Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0611

    Cás T-611/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – ADS L. Kowalik, B. Włodarczyk v EUIPO – ESSAtech (Gabhálas le haghaidh cianrialtán gan sreang) (Dearadh Comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear gabhálas le haghaidh cianrialtán gan sreang – Foras neamhbhailíochta – Gnéithe den chuma atá ar tháirge de réir a fheidhm theicniúil amháin – Airteagal 8(1) agus Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Fíricí nó fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc – Airteagal 63(2) de Rialachán Uimh. 6/2002 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha)

    IO C 45, 6.2.2023, p. 16–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    6.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 45/16


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – ADS L. Kowalik, B. Włodarczyk v EUIPO – ESSAtech (Gabhálas le haghaidh cianrialtán gan sreang)

    (Cás T-611/21) (1)

    (Dearadh Comhphobail - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear gabhálas le haghaidh cianrialtán gan sreang - Foras neamhbhailíochta - Gnéithe den chuma atá ar tháirge de réir a fheidhm theicniúil amháin - Airteagal 8(1) agus Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Fíricí nó fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc - Airteagal 63(2) de Rialachán Uimh. 6/2002 - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha)

    (2023/C 45/24)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: ADS L. Kowalik, B. Włodarczyk s.c. (Sosnowiec, an Pholainn) (ionadaí: M. Oleksyn, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Chylińska and J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: ESSAtech (Přistoupim, Poblacht na Seice)

    Ábhar

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 5 Iúil 2021 (Cás R 1070/2020-3), a chur ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Déantar an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 5 Iúil 2021 (Cás R 1070/2020-3), a chur ar neamhní;

    2.

    Ordaítear do EUIPO na costais arna dtabhú sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO agus os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.


    (1)  IO C 502, 13.12.2021.


    Top