Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2137

    Cinneadh (CBES) 2021/2137 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le Beart Cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le fórsaí armtha Phoblacht Mhailí i gcomhar le Misean Oiliúna AE i Mailí

    ST/13735/2021/INIT

    IO L 432, 3.12.2021, p. 67–71 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2137/oj

    3.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 432/67


    CINNEADH (CBES) 2021/2137 ÓN gCOMHAIRLE

    an 2 Nollaig 2021

    maidir le Beart Cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le fórsaí armtha Phoblacht Mhailí i gcomhar le Misean Oiliúna AE i Mailí

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES féadfaí gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

    (2)

    Is géarchéim ilchineálach í an ghéarchéim atá ar siúl i Mailí agus i réigiún na Saiheile faoi láthair, agus tá baol mór ann go mbeidh éifeachtaí iarmhartacha aici sna tíortha comharsanachta, agus go háirithe i Murascaill na Guine. Tá iarrachtaí nach beag déanta le deanaí ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas agus na Ballstáit, chun tacú le Poblacht Mhailí agus an sceimhlitheoireacht á comhrac aici. Leanann Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUTM Mali) de thacaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainneachta i bhfórsaí armtha Mhailí, mar chuid de Chur Chuige Comhtháite AE maidir leis an ngéarchéim i Mailí.

    (3)

    I Rún 2391 (2017) uaithi chomh maith le Rúin 2480 (2019) agus 2584 (2021) maidir le Mailí, dhearbhaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a tiomantas láidir do cheannasacht, do neamhspleáchas agus d'iomláine chríochach thíortha an Ghrúpa de Chúig thír na Saiheile (G5 na Saiheile), eadhon Buircíne Fasó, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir; mhol sí rannchuidiú na gcomhpháirtithe déthaobhacha agus iltaobhacha in acmhainneachtaí slándála sa tSaiheil a neartú, go háirithe an ról a bhíonn ag misin an Aontais Eorpaigh (EUTM Mali, EUCAP Sahel Mali agus EUCAP Sahel Niger) maidir leis an oiliúint agus leis an gcomhairle straitéiseach atá á gcur ar fáil acu d'fhórsaí slándála náisiúnta sa tSaiheil; ba dhíol sásaimh don Chomhairle Slándála na hiarrachtaí atá ar bun ag Fórsaí na Fraince chun tacú le hoibríochtaí Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus d'iarr sí comhordú leordhóthanach, malartú faisnéise agus, nuair is infheidhme, tacaíocht a bheith ann idir Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí, Fórsaí Armtha Mhailí, Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile, Fórsaí na Fraince agus misin an Aontais Eorpaigh i Mailí.

    (4)

    Ina litir dar dáta an 4 Samhain 2021 a sheoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), d’iarr Aire Gnóthaí Eachtracha Mhailí ar an Aontas leanúint de bheith ag tacú, i gcomhar le EUTM Mali, le fórsaí armtha Mhailí i dtrí phríomhréimse, agus cur leis an tacaíocht sin.

    (5)

    Tá an beart cúnaimh seo le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh agus go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES (2) ón gComhairle, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES.

    (6)

    Beidh an cur chun feidhme faoi réir freisin ag an measúnú tráthrialta ar fhorbairtí polaitiúla i Mailí, i gcomhréir leis an gcreat modheolaíochta comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint. Níor cheart don chur chun feidhme, go háirithe, leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a chuid Ballstát a shárú.

    (7)

    Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

    1.   Leis seo, bunaítear Beart Cúnaimh atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an Beart Cúnaimh’) a rachaidh chun tairbhe do Phoblacht Mhailí (‘an tairbhí’).

    2.   Is é is cuspóir don Bheart Cúnaimh acmhainní foriomlána fhórsaí armtha Mhailí a neartú d’fhonn cur ar a gcumas oibríochtaí míleata a reáchtáil lena ndíreofar ar shláine críche Mhailí a athbhunú agus ar an mbagairt atá ann ó ghrúpaí sceimhlitheoireachta a laghdú. Ba cheart go rachadh sé sin chun tairbhe don phobal, agus go gcuirfeadh sé le láithreacht fheabhsaithe na seirbhísí Stáit i limistéir iargúlta agus cosaint níos fearr a thabhairt do shibhialtaigh.

    3.   Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, is é is aidhm don Bheart Cúnaimh aonaid thacaithe de chuid fhórsaí armtha Mhailí a ghairmiúlú a thuilleadh trí oiliúint agus trealamh ábhartha leordhóthanach a chur ar fáil sna trí thionscadal a leanas:

    (a)

    tacaíocht a thabhairt d’Acadamh na nOifigeach Neamhchoimisiúnaithe (NCO) in Banankoro;

    (b)

    bonneagar oiliúna in Sévaré-Mopti a athchóiriú; agus

    (c)

    trealamh nach bhfuil deartha chun forneart marfach a thabhairt a sholáthar do thrí chomplacht de chuid an 23ú Reisimint sa dara réigiún míleata i Mailí, de réir riachtanais an Unité légère de reconnaissance et d’intervention (ULRI).

    4.   Mairfidh an Beart Cúnaimh ar feadh tréimhse 30 mí ó dháta thabhairt i gcrích an chonartha idir an Riarthóir um Bearta Cúnaimh agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Chinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a) de Chinneadh (CBES) 2021/509.

    Airteagal 2

    Socruithe airgeadais

    1.   EUR 24 000 000 an t-uasmhéid a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis glacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 21 600 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2021 a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh seo.

    2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES.

    Airteagal 3

    Socruithe leis an tairbhí

    1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mBeart Cúnaimh.

    2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d'oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

    (a)

    an dlí idirnáisiúnta ábhartha a chomhlíonadh, go háirithe dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, chomh maith le gealltanas rialtas Mhailí feabhas a chur ar chomhrac na saoirse ó phionós, go háirithe i ndáil le sáruithe ar chearta an duine, agus na céimeanna riachtanacha a ghlacadh chun cuntasacht na n-aonad a bhaineann tairbhe as an mBeart Cúnaimh a neartú;

    (b)

    go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad, ag aonaid agus pearsanra atá oilte faoi mhaoirseacht EUTM nó a mbíonn fórsaí idirnáisiúnta, ar comhpháirtithe de chuid AE iad, ina dteannta agus nár tuairiscíodh go ndearna siad mí-úsáid nó foréigean;

    (c)

    gurb iad fórsaí Mhailí amháin a bhainfidh úsáid as aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh seo agus, i gcás comhar de chineál ar bith, nach ndéanfar sin ach le gníomhaithe stáit ar fórsaí armtha de chuid chomhpháirtithe de chuid AE iad, go háirithe Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus fórsaí armtha G5 na Saiheile;

    (d)

    cothabháil leordhóthanach a dhéanamh ar aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus ar fáil go hoibríochtúil le linn a saolré;

    (e)

    nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad ag deireadh a saolré chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509.

    3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina bhfaighfear amach go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

    4.   I gcás sáruithe ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 nó ar na forálacha agus ar na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo, glacfaidh an tArdionadaí, mar fhreagra ar an méid sin, bearta comhréireacha i gcomhthéacs an chur chuige chomhtháite, ar a n-áirítear a cheangal go dtabharfaí ar ais na sócmhainní ábhartha a cuireadh ar fáil faoin mBeart Cúnaimh.

    Airteagal 4

    Cur chun feidhme

    1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

    2.   Ní údaróidh an tArdionadaí seachadadh an chúnaimh go dtí go nglacfaidh an tairbhí leis na conarthaí, na socruithe, na ceanglais, na hoibleagáidí agus na coinníollacha éagsúla dá dtagraítear nó a leagtar amach sa Chinneadh seo.

    3.   Is é Expertise France a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.

    4.   I gcomhréir le hAirteagal 61(4) de Chinneadh (CBES) 2021/509, is é an Riarthóir um Bearta Cúnaimh a thabharfaidh i gcrích na conarthaí is gá leis na gníomhaithe cur chun feidhme.

    Airteagal 5

    Faireachán, rialú agus meastóireacht

    1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéantar faireachán ar na hoibleagáidí arna mbunú in Airteagal 3 a bheith á gcomhlíonadh ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí sin, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta lena mbaineann an trealaimh arna soláthar faoin mBeart Cúnaimh a úsáid. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an tArdionadaí tuairisc don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus molfaidh sé bearta comhréireacha.

    2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

    (a)

    fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

    (b)

    tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar fhardal agus staid na n-earraí ainmnithe le linn a saolré go dtí go measfaidh CPS nach bhfuil gá le tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

    (c)

    rialuithe ar an láthair, trína bhfuil an tairbhí le rochtain a dheonú don Ardionadaí chun rialuithe ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

    3.   Agus na forálacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) á gcur san áireamh, déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm chéad mheasúnú ar an mBeart Cúnaimh i dtrí chuid, 6 mhí tar éis an trealamh a sheachadadh do na trí chomplacht sa 23ú Reisimint, 6 mhí tar éis dheireadh na chéad rang grádúcháin Acadamh NCO, agus 6 mhí tar éis thógáil na saoráide oiliúna in Sévaré-Mopti a chríochnú. Is é a bheidh i gceist leis an meastóireacht cuairteanna ar an láthair chun an trealamh agus na soláthairtí arna seachadadh faoin mBeart Cúnaimh a sheiceáil, nó aon fhoirmeacha éifeachtacha eile d’fhaisnéis a chuirtear ar fáil go neamhspleách.

    Déanfar meastóireacht deiridh ag deireadh thréimhse cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh chun a mheas ar rannchuidigh an Beart Cúnaimh leis na cuspóirí a luadh a bhaint amach.

    Airteagal 6

    Tuairisciú

    Ag tús na tréimhse cur chun feidhme agus le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha sé mhí ar fáil do CPS ina n-áireofar faisnéis atá cothrom le dáta maidir leis an staid ina bhfuil an Beart Cúnaimh á chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509, agus arna iarraidh sin agus i gcás ina dtuairiscítear aon sárú suntasach ar an socrú nó i gcás aon fhorbairtí polaitiúla nó slándála ábhartha. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

    Airteagal 7

    Fionraí agus foirceannadh

    1.   Déanfaidh an tArdionadaí measúnú ar fhaisnéis maidir le haon sárú nó briseadh a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na gealltanais agus na hoibleagáidí faoin socrú idir an tairbhí agus an tArdionadaí, as a dtiocfaidh scrúdú ón Ardionadaí maidir le fionraí nó foirceannadh féideartha an Bhirt Cúnaimh tráth ar bith.

    2.   I gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509, arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Ardionadaí, féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a fhionraí go hiomlán nó go páirteach in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    má tá a chuid oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta á sárú ag an tairbhí, go háirithe oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta, nó mura n-urramaíonn an tairbhí a oibleagáidí nó a ghealltanais faoi na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 3;

    (b)

    má cuireadh ar fionraí an conradh le gníomhaí cur chun feidhme nó má foirceannadh é tar éis don ghníomhaí a oibleagáidí faoin gconradh sin a shárú;

    (c)

    mura féidir a thuilleadh, i ngeall ar staid na tíre nó an limistéir lena mbaineann, an beart a chur chun feidhme agus ráthaíochtaí leordhóthanacha a áirithiú san am céanna;

    (d)

    mura gcuidíonn saothrú an Bhirt Cúnaimh a thuilleadh leis na cuspóirí sonraithe a ghabhann leis a bhaint amach, nó mura chun leasa an Aontais a thuilleadh an saothrú sin.

    3.   I gcásanna práinneacha agus eisceachtúla, féadfaidh an tArdionadaí cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt ar bhonn sealadach go dtí go ndéanfaidh CPS cinneadh ina leith.

    4.   Féadfaidh CPS a mholadh freisin go gcuirfeadh an Chomhairle deireadh leis an mBeart Cúnaimh.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. VRTOVEC


    (1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

    (2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha faoina rialaítear onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealamh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


    Top