Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0726

    Cás C-726/22 P: Achomharc arna thabhairt an 24 Samhain 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 14 Meán Fómhair 2022 i gCásanna uamtha T-371/20 agus T-554/20, Pollinis France v an Coimisiún

    IO C 112, 27.3.2023, p. 17–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 112/17


    Achomharc arna thabhairt an 24 Samhain 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 14 Meán Fómhair 2022 i gCásanna uamtha T-371/20 agus T-554/20, Pollinis France v an Coimisiún

    (Cás C-726/22 P)

    (2023/C 112/24)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Delaude, C. Ehrbar, G. Gattinara, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí: Pollinis France

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

    An breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

    A ordú don iarratasóir na costais ó chás T-371/20 agus T-554/20, chomh maith leis na costais ón achomharc seo, a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an Coimisiún Eorpach dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur mhíléirigh an Chúirt Ghinearálta coincheap “ábhar nach bhfuil cinneadh déanta [ag an institiúid] ina leith fós” faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001.

    Rinne an Chúirt Ghinearálta coincheap “ábhar nach bhfuil cinneadh déanta [ag an institiúid] ina leith fós” a chur i bhfeidhm go mícheart trí chur i bhfeidhm an chéad fhomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 a theorranú d’ábhar a cuireadh isteach le haghaidh plé laistigh den institiúid nó atá le cur isteach le haghaidh plé go han-gairid.

    2.

    An dara shaincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í i mbun measúnú “[an] ndéanfaí dochar tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide dá nochtfaí an doiciméad” de réir bhrí an chéad fomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001. Tá an dara shaincheist roinnte ina dá chuid.

    Ar an gcéad dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta a léiriú féin ar na cinntí atá faoi chonspóid ina ionad agus ghlac sí réasúnaíocht chontrártha.

    Ar an dara dul síos, dhiúltaigh an Chúirt go mícheart d’ábharthacht Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún chomh maith le Rialacha Caighdeánacha Nós Imeachta le haghaidh Coistí chun críocha measúnacht “[an] ndéanfaí dochar tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide dá nochtfaí an doiciméad”. Thairis sin, níor bhain sí úsáid as na caighdeán dlí ab chuí chun tosca ábhartha a mheas agus mhainnigh sí na tosca ábhartha a mheas mar chuid de chorpas fianaise sheasmhach.


    Top