This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CA0053
Case C-53/22, VZ (Tenderer definitively excluded): Judgment of the Court (Tenth Chamber) of 9 February 2023 (request for a preliminary ruling from the Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia — Italy) — VZ v CA (Reference for a preliminary ruling — Review procedures in respect of the award of public supply and public works contracts — Directive 89/665/EEC — Article 1(3) — Interest in bringing proceedings — Access to the review procedures — Grave professional misconduct on account of an anticompetitive agreement — Other operator definitively excluded from participating in the procurement procedure concerned due to failure to meet the minimum requirements)
Cás C-53/22, VZ (Iomaitheoir atá eisiata go cinntitheach): Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia – an Iodáil) – VZ v CA (Tarchur chun réamhrialú – Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí – Airteagal 1(3) – Leas i gcaingean a thionscnamh – Rochtain ar imeachtaí athbhreithnithe – Mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a ghabhann le comhaontú frithiomaíoch – Oibreoir eile a eisiadh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair lena mbaineann toisc nár comhlíonadh na híoscheanglais)
Cás C-53/22, VZ (Iomaitheoir atá eisiata go cinntitheach): Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia – an Iodáil) – VZ v CA (Tarchur chun réamhrialú – Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí – Airteagal 1(3) – Leas i gcaingean a thionscnamh – Rochtain ar imeachtaí athbhreithnithe – Mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a ghabhann le comhaontú frithiomaíoch – Oibreoir eile a eisiadh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair lena mbaineann toisc nár comhlíonadh na híoscheanglais)
IO C 112, 27.3.2023, p. 11–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia – an Iodáil) – VZ v CA
(Cás C-53/22 (1), VZ (Iomaitheoir atá eisiata go cinntitheach))
(Tarchur chun réamhrialú - Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí - Airteagal 1(3) - Leas i gcaingean a thionscnamh - Rochtain ar imeachtaí athbhreithnithe - Mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a ghabhann le comhaontú frithiomaíoch - Oibreoir eile a eisiadh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair lena mbaineann toisc nár comhlíonadh na híoscheanglais)
(2023/C 112/14)
Teanga an cháis: Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: VZ
Cosantóir: CA
Tríú páirtithe: RT, BO, Regione Lombardia, Regione Liguria
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le nósanna imeachta athbhreithnithe a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí, arna leasú le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc leis ar dhlí Ballstáit nach gceadaíonn d’oibreoir a choisctear páirt a ghlacadh i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ar an bhforas nár chomhlíon sé ceann de na coinníollacha rannpháirtíochta a leagtar síos sa ghlao ar thairiscintí lena mbaineann, agus ar diúltaíodh dá chaingean i gcoinne an coinníoll sin a áireamh, sa ghlao sin ar thairiscintí, le cinneadh a bhfuil feidhm res judicata leis, agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú an údaráis chonarthaigh lena mbaineann an cinneadh lenar dámhadh an conradh poiblí sin a neamhniú tar éis do chinneadh breithiúnach a dheimhniú, go raibh an tairgeoir rathúil agus gach tairgeoir eile rannpháirteach i gcomhaontú ar sárú é ar na rialacha iomaíochta san earnáil chéanna leis an nós imeachta chun an conradh poiblí sin a dhámhachtain.