This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2128
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/2128 of 1 October 2021 supplementing Regulation (EU) 2021/1529 of the European Parliament and of the Council, as regards setting out certain specific objectives and thematic priorities for assistance under the Instrument for Pre-Accession Assistance (IPA III) (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2128 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le cuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe a leagan amach le haghaidh cúnamh faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2128 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le cuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe a leagan amach le haghaidh cúnamh faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/7016
IO L 432, 3.12.2021, p. 8–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
3.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 432/8 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2128 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Deireadh Fómhair 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le cuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe a leagan amach le haghaidh cúnamh faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (1), agus go háirithe Airteagal 3(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar amach na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán 2021/1529. |
(2) |
Ba cheart cuspóirí sonracha agus tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh a fhorbairt a thuilleadh trí fhorálacha breise lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1529. |
(3) |
Cumhdaítear leis an Rialachán seo cuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe le haghaidh cúnamh dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 6 de Rialachán (AE) 2021/1529, |
(4) |
Chun a áirithiú go nglacfar na cinntí clársceidealaithe agus maoiniúcháin faoi Rialachán (AE) 2021/1529 gan mhoill, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na cuspóirí sonracha agus na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnamh a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 3, pointí (a) go (m) agus pointe (r) agus in Airteagal 3, mír 4, pointí (a) go (j) de Rialachán (AE) 2021/1529.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha agus na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh, dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus a leagtar amach go sonrach in Airteagal 3(3), pointí (a) go (m) agus (r), agus in Airteagal 3(4), pointí (a) go (j), de Rialachán (AE) 2021/1529 (IPA III), a leagtar amach leis an Rialachán Tarmligthe seo:
(1) |
Dea-fheidhmiú na n-institiúidí a bhunú agus a chur chun cinn go luath, ar institiúidí iad atá riachtanach chun an smacht reachta a áirithiú, agus institiúidí daonlathacha a chomhdhlúthú a thuilleadh
|
(2) |
Acmhainneachtaí a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus bainistiú teorann agus imirce a chomhdhlúthú a thuilleadh
|
(3) |
Acmhainneachtaí cumarsáide straitéisí a fheabhsú, lena n-áirítear an pobal a chur ar an eolas faoi athchóirithe is gá a dhéanamh chun critéir bhallraíochta an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh
|
(4) |
Dea-rialachas a fheabhsú agus riaracháin phoiblí a athchóiriú i gcomhréir le prionsabail an riaracháin phoiblí;
|
(5) |
Rialachas fioscach agus eacnamaíoch a neartú
|
(6) |
Gach gné den dea-chaidreamh comharsanachta, den chobhsaíocht réigiúnach agus den chomhar frithpháirteach a neartú |
(7) |
Acmhainneacht an Aontais agus a chuid comhpháirtithe a neartú chun coinbhleacht a chosc, an tsíocháin a chothú agus aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime sula dtarlaíonn siad agus le linn na tréimhse ina ndiaidh
|
(8) |
Acmhainneachtaí, neamhspleáchas agus iolrachas eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú, lena n-áirítear comhlachais ghairmiúla
|
(9) |
Ailíniú rialacha, chaighdeáin, bheartais agus chleachtais na dtairbhithe le rialacha an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear rialacha maidir leis an státchabhair agus soláthar poiblí |
(10) |
Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn
|
(11) |
Rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, agus a gcáilíocht sin, a neartú ar gach leibhéal, agus tacaíocht a thairiscint d’earnálacha cultúir agus cruthaitheacha agus don spórt
|
(12) |
Fostaíocht ar ardchaighdeán agus rochtain ar an margadh saothair a chothú
|
(13) |
Cosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac.
|
(14) |
An comhshaol a chosaint agus cáilíocht an chomhshaoil a fheabhsú
|
(15) |
Tosaíochtaí téamacha le haghaidh comhar trasteorann idir na tairbhithe IPA III
|