Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0803

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú le haghaidh fheidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/849

    IO L 145, 24.5.2022, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/803/oj

    24.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 145/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/803 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Feabhra 2022

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú le haghaidh fheidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 38k(10),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I bhfianaise na gné trasteorann a bhaineann le sonraí margaidh a láimhseáil, na cáilíochta sonraí agus an ghá atá ann barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun tionchar díobhálach na ndibhéirseachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar cháilíocht sonraí agus ar chúram soláthraithe tuairiscithe sonraí araon a sheachaint, aistríodh, le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), cumhachtaí údaraithe agus maoirseachta i dtaca le gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (“DRSPanna”) san Aontas chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”).

    (2)

    Maidir le feidhmiú na cumhachta atá ag ESMA chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i dtaca leis na DRSPanna atá faoi raon feidhme a mhaoirseachta, is iomchuí na rialacha nós imeachta a shonrú maidir leis sin. Go háirithe, forordaítear le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 go gcuimseofaí leis na rialacha nós imeachta sin forálacha maidir le cearta na cosanta, fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

    (3)

    I gcás ina bhfaigheann ESMA amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, ceapfaidh ESMA oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ESMA chun an t-ábhar a imscrúdú. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú, tabharfaidh sé deis don duine atá faoi réir a n-imscrúdaithe éisteacht a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart a bheith ag an duine sin barúlacha i scríbhinn a thabhairt laistigh de theorainn ama réasúnta nach lú ná 4 seachtaine sula gcuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chinntí faoi bhráid ESMA. Féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ba cheart don oifigeach imscrúdúcháin a bhreithniú an bhfuil gá, de thoradh na n-aighneachtaí a rinne an duine atá faoi réir a imscrúdaithe, an ráiteas maidir le cinntí a leasú sula gcuirtear faoi bhráid ESMA é.

    (4)

    Ba cheart do ESMA measúnú a dhéanamh ar iomláine an chomhaid a chuireann an t-oifigeach imscrúdúcháin isteach bunaithe ar liosta doiciméad. Chun a áirithiú go bhfuil an duine atá faoi réir an imscrúdaithe in ann ullmhú go leordhóthanach chun é féin a chosaint, tabharfaidh ESMA an ceart dó barúlacha breise i scríbhinn a thabhairt sula nglacfaidh sé cinneadh maidir le fíneálacha nó bearta maoirseachta.

    (5)

    Chun a áirithiú go gcomhoibreoidh daoine le himscrúdú, ba cheart do ESMA a bheith in ann bearta comhéigneacha áirithe a dhéanamh. Nuair a bheidh cinneadh déanta ag ESMA lena gceanglaítear ar dhuine deireadh a chur le sárú, nó nuair a iarrfaidh sé faisnéis iomlán a sholáthar nó taifid iomlána, sonraí nó aon ábhar eile a chur isteach, nó nuair a bheidh cinneadh déanta aige cigireacht ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur ar an duine atá faoi réir an imscrúdaithe an cinneadh a rinneadh a chomhlíonadh. Sula ndéanfaidh ESMA íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ba cheart dó an deis a thabhairt don duine aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar.

    (6)

    Ba cheart an ceart chun cosanta a mheá i bhfianaise an ghá, faoi imthosca sonracha, atá ag ESMA gníomhú go práinneach. I gcás ina bhfuil údar le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 38l de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, níor cheart go mbeadh ceart chun cosanta an duine atá faoi réir an imscrúdaithe ina bhac ar bhearta práinneacha ag ESMA. Sa chás sin chun gar-dhamáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc, féadfaidh ESMA cinneadh eatramhach a dhéanamh gan deis a thabhairt don duine atá faoi réir an imscrúdaithe aighneachtaí a dhéanamh. Ba cheart do ESMA, tar éis dó an cinneadh eatramhach a ghlacadh agus sula nglacfar cinneadh daingniúcháin, deis an thabhairt don duine éisteacht a fháil a luaithe is féidir. Mar sin féin, ba cheart, leis an nós imeachta, an ceart a dheonú don duine atá faoi réir an imscrúdaithe chun éisteacht a fháil roimh ré ón oifigeach imscrúdúcháin.

    (7)

    Cuimseofar sna comhaid a ullmhóidh ESMA agus an t-oifigeach imscrúdúcháin faisnéis atá fíor-riachtanach don duine lena mbaineann maidir le hullmhúchán le haghaidh imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin. Tar éis do dhuine atá faoi réir a imscrúdaithe an fógra a fháil maidir le ráiteas cinnidh ón oifigeach imscrúdúcháin nó ó ESMA, ba cheart don duine sin, dá bharr sin, a bheith i dteideal rochtain a fháil ar an gcomhad faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Maidir le doiciméid de chuid an chomhaid a bhfaightear rochtain orthu, níor cheart a n-úsáid a cheadú ach amháin le haghaidh imeachtaí breithiúnais nó riaracháin i ndáil le sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

    (8)

    An chumhacht fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha a fhorchur agus an chumhacht fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorfheidhmiú, ba cheart an dá chumhacht sin a bheith faoi réir tréimhse teorann. Ar chúiseanna comhsheasmhachta, na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú, ba cheart reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus is infheidhme maidir le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú ar eintitis mhaoirsithe a chur san áireamh agus taithí ESMA ar an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm.

    (9)

    Ionas go n-áiritheoidh ESMA go gcoimeádfar fíneálacha agus pionóis thréimhsiúla a bhailítear slán, ba cheart do ESMA iad a thaisceadh ar chuntais úsmhara a osclaítear go heisiach chun críche fíneála aonair nó pionóis thréimhsiúil arb é is aidhm dóibh deireadh a chur le sárú. Ar mhaithe le stuamacht bhuiséadach, níor cheart do ESMA na méideanna a aistriú chuig an gCoimisiún go dtí go mbeidh na cinntí críochnaitheacha de bhrí na cearta achomhairc a bheith ídithe nó imithe as feidhm.

    (10)

    Chun feidhmiú rianúil an chreata nua maoirseachta le haghaidh DRSPanna a áirithiú, mar a thugtar isteach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/2175, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sainmhíniú

    Chun críoch an Rialacháin seo, ciallaíonn “soláthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí” nó “DRSP” socrú formheasta maidir le foilsiú nó sásra tuairiscithe formheasta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(34) agus Airteagal 2(1)(36) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

    Airteagal 2

    Rialacha nós imeachta maidir le himeachtaí um shárú atá faoi bhráid oifigeach imscrúdúcháin

    1.   Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin imscrúdú a chríochnú ar sháruithe féideartha ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 38g(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus sula gcuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38k(1) den Rialachán sin an comhad faoi bhráid ESMA, cuirfidh sé an duine atá faoi réir a imscrúdaithe ar an eolas i scríbhinn ina luafar a chuid cinntí agus tabharfaidh sé deis don duine sin aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn de bhun mhír 3. Sa ráiteas cinntí, leagfar amach na fíricí a bhféadfadh ceann amháin díobh a bheith ina shárú nó ina sháruithe ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 38g(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, lena n-áirítear measúnú ar chineál agus ar thromchúis na sáruithe sin, agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 38g(2) den Rialachán sin á gcur san áireamh.

    2.   Sa ráiteas cinntí socrófar teorainn ama réasúnach ar laistigh di a fhéadfaidh an duine atá faoi réir a imscrúdaithe a chuid aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Le haghaidh imscrúduithe, cé is moite díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 5, 4 seachtaine ar a laghad a bheidh sa teorainn ama sin. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar an oifigeach imscrúdúcháin iad a chur san áireamh.

    3.   An duine atá faoi réir a imscrúdaithe, féadfaidh sé na fíorais ar fad atá ábhartha maidir lena chosaint a leagan amach ina chuid aighneachtaí i scríbhinn. Féadfaidh an duine atá faoi réir a imscrúdaithe a mholadh go ndéanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin éisteacht a thabhairt do dhaoine eile a d’fhéadfadh comhthacú leis na fíorais a leagtar amach in aighneachtaí an duine atá faoi réir imscrúdú.

    4.   Duine atá faoi réir a imscrúdaithe ar díríodh ráiteas cinntí chuige, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin cuireadh a thabhairt dó freastal ar éisteacht ó bhéal. Na daoine atá faoi réir imscrúdú, féadfaidh siad cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní dhéanfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.

    Airteagal 3

    Rialacha nós imeachta maidir le himeachtaí um shárú faoi bhráid ESMA i dtaca le fíneálacha agus bearta maoirseachta

    1.   Sa chomhad iomlán atá le cur faoi bhráid ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, cuimseofar na doiciméid seo a leanas:

    (a)

    an ráiteas cinntí agus cóip de a dhíreofar chuig an duine atá faoi réir an imscrúdaithe;

    (b)

    cóip de na haighneachtaí scríofa ón duine atá faoi réir an imscrúdaithe;

    (c)

    miontuairiscí aon éisteacht ó bhéal.

    2.   I gcás comhad neamhiomlán, déanfaidh ESMA iarraidh réasúnaithe ar dhoiciméid bhreise ar an oifigeach imscrúdúcháin.

    3.   I gcás ina measfaidh ESMA, maidir leis na fíorais a dtugtar tuairisc orthu i ráiteas cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, nach sárú atá iontu ar na ceanglais a liostaítear in Airteagal 38g(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, cinnfidh sé an cás a dhúnadh agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir a imscrúdaithe.

    4.   I gcás nach n-aontóidh ESMA le cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, cuirfidh sé ráiteas nua cinntí faoi bhráid an duine atá faoi réir a imscrúdaithe. Sa ráiteas cinntí sin, socrófar teorainn ama 4 seachtaine ar a laghad ar laistigh di a fhéadfaidh an duine atá faoi réir a imscrúdaithe aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Maidir le haighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis dul in éag don teorainn ama sin maidir le cinneadh a ghlacadh an ann do shárú nó maidir le bearta maoirseachta agus forchur fíneála i gcomhréir le hAirteagal 38g agus Airteagal 38h de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ní bheidh sé d’oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh.

    5.   I gcás ina n-aontóidh ESMA le cinntí an oifigigh imscrúdúcháin ar fad nó le cuid díobh, cuirfidh sé an duine atá faoi réir a imscrúdaithe ar an eolas dá réir. Leis an gcumarsáid sin, socrófar teorainn ama de 2 sheachtain ar a laghad i gcás ina n-aontóidh ESMA leis na cinntí ar fad, agus 4 seachtaine ar a laghad i gcás nach n-aontaíonn ESMA leis na cinntí uile, agus laistigh den tréimhse sin féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdú aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh. Maidir le haighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis dul in éag don teorainn ama sin maidir le cinneadh a ghlacadh an ann do shárú nó maidir le bearta maoirseachta agus forchur fíneála i gcomhréir le hAirteagal 38g agus Airteagal 38h de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ní bheidh sé d’oibleagáid ar ESMA é a chur san áireamh.

    6.   Ina theannta sin, an duine atá faoi réir a imscrúdaithe ar díríodh ráiteas cinntí chuige, féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt dó freastal ar éisteacht ó bhéal. An duine atá faoi réir a imscrúdaithe, féadfaidh sé cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní dhéanfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.

    7.   Má chinneann ESMA go ndearna duine atá faoi réir a imscrúdaithe sárú ar cheann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 38g(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, agus má ghlacann sé cinneadh lena ngearrtar fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 38h den Rialachán sin, tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir a imscrúdaithe láithreach.

    Airteagal 4

    Rialacha nós imeachta maidir le himeachtaí um shárú faoi bhráid ESMA i dtaca le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

    1.   Sula ndéanfaidh sé cinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil de bhun Airteagal 38i de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, cuirfidh ESMA ráiteas cinntí faoi bhráid an duine atá faoi réir na n-imeachtaí, ráiteas ina leagfar amach na cúiseanna lena dtugtar údar le híocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur agus méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla in aghaidh gach lae a bheidh neamhchomhlíonadh i gceist. Sa ráiteas cinntí sin socrófar teorainn ama 4 seachtaine ar a laghad ar laistigh di a fhéadfaidh an duine atá faoi réir na n-imeachtaí aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

    2.   DRSP nó an duine atá faoi réir imeachtaí, a luaithe a chomhlíonfaidh sé an cinneadh ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 38i(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ní dhéanfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur air a thuilleadh.

    3.   Le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 38i(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, sonrófar an bunús dlí agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin agus méid agus túsdáta na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla.

    4.   Féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt don duine atá faoi réir nósanna imeachta freastal ar éisteacht ó bhéal. An duine atá faoi réir nósanna imeachta, féadfaidh sé cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní dhéanfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.

    Airteagal 5

    Rialacha nós imeachta le haghaidh cinntí eatramhacha maidir le bearta maoirseachta

    1.   De mhaolú ar Airteagal 3(4), (5) agus (6) agus ar Airteagal 4(1) agus (4), beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo i gcás ina nglacfaidh ESMA cinntí eatramhacha de bhun Airteagal 38l(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

    2.   I gcás ina gcinneann ESMA go ndearna duine atá faoi réir a imscrúdaithe sárú ar cheann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 38g(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, agus má ghlacann sé cinneadh eatramhach lena ngearrtar fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 38g de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, tabharfaidh sé fógra láithreach faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh.

    Socróidh ESMA teorainn ama 4 seachtaine ar a laghad ar laistigh di a fhéadfaidh an duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn maidir leis an gcinneadh sin. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh.

    Arna iarraidh sin air, deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad do na daoine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh. Maidir le doiciméid de chuid an chomhaid, ní úsáidfear iad ach chun críoch imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

    Féadfaidh ESMA iarraidh ar an duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh freastal ar éisteacht ó bhéal. An duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh, féadfaidh sé cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní dhéanfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.

    3.   A luaithe is féidir tar éis an cinneadh eatramhach a ghlacadh is ea a dhéanfaidh ESMA cinneadh críochnaitheach.

    Nuair a mheasann ESMA, tar éis dó éisteacht a thabhairt don duine atá faoi réir cinneadh eatramhach, go ndearna an duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh sárú ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 38g(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, glacfaidh sé cinneadh daingniúcháin lena bhforchuirfear ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta a leagtar síos in Airteagal 38g de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Cuirfidh ESMA an cinneadh sin in iúl láithreach do na daoine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh.

    4.   I gcás ina nglacfaidh ESMA cinneadh críochnaitheach nach ndeimhneofar an cinneadh eatramhach leis, measfar an cinneadh eatramhach a bheith aisghairthe.

    Airteagal 6

    Rochtain ar an gcomhad agus úsáid doiciméad

    1.   Arna iarraidh sin, deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad don duine atá faoi réir an imscrúdaithe ar chuir an t-oifigeach imscrúdúcháin nó ESMA ráiteas cinntí chuige. Deonófar rochtain tar éis fógra a thabhairt faoi aon ráiteas cinntí.

    2.   Maidir le doiciméid de chuid an chomhaid a bhfaigheann an duine dá dtagraítear i mír 1 rochtain orthu, ní úsáidfidh an duine sin iad ach chun críoch imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

    Airteagal 7

    Tréimhsí teorann le haghaidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur

    1.   Maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar DRSPanna agus ar dhaoine eile atá faoi réir a n-imscrúdaithe, beidh siad faoi réir tréimhse teorann 5 bliana.

    2.   Is ar an lá tar éis an lae a dhéanfar an sárú a thosóidh an tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1. I gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, is ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú a thosóidh an tréimhse teorann sin.

    3.   Aon bheart a dhéanfaidh ESMA, nó an t-údarás inniúil náisiúnta atá ag gníomhú ar iarratas ó ESMA i gcomhréir le hAirteagal 38o de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun críoch an imscrúdaithe nó chun críoch na n-imeachtaí i ndáil le sárú ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 38g(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, brisfidh sé an tréimhse teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Briseadh na tréimhse teorann sin, beidh éifeacht leis ón dáta a thabharfar fógra faoin mbeart don DRSP nó don duine atá faoi réir a imscrúdaithe nó imeachtaí i ndáil le sárú dá dtagraítear in Airteagal 38g(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

    4.   Le gach briseadh dá dtagraítear i mír 3, atosófar an tréimhse teorann. Is é an tráth is déanaí a rachaidh an tréimhse teorann in éag an lá a bheidh tréimhse curtha isteach is ionann le dúbailt na tréimhse teorann, agus gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil forchurtha ag ESMA le linn an ama sin. An t-am a bheidh an teorainn ar fionraí de bhun mhír 5, cuirfear é de shíneadh leis an tréimhse sin.

    5.   An tréimhse teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, cuirfear ar fionraí í fad atá cinneadh ESMA faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó atá faoi réir athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 38m de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

    Airteagal 8

    Tréimhsí teorann maidir le pionóis a fhorfheidhmiú

    1.   Maidir leis an gcumhacht atá ag ESMA cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 38h agus Airteagal 38i de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a fhorfheidhmiú, beidh sí faoi réir tréimhse teorann 5 bliana.

    2.   An tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1, is ar an lá tar éis an lae a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh a thosóidh sí.

    3.   An tréimhse teorann i dtaca le pionóis a fhorfheidhmiú, déanfaidh na nithe seo a leanas í a bhriseadh:

    (a)

    fógra ó ESMA don duine atá faoi réir na n-imeachtaí faoi chinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla;

    (b)

    aon ghníomhaíocht de chuid ESMA, nó de chuid údarás inniúil náisiúnta agus é ag gníomhú ar iarraidh ó ESMA i gcomhréir le hAirteagal 38o de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, atá ceaptha chun íocaíocht nó téarmaí agus coinníollacha na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

    4.   Le gach briseadh dá dtagraítear i mír 3, atosófar an tréimhse teorann.

    5.   An tréimhse teorann i dtaca le pionóis a fhorfheidhmiú, cuirfear ar fionraí í fad:

    (a)

    a cheadófar am chun íocaíocht a dhéanamh;

    (b)

    a chuirfear forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó ESMA atá ar feitheamh os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus de bhun athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 38m de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

    Airteagal 9

    Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú

    1.   Méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, taiscfear iad i gcuntas úsmhar arna oscailt ag ESMA go dtí go mbeidh siad críochnaitheach. I gcás ina mbaileoidh ESMA an t-iliomad fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ag an am céanna, áiritheoidh ESMA go dtaiscfear iad i gcuntais nó i bhfochuntais éagsúla. Maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a íocfar, ní dhéanfar iad a iontráil i mbuiséad ESMA ná a thaifeadadh mar mhéideanna buiséadacha.

    2.   A luaithe a shuífidh ESMA gur críochnaitheach feasta iad na fíneálacha nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla tar éis ídiú na gceart achomhairc go léir, aistreoidh ESMA na méideanna sin móide aon ús a fhabhrófar orthu chuig an gCoimisiún Eorpach. Ina dhiaidh sin déanfar na méideanna sin a iontráil ansin i mbuiséad ioncaim an Aontais.

    3.   Tuairisceoidh ESMA ar bhonn rialta chuig an gCoimisiún maidir le méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear agus maidir lena stádas.

    Airteagal 10

    Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.

    (2)  Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


    Top