Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0955

    Regulation (EU) No 955/2011 of the European Parliament and of the Council of 14 September 2011 repealing Council Regulation (EC) No 1541/98 on proof of origin for certain textile products falling within Section XI of the Combined Nomenclature and released for free circulation in the Community and on the conditions for the acceptance of such proof, and amending Council Regulation (EEC) No 3030/93 on common rules for imports of certain textile products from third countries

    IO L 259, 4.10.2011, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/06/2015; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32015R0937

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/955/oj

    4.10.2011   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/5


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 955/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Meán Fómhair 2011

    lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 ón gComhairle maidir le cruthúnas tionscnaimh le haghaidh táirgí teicstíle áirithe a thagann faoi réim Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte agus a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal agus maidir leis na coinníollacha a ghabhann le glacadh leis an gcruthúnas sin, agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle áirithe ó thríú tíortha

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 (2), leagtar síos na rialacha maidir le cruthúnas tionscnaimh le haghaidh táirgí teicstíle áirithe de thionscnamh tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha, prótacail nó socruithe eile tugtha i gcrích ag an Aontas leo, agus le haghaidh táirgí teicstíle a bhfuil córas faireachais bunaithe ag an Aontas ina leith chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí allmhairithe táirgí nó a gcuireann sé bearta speisialta coimirce i bhfeidhm maidir leo.

    (2)

    Tá roinnt mórfhorbairtí tar éis tarlú ó thráth glactha Rialachán (CE) Uimh. 1541/98. Tá laghdú de réir a chéile tagtha ar líon agus ar thionchar na mbeart i leith allmhairí a chuireann an tAontas i bhfeidhm maidir le táirgí teicstíle a thagann faoi réim Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte agus is bearta de chineál iarmharach anois iad, i dtéarmaí na gceannteideal den Ainmníocht Chomhcheangailte atá cumhdaithe agus na dtíortha lena mbaineann.

    (3)

    Le hAirteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (3), foráiltear go bhféadfaidh na húdaráis custaim, i gcás ina bhfuil ábhair thromaí amhrais ann, aon chruthúnas breise tionscnaimh a éileamh.

    (4)

    I ngach cás, ní mór tír thionscnaimh na dtáirgí allmhairithe a léiriú i mbosca 34 den Doiciméad Riaracháin Aonair atá le comhlánú i gcomhréir le Nótaí Míniúcháin an Doiciméid Riaracháin Aonair atá in Iarscríbhinn 37 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail a chur chun feidhme (4). Tá an léiriú sin faoi réir na ngnáthnósanna imeachta fíorúcháin, lena n-áirítear an fhéidearthacht go n-éileoidh na húdaráis custaim cruthúnas breise, más iomchuí, ar bhonn gach cáis faoi leith.

    (5)

    Tá an oibleagáid maidir le cruthúnas breise tionscnaimh a sholáthar, ar bhonn córasach, maidir leis na táirgí teicstíle dá dtagraítear in aithris 1 tar éis teacht chun bheith díréireach i gcoibhneas le haidhm na hoibleagáide sin arb é atá inti ná bearta áirithe i leith allmhairí a fhorlíonadh, ar bearta iad nach bhfuil in úsáid a thuilleadh den chuid is mó. Dá bhrí sin, cuireann an oibleagáid sin ualach nach bhfuil gá leis ar oibreoirí eacnamaíocha.

    (6)

    Ós rud é gur féidir na táirgí teicstíle i dtrácht a allmhairiú gan aon srianta agus go bhfuil údaráis custaim in ann faisnéis bhreise a éileamh, mar atá luaite in aithris 4, go háirithe i gcás amhrais maidir le tionscnamh na dtáirgí allmhairithe, ní gá a thuilleadh na ceanglais bhreise riaracháin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 a choimeád ar bun.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 a aisghairm.

    (8)

    Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle (5), ar faoi a fhéadfar, i gcásanna áirithe, glacadh leis an gcruthúnas tionscnaimh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1541/98, a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1541/98.

    Airteagal 2

    Scriostar an dara habairt sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(6) de Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Meán Fómhair 2011.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    J. BUZEK

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. DOWGIELEWICZ


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2011.

    (2)  IO L 202, 18.7.1998, lch. 11.

    (3)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

    (4)  IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

    (5)  IO L 275, 8.11.1993, lch. 1.


    Top