Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TB0631

    Cás T-631/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Eanáir 2023 – Beijing Unicorn Technology v EUIPO – WD Plus (Léiriú ar chiorcal ina bhfuil dhá chuid rinneach) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

    IO C 112, 27.3.2023, p. 36–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 112/36


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Eanáir 2023 – Beijing Unicorn Technology v EUIPO – WD Plus (Léiriú ar chiorcal ina bhfuil dhá chuid rinneach)

    (Cás T-631/22) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

    (2023/C 112/47)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Beijing Unicorn Technology Co. Ltd (Béising, an tSín) (ionadaithe: M. Kinkeldey, S. Brandstätter agus S. Clotten, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: V. Ruzek, Gníomhaire)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: WD Plus GmbH (Hannover, an Ghearmáin)

    Ábhar

    Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Iúil 2022 (Cás R 246/2022-2) ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Níl gá le breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

    2)

    Ordaítear do Beijing Unicorn Technology Co. Ltd a chostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.


    (1)  IO C 463, 5.12.2022.


    Top