Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XG1109(03)

    Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2178, agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2177 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma 2022/C 426/05

    ST/13855/2022/INIT

    IO C 426, 9.11.2022, p. 39–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 426/39


    Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2178, agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2177 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

    (2022/C 426/05)

    Na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES (1) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2178 (2) ón gComhairle, agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2177 (4) ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma, dírítear a n-aird siúd ar an bhfaisnéis seo a leanas.

    Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a ndéantar trácht orthu sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma. Luaitear sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin na forais ar a ndearnadh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann a liostú.

    Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4b den Rialachán).

    Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann, iarraidh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 3 Márta 2023, ag an seoladh seo a leanas, go ndéanfaí athmhachnamh ar an gcinneadh a rinneadh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite:

    Comhairle an Aontais Eorpaigh

    An Ardrúnaíocht

    RELEX.1.

    Rue de la Loi/Wetstraat 175

    1048 Bruxelles/Brussel

    BELGIQUE/BELGIË

    R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

    Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh 2013/184/CBES agus le hAirteagal 4i(4) de Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

    Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


    (1)  IO L 111, 23.4.2013, lch. 75.

    (2)  IO L 286, 8.11.2022, lch. 12.

    (3)  IO L 121, 3.5.2013, lch. 1.

    (4)  IO L 286, 8.11.2022, lch. 1.


    Top