Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0264

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/264 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dámhachtain conarthaí le haghaidh na gníomhaíochta a bhaineann le seirbhísí bainistithe seirbhíse poist san Iodáil (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 331) (Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/331

    IO L 37, 8.2.2023, p. 7–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/264/oj

    8.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 37/7


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/264 ÓN gCOIMISIÚN

    an 18 Eanáir 2023

    maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dámhachtain conarthaí le haghaidh na gníomhaíochta a bhaineann le seirbhísí bainistithe seirbhíse poist san Iodáil

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 331)

    (Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (1), agus go háirithe Airteagal 35(3) de,

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   FÍORAIS

    (1)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Chomhairligh um Chonarthaí Poiblí.

    (2)

    An 19 Aibreán 2022, chuir Poblacht na hIodáile (‘an t-iarratasóir’) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 35(1) de Threoir 2014/25/AE (‘an iarraidh’) thar ceann Poste Italiane S.p.A. Comhlíonann an iarraidh na ceanglais fhoirmiúla a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1804 (2) ón gCoimisiún agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

    (3)

    Baineann an iarraidh le seirbhísí áirithe seachas seirbhísí poist, go háirithe seirbhísí bainistithe seomra poist. Is cuid de sheirbhísí bainistithe seirbhísí poist seirbhísí bainistithe seomra poist, arb iad na seirbhísí a bhíonn ar bun roimh agus i ndiaidh an tseolta iad. Cuid de sheirbhísí bainistithe seirbhíse poist is ea seirbhísí bainistithe seomra poist, agus is iad na seirbhísí sin an ghníomhaíocht is ábhar don iarraidh sin. Is soláthraí seirbhíse poist san Iodáil agus eintiteas conarthach é Poste Italiane S.p.A. de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2014/25/AE. Is é Poste Italiane S.p.A. an t-aon eintiteas conarthach san Iodáil a sholáthraíonn seirbhísí poist de réir bhrí Airteagal 13(2), pointe (b), de Threoir 2014/25/AE. Is é Postel S.p.A., ar fochuideachta 100 % de Poste Italiane S.p.A. é, a dhéanann an ghníomhaíocht is ábhar don iarraidh.

    (4)

    Seasamh réasúnaithe a bhfuil bunús leis arna ghlacadh ag údarás náisiúnta neamhspleách atá inniúil maidir leis an ngníomhaíocht lena mbaineann, arb údarás é dhéanann mionanailís ar an gcoinníoll i dtaca le hinfheidhmeacht Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE maidir leis an ngníomhaíocht lena mbaineann, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal sin, ní raibh seasamh den sórt sin ag gabháil leis an iarraidh. I gcomhréir le pointe 1(b), an dara fomhír, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/25/AE, ós rud é nach féidir a thoimhdiú ar bhonn na chéad fhomhíre d’Airteagal 34(3) den Treoir sin go mbeidh saor-rochtain ar an margadh, déanfaidh an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme a ghlacadh maidir leis an iarraidh laistigh de 145 lá oibre.

    2.   CREAT DLÍTHIÚIL

    (5)

    Tá feidhm ag Treoir 2014/25/AE maidir le conarthaí a dhámhachtain i leith gníomhaíochtaí a shaothrú a bhaineann le soláthar seirbhísí bainistithe seirbhíse poist dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (c)(i), den Treoir sin agus de réir brí seirbhísí eile seachas seirbhísí poist dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), den Treoir sin, ar choinníoll gur eintiteas a chuireann seirbhís phoist ar fáil freisin de réir bhrí Airteagal 13(2), pointe (b) den Treoir sin a dhéanann na seirbhísí sin a sholáthar, agus chomh fada agus nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 34(1) den Treoir sin i ndáil leis na seirbhísí sin.

    (6)

    De bhun Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE, conarthaí atá beartaithe chun gur féidir gníomhaíocht a dhéanamh a bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir léi, níl na conarthaí sin le bheith faoi réir na Treorach sin más rud é, sa Bhallstát ina ndéantar í, go bhfuil an ghníomhaíocht neamhchosanta go díreach ar iomaíocht ar mhargaí nach bhfuil rochtain orthu srianta.

    (7)

    Déantar neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht a mheasúnú ar bhonn critéir oibiachtúla, agus saintréithe sonracha na hearnála lena mbaineann á gcur san áireamh. Tá an measúnú sin teoranta, áfach, de bharr na spriocdhátaí gearra is infheidhme agus an ghá le bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún. Eascraíonn an fhaisnéis sin as foinsí atá ar fáil cheana féin nó as an bhfaisnéis a fuarthas i gcomhthéacs na hiarrata de bhun Airteagal 35 de Threoir 2014/25/AE agus ní féidir an fhaisnéis sin a fhorlíonadh le modhanna a ídíonn níos mó ama, lena n-áirítear, go háirithe, fiosrúcháin phoiblí atá dírithe ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

    (8)

    An neamhchosaint dhíreach ar an iomaíocht i margadh faoi leith, is rud í ar cheart meastóireacht a dhéanamh uirthi ar bhonn critéar éagsúil, nach bhfuil aon cheann acu ina chritéar cinntitheach as féin.

    (9)

    Chun a mheasúnú an bhfuil na hoibreoirí ábhartha faoi réir iomaíocht dhíreach sna margaí a bhaineann leis an gcinneadh seo, cuirfear an sciar den mhargadh atá ag na príomhghníomhaithe agus méid an chomhchruinnithe sna margaí sin san áireamh.

    3.   MEASÚNÚ

    (10)

    Is é is aidhm don Chinneadh seo a shuí cé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht lena mbaineann an iarraidh, i margaí nach bhfuil rochtain orthu srianta de réir bhrí Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, neamhchosanta ar leibhéal iomaíochta lena n-áirithítear, in éagmais an smachta soláthair atá mar thoradh ar na rialacha soláthair mionsonraithe a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE, go ndéanfar soláthar le haghaidh shaothrú na gníomhaíochta lena mbaineann ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach bunaithe ar chritéir lena bhfágtar gur féidir le ceannaitheoirí an réiteach a shainaithint atá ar an gceann is buntáistí go heacnamaíoch ar an bhforiomlán.

    (11)

    Tá an Cinneadh seo bunaithe ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach mar a bhí i mí Aibreáin 2022, agus ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir agus údaráis na hIodáile isteach agus an fhaisnéis atá ar fáil go poiblí. Is féidir go ndéanfar athbhreithniú air má fhágann athruithe suntasacha ar an staid dhlíthiúil nó fhíorasach nach mbeidh coinníollacha infheidhmeachta Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE á gcomhlíonadh a thuilleadh.

    3.1.   Rochtain neamhshrianta ar an margadh

    (12)

    Meastar go bhfuil rochtain ar mhargadh neamhshrianta má rinne an Ballstát lena mbaineann na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais lena n-osclaítear earnáil áirithe nó cuid di, má rinne sé na gníomhartha sin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm. Liostaítear na gníomhartha dlí sin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/25/AE. Ní thagann an ghníomhaíocht, atá faoi réir na hiarrata sin, faoi raon feidhme Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/25/AE, ós rud é go mbaineann soláthar seirbhísí bainistithe seirbhíse poist, lena n-áirítear seirbhísí bainistithe seomra poist, le seirbhísí eile seachas seirbhísí poist. Baineann seirbhísí bainistithe seomra poist le gníomhaíochtaí a bhfuil idirdhealú soiléir idir iad agus na gnéithe den slabhra luacha poist (imréiteach, sórtáil, iompar, seachadadh) agus cé go bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí poist na gníomhaíochtaí sin a sholáthar, níl aon dlúthnasc ann a d’fhágfadh gur faoi sholáthraithe seirbhísí poist amháin a bheadh na gníomhaíochtaí sin, nó a thabharfadh buntáiste go díreach do sholáthraithe seirbhísí poist maidir leis na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh.

    (13)

    I gcás nach féidir a thoimhdiú go mbeidh saor-rochtain ar mhargadh ar leith ar bhonn chur chun feidhme reachtaíocht iomchuí an Aontais, ní mór a léiriú go bhfuil saor-rochtain de jure agus de facto ar an margadh atá i gceist i gcomhréir le hAirteagal 34(3), an dara fomhír, de Threoir 2014/25/AE. Dá bhrí sin, ní mór don iarratasóir a léiriú go bhfuil saor-rochtain de jure agus de facto ar mhargadh sholáthar na seirbhísí bainistithe seirbhíse poist.

    (14)

    A mhéid a bhaineann le saor-rochtain de jure ar mhargadh na seirbhísí bainistithe seomra poist agus ar bhonn na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach, níl aon bhacainn rialála ann a chuireann cosc ar rochtain ar an margadh sin. Go dtí 2020, bhí ar sholáthraithe na seirbhísí sin iarratas ar chreidiúnú mar chomhlachtaí deimhniúcháin a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta um Iodáil Dhigiteach (AgID) (4). Tar éis na hathbhreithnithe is déanaí ar an gCód Riaracháin Dhigitigh, níl gá a thuilleadh le creidiúnú den sórt sin (5). Dá bhrí sin, ní gá do sholáthraithe iarratas a dhéanamh ar réamhúdarú le haghaidh na seirbhísí lena mbaineann a dhéanamh (6).

    (15)

    A mhéid a bhaineann le saor-rochtain de facto ar mhargadh na seirbhísí bainistithe seomra poist, tugann an Coimisiún dá aire gur saintréith de chuid an mhargaidh í an iomaíocht shuntasach. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil agus a chuir an t-iarratasóir isteach, tá an-ilroinnt ann, agus thart ar 700 oibreoir ann, nach bhfuil sciar den mhargadh os cionn 4 % ag aon cheann díobh agus a bhfuil réimse leathan táirgí acu atá an-inionadaithe (7). Ina theannta sin, maidir leis na tosca éagsúla a bhfuil tionchar acu ar rochtain ar an margadh ábhartha, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon chaighdeán teicniúil ann ná aon bhacainn theicneolaíoch eile ar rochtain ar an margadh (8). Oibreoirí a bheith ag sainfheidhmiú i dteicneolaíochtaí nó i bpróisis ar leith, sin atá i gceist sa mhargadh den chuid is mó (9). Deimhniú nach ann do bhacainní iontrála substaintiúla freisin is ea go bhfuil cuideachtaí ar lú ná 2 % an sciar den mhargadh atá acu, go bhfuil siad ag oibriú ar an margadh le blianta agus gur féidir leo fanacht sa mhargadh agus a bheith iomaíoch (10).

    (16)

    Is é an chonclúid ar ar tháinig an Coimisiún dá bhrí sin gur cheart a mheas go bhfuil saor-rochtain de jure agus de facto ar mhargadh na seirbhísí bainistithe seirbhíse poist i gcomhréir le hAirteagal 34(3), an dara fomhír, de Threoir 2014/25/AE.

    3.2.   Measúnú iomaíochta

    3.2.1.   Sainmhíniú ar mhargadh táirgí ábhartha

    (17)

    Sa Chinneadh uaidh roimhe seo (11), rinne an Coimisiún amach go dtugann bainistiú seomra poist réiteach do chustaiméirí ar phróiseáil poist laistigh d’eagraíocht. De réir an éilimh ábhartha, déantar mionsaothrú ar réitigh oiriúnaithe lena n-áirítear gníomhaíochtaí aonair nó fiú próiseáil an phoist ina hiomláine a sheachfhoinsiú.

    (18)

    Sa chinneadh uaidh roimhe seo (12), rinne an Coimisiún amach go n-áirítear na seirbhísí uile a chuireann tacaíocht ar fáil maidir le próiseáil an phoist inmheánaigh laistigh de chuideachta, go n-áirítear iad sin le margadh seirbhísí bainistithe seomra poist. Is minic a dhéantar na próisis inmheánacha a sheachfhoinsiú go tríú páirtithe chun éifeachtúlacht a mhéadú, agus is minic a chomhcheanglaíonn na tríú páirtithe sin iad le gníomhaíochtaí breise chun acmhainneacht na ndaoine atá i mbun na gníomhaíochta sin a úsáid a mhéid is féidir. Sin an fáth go soláthraítear seirbhísí oifige éagsúla amhail scanadh, cóipeáil agus seirbhísí gutháin chomh maith leis na seirbhísí próiseála poist (13).

    (19)

    De réir an Chinnidh sin (14), is féidir seirbhísí bainistithe seomra poist a sholáthar i bhfoirm léasú foirne nó conarthaí seirbhíse. Dá bhrí sin, cuimsíonn an margadh cur i gcrích gníomhaíochtaí i bhfoirm conarthaí seirbhíse chomh maith le léasú foirne (15).

    (20)

    I gcomhréir leis an gcleachtas agus an cur i bhfeidhm a bhí ag an gCoimisiún cheana, is é an margadh táirgí ábhartha margadh na seirbhísí bainistithe seomra poist, lena n-áirítear na seirbhísí uile a chuireann tacaíocht ar fáil maidir le próiseáil an phoist inmheánaigh laistigh de chuideachta (16).

    3.2.2.   Sainmhíniú ar mhargadh ábhartha geografach

    (21)

    Áitíonn an t-iarratasóir gur de chineál náisiúnta ó thaobh raon feidhme de an margadh maidir le seirbhísí bainistithe seomra poist (17). Dar leis an iarratasóir, is amhlaidh atá an scéal freisin mar go bhfuil gné náisiúnta ag na seirbhísí poist a bhfuil seirbhís bainistithe seomra poist nasctha leis, de réir chleachtas an Choimisiúin roimhe seo (18).

    (22)

    Dar leis an iarratasóir, tá raon feidhme náisiúnta ag an margadh le haghaidh seirbhísí bainistithe seomra poist san Iodáil mar gheall ar chineál na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus mar gheall go sainmhínítear amhlaidh é sa chreat dlíthiúil ábhartha. Ní foláir d’údaráis phoiblí doiciméid a choimeád, agus maidir le nósanna imeachta tairisceana a sheolann na húdaráis phoiblí le haghaidh dámhachtain seirbhísí bainistithe seomra poist, ní mór dóibh sin na rialacha maidir le soláthar poiblí a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, i dtuairim an iarratasóra, meastar go bhfuil na coinníollacha iomaíochta aonchineálach ar an leibhéal náisiúnta (19).

    (23)

    I gcinneadh roimhe seo ón gCoimisiún (20) i ndáil leis an margadh seachadta le haghaidh seirbhísí priontála agus pacáistithe, agus an Coimisiún ag tabhairt údar leis gur raon feidhme náisiúnta a bhí ag an margadh ábhartha, thagair sé don cheist seo a leanas mar chritéar d’fhonn próisis inmheánacha na seirbhísí a bharrfheabhsú agus a gcostais a laghdú – cé lena aghaidh a ndearnadh na seirbhísí sin, seoltóirí náisiúnta féideartha, nó seoltóirí náisiúnta. Sa chás seo, cuireann an t-iarratasóir in iúl gur gnóthais atá lonnaithe san Iodáil agus a bhfuil sé beartaithe acu a bpróisis bainistithe poist inmheánacha a bharrfheabhsú, gur gnóthais den sórt sin príomhchustaiméirí Poste Italiane (21).

    (24)

    Aontaíonn an Coimisiún leis an sainmhíniú ar mhargadh geografach atá molta ag an iarratasóir. Ós rud é nach bhfuil aon chúis ann le glacadh leis gur raon feidhme níos leithne ná níos caoile atá ann, chun críocha an Chinnidh sin, agus gan dochar do dhlí na hiomaíochta, tá raon feidhme náisiúnta ag margadh geografach na seirbhísí bainistithe seirbhíse poist.

    3.2.3.   Anailís mhargaidh

    (25)

    I bhfianaise an tsainithe margaidh thuasluaite (i.e. le haghaidh seirbhísí bainistithe seomra poist), ba é an sciar den mhargadh a bhí ag Poste Italiane, de réir na hiarrata (22), [0-5] % in 2019, [0-5] % in 2020 agus [0-5] % in 2021 (23).

    (26)

    Tá an margadh ábhartha an-ilroinnte. Tá líon mór gnóthas gníomhach sa mhargadh sin, gnóthais nach bhfuil sciar den mhargadh os cionn 4 % ag aon cheann díobh (24). Ciallaíonn sé sin gur féidir leis na gnóthais sin brú iomaíochta suntasach a chur ar Poste Italiane.

    (27)

    Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis gur léiriú ar neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht atá sna tosca a liostaítear in aithrisí 25 agus 26.

    (28)

    Dar leis an iarratasóir, tá dálaí iomaíochta na sraithe seirbhísí sin aonchineálach go leor, rud a chruthaíonn spriocmhargadh aonair ar bhonn náisiúnta. I dtuairim an iarratasóra, na catagóirí táirgí agus seirbhísí atá i gceist leis an margadh ábhartha, measfar iad a bheith idirmhalartaithe le haghaidh úsáideoirí i bhfianaise a ngnéithe, a bpraghsanna agus a gcuspóirí beartaithe. Baineann catagóirí na dtáirgí agus seirbhísí le dí-ábharú, is é sin seirbhísí dlúthshaothair atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí ullmhaithe, scanta agus iontrála sonraí, le cartlannú leictreonach agus stóráil dhigiteach maidir le seirbhísí ar cuid díobh stóráil doiciméad leictreonach ar féidir iad a chomhdú agus a stóráil de réir an dlí, le soláthairtí crua-earraí agus bogearraí, le seirbhísí um chomhtháthú ardán agus córas, agus le cartlanna fisiceacha a choimeád, maidir le seirbhísí a bhaineann le doiciméid agus comhaid pháipéir a ghabháil ar láimh, a iompar agus a stóráil trí stórais pháipéir cuideachtaí aonair nó grúpaí a bhaineann leis an earnáil chéanna a bhainistiú (25).

    (29)

    Aontaíonn an Coimisiún le dearcadh an iarratasóra. Tá an margadh iomaíoch, sa tslí gur féidir leis na húsáideoirí agus na tomhaltóirí rogha a dhéanamh idir réimse táirgí agus seirbhísí a bhfuil gnéithe comhchosúla ag baint leo agus sa tslí nach mbíonn bacainní roimh an soláthraí chun na táirgí agus na seirbhísí atá i gceist ar an margadh sin a sholáthar. Tá an cartlannú fisiceach á ionadú de réir a chéile ag seirbhísí digiteacha, seirbhísí lena mbaineann costais infheistíochta níos ísle fós, go príomha toisc nach bhfuil aon ghá le stórais a fháil le haghaidh cartlannú doiciméad.

    (30)

    Tá úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha ag fás go leanúnach i measc gnóthas Iodálach, údaráis phoiblí agus úsáideoirí i gcoitinne. Mhéadaigh líon na ndoiciméad a mhalartaítear trí sheirbhísí digiteacha mar gheall ar dhigitiú forchéimnitheach na seirbhísí doiciméad, lena n-áirítear an tseirbhís bainistithe seomra poist (26).

    (31)

    I bhfianaise struchtúr an mhargaidh, agus toisc nach ann do bhacainní rialála ar iontráil ná d’oibleagáidí caighdeáin theicniúla d’aon chineál a chomhlíonadh, tugann an Coimisiún dá aire go bhféadfadh sé go rachadh nuatheachtaithe isteach sa mhargadh. Cuimsíonn an margadh gnóthais a bhfuil sciar den mhargadh acu atá níos lú ná 2 %, gnóthais atá gníomhach ar an margadh agus atá ag oibriú ar an margadh le blianta agus ar féidir leo fanacht sa mhargadh agus a bheith iomaíoch. Tugann an Coimisiún dá aire gur deimhniú nach ann do bhacainní iontrála substaintiúla sa mhargadh is ea go bhfuil líon mór oibreoirí ann. Deimhníonn na tosca sin, chomh maith leis an sciar íseal den mhargadh atá ag Poste Italiane sa mhargadh, gur féidir leis na hoibreoirí sin brú iomaíochta suntasach a chur ar Poste Italiane agus go bhfuil an ghníomhaíocht neamhchosanta go díreach ar iomaíocht.

    4.   CONCLÚID

    (32)

    I bhfianaise na dtosca a scrúdaítear in aithrisí 5 go 31, an coinníoll maidir le neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht a leagtar síos in Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE, ba cheart a mheas go bhfuil sé comhlíonta san Iodáil i leith na ngníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí bainistithe seirbhíse poist.

    (33)

    Ós rud é go meastar an coinníoll maidir le rochtain neamhshrianta ar an margadh a bheith comhlíonta, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2014/25/AE nuair a dhéanann eintitis chonarthacha conarthaí a dhámhachtain lena mbeartaítear a fhágáil gur féidir an ghníomhaíocht dá dtagraítear in aithris 32 den Chinneadh seo a dhéanamh san Iodáil, ná nuair a eagraítear comórtais dheartha chun críche gníomhaíocht den sórt sin sa limistéar geografach sin.

    (34)

    Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais agus d’fhorálacha i réimsí eile de dhlí an Aontais. Go háirithe, na critéir agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht faoi Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, ní gá gurb ionann iad agus na critéir agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh faoi Airteagal 101 nó 102 den Chonradh nó de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (27) mar a dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta (28),

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ní bheidh feidhm ag Treoir 2014/25/AE maidir le dámhachtain conarthaí ag eintitis chonarthacha ar conarthaí iad lena mbeartaítear a fhágáil gur féidir gníomhaíocht a bhaineann le seirbhísí bainistithe seirbhíse poist a dhéanamh san Iodáil.

    Airteagal 2

    Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Eanáir 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Thierry BRETON

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1804 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagail 34 agus 35 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 275, 12.10.2016, lch. 39).

    (3)  Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha um fhorbairt an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí poist an Chomhphobail agus um fheabhsú cháilíocht na seirbhíse (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).

    (4)  Rinneadh an Cód Riaracháin Dhigitigh a fhormheas le Foraithne Reachtach Uimh. 82/2005, Iris Oifigiúil, Uimh. 112-S.O. Uimh. 93 an 16 Bealtaine 2005.

    (5)  Ar bhonn Dhlí Foraithne Uimh. 76 an 16 Iúil 2020, a tiontaíodh i nDlí Uimh. 120 an 11 Meán Fómhair 2020.

    (6)  I gcás ina dtairgtear seirbhís den sórt sin do riaracháin phoiblí, agus sa chás sin amháin, is gá ceanglais cháilíochta, shábháilteachta agus eagraíochtúla a chomhlíonadh, sin agus na critéir chaomhnaithe a leagtar amach sna treoirlínte ‘maidir le hoiliúint, bainistíocht agus stóráil doiciméad ríomhaire’ agus sa ‘Rialachán maidir le critéir chun seirbhísí coinneála doiciméad ríomhaire a sholáthar’ a chomhlíonadh. Is é AgID an t-údarás inniúil san Iodáil um fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin.

    (7)  Iarraidh, pointe 3.1.2.

    (8)  Iarraidh, pointe 5.3.3.

    (9)  Iarraidh, pointe 5.3.3.

    (10)  Iarraidh, pointe 5.3.3.

    (11)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/184/AE ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2014 lena ndíolmhaítear seirbhísí áirithe san earnáil phoist san Ostair ó chur i bhfeidhm Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 101, 4.4.2014, lch. 4).

    (12)  Ibid.

    (13)  Ibid.

    (14)  Ibid.

    (15)  Ibid.

    (16)  Iarraidh, pointe 3.1.1.

    (17)  Iarraidh, pointe 3.2.

    (18)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/184/AE ón gCoimisiún, aithris 10.

    (19)  Iarraidh, pointe 3.2.

    (20)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1195 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2016 lena ndíolmhaítear seirbhísí cúiréireachta agus seirbhísí nach seirbhísí poist iad sa Pholainn ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 197, 22.7.2016, lch. 4).

    (21)  Iarraidh, pointe 3.2.

    (22)  Iarraidh, pointe 5.2.2.

    (23)  Tá an sciar den mhargadh do 2021 bunaithe ar mheastacháin ó Poste Italiane.

    (24)  Iarraidh, pointe 5.2.3, tábla 4.

    (25)  Iarraidh, pointe 3.1.2.

    (26)  Iarraidh, pointe 3.1.2.

    (27)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

    (28)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2016, Österreichische Post AG v. An Coimisiún, T-463/14, ECLI:EU:T:2016:243, mír 28. Féach freisin Treoir 2014/25/AE, aithris 44.


    Top