Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0060

    Cás T-60/23: Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2023 – Ilovepdf v EUIPO (ILOVEPDF)

    IO C 112, 27.3.2023, p. 46–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 112/46


    Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2023 – Ilovepdf v EUIPO (ILOVEPDF)

    (Cás T-60/23)

    (2023/C 112/59)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Ilovepdf, SL (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: J. Oriol Asensio, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc “ILOVEPDF” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 142 577

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Samhain 2022 i gCás R 641/2021-5

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid (chomh maith leis an gcinneadh atá faoi chonspóid dar dáta an 12 Feabhra 2021) a chur ar neamhní agus cinneadh nua a ghlacadh lena cur in ionad na gcinntí roimhe sin d’fhonn cur le sreabhadh an nós imeachta foilsithe den chomhartha arna iarraidh i bhFeasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh, chun an comhartha ILOVEPDF arna iarraidh a bhronnadh, a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú a íoc agus na táillí arna n-íoc do EUIPO don achomharc os comhair Bhord Achomhairc EUIPO a aisíoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Mainneachtain rialú a dhéanamh ar réamhcheist nós imeachta thábhachtach maidir le hathbhreithniú ar chinntí agus athrá ina dhiaidh sin ar fhorais le diúltú ar fágadh amach é as cinneadh Bhord Achomhairc EUIPO.

    Sárú ar Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top