mheabhrú gurb ionann iompar daoine agus thart ar dhá thrian de lorg carbóin na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gurbh ionann na hastaíochtaí CO2 ó na comaitéireachtaí míosúla go Strasbourg in 2021 agus thart ar 490 tona CO2 lena n-áirítear taisteal foirne agus APAanna, agus iompar doiciméad agus trealaimh; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Pharlaimint na hEorpa astaíochtaí CO2 a laghdú trí thraenacha cairte agus tríd an ‘tionscnamh gan pháipéar’ chun a lorg carbóin a laghdú;

    129.

    ag tabhairt dá haire gur reáchtáladh 15 sheisiún iomlánacha in 2021, a raibh 14 cinn acu i bhformáid hibrideach (5 cinn sa Bhruiséil, 7 in Strasbourg agus 2 mhionseisiún sa Bhruiséil), agus reáchtáladh mionseisiún sa Bhruiséil san fhormáid chaighdeánach; ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 2 227 207 an costas a bhí ar thraenacha cairtfhostaithe Thalys ag comaitéireacht go Strasbourg in 2021 agus gurbh ionann costas na misean agus EUR 9 578 266, agus é á chur san áireamh gur oibrigh ateangairí seachtracha go cianda, rud a laghdaigh an costas iomlán i gcomparáid leis na blianta roimh an bpaindéim; ag tabhairt dá haire gur cuireadh traenacha cairtfhostaithe Thalys ar ceal ó mhí Eanáir go dtí mí na Bealtaine 2021 agus nár cuireadh ach traein amháin i bhfeidhm do mhí an Mheithimh agus mí Iúil 2021, rud a d’fhág go raibh coigilteas iomlán EUR 1 659 845 ann don bhliain 2021; ag tabhairt dá haire gur laghdaíodh an caiteachas ar mhisin foirne go Strasbourg in 2021 faoi EUR 18 248 274 i gcomparáid leis an gcaiteachas iomlán in 2018;

    130.

    ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh fionraí na bpáirtseisiún in Strasbourg le coigilteas iomlán de EUR 26 260 608 a bhaint amach de réir Ardrúnaíocht na Parlaiminte agus lorg carbóin na Parlaiminte á laghdú go suntasach freisin; ag tabhairt chun suntais go measann an Chúirt go bhféadfadh ‘sábháil bhliantúil EUR 114 mhilliún móide coigilt aonuaire EUR 616 mhilliún a ghiniúint má dhéantar foirgnimh Strasbourg a dhífheistiú go rathúil, nó costas aonuaire EUR 40 milliún mura ndéanfar foirgnimh Strasbourg a dhífheistiú go rathúil’;

    131.

    ag tabhairt dá haire gurbh ionann costas iomlán an fhuinnimh agus an téimh in 2021 agus EUR 13 157 982 (2 259 496 i Lucsamburg, EUR 3 102 010 in Strasbourg agus EUR 7 796 476 sa Bhruiséil), agus gurb ionann costais mheasta fuinnimh agus téimh bhliantúla áitreabh na Parlaiminte le haghaidh 2022 agus EUR 41 020 327 agus EUR 42 150 000 na leithreasuithe buiséadacha do 2023 chun na críche sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtiocfaidh méadú breise ar phraghsanna fuinnimh amach anseo mar thoradh ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair agus go ndéanfar, dá bhrí sin, difear mór do bhuiséad na Parlaiminte, ionas go mbeidh bearta coigiltis fuinnimh comhréireacha agus éifeachtacha bunriachtanach;

    132.

    a chur in iúl gur geal léi suiteáil painéil ghréine fhótavoltacha ar fhoirgnimh Spinelli, Montoyer 70, Brandt agus Antall sa Bhruiséil; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an cinneadh chun staidéar nua a sheoladh maidir le táirgeadh leictreachais ar an láthair in Strasbourg chun na sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus chun féachaint ar réitigh nua; ag spreagadh an Bhiúró, thairis sin, cinneadh a dhéanamh an oiread painéal fótavoltach is indéanta agus is úsáideach a shuiteáil bunaithe ar thorthaí an staidéir;

    Bearta coigilte fuinnimh

    133.

    ag aithint, i bhfianaise shampla na mbeart a rinneadh i roinnt mhaith Ballstát agus in institiúidí eile de chuid an Aontais, go mbeadh coigilteas suntasach measta os cionn EUR 2,5 milliún san iomlán mar thoradh ar an gcinneadh a ghlac an Biúró an córas téimh a mhúchadh agus chun ligean don fhoirgneamh titim go dtí teocht íosta ó thráthnóna Déardaoin go maidin Dé Luain agus thar na tréimhsí saoire; á iarraidh ar an bParlaimint, áfach, teocht leordhóthanach a ráthú i bhfoirgnimh na Parlaiminte ó Luan go hAoine mar ghnáthlaethanta oibre; á chur in iúl an gá atá le tomhaltas fuinnimh a laghdú agus ag cur béim ar an bhfíoras gur gá bearta coigilte teasa a bheith comhoiriúnach i gcónaí le leas na foirne;

    134.

    á mheabhrú gur gné ríthábhachtach iad réitigh éifeachtúla soilsithe d’inbhuanaitheacht foirgneamh; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar meastóireacht ar shoilse LED ísealfhuinnimh a chur in ionad soilsiú atá ann cheana i bhfoirgnimh na Parlaiminte nuair is féidir agus nuair is indéanta; ag tabhairt dá haire nach bhfuil brathadóirí gluaisne feistithe in oifigí sna foirgnimh sin de chuid na Parlaiminte sa Bhruiséil atá ar cíos nó atá ag feitheamh ar chinneadh maidir lena dtodhchaí agus go ndealraíonn sé nach n-oibríonn na brathadóirí gluaisne i roinnt oifigí i bhfoirgneamh Spinelli i gceart; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil brathadóirí gluaisne feistithe ar gach oifig in Strasbourg, agus, i Lucsamburg, go bhfuil foirgneamh nua Adenauer feistithe le múchadh uathoibríoch bunaithe ar easpa gluaiseachta; ag iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go suiteálfar brathadóirí gluaisne sa Bhruiséil chomh luath agus is féidir atá ag feidhmiú go hiomlán aon áit is féidir chun tomhaltas fuinnimh a laghdú; tuigeann sí an gá atá le tomhaltas leictreachais a laghdú, ach á iarraidh go mbeadh bearta coigilte soilsiúcháin comhoiriúnach le leas na foirne;

    Soghluaisteacht

    135.

    á thuiscint gurb é príomhghnó na ngluaisteán seirbhíse iompar na bhFeisirí, lena n-áirítear an turas idir an Bhruiséil agus Strasbourg; á chur i bhfios nach raibh 15 % ar an meán de na suíocháin a bhí ar fáil sa chabhlach seirbhíse áitithe don turas sin in 2021; ag athdhearbhú a hiarrata ar riarachán na Parlaiminte an grúpa úsáideoirí a leathnú agus a áirithiú go bhfuil suíocháin na bhFeisirí slán, i.e. cead a thabhairt d’fhoireann na Parlaiminte taisteal gan Feisire a bheith i láthair, agus nuashonruithe rialta a thabhairt ar líon na suíochán atá ar fáil, liosta ionadaithe agus spriocdhátaí comhleanúnacha a bhunú chun an turas a dheimhniú;

    136.

    á chur in iúl gur geal léi go bhfuil 138 spás páirceála curtha in áirithe d’fheithiclí leictreacha ar shuíomh na Bruiséile, agus stáisiún luchtaithe ag gach ceann acu, móide 12 aonad do veaineanna seachadta na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire, tar éis an chead comhshaoil is déanaí, a d’eisigh na húdaráis áitiúla i mí Aibreáin 2021 d’fhoirgneamh Spinelli, go bhfuil gá le córas spré-uiscithe don charrchlós mór sin faoi thalamh atá feistithe le stáisiúin luchtaithe agus go suiteálfar é in 2022, rud a fhágfaidh go bhféadfar 20 stáisiún luchtaithe breise a shuiteáil; á iarraidh ar AS INLO sceideal a dhearadh agus a chur chun feidhme maidir le stáisiúin luchtaithe chun cosc a chur ar fheithiclí aonair spotaí aonair a bhlocáil ar feadh tréimhsí fada ama; ag spreagadh na Parlaiminte chun leanúint de leathnú uaillmhianach a dhéanamh ar an mbonneagar luchtaithe leictreachais do gach cineál feithicle;

    137.

    ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh limistéir pháirceála rothar nua in 2021 i bhfoirgnimh Scholl agus Adenauer; ag iarraidh ar an riarachán measúnú a dhéanamh ar riachtanais reatha na foirne ó thaobh spásanna páirceála rothar laistigh agus lasmuigh d’fhoirgnimh na Parlaiminte agus, más gá, líon na spásanna atá ar fáil a mhéadú;

    138.

    a chur in iúl gur geal léi go bhféadfadh baill foirne rothair chaighdeánacha agus leictreacha a fháil ar cíos le linn na seisiún páirtaimseartha in Strasbourg; á chur in iúl gur oth léi gur iondúil go mbíonn na rothair curtha in áirithe go hiomlán níos mó ná seachtain roimh ré; á iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht níos mó rothar ar cíos a thairiscint in Strasbourg chun freastal ar éileamh na bhFeisirí agus na foirne agus rannchuidiú le soghluaisteacht inbhuanaithe a fheabhsú;

    Airgeadas agus riarachán

    139.

    á chur i bhfios go bhfuil tionchar crosghearrthach ag cinntí buiséadacha, riaracháin agus foirne arna ndéanamh ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte ar an riarachán, rud a dhéanann difear do chéim an chur chun feidhme, mar shampla, seirbhísí seachas na cinn a beartaíodh ar dtús; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an Ard-Rúnaí measúnú tionchair réalaíoch ar bhuiséad, riarachán agus foireann na Parlaiminte a áireamh ina thograí amach anseo sula ndéanfar an plé i gcomhlachtaí rialaithe na Parlaiminte;

    140.

    á iarraidh go gcuirfí deireadh le húsáid cuideachtaí seachtracha a leanann, de réir rangú Ollscoil Yale (7) , de bheith ag feidhmiú sa Rúis;

    141.

    ag tabhairt dá haire nach n-áirítear san athbhreithniú deireanach ar na rialacha lena rialaítear fáiltiú grúpaí cuairteoirí ón 18 Eanáir 2021 machnamh ar imthosca force majeure a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le cuairteanna a chur ar ceal; á iarraidh ar an mBiúró machnamh a dhéanamh ar ghlacadh le stailc náisiúnta mar imthoisc force majeure agus cuairt ghrúpa eagraithe á cur ar ceal, ós rud é gur minic a dhéantar laethanta stailce náisiúnta a fhógairt ag céim i bhfad níos déanaí agus tar éis na ticéid a bheith ceannaithe agus go bhfuil sé an-deacair cuairt ghrúpa a chur ar ceal an nóiméad deireanach agus a bheith in ann na costais airgeadais go léir a tabhaíodh agus an chuairt á heagrú a aisghabháil;

    JSIS

    142.

    á iarraidh ar an mBiúró a áirithiú go soláthrófar leis an gcomhscéim um árachas breoiteachta (JSIS) míniú comhleanúnach agus aonair maidir le laghdú ar iarraidh ar aisíocaíocht; ag tabhairt dá haire go ndéanann an cultúr a bhaineann le hiarratas ar aisíocaíocht a laghdú i bhformáid pdf gan an fhéidearthacht a bheith ann agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh go pearsanta deacrachtaí áirithe a fhorchur ar na hiarratasóirí a dhéanann iarratas ar aisíocaíocht; á iarraidh ar an mBiúró breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a thabhairt isteach do dhochtúirí áitiúla atá i gceannas ar chóireáil iarratasóra labhairt leis an aonad freagrach JSIS nó leis an sainghrúpa chun míniú a thabhairt ar an gcóireáil agus ar na sochair leighis; á chur in iúl gur mian léi feabhas a chur ar a sholáimhsithe atá an feidhmchlár don úsáideoir ionas go bhféadfar iarrataí aonair a leanúint ar bhealach níos gasta agus níos dírí; á iarraidh go ndéanfaidh na comhlachtaí ábhartha in JSIS na forbairtí leighis agus na gnóthachain eolais is déanaí a chur san áireamh go cuí agus go rialta agus liosta na gcóireálacha agus na ndrugaí incháilithe á thabhairt cothrom le dáta;

    Taisteal agus spensais na bhFeisirí

    143.

    ag meabhrú mholadh na Cúirte gur cheart don Pharlaimint na hathruithe is gá a chur chun feidhme chun a áirithiú nach n-íocann sí liúntais chothaithe laethúla ach le Feisirí a cháilíonn dóibh, rud a ghlac an Pharlaimint leis; á mheabhrú gur chinn an Biúró an tionscadal chun an clár tinrimh lárnach agus an clár tinrimh iomlánach le teicneolaíocht bhithmhéadrach a uathoibriú i mí an Mheithimh 2019, go ndearna riarachán na Parlaiminte an chéad bhaisc moltaí a thíolaic an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) i mí an Mhárta 2021 a chomhtháthú sa tionscadal agus go bhfuiltear ag fanacht lena mholtaí deiridh anois; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur céim bhunriachtanach é úsáid na teicneolaíochta nua agus uathoibriú an chláir tinrimh i dtreo dhigitiú na bpróiseas airgeadais arb é is aidhm dóibh an chalaois agus an pearsanú a sheachaint, éifeachtúlacht riaracháin a mhéadú agus dlús a chur le híocaíochtaí teidlíochtaí gaolmhara, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí é trí bhíthin réiteach éifeachtúil agus sábháilte leis na ráthaíochtaí uile is gá maidir le cosaint sonraí;

    144.

    ag tabhairt dá haire gur sheol an Pharlaimint tionscadal in 2019 chun clárú an tinrimh a uathoibriú trí theicneolaíocht bhithmhéadrach sa chlár lárnach tinrimh agus gur shínigh sí conradh don tionscadal sin ag deireadh 2020; á chur i bhfáth gur cheart próiseáil mórscála sonraí bithmhéadracha a sheachaint; á iarraidh ar an mBiúró réiteach malartach a fhorbairt nach mbaineann próiseáil sonraí bithmhéadracha leis agus lena n-áirithítear nach bhfaighidh ach na Feisirí atá ina theideal an liúntas cothaithe laethúil i ndáiríre; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuiltear fós ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal sin in ainneoin na tuairime neamhfhabhraí ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ag deireadh mhí an Mhárta 2021 agus a athdhearbhaíodh sa Tuarascáil Bhliantúil uaidh le haghaidh 2021 inar luadh gur cheart do Pharlaimint na hEorpa féachaint ar roghanna eile i dtaca le cosaint sonraí nach mbaineann an cur isteach céanna leo;

    145.

    á chur in iúl gur geal léi an fógra ón Uachtarán an 21 Samhain 2022 maidir le meitheal ad hoc Biúró a chruthú chun athchóiriú críochnúil a dhéanamh ar IMMS chun na forálacha a oiriúnú do na forbairtí reachtacha a rinneadh le déanaí, do chleachtais nua na bhFeisirí agus do na moltaí ón iniúchóir inmheánach agus comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil á háirithiú ag an am céanna; á mholadh go láidir go ndéanfaí comhairliúchán cuimsitheach leis na Feisirí agus le seirbhísí ábhartha an riaracháin roimh dheireadh an tsainordaithe reatha chun faisnéis phearsanta ó Fheisirí agus ó oifigigh a bhfuil taithí acu a chur ar fáil don mheitheal sin maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil na rialacha lena rialaítear an Pharlaimint agus maidir leis an gcumas chun neamhréireachtaí a shainaithint amhail na rialacha a bhaineann leis an amchlár agus leis na cathracha chun clár tinrimh na bhFeisirí a oscailt i ndáil le seisiúin iomlánacha, misin agus gníomhaíochtaí parlaiminteacha eile;

    146.

    á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil aon chóras i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir leis na Feisirí leanúint dá bpríomhdhualgais a chomhlíonadh, ag labhairt go príomha i ndíospóireachtaí agus i vótáil, nuair a bhíonn siad as láthair go sealadach ar chúis a bhfuil údar cuí léi, amhail saoire do thuismitheoirí, saoire bhreoiteachta fhadtéarmach nó saoire cúramóra; á mheas go bhfuil fadhb leis sin ós rud é go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar ionadaíocht na saoránach sa Pharlaimint agus go háirithe ar ionadaíocht níos óige, go háirithe mná, Feisirí; ag tabhairt dá haire na hathruithe i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte an 20 Nollaig 2020 lena gceadaítear cianvótáil ach amháin ar choinníoll go mbunaíonn an tUachtarán imthosca urghnácha; á athdhearbhú a hiarraidh, arna glacadh ar an leibhéal Iomlánach roinnt uaireanta, ar an mBiúró athbhreithniú ar na Rialacha Nós Imeachta a sheoladh chun a chur ar chumas na bhFeisirí a ndualgais a fheidhmiú le linn neamhláithreachtaí a bhfuil údar cuí leo, agus ar an gcaoi sin leas a bhaint as an iarracht mhór agus as an infheistíocht airgeadais atá déanta ag an bParlaimint i réitigh theicniúla chun cianvótáil a cheadú;

    147.

    á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint, i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo, go ndéanfaí athchóiriú ar an GEA chun caiteachas na cnapshuime sin a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cuntasaí; ag tabhairt dá haire an fógra ag cruinniú an Bhiúró an 7 Márta 2022 maidir le meitheal ad hoc den Bhiúró maidir le GEA a bhunú, a bhfuil sé de chúram uirthi meastóireacht a dhéanamh ar oibriú chinneadh ón mBiúró an 2 Iúil 2018 lena mbunaítear liosta speansas a d’fhéadfaí a íoc ó GEA ar bhonn na taithí a fuarthas le linn an 9ú téarma parlaiminteach; ag tabhairt faoi deara gur ghlac an Biúró, ag cruinniú an 17 Deireadh Fómhair 2022, sraith leasuithe ar IMMS lena soiléirítear na rialacha is infheidhme maidir le teidlíocht agus úsáid GEA agus bearta atá dírithe ar thrédhearcacht a mhéadú agus deimhneacht dhlíthiúil níos mó a sholáthar maidir le teideal chun an liúntais; á thabhairt chun suntais gur iarradh ar an Meitheal ad hoc aird chuí a thabhairt ar ghnéithe de thrédhearcacht, de chuntasacht agus de bhainistíocht fhónta airgeadais na gcistí a chuirtear ar fáil do na Feisirí, agus aird á tabhairt ar phrionsabal na saoirse agus neamhspleáchas an tsainordaithe pharlaimintigh agus ar an gcuspóir gan ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a chruthú d’Fheisirí, dá n-oifigí agus do sheirbhísí na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé saorchead ag na Feisirí an úsáid a bhaineann siad as na cistí faoi GEA a dhoiciméadú, go mion nó de réir cineál costais, astu féin nó le tacaíocht ó iniúchóir seachtrach, agus an fhaisnéis sin a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach ar a leathanach ar líne ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte i gcomhréir le mír 4 agus mír 5 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar liosta simplithe de chineálacha costas a chomhtháthú in IMMS agus go nglactar freisin leasú lena soiléirítear an fhéidearthacht do na Feisirí GEA a úsáid i gcás go n-ídeofar lamháltais eile;

    148.

    á mheabhrú, de bhun Riail 11(4) de na Rialacha Nós Imeachta, go dtugann an Pharlaimint an deis d’Fheisirí cheana féin iniúchadh deonach nó deimhniú ar a speansais a fhoilsiú agus á chur in iúl gur oth léi nár tíolacadh ach 18 gcinn de dhearbhuithe deonacha maidir le húsáid GEA le linn na bliana féilire 2021; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte meabhrúchán bliantúil a sheoladh chuig na Feisirí i ndáil leis an bhféidearthacht sin;

    149.

    á mheabhrú gur mhol an tOmbudsman Eorpach (‘an tOmbudsman), i gcás 1651/2018/THH, rochtain phoiblí a thabhairt ar thogra ó mheitheal ad hoc an Bhiúró maidir leis an athbhreithniú ar liosta na speansas a d’fhéadfaí a íoc ó GEA; á chur in iúl gurb oth léi gur dhiúltaigh Parlaimint na hEorpa do mholadh an Ombudsman agus ag tathant ar riarachán Pharlaimint na hEorpa athmhachnamh a dhéanamh ar rochtain phoiblí a dheonú ar na doiciméid i dtrácht;

    150.

    ag tabhairt dá haire gurbh ionann na gnáthchostais taistil in 2021 agus EUR 40 338 767; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar an mbeartas praghsála a chuireann an ghníomhaireacht taistil i bhfeidhm chun an tsolúbthacht a theastaíonn ón bParlaimint agus roghanna nach bhfuil chomh costasach céanna a chomhréiteach; á chur i bhfios nach mbíonn na tograí taistil a chuireann an ghníomhaireacht taistil ar fáil d’Fheisirí an-éasca le léamh uaireanta agus go nglacann siad rófhada le teacht, go mbíonn tionchar ag na tograí sin ar phraghas na roghanna atá á dtairiscint nó fiú ar infhaighteacht na roghanna taistil; ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte suirbhé sásaimh a dhéanamh ar na seirbhísí a thairgtear, atá dírithe ar na Feisirí go léir, ní hamháin ar chliaint rialta, chun a fháil amach cad iad na fadhbanna a d’fhéadfadh cosc a chur ar chuid acu áirithint a dhéanamh leis an ngníomhaireacht taistil; á chur i bhfios gur minic a thagann orduithe misin do bhaill foirne róghar don dáta taistil fiú má chomhaontaítear an misean i bhfad níos luaithe, a mbíonn tionchar diúltach acu freisin ar na tairiscintí atá ar fáil, agus ag iarraidh ar an riarachán feabhsuithe ar an staid sin a lorg;

    151.

    ag tabhairt dá haire, in 2021, nuair a chuathas i dteagmháil léi i gcomhthéacs mhisean Thoscaireacht na Parlaiminte don Chaidreamh le Tíortha Mheiriceá Láir (DCAM), nach bhféadfadh an ghníomhaireacht taistil luachan a sholáthar d’eitiltí chuig Cúba agus uaidh toisc, mar chuideachta atá faoi úinéireacht na Stát Aontaithe, go gcaithfidh sí trádbhac na Stát Aontaithe i gcoinne Chúba a urramú; ag tabhairt dá haire go raibh ar an ngníomhaireacht taistil cuardach na n-eitiltí thuasluaite a sheachfhoinsiú chuig gníomhaireacht eile, rud a d’fhág go raibh moill ar an bpróiseas; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar chomhlachtaí na Parlaiminte luachan óna gníomhaireacht taistil a úsáid chun ráiteas airgeadais a bhunú le haghaidh misean, a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag srianta a bhaineann le Cúba agus tíortha eile ar a bhfuil smachtbhannaí forchurtha ag na Stáit Aontaithe orthu; á éileamh go gcuirfear an tsaincheist sin san áireamh go cuí sa chéad tairiscint eile chun gníomhaireacht taistil nua a roghnú;

    152.

    á iarraidh ar AS FINS modheolaíocht shoiléir freagrachta a bhunú, atá i gcomhréir le caighdeáin an smachta reachta, idir comhaltaí, gníomhairí íocaíochta, cúntóirí, agus soláthraithe seirbhíse, go ráthófar, i gcás earráidí nó mí-úsáidí a bhaineann le híocaíochtaí nó le hidirbhearta airgeadais eile, nach dtabharfar ach an páirtí a rinne an earráid nó an mhí-úsáid cuntasach agus freagrach; á chur i bhfáth nár cheart smachtbhannaí a chur i leith an pháirtí a rinne an earráid agus atá freagrach as mí-úsáid cistí ach amháin;

    153.

    a chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di méid na gcumhachtaí lánroghnacha atá ag baill foirne fhreagracha AS FINS agus meastóireacht á déanamh ar iarrataí na gcomhaltaí, lena n-áirítear nuair a bhíonn conarthaí an tsoláthraí fostaíochta nó an tsoláthraí seirbhíse á roghnú le haghaidh fíorú breise ex post; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa sásraí agus nósanna imeachta foirmiúla cuntasachta ann chun próis chuí a áirithiú in imeachtaí le AS FINS, rud a mhéadaíonn an baol idirdhealaithe agus cóireála neamh-chomhionann; á mheabhrú do AS FINS caighdeáin thrédhearcacha, shoiléire agus neamh-idirdhealaitheacha a chur i bhfeidhm lena n-áirítear agus rialuithe á ndéanamh aici ar chomhlíonadh na gcúraimí a dhéanann cúntóirí áitiúla;

    Ciste Pinsin Deonach

    154.

    á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurbh ionann easnamh achtúireach an Chiste Pinsin Deonaigh (VPF) an 31 Nollaig 2021 agus EUR 379 milliún (i gcomparáid le EUR 371.3 milliún an 31 Nollaig 2020); á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuiltear ag súil leis an ídiú iomlán faoi dheireadh 2024 nó 2025 ar a dhéanaí agus idir an dá linn go leanfaidh VPF de shócmhainní a dhíol chun a oibleagáidí pinsin a chomhlíonadh, rud a chiallaíonn gur dócha go laghdófar an caipiteal atá fágtha; á mheabhrú an cinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 lena méadaítear an aois scoir ó 63 bliana go 65 bliana agus lena dtugtar isteach tobhach 5 % ar íocaíochtaí pinsin do phinsinéirí amach anseo d’fhonn inbhuanaitheacht VPF a fheabhsú; ag tabhairt dá haire, ina breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2021 i gcásanna T-720/19 go T-725/19, Ashworth agus Daoine Eile v Parlaimint na hEorpa (8), gur chinn an Chúirt Ghinearálta nach raibh tionchar ag an gcinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 ar cuireadh go láidir ina choinne ar chearta a fuarthas cheana agus gur dheimhnigh sí inniúlacht an Bhiúró cinntí a ghlacadh arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht an chiste a fheabhsú ar choinníoll go n-urramaíonn siad prionsabal na comhréireachta; ag tabhairt dá haire gur taisceadh achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcoinne a breithiúnais an 15 Meán Fómhair 2021 agus, idir an dá linn, go bhfuil scrúdú á dhéanamh ag Biúró na Parlaiminte ar na himpleachtaí do thograí amach anseo do roghanna chun inbhuanaitheacht an chiste a fheabhsú agus dliteanas na Parlaiminte á laghdú ag an am céanna; ag tathant ar an Ardrúnaí, dá bhrí sin, bearta indéanta breise a mholadh don Bhiúró maidir le módúlachtaí an chiste a choigeartú;

    155.

    á iarraidh ar an mBiúró cabhrú le soiléiriú a dhéanamh ar theidlíochtaí na bhFeisirí agus na n-iar-Fheisirí, a fhaigheann roinnt pinsean mar gheall ar sheasaimh in institiúidí an Aontais; ag tabhairt chun suntais cás na n-iar-Choimisinéirí agus faisnéis a iarraidh más féidir na híocaíochtaí cistí pinsin deonacha a eisíoc sa bhreis ar theidlíochtaí a eascraíonn as a gcearta pinsin Choimisinéirí agus dá mbeadh sé d’oibleagáid ar iarrthóirí ar an gCoimisinéir an fhaisnéis sin a nochtadh; á iarraidh ar an bParlaimint a shoiléiriú an féidir pinsin a asbhaint go frithpháirteach agus go páirteach;

    156.

    á iarraidh ar an mBiúró réamh-mheastachán mionsonraithe costais don chiste do na blianta atá le teacht a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh; agus obair leantach a dhéanamh maidir le teacht ar réiteach indéanta, dlíthiúil agus cothrom i bhfianaise phráinn an ábhair; á iarraidh ar an Ardrúnaí a ráthú nach n-úsáidfear aon airgead ó cháiníocóirí le haghaidh tarrtháil amach anseo;

    157.

    ag aithint nach bhfuil baint ag an bParlaimint le bainistiú na punainne ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hairteagail a foilsíodh sa phreas faoi na hinfheistíochtaí a rinne VPF agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann do chlú na hinstitiúide; á chur i bhfios go láidir gur cheart infheistíochtaí a ailíniú agus a bheith comhleanúnach leis na spriocanna agus na cuspóirí a leagtar síos le beartais an Aontais; á iarraidh ar bhord comhairleach an chiste athbhreithniú a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí leanúnacha uile nach bhfuil i gcomhréir le luachanna agus spriocanna an Aontais;

    Tuarascáil bhliantúil ar chonarthaí a dámhadh

    158.

    á mheabhrú go leagtar síos sa Rialachán Airgeadais an fhaisnéis atá le soláthar don údarás buiséadach agus don phobal maidir le dámhachtain conarthaí ag an institiúid; ag tabhairt dá haire go gceanglaítear leis an Rialachán Airgeadais go bhfoilseofaí conarthaí a dhámhtar ar mó a luach ná EUR 15 000, luach a chomhfhreagraíonn don tairseach a mbeidh nós imeachta iomaíoch tairisceana éigeantach os a cionn; ag tabhairt dá haire, as iomlán 221 chonradh a dámhadh in 2021, go raibh 80 díobh bunaithe ar nósanna imeachta oscailte nó srianta, a raibh luach EUR 761.1 milliún orthu, agus go raibh 135 acu bunaithe ar nósanna imeachta idirbheartaithe, ar luach EUR 253.5 milliún; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar líon iomlán na gconarthaí arna ndámhachtain le nósanna imeachta idirbheartaithe i dtéarmaí luacha mar chéatadán de luach iomlán na gconarthaí arna ndámhachtain ó 31 % in 2020 go 2 % in 2021 ach gur tháinig méadú air i dtéarmaí méide ó EUR 179,1 milliún in 2020 go EUR 253.5 milliún in 2021;

    159.

    ag tabhairt dá haire go léirítear mar seo a leanas an miondealú ar chonarthaí de réir cineáil a dámhadh in 2020 agus in 2021, lena n-áirítear conarthaí tógála:

    Cineál conartha

    2021

    2020

    Líon

    Céatadán (%)

    Líon

    Céatadán (%)

    Seirbhísí

    Soláthairtí

    Oibreacha

    Foirgneamh

    176

    27

    10

    8

    79,6

    12

    4,5

    3,6

    161

    21

    13

    3

    81,3

    10,6

    6,6

    1,5

    Iomlán

    221

    100

    225

    100

    Cineál conartha

    2021

    2020

    Luach (EUR)

    Céatadán (%)

    Luach (EUR)

    Céatadán (%)

    Seirbhísí

    Soláthairtí

    Oibreacha

    Foirgneamh

    634 689 038

    136 777 513

    76 247 759

    168 302 638

    62

    13

    8

    17

    457 940 293

    14 143 825

    28 291 234

    86 812 000

    77

    3

    5

    15

    Iomlán

    1 016 016 948

    100

    587 187 352

    100

    (Tuarascáil bhliantúil ar na conarthaí arna ndámhachtain ag Parlaimint na hEorpa, 2021, lch. 7)

    160.

    ag tabhairt dá haire an miondealú seo a leanas ar chonarthaí a dámhadh in 2021 agus 2020 de réir an chineáil nós imeachta a úsáideadh, i dtéarmaí líon agus luach:

    Cineál nós imeachta

    2021

    2020

    Líon

    Céatadán (%)

    Líon

    Céatadán (%)

    Oscailte

    Srianta

    Caibidlithe

    Liosta CEI

    Eisceachtúil

    Comhpháirtíocht nuálaíochta

    DPS

    OP Luathaithe

    78

    2

    135

    2

    2

    0

    1

    0

    35

    1

    61

    1

    1

    0

    0

    0

    57

    3

    135

    1

    1

    1

    0

    0

    29

    2

    68

    0

    0

    1

    0

    0

    Iomlán

    221

    100

    198

    100

    161.

    á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Pharlaimint an 1 Meitheamh 2021 Meitheal um Sholáthar Poiblí atá Freagrach go Sóisialta agus a bhfuil na hardstiúrthóireachtaí uile páirteach inti agus gur cuireadh de chúram uirthi prionsabail agus treoracha praiticiúla a fhorbairt chun gnéithe sóisialta a chur chun feidhme níos mó i soláthar na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire gur chomhaontaigh an mheitheal ar an gcéad réamhchur chuige maidir le soláthar sóisialta ag deireadh 2021 agus go bhfuil an cur chuige sin á chur chun feidhme i gcéim tástála le linn 2022; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil oiliúint forbartha ag an bParlaimint maidir le soláthar poiblí inbhuanaithe/freagrach go sóisialta dá foireann agus go gcuirtear seirbhís deisce cabhrach ar fáil do sheirbhísí na Parlaiminte;

    Grúpaí polaitiúla (mír bhuiséid 400)

    162.

    ag tabhairt dá haire gur úsáideadh, in 2021, na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír bhuiséid 400, a sannadh do na grúpaí polaitiúla agus do na Feisirí neamhcheangailte, mar seo a leanas (9):

    Grúpa

    2021

    2020

    Leithreasuithe bliantúla

    Acmhainní dílse agus leithreasuithe a tugadh anonn

    Caiteachas

    Ráta úsáide na leithreasuithe bliantúla (%)

    Méideanna a thugtar anonn go dtí an chéad tréimhse eile

    Leithreasuithe bliantúla

    Acmhainní dílse agus leithreasuithe a tugadh anonn

    Caiteachas

    Ráta úsáide na leithreasuithe bliantúla (%)

    Méideanna a thugtar anonn go dtí an chéad tréimhse eile

    Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE)

    16 750

    10 229

    13 646

    81,47

    12 562

    17 239

    4 448

    11 489

    66,65

    10 198

    Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe (S&D)

    13 584

    9 829

    12 295

    90,51

    10 188

    13 609

    5 734

    9 533

    70,05

    9 809

    Grúpa Renew Europe (iar-Chomhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip (ALDE))

    9 192

    6 948

    6 997

    76,12

    6 894

    9 230

    3 847

    4 063

    44,02

    6 922

    Na Glasaigh/An tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach (Glasaigh/SCE)

    6 927

    4 891

    6 126

    88,43

    5 196

    6 381

    2 376

    4 054

    63,53

    4 703

    Féiniúlacht agus Daonlathas (ID)

    6 874

    4 762

    5 940

    86,42

    5 155

    7 121

    1 616

    3 976

    55,84

    4 761

    Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa (ECR)

    6 005

    3 982

    6 269

    104,39

    3 718

    5 851

    2 272

    4 145

    70,85

    3 978

    An Chlé Aontaithe Eorpach/an Chlé Ghlas Nordach (GUE/NGL)

    3 806

    2 266

    4 036

    106,05

    2 036

    3 790

    1 536

    3 060

    80,72

    2 266

    Feisirí Neamhcheangailte

    1 862

    1 041

    595

    31,94

    861

    1 726

    738

    429

    24,82

    1 041

    Iomlán

    65 000

    43 948

    55 904

    86,01

    46 611

    64 947

    22 568

    40 749

    62,74

    43 678

    163.

    á chur in iúl gur geal léi nár eisigh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha do na grúpaí polaitiúla ach tuairimí neamhcháilithe don bhliain airgeadais 2021;

    164.

    á mheabhrú go bhfuil sé beartaithe leis na leithreasuithe sin gníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, agus go bhfuil grúpaí polaitiúla freagrach don Pharlaimint as a n-úsáid; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhféadfaí na leithreasuithe sin a úsáid chun teachtaireachtaí a chur in iúl atá contrártha do chearta agus saoirsí bunúsacha nó do luachanna an Aontais; á mheabhrú go háirithe go gcáineann an Pharlaimint an t-athbhreithniúchas stairiúil agus á iarraidh go mbeadh cultúr coiteann cuimhneacháin ann lena ndiúltaítear do choireanna réimeas ollsmachtach agus forlámhach ón am atá caite; ag iarraidh ar riarachán na Parlaiminte grinnscrúdú cúramach a dhéanamh, fiú go haisghníomhach, ar aon fhoilseachán arna chistiú ag grúpaí polaitiúla nach gcomhlíonann na luachanna sin;

    Páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

    165.

    ag tabhairt dá haire ceapachán stiúrthóir nua an Údaráis don tréimhse dar tús an 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2026;

    166.

    á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag daonlathas Eorpach bríomhar agus athléimneach a bhfuil iolrachas páirtithe polaitiúla ar leibhéal an Aontais mar bhonn agus mar thaca leis; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, nach mór cothrom na Féinne a áirithiú agus comhlíonadh a rialú agus lánurraim á tabhairt do chearta nós imeachta; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, obair bhunriachtanach an Údaráis a rialaíonn go neamhspleách agus i ndlúthchomhar leis an bParlaimint comhlíonadh an chreata dhlíthiúil ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, a sholáthraíonn trédhearcacht do na saoránaigh, agus a rannchuidíonn le sláine thoghcháin na Parlaiminte; ag tathant ar an údarás buiséadach a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag an Údarás, go háirithe acmhainní daonna agus TF, lena n-áirítear saineolaithe cibearshlándála, chun leanúint den sainordú atá aige cheana a chomhlíonadh, lena n-áirítear i bhfianaise bagairtí ar chur isteach eachtrach atá ag teacht chun cinn, go háirithe chun luachanna an Aontais a chosaint, chun mí-úsáid sonraí pearsanta chun críoch toghcháin a chomhrac agus chun tionscnamh tabhartas a shainaithint, chomh maith le haon chúraimí nua atá le soláthar ag an reachtóir; á chur i bhfios go láidir sa chomhthéacs sin go mbeidh bliain na dtoghchán Eorpach 2024 ríthábhachtach do shláine airgeadais agus fheidhmiúil dhaonlathas na hEorpa agus go gcruthóidh sí formhuirear suntasach oibre don Údarás;

    167.

    ag tabhairt dá haire, ina leith sin, nach mór don Aontas Eorpach acmhainní breise a infheistiú don tsláine dhaonlathach ina iomláine; á mheabhrú gur comhlacht neamhspleách de chuid an Aontais é an tÚdarás agus, dá bhrí sin, gur cheart a leithreasuithe agus a phoist a idirdhealú ar bhealach trédhearcach ó leithreasaí agus poist na Parlaiminte; á athdhearbhú, dá bhrí sin, a moladh roinn ar leith a chruthú don Údarás i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, mar a cuireadh in iúl ar a Rún an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do 2023;

    168.

    á chur in iúl gur geal léi an obair leantach a rinne an tÚdarás ar mholtaí an Ombudsman maidir le feabhas a eisíodh i mí Eanáir 2021 i gcomhthéacs a cháis 1094/2020/DL, eadhon feabhas a chur ar an suíomh gréasáin lena gceadaítear méadú ar an méid faisnéise a chuirtear ar fáil don lucht féachana, an nasc chuig suíomh gréasáin na Parlaiminte, agus foilsiú faisnéise faoi Chlár na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;

    169.

    ag tabhairt dá haire gur úsáideadh na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír bhuiséid 402 in 2021 mar seo a leanas (10):

    Páirtí (2021)

    Giorrúchán

    Acmhainní dílse

    Aighneacht deiridh na Parlaiminte (1)

    Ioncam iomlán

    Ranníocaíocht na Parlaiminte mar % den chaiteachas inaisíoctha (uasmhéid 90 %)

    Barrachas ioncaim (aistriú chuig cúlchiste nó caillteanas)

    Páirtí an Phobail Eorpaigh

    PPE

    1 283 598

    7 737 916

    9 021 514

    90

    788 064

    Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha

    PES

    977 280

    6 217 037

    7 194 317

    90

    645 859

    Páirtí Chomhghuaillíocht na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe don Eoraip

    ALDE

    734 661

    4 504 780

    5 239 441

    90

    857 838

    Páirtí Glas na hEorpa

    PGE

    560 006

    3 597 971

    4 157 977

    90

    854 803

    Páirtí na hEite Clé Eorpaí

    ECE

    245 367

    1 557 308

    1 802 675

    90

    87 074

    An Páirtí Daonlathach Eorpach

    PDE

    112 014

    652 921

    764 935

    90

    120 482

    An tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach

    SGE

    119 583

    812 993

    932 576

    90

    103 910

    Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa

    An Páirtí ECR

    483 292

    1 432 428

    1 915 720

    78

    Gluaiseacht Pholaitiúil Chríostaí na hEorpa

    ECPM

    98 679

    708 660

    807 339

    90

    3 178

    Páirtí na Féiniúlachta agus an Daonlathais

    An Páirtí ID

    119 545

    573 595

    693 140

    90

    IOMLÁN

     

    4 734 025

    27 795 609

    32 529 634

     

    3 461 208

    170.

    ag tabhairt dá haire gur úsáideadh na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír bhuiséid 403 in 2021 mar seo a leanas (11):

    Fondúireacht (2021)

    Giorrúchán

    Cleamhnaithe le páirtí

    Acmhainní dílse

    Deontas deiridh PE

    Ioncam iomlán

    Deontas PE mar % de na costais incháilithe (uasmhéid 95 %)

    Barrachas ioncaim (aistriú chuig cúlchiste nó caillteanas)

    Ionad Léann Eorpach Wilfried Martens

    WMCES

    EPP

    480 822

    4 450 779

    4 931 601

    95,00

    161 217

    An Fhondúireacht um an Staidéar Forásach Eorpach

    FEPS

    PES

    354 391

    4 897 963

    5 252 354

    95,00

    48 172

    An Fóram Liobrálach Eorpach

    ELF

    ALDE

    369 813

    2 651 252

    3 021 065

    95,00

    221 975

    An Fhondúireacht Ghlas Eorpach

    GEF

    EGP

    146 351

    2 156 106

    2 302 456

    95,00

    20 419

    Transform Europe

    TE

    EL

    77 546

    1 218 962

    1 296 508

    94,83

    10 340

    Institiúid na nDaonlathaithe Eorpacha

    IED

    PDE

    27 763

    504 172

    531 935

    95,00

    854

    Fondúireacht Coppieters

    Coppieters

    EFA

    86 417

    520 773

    607 190

    95,00

    45 208

    New Direction – An Fhondúireacht um Athchóiriú na hEorpa

    ND

    ECR Party

    258 096

    1 519 566

    1 777 662

    95,00

    -

    Sallux

    SALLUX

    ECPM

    23 013

    366 409

    389 422

    95,00

    3 728

    Association pour l’Identite et Democratie Fondation

    Fondúireacht ID

    ID Party

    12 778

    660 075

    672 853

    95,00

    -

    Iomlán

     

     

    1 836 990

    18 946 056

    20 783 046

     

    511 913


    (1)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

    (2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (3)  Rialacha maidir le hÉisteachtaí Poiblí, Cinneadh ón mBiúró an 18 Meitheamh 2003.

    (4)  Cruinniú den Bhiúró an 13 Márta 2023 (PE-9/BUR/PV/2023-03) agus cinneadh ón mBiúró 17/04/2023 PE 422.534/BUR)

    (5)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

    (6)  Tá sé sin bunaithe ar mholadh ó Transparency International EU

    (7)  https://som.yale.edu/story/2022/over-1000-companies-have-curtailed-operations-russia-some-remain

    (8)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Meán Fómhair 2021, Richard Ashworth agus Daoine Eile v Parlaimint na hEorpa, T-720/19 go T-725/19, ECLI:EU:T:2021:580

    (9)  Gach méid i mílte EUR.

    (10)  Gach méid i mílte EUR.

    (11)  Gach méid i mílte EUR.


    Top