Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0674

    Cás C-674/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Gelderland (an Ísiltír) a taisceadh an 31 Deireadh Fómhair 2022 – Gemeente Dinkelland v Ontvanger van de Belastingdienst/Grote ondernemingen, kantoor Zwolle

    IO C 45, 6.2.2023, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    6.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 45/7


    Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Gelderland (an Ísiltír) a taisceadh an 31 Deireadh Fómhair 2022 – Gemeente Dinkelland v Ontvanger van de Belastingdienst/Grote ondernemingen, kantoor Zwolle

    (Cás C-674/22)

    (2023/C 45/12)

    Teanga an cháis: an Ollainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Rechtbank Gelderland

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Gemeente Dinkelland

    Cosantóir: Ontvanger van de Belastingdienst/Grote ondernemingen, kantoor Zwolle

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    An gcaithfear an prionsabal dlí nach mór ús mainneachtana a íoc toisc go bhfuil ceart ann go ndéanfar cánacha arna dtobhach de shárú ar dhlí an Aontais a aisíoc a léiriú sa chaoi, i gcás ina ndeonaítear aisíocaíocht de cháin láimhdeachais don duine inchánach, nach mór ús mainneachtana a íoc dó chomh maith sna cásanna seo:

    a.

    Is toradh ar earráidí riaracháin de pháirt an duine inchánach, mar a luadh san ordú seo, an aisíocaíocht, nach bhfuil an cigire cánach freagrach astu in aon chor;

    b.

    Is toradh ar ríomh nua den scála leithroinnte chun cáin láimhdeachais a asbhaint ó na costais ginearálta an aisíocaíocht, de réir na n-imthosca dá dtagraítear san ordú seo?

    2.

    Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: Cathain a bhíonn tús leis an gceart sna cásanna sin go ndéanfar ús mainneachtana a íoc?


    Top