This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0638
Case C-638/22: Request for a preliminary ruling from the Sąd Apelacyjny w Warszawie (Poland) lodged on 13 October 2022 — Rzecznik Praw Dziecka and Others
Cás C-638/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Apelacyjny w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 13 Deireadh Fómhair 2022 – Rzecznik Praw Dziecka agus páirtithe eile
Cás C-638/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Apelacyjny w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 13 Deireadh Fómhair 2022 – Rzecznik Praw Dziecka agus páirtithe eile
IO C 482, 19.12.2022, p. 10–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
19.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 482/10 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Apelacyjny w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 13 Deireadh Fómhair 2022 – Rzecznik Praw Dziecka agus páirtithe eile
(Cás C-638/22)
(2022/C 482/14)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Apelacyjny w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: T. C., Rzecznik Praw Dziecka, Prokurator Generalny
Cosantóirí eile sna himeachtaí: M.C., Prokurator Prokuratura Okręgowa we Wrocławiu
An cheist a tharchuirtear:
An mbaineann Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus aithint agus forfheidhmiú breithiúnas i gcúrsaí pósta agus nithe freagrachta tuismitheoirí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (1) agus Airteagail 22, 24, 27(6) agus 28(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, cinntí a aithint agus a fhorfheidhmiú i gcúrsaí pósta agus i nithe freagrachta tuismitheoirí, agus ar fhuadach leanaí idirnáisiúnta (athmhúnlú) (2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, bac ar fhoráil dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm faoinar chuir, i gcásanna lena mbainfear duine faoi réir fhreagracht tuismitheoirí nó coimeád a rinneadh faoi Choinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,, cuirtear forfheidhmiú ordaithe chun duine a bhaint faoi réir freagrachta nó coimeádta tuismitheoirí ar fionraí trí oibriú dlí i gcás ina gcuirtear an Prokurator Generalny (Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí), Rzecznik Praw Dziecka (Coimisinéir um Chearta Leanaí) nó cuireann Rzecznik Praw Obywatelskich (Ombudsman) iarratas chuige sin chuig an Sąd Apelacyjny w Warszawie (An Chúirt Achomhairc, Vársá) laistigh de thréimhse nach mó ná coicís ón lá ar a mbeidh an t-ordú ina ordú críochnaitheach?